An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA dTITHE, 1929) Ar Aghaidh (DARA SCEIDEAL. An cion de sna ratai a maithfear.)

12 1929

ACHT NA dTITHE, 1929

CEAD SCEIDEAL.

RIALACHA NACH FOLAIR DO THITHE LE N-A mBAINEANN AN tACHT SO DO BHEITH DA REIR.

1. Sna rialacha so cialluíonn an abairt “achar urláir” achar iomlán na n-urlár go léir i dtigh nuair a tomhastar iad ar an slí orduithe.

2. Ní lugha ná 500 troigh cheárnach ná ní mó ná 1,250 troigh cheárnach a bheidh achar urláir tighe.

3. Trí seomraí ar a luighead a bheidh i dtigh.

4. Tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1929, a tosnófar tógáil tighe agus ar no roimh an 31adh lá de Dheire Fomhair, 1930, a críochnófar é no laistigh de pé tréimhse sa bhreis a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe ach gan san do bheith níos sia ná ceithre mhí.

5. Beidh tigh do réir na gcoiníoll orduithe maidir le n-a ionad, a aghaidh, a phleanáil, a dhéanamh agus a shláintíocht agus maidir leis an méid tithe a bheidh ar gach acra.

6. Maidir le méid, le líon a sheomraí agus le n-a dhultaisí riachtanacha, beidh tigh i gcó-réir ghenerálta leis na pleananna orduithe no le pé pleananna eile a cheadóidh an tAire.