An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT AIRGID, 1929) Ar Aghaidh (CUID II. Basa an Chainmheasa chun Canach Ioncuim d'Atharu.)

32 1929

ACHT AIRGID, 1929

CUID I.

Cain Ioncuim.

Cáin Ioncuim agus for-cháin in aghaidh na bliana 1929-30.

1. —(1) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1929, éileofar Cáin Ioncuim do réir thrí scillinge fén bpunt.

(2) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1929, éileofar for-cháin do réir na rátaí céanna gur dá réir do héilíodh í in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1928.

(3) Na forálacha reachtúla agus na forálacha eile a bhí i bhfeidhm ar feadh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1928, i dtaobh cánach ioncuim agus for-chánach, beidh éifeacht acu uile agus fé seach, fé réir forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na for-chánach a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1929.

Debentiúirí, etc., Chorparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta.

2. —(1) Tuigfar debentiúirí, stoc debentiúra agus deimhnithe muirir a bheidh tugtha amach ag Corparáid an Cháirde Thalmhaíochta Teoranta do bheith ina n-urrúsanna a tugadh amach fé údarás an Aire Airgid do réir bhrí alt 2 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), agus bainfidh an t-alt san leis an scéal dá réir sin.

(2) In ainneoin éinní atá i mír (l) de Riail 3 de sna Rialacha a bhaineann le Cásanna I. agus II. de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, no i Rialacha 19, 20 agus 21 de sna Rialacha Generálta a bhaineann le Sceidil A, B, C, D, agus E den Acht san, nuair a beifear, chun crícheanna cáinmheasa fén Sceideal san D, ag áireamh méid proifit no sochar Chorparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta, in aghaidh aon tréimhse dá ndéanfar suas cuntaisí lomhálfar, mar laigheadú, méid an úis ar dhebentiúirí, ar stoc dhebentiúra agus ar dheimhnithe muirir do híocadh, le hordú ón Aire Airgid fé alt 2 den Acht Airgid, 1924 , fé mar a cuirtar i mbaint é tríd an alt so, gan cáin in aghaidh na tréimhse sin do bhaint as.

(3) Cuirfar le Riail I. de Chás III. de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, an clás so a leanas, sé sin le rá:—

“(h) interest on debentures, debenture stock or certificates of charge issued by The Agricultural Credit Corporation, Limited, in cases where such interest is paid without deduction of tax.”

(4) San alt so tá an brí céanna leis an abairt “deimhniú muirir” atá léi san Acht Cáirde Talmhaíochta, 1927 (Uimh. 24 de 1927) .

Cáinmheasa fé Sceidil A agus B.

3. —(1) Maidir le cáinmheasa fé Sceidil A agus B den Income Tax Act, 1918—

(a) isiad na cigirí cánach no pé oifigigh eile a cheapfidh na Coimisinéirí Ioncuim chuige sin a dhéanfidh iad, agus

(b) déanfar iad in aghaidh na n-áitreabh fé seach agus beid ar na háitreibh fé seach atá suidhte i gcontae riaracháin, i gcontae-bhuirg, i gceanntar chontae, no i pé ceanntar eile fé mar a ordóidh na Coimisinéirí sin.

(2) Nuair a bheidh cáinmheasa fé Sceidil A agus B déanta cuirfidh na Coimisinéirí Ioncuim fé ndeár fógra do thabhairt, i pé slí is oiriúnach leo, i dtaobh na gcáinmheas san agus i dtaobh na haimsire a lomhálfar chun fogra athchomhairc do thabhairt.

(3) Féadfar aon fhógra den tsórt san do thabhairt—

(a) tré fhógra d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil agus i dhá bpáipeur ar a laighead de sna páipéirí nuachta laethiúla a foillsítear i Saorstát Éireann a rá go bhfuil na cáinmheasa lóisteálta le cigirí cánach na gceanntar fé seach chun go bhféadfidh an duine a cáinmheasadh iad d'iniúcha, agus ag luadh na haimsire a lomhálfar chun fógra athchomhairc i gcoinnibh na gcáinmheas san do thabhairt, no

(b) tré n-a chur fé ndeár go seachadfar do gach duine a cáinmheasadh fógra i dtaobh méid a cháinmheasa agus i dtaobh na haimsire a lomhálfar chun fógra athchomhairc do thabhairt.

(4) Beidh éifeacht ag an alt so maidir le haon cháinmheas a déanfar tar éis rithte an Achta so i dtaobh cánach is ionmhuirir in aghaidh aon bhliana cáinmheasa, is cuma an bhliain sin do thosnú roimh rith an Achta so no dá éis sin.

Cáinmheasa fé Sceidil D agus E.

4. —(1) Isiad na cigirí cánach no pé oifigigh eile a cheapfidh na Coimisinéirí Ioncuim chuige sin a dhéanfidh cáinmheasa fé Sceidil D agus E den Income Tax Act, 1918, ach amháin—

(a) na cáinmheasa san go dtugtar comhacht do sna Coimisinéirí Speisialta iad do dhéanamh fé alt 124 den Income Tax Act, 1918, no fé Riail 7 de sna Rialacha Ilghnéitheacha a bhaineann le Sceideal D den Acht san, no fé Riail 7 de sna Rialacha a bhaineann le Sceideal E den Acht san, agus

(b) cáinmheasa le n-a mbaineann alt 68 den Income Tax Act, 1918, agus

(c) na cáinmheasa san go dtugtar comhacht d'oifigigh no do dhaoine a cheap na Coimisinéirí Ioncuim iad do dhéanamh fé fho-alt (3) d'alt 11 den Acht Airgid, 1923 ( Uimh. 21 de 1923 ).

(2) Tabharfidh an cigire cánach do gach duine a cáinmheasadh fógra cuibhe i dtaobh gach cáinmheasa den tsórt san a dhin sé agus i dtaobh a mhéide agus i dtaobh na haimsire a lomhálfar chun fógra athchomhairc ina choinnibh do thabhairt.

(3) Beidh éifeacht ag an alt so maidir le haon cháinmheas a déanfar tar éis rithte an Achta so i dtaobh cánach is ionmhuirir in aghaidh aon bhliana cáinmheasa, is cuma an bhliain sin do thosnú roimh rith an Achta so no dá éis sin.

Athchomhairc i gcoinnibh cáinmheas chun cánach ioncuim.

5. —(1) Duine ar a ngoillfidh aon cháinmheas chun cánach ioncuim a dhin an cigire cánach, no pé oifigeach eile a cheapfidh na Coimisinéirí Ioncuim chuige sin, air beidh teideal aige athchomharc do dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta ar fhógra i scríbhinn do thabhairt, laistigh de lá is fiche tar éis dáta fógra an cháinmheasa no tar éis dáta an fhógra fé alt 3 den Acht so go bhfuiltear tar éis cáinmheasa do dhéanamh (pe'ca aca é), don chigire cánach no don oifigcach eile sin adubhradh no, i gcás cáinmheasa fé alt 124 den Income Tax Act, 1918, do Chléireach na gCoimisinéirí Speisialta.

(2) Ceapfidh na Coimisinéirí Speisialta na hamannta agus na háiteanna chun athchomharcanna i gcoinnibh na gcáinmheas d'éisteacht, agus tabharfidh Cléireach na gCoimisinéirí Speisialta fógra don chigire cánach no don oifigeach eile sin mar adubhradh i dtaobh na n-am agus na n-áit sin agus tabharfidh an cigire cánach no an t-oifigeach eile sin mar adubhradh fógra do gach duine a thug fógra athchomhairc agus nár tharraig siar an fógra athchomhairc sin i dtaobh an ama agus na háite a ceapadh chun a athchomharc d'éisteacht.

(3) Más rud é, roimh an am a ceapadh chun athchomharc d'éisteacht, go ndéanfar có-aontú idir an cigire cánach no an t-oifigeach eile sin mar adubhradh agus an duine a cáinmheasadh no a ghníomhaire cuibhe-údaruithe i dtaobh an cháinmheasa is abhar don athchomharc, féadfidh an cigire cánach no an t-oifigeach eile sin mar adubhradh an cáinmheas do leasú dá réir sin agus deighleálfar ansan leis an bhfógra athchomhairc mar fhógra a tarraigeadh siar agus beidh feidhm agus éifeacht ag an gcáinmheas leasuithe sin díreach fé is dá mba cháinmheas é ná tabharfí aon fhógra athchomhairc ina thaobh.

(4) Déanfidh na Coimisinéirí Speisialta na hathchomhairc uile i gcoinnibh cáinmheas chun cánach ioncuim d'éisteacht agus breith do thabhairt ortha, agus beidh a mbreith ar aon athchomharc den tsórt san ina breith dheiridh gan aon dul tháirse, mara n-éilighidh an duine a cáinmheasadh go n-ath-éistfí a athchomharc fé alt 196 den Income Tax Act, 1918, no mara n-éilítear fén Acht san go ndéanfaí cás d'aithris chun barúil na hArd-Chúirte air d'fháil.

(5) In ainneoin éinní contrárdha dho san atá in aon Acht, féadfidh Coimisinéir Speisialta amháin athchomharc i gcoinnibh cáinmheasa a héistfar tar éis rithte an Achta so d'éisteacht agus breith do thabhairt air.

(6) Mara ndinidh duine dar tugadh fógra cáinmheasa fógra athchomhairc do thabhairt no má dhineann duine do thug fógra athchomhairc faillí no diúltú maidir le teacht i láthair na gCoimisinéirí Speisialta san am agus san áit a ceapadh chun athchomharcanna d'éisteacht beidh -an cáinmheas a dineadh air ina cháinmheas dheiridh gan aon dul thairis.

(7) Má dintar tré iarratas i scríbhinn a thaisbeáint chun sástachta na gCoimisinéirí Speisialta gur coisceadh aon duine, tré nea-láithreacht no breoiteacht no cúis réasúnta eile, ar fhógra athchomhairc do thabhairt in am tráith no ar bheith i láthair le linn éisteacht athchomhairc an lá a ceapadh chuige sin, féadfid an t-am do chur i bhfaid chun fógra athchomhairc do thabhairt no éisteacht a athchomhairc do chur siar go ceann pé ama réasúnta is riachtanach dar leo no féadfid a cheadú d'aon ghníomhaire a bheidh údaruithe thar a cheann an t-athchomharc do dhéanamh.

(8) Léireofar fo-alt (2) d'alt 10 den Acht Airgid, 1927 ( Uimh. 18 de 1927 ), agus beidh éifeacht aige fé is dá ndintí tagairt d'fho-alt (7) den alt so do chur in ionad na tagairte atá ann d'fho-alt (3) d'alt 136 den Income Tax Act, 1918.

(9) Gach ath-éisteacht athchomhairc a dhéanfidh an Chúirt Chuarda fé alt 196 den Income Tax Act, 1918, is in camera a déanfar í agus gach éisteacht cáis aithriste a dhéanfidh an Ard-Chúirt no an Chúirt Uachtarach fé alt 149 den Acht san no fén alt san mar a leathnuítear é le halt 10 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), is in camera a déanfar í más mian san leis an duine gurb í a ionmhuirearacht chun cánach is abhar don chás.

(10) Beidh éifeacht ag an alt so i dtaobh cánach is ionmhuirir in aghaidh aon bhliana cáinmheasa, is cuma an bhliain sin do thosnú roimh rith an Achta so no dá éis sin, agus bainfe sé, agus na hatharuithe riachtanacha air, le hathchomhairc i gcoinnibh cáinmheas chun barra-chánach agus for-chánach.

Liúntas, laigheadú no faoiseamh do dheona.

6. —(1) In ainneoin éinní atá in alt 202 den Income Tax Act, 1918, no in aon achtachán eile de sna hAchtanna Cánach Ioncuim, féadfidh an cigire cánach no an t-oifigeach eile sin mar adubhradh aon liúntas, laigheadú no faoiseamh a húdaruítear leis na hAchtanna Cánach Ioncuim do dheona le linn do aon cháinmheas do dhéanamh, no le linn do aon cháinmheas do leasú fé fho-alt (3) d'alt 5 den Acht so.

(2) Beidh éifeacht ag an alt so maidir le haon cháinmheas a déanfar tar éis rithte an Achta so i dtaobh cánach is ionmhuirir in aghaidh aon bhliana cáinmheasa, is cuma an bhliain sin do thosnú roimh rith an Achta so no dá éis sin.

Na Coimisinéirí Ioncuim do leasú fuirmeacha reachtúla.

7. —Beidh sé dleathach do sna Coimisinéirí Ioncuim atharuithe do dhéanamh o am go ham ar fhuirmeacha na ndearbhuithe, ar na liostaí agus ar na ráitisí atá sa Cheathrú Sceideal agus sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Income Tax Act, 1918, fé mar a chífar dóibh a bheith riachtanach chun éifeacht do thabhairt d'fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncuim.