26 1929


Uimhir 26 de 1929.


ACHT LEICTREACHAIS (AIRGEAD), 1929.


ACHT CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH AR FHO-AILT (4) AGUS (5) D'ALT 11 D'ACHT LEICTREACHAIS NA SIONAINNE, 1925 , AGUS AR AILT 12 AGUS 15 DEN ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927 .

[24adh Iúl, 1929.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Alt 11 d'Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 , do leasú.

1. —(1) Leasuítear, leis seo, fo-alt (4) d'alt 11 d'Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 ( Uimh. 26 de 1925 ), tré sna focail “ach amháin ar pé méid de sna roimh-íocanna san (ach gan san do dhul thar suim chéad is dhá mhíle thriochad, ceithre chéad agus caoga punt) a caithfear le feabhsú loingseoireachta fé sna comhachta a bronntar, chuige sin, ar an Aire leis an Acht so” do chur isteach ag deire an fho-ailt sin.

(2) Leasuítear, leis seo, fo-alt (5) d'alt 11 d'Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 , tré sna focail “chúig milleon, dhá chéad agus deich míle punt” atá anois sa bhfo-alt san do scriosa amach, agus na focail “chúig milleon, ocht gcéad agus cúig mhíle, triochad punt” do chur isteach in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh.

Alt 12 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 , do leasú.

2. —Léireofar alt 12 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 ( Uimh. 27 de 1927 ), agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an fo-alt so leanas isteach san alt san in ionad fo-alt (2) atá anois ann, sé sin le rá:—

“(2) Na suimeanna a roimh-íocfar leis an mBord fén alt so chun glanta an fhiachais a bheidh ar an mBord fen Acht so ar scór úis agus riaráiste úis ar shuimeanna do roimhíocadh amach as an bPrímh-Chiste fé Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) , leis an gciste fé leith do bunuíodh fé alt 11 den Acht san agus ar scór na gcostaisí fé n-a raghaidh an Bord chun oibreacha na Sionainne d'oibriú, do chimeád i dtreo agus do dheisiú fén Acht so, ní raghaidh a méid iomlán thar suim chéad agus sé mhíle caogad punt.”

Alt 15 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 , do leasú.

3. —(1) In ainneoin éinní atá in alt 15 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 ( Uimh. 27 de 1927 ), ní bheidh Bord Soláthair an Leictreachais fé aon fhreagarthacht aisíoc do dhéanamh leis an Aire Airgid i pé méid de sna suimeanna (ná raghaidh thar suim chéad is dhá mhíle thriochad, ceithre chéad agus caoga punt) a roimh-íocfar aon uair as an bPrímh-Chiste fé Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) , leis an gciste fé leith do bunuíodh fé alt 11 den Acht san agus a caithfear le feabhsú loingseoireachta fé sna comhachta a bronntar, chuige sin, ar an Aire Tionnscail agus Tráchtála leis an Acht deiridh sin a luaidhtear ná in ús d'íoc leis an Aire Airgid ar an méid sin adubhradh de sna suimeanna san a roimh-íocfar amhlaidh.

(2) Pé áit ina bhfuil an abairt “na roimh-íocanna san” in alt 15 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 , léireofar í mar abairt ná foluíonn aon tsuimeanna 'na scaoileann an t-alt so Bord Soláthair an Leictreachais ó fhreagarthacht ina n-aisíoc.

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht Leictreachais (Airgead), 1929 , do ghairm den Acht so.