13 1929


Uimhir 13 de 1929.


ACHT MAOINE TIONNSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA (COSAINT) (LEASÚ), 1929.


ACHT CHUN MION-LEASUITHE IOMDHA DO DHÉANAMH SAN ACHT MAOINE TIONNSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA (COSAINT), 1927 , AGUS FÓS CHUN AN tACHT SAN DO LEASÚ TRÉ SHOCRÚ EILE AGUS SOCRÚ NÍOS FEARR DO DHÉANAMH I dTAOBH SOCHAR CUMADÓIREACHTAI AGUS PAITINNEACHA DO SHANNA D'AIRÍ THAR CEANN AN STÁIT, AGUS I dTAOBH CÓIPCHIRT I NÓTAÍ A THUG COIMISIÚN AN AIRGID REATHA AMACH. [18adh Bealtaine, 1929.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an tAcht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 (Uimh. 16 de 1927) .

Alt 19 den Phríomh-Acht do leasú.

2. —(1) Leasuítear leis seo alt 19 den Phríomh-Acht tré sna focail “dhá mhí no de pé aimsir is sia ná san a lomhálfidh an Ceannasaí in aon chás áirithe” do chur in ionad an fhocail “mhí” i bhfo-alt (5) den alt san, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) Beidh agus tuigfar go raibh éifeacht ag an alt so o thosach feidhme Chuid II. den Phríomh-Acht.

Alt 29 den Phríomh-Acht do leasú.

3. —Leasuítear leis seo alt 29 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt so leanas do chur isteach ann in ionad fo-alt (6) atá anois ann agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

“(6) Ní bheidh aon táillí ionfhálta san Oifig maidir le haon phaitinn den tsórt a luaidhtear san alt so mara ndintar ná go dtí go ndéanfar gach cóip agus scríbhinn a bhaineann leis an bpaitinn sin do thabhairt don Cheannasaí do réir fo-alt

(4) d'alt 45 (alt a bhaineann le clár na bpaitinneacha) den Acht so, ach má dintar teip i lóisteáil na gcóipeanna agus na scríbhinní sin ní shaorfidh an teip sin an t-iarratasóir o oblagáid íoctha aon táillí ná o n-a dtiocfidh de dheascaibh a neamh-íoctha.”

Alt 33 den Phríomh-Acht do leasú.

4. —(1) Leasuítear leis seo alt 33 den Phríomh-Acht tré sna focail “fiche mí” do chur in ionad na bhfocal “sé mhí” agus tré sna focail “aon táille” do chur in ionad na bhfocal “na céad tháille” i bhfo-alt (2) den alt san agus tré sna focail “i rith an fhiche mí sin” do chur i ndeire an fho-ailt sin (2) agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) Beidh agus tuigfar go raibh éifeacht ag an alt so o thosach feidhme Chuid II. den Phríomh-Acht.

Alt 45 den Phríomh-Acht do leasú.

5. —Leasuítear leis seo alt 45 den Phríomh-Acht ar na slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tríd an bhfo-alt so leanas do chur isteach san alt san in ionad fo-alt (4) atá anois ann, sé sin le rá:—

“(4) Tabharfar don Cheannasaí cóipeanna deimhnithe de sna hiontrála uile sa chlár Bhriotáineach i dtaobh paitinneacha Briotáineacha go dtuigtar de bhua an Achta so gur paitinneacha do deonadh fén Acht so iad agus cóipeanna deimhnithe de sna háireamhachtaí iomlána agus de sna tarraiceoireachtaí gur dá mbarr a deonadh na paitinneacha san agus fós pé scríbhinní eile a hordófar, agus iontrálfar i gclár na bpaitinneacha fén Acht so na cóipeanna deimhnithe sin d'iontrála sa chlár Bhriotáineach, ach ní bheidh sé oblagáideach na hiontrála san do dhéanamh sa chlár (marab iontrála paitinneacha breisiúcháin iad no iontrála a bhaineann le n-a leithéidí) go dtí an chéad uair a bheidh sé riachtanach, do réir an Achta so no fé, cóipeanna deimhnithe de sna hiontrála san sa chlár Bhriotáineach do thabhairt don Cheannasaí,” agus

(b) tríd an bhfo-alt breise seo leanas do chur isteach i ndiaidh an fho-ailt sin (4), sé sin le rá:—

“(5) Aon phaitinn Bhriotáineach is paitinn bhreisiúcháin agus 'na dtuigtar, de bhua an Achta so, gur paitinn do deonadh fén Acht so í, scuirfe sí ar an 1adh lá d'Eanair, 1932, d'éifeacht do bheith aici i Saorstát Éireann, d'ainneoin éinní contrárdha dho san atá san Acht so, mara ndintar roimh an dáta san na cóipeanna agus na scríbhinní uile a bhaineann leis an bpaitinn sin do thabhairt don Cheannasaí do réir fo-alt (4) den alt so.”

Cumadóireacht no paitinn do shanna d'Aire.

6. —(1) Féadfidh aon chumadóir no paitinní (ar chomaoin luachmhair no dá héamais) iomlán tairbhe cumadóireachta agus aon phaitinne do fuarthas no a gheobhfar don chumadóireacht san, no aon scair no leas sa tairbhe sin, do shanna d'Aire thar ceann an Stáit agus féadfidh an tAire sin an sanna san do ghlaca thar ceann an Stáit agus má ghlacann Aire aon tsanna den tsórt san féadfidh an tAire sin gach ní no éinní acu so a leanas do dhéanamh no páirt do bheith aige ina dhéanamh (pe'ca aca é) thar ceann an Stáit, sé sin le rá:—

(a) an chumadóireacht san d'fhorás agus d'fhoirbhiú;

(b) cuideachta ionchorparáidithe no comhlachas neamhionchorparáidithe daoine do thabhairt le chéile no do bhunú chun an chumadóireacht san d'fhorás agus d'fhoirbhiú;

(c) sanna aon phaitinne no sanna scaire no leasa in aon phaitinn do fuarthas roimhe sin no a gheobhfar ina dhiaidh sin don chumadóireacht san do ghlaca;

(d) aon phaitinn den tsórt san do dhíol no do léasú no ceadúnaisí do dheona fé aon phaitinn den tsórt san ar pé téarmaí is dó leis is ceart le ceadú an Aire Airgid;

(e) cuideachta ionchorparáidithe no comhlachas neamhionchorparáidithe daoine do thabhairt le chéile no do bhunú chun aon phaitinn den tsórt san d'oibriú ar nós tráchtála;

(f) gach ní do dhéanamh is gá chun aon phaitinn den tsórt san do choinneáil suas no do bhuan-chimeád no a ghabhann le húnaeracht na paitinne sin ar aon tslí eile.

(2) Roimh an 1adh lá d'Abrán gach bliana leagfidh gach Aire fé bhráid gach Tighe den Oireachtas tuarasgabháil ar gach feidhmiú (más aon cheann é) do dhin sé an bhliain roimhe sin ar na comhachta uile agus fé seach a bronntar le míreanna (d) agus (e) d'fho-alt (1) den alt so agus fós, más dó leis agus sa mhéid gur dó leis é bheith oiriúnach ar mhaithe leis an bpuiblíocht, ar na comhachta uile agus fé seach a bronntar le míreanna (a) (b) (c) agus (f) den fho-alt san.

(3) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh Aire fén alt so.

(4) San alt so cialluíonn an focal “Aire” Aire is ceann ar Roinn Stáit do bunuíodh fén Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 (Uimh. 16 de 1924) .

(5) Athghairmtear leis seo alt 46 den Phríomh-Acht.

(6) Beidh agus tuigfar go raibh éifeacht ag an alt so o thosach feidhme Chuid II. den Phríomh-Acht.

Ailt 62 agus 63 den Phríomh-Acht do leasú.

7. —(1) Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 62 den Phríomh-Acht tré sna focail “an tigh gnótha agus” do scriosa amach as mír (b) dhe agus tré sna focail “an chuideachta agus” do scriosa amach as mír (c) dhe, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) I gcionn agus tar éis ráithe o am rithte an Achta so léireofar alt 63 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an mhír seo leanas isteach i bhfo-alt (1) de in ionad mír (a) atá anois ann, sé sin le rá:—

“(a) a chomhnuíonn agus go bhfuil áit ghnótha aige i Saorstát Éireann, agus.”

Alt 66 den Phríomh-Acht do leasú.

8. —(1) Leasuítear leis seo alt 66 den Phríomh-Acht tré sna focail “d'fhiche mí” do chur in ionad na bhfocal “de shé mhí” i bhfo-alt (1) den alt san agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) Beidh agus tuigfar go raibh éifeacht ag an alt so o thosach feidhme Chuid III. den Phríomh-Acht.

Alt 89 den Phríomh-Acht do leasú.

9. —(1) Leasuítear leis seo alt 89 den Phríomh-Acht tré sna focail “d'fhiche mí” do chur in ionad na bhfocal “de shé mhí” i bhfo-alt (1) den alt san agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) Beidh agus tuigfar go raibh éifeacht ag an alt so o thosach feidhme Chuid IV. den Phríomh-Acht.

Alt 154 den Phríomh-Acht do leasú.

10. —(1) Leasuítear leis seo alt 154 den Phríomh-Acht ar na slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(i) tré sna focail seo do scriosa amach as an bprovísó a ghabhann le fo-alt (1) den alt san: “agus nár dineadh aon Ordú ina thaobh fé fhorálacha alt 175 (alt a bhaineann le comhacht chun tairbhe na Coda so den Acht so do thabhairt d'oibreacha do céad-fhoillsíodh i dTiarnas Briotáineach no i dtír choigríche) den Acht so,” agus

(ii) tríd an mír seo leanas do chur isteach i bhfo-alt (2) den alt san in ionad mír (a) atá anois ann, sé sin le rá:—

“(a) chun aon aistriú ar an obair do thabhairt amach, d'ath-thabhairt amach, do léiriú, no d'fhoillsiú: ach, i gcionn tréimhse deich mblian o chéadfhoillsiú na hoibre no na coda deiridh den obair in aon tír atá páirteach san Aondacht Eadarnáisiúnta chun Cosanta Oibreacha Litríochta agus Ealadhan, scuirfidh an ceart san de bheith ann (ach amháin chó fada is théigheann aistrithe ar oibreacha drámaíochta no ceoil do léiriú) maidir le haistrithe go Gaedhilg mara ndinidh údar na hoibre, laistigh den tréimhse sin, aistriú Gaedhilge ar an obair d'fhoillsiú i Saorstát Éireann no a chur fé ndeár é sin do dhéanamh: agus fós féadfidh an Seanascal, tré ordú do dhéanamh ar chomhairle na hArd-Chomhairle, gach saghas no aon tsaghas oibreacha do dhúna amach o oibriú an phrovísó san roimhe seo 'na raibh a n-údair, ar dháta déanta na n-oibreacha san, ina saoránaigh d'aon tír ná fuil páirteach san Aondacht Eadarnáisiúnta san agus is oiriúnach leis an Seanascal a luadh san Ordú san ar an gcomhairle roimhráite.”

(2) Beidh agus tuigfar go raibh éifeacht ag an alt so o thosach feidhme Chuid VI. den Phríomh-Acht.

Alt 175 den Phríomh-Acht do leasú.

11. —(1) Leasuítear leis seo alt 175 den Phríomh-Acht ar na slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “tír fé chomairce Bhriotáinigh no críoch Bhriotáineach” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “tiarnas Briotáineach” i ngach áit ina bhfuil na focail sin i bhfo-alt (1) den alt san no sa phrovísó a ghabhann leis an bhfo-alt san, agus

(b) tríd an mír seo leanas do chur isteach i ndeire an phrovísó a ghabhann le fo-alt (1) den alt san, sé sin le rá:—

“(v) féadfar a fhoráil leis an ordú ná beidh téarma an chóipchirt i Saorstát Éireann níos sia ná an téarma a bronntar le dlí an tiarnais, na tíre fé chomairce. na críche, no na tíre le n-a mbaineann an t-ordú.”

(2) Beidh agus tuigfar go raibh éifeacht ag an alt so o thosach feidhme Chuid VI. den Phríomh-Acht.

Cóipcheart i nótaí a tugadh amach.

12. —(1) An cóipcheart i nótaí dlí-thairgthe a bheidh tugtha amach ag Coimisiún an Airgid Reatha fén Acht Airgid Reatha, 1927 (Uimh. 32 de 1927) , no fé aon Acht le n-a leasófar no le n-a leathnófar an tAcht san beidh sé síorraí agus beidh sé dá gcuid féin agus, i gcás nótaí dlí-thairgthe a bheidh tugtha amach amhlaidh roimh rith an Achta so, tuigfar go raibh sé riamh dá gcuid féin ag Coimisiún an Airgid Reatha.

(2) An cóipcheart i nótaí bainc có-dhlúite a bheidh tugtha amach ag Coimisiún an Airgid Reatha fén Acht Airgid Reatha, 1927 (Uimh. 32 de 1927) , no fé aon Acht le n-a leasófar no le n-a leathnófar an tAcht san beidh sé síorraí agus beidh sé dá gcuid féin agus, i gcás nótaí bainc có-dhlúite a bheidh tugtha amach amhlaidh roimh rith an Achta so, tuigfar go raibh sé riamh dá gcuid féin ag Coimisiún an Airgid Reatha.

(3) D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (1) d'alt 155 den Phríomh-Acht is sárú ar an gcóipcheart i nóta dlí-thairgthe no i nóta bainc có-dhlúite a bheidh tugtha amach ag Coimisiún an Airgid Reatha fén Acht Airgid Reatha, 1927 , no fé aon Acht le n-a leasófar no le n-a leathnófar an tAcht san, iomlán an nóta san no aon chuid de d'ath-thabhairt amach in aon obair litríochta no ealadhan a foillseofar.

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

13. —(1) Féadfar an tAcht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint) (Leasú), 1929 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht, agus féadfar na hAchtanna Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 agus 1929, do ghairm den Acht san den Acht so le chéile.