28 1929


Uimhir 28 de 1929.


ACHT COMHAIRLE BHAILECHEANNTAR BHAILE ÁTHA TRUIM (SCUR), 1929.


ACHT CHUN AN tORDÚ UM CHOMHAIRLE BHAILECHEANNTAR BHAILE ÁTHA TRUIM (SCUR), 1926, AGUS SCUR COMHAIRLE BHAILECHEANNTAR BHAILE ÁTHA TRUIM FÉ DO CHIMEÁD I bhFEIDHM AGUS CHUN FORÁLACHA IARMARTACHA DO DHÉANAMH I dTAOBH NA COMHAIRLE SIN AGUS I dTAOBH A MAOINE, A COMHACHT AGUS A DUALGAISÍ. [24adh Iúl, 1929.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Míniú.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

Scur Comhairle Bhailecheanntar Bhaile Atha Truim do chimeád i bhfeidhm.

2. —(1) Bíodh—

(a) go bhfuil níos mó ná trí bliana imithe o scuireadh Comhairle Bhailecheanntar Bhaile Atha Truim leis an Ordú um Chomhairle Bhailecheanntar Bhaile Atha Truim (Scur), 1926, a dhin an tAire an 17adh lá d'Iúl, 1926, fé alt 72 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), agus

(b) gur dineadh fé Ordú a dhin an tAire go cuibhe an 16adh lá de Bhealtaine, 1929, fé fho-alt (5) den alt san 72 den Acht san, toghachán nua do chur ar siúl go cuibhe chun daoine do thogha mar bhaill de Chomhairle Bhailecheanntar Bhaile Atha Truim, agus

(c) nár dineadh sa toghachán nua san aon daoine d'ainmniú ná do thogha mar bhaill den Chomhairle sin,

tuigfar gur lean agus leanfidh Comhairle Bhailecheanntar Bhaile Atha Truim de bheith scurtha fén Ordú san um Chomhairle Bhailecheanntar Bhaile Atha Truim (Scur), 1926, agus dá bhua, agus tuigfar gur lean agus leanfidh an tOrdú san i bhfeidhm o chríochnú (más ann do) an toghacháin nua san no o dheire trí mblian o scur na Comhairle sin fén Ordú san, pe'ca aca is túisce a thárla, go dtí críochnú toghacháin nua a cuirfar ar siúl fén Acht so chun daoine do thogha mar bhaill den Chomhairle sin no go ceann trí mblian o am rithte an Achta so, pe'ca aca is túisce a thárlóidh.

(2) Faid a leanfidh an tOrdú um Chomhairle Bhailecheanntar Bhaile Atha Truim (Scur), 1926, i bhfeidhm de bhua an Achta so, beidh ag fo-ailt (2), (3), (4), agus (6) d'alt 72 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 , maidir leis an Ordú san feidhm chó hiomlán agus do bheadh aca dá mba de bhua an ailt sin 72 amháin do bheadh an tOrdú san i bhfeidhm.

(3) Ar dháta nách déanaí ná trí bliana tar éis rithte an Achta so déanfidh an tAire le hordú a chur fé ndeár go gcuirfar toghachán nua ar siúl chun daoine do thogha mar bhaill de Chomhairle Bhailecheanntar Bhaile Atha Truim agus ar chríochnú an toghacháin nua san dílseoidh sa Chomhairle a toghfar sa toghachán nua san maoin agus comhachta agus dualgaisí uile Comhairle Bhailecheanntar Bhaile Atha Truim d'ainneoin éinní atá san Ordú um Chomhairle Bhailecheanntar Bhaile Atha Truim (Scur), 1926.

Gearr-theideal.

3. —Féadfar Acht Comhairle Bhailecheanntar Bhaile Atha Truim (Scur), 1929 , do ghairm den Acht so.