40 1929


Uimhir 40 de 1929.


ACHT FÓIRITHIN NA mBOCHT (BAILE ÁTHA CLIATH), 1929.


ACHT CHUN LEATHNÚ DO DHÉANAMH AR CHOMHACHTA BORDANNA CAOMHNÓIRÍ AONTAS I gCONTAE AGUS I gCONTAE-BHUIRG BHAILE ÁTHA CLIATH CHUN FÓIRITHIN DO DHÉANAMH AR DHAOINE BOCHTA DEALBHA LASMUICH DE THITHE OIBRE NA nAONTAS SAN. [20adh Mí na Nodlag, 1929.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na Poor Relief (Ireland) Acts, 1838 to 1914.

(2) San Acht so, lasmuich d'áit ina n-éilíonn an có-théacs a mhalairt—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn agus foluíonn an abairt “aontas le n-a mbaineann an tAcht so” aon aontas atá suidhte i bpáirt no go hiomlán i gContae no i gContae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn agus foluíonn an abairt “fóirithin fén Acht so”—

(a) fóirithin a deonfar lasmuich de thigh oibre aontais do dhuine ná féadfaí, mara mbeadh forálacha an Achta so, fóirithin do dheona dho ach sa tigh oibre sin, agus

(b) íoc na gcostaisí fén Acht so a bhainfidh le héinne d'aistriú o aontas.

(3) Déanfar gach tagairt san Acht so do bhord chaomhnóirí, maidir le hí do bhaint le bord caomhnóirí do scuireadh le hordú ón Aire do dineadh do réir alt 12 den Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 ( Uimh. 9 de 1923 ), no do réir alt 72 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), do léiriú mar thagairt don duine no do sna daoine bheidh ceaptha de thurus na huaire chun dualgaisí an bhuird chaomhnóirí sin do chólíona.

Leathnú ar an gcomhacht chun fóirithin ar dhaoine bochta dealbha lasmuich den tigh oibre.

2. —Féadfaidh bord caomhnóirí aontais le n-a mbaineann an tAcht so, más rogha leo é, fóirithin lasmuich de thigh oibre an aontais ar aon duine bocht dealbh ná féadfaidís go dtí so, fé fhorálacha na Poor Relief (Ireland) Acts, 1838 to 1914, fóirithin air ach sa tigh oibre sin, más rud é, nuair a fóirfear air amhlaidh, go mbeidh an duine sin tar éis bheith ina chomhnaí ar feadh tréimhse leanúnach de dhá bhliain ar a laighead i gContae Bhaile Atha Cliath no i gContae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath no sa chontae agus sa chontae-bhuirg sin.

Comhacht chun íoc as duine d'aistriú o aontas.

3. —Duine bocht dealbh a bheidh in aontas le n-a mbaineann an tAcht so agus ná beidh tar éis bheith ina chomhnaí i gContae Bhaile Atha Cliath no i gContae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath no sa chontae agus sa chontae-bhuirg sin ar feadh tréimhse leanúnach de dhá bhliain ar a laighead, féadfa sé a iarraidh ar bhord caomhnóirí an aontais sin costaisí réasúnta a aistrithe ón aontas san go háit éigin eile d'íoc agus i gcás den tsórt san más deimhin leis an mbord gur deabhruitheach go gcuirfeadh an t-aistriú san ar chumas an duine sin é féin agus a chúram do chothú le n-a shaothar féin no ar shlí dhleathach eile agus, tríd is tríd, go raghadh sé chun tairbhe don duine sin agus dá chúram féadfaid, más rogha leo é, na costaisí réasúnta san d'íoc.

Féadfar a cheangal ar dhuine bheidh ag fáil fóirithine fén Acht so obair do dhéanamh.

4. —(1) Féadfaidh bord caomhnóirí, mar choiníoll ar a ndeonfar fóirithin fén Acht so do dhuine ar bith, a cheangal ar an duine sin aon teasc oibre do dhéanamh is dó leis an mbord is oiriúnach d'innscin, d'aois, do neart, agus d'ábaltacht an duine sin.

(2) Chun obair do sholáthar fén alt so, féadfaidh bord caomhnóirí—

(a) connra do dhéanamh le haon duine no cólucht daoine go ndéanfaidh an bord don duine no don chólucht daoine sin, no thar a gceann, aon obair, chun maitheasa don phuiblíocht, a glacfar as láimh chun fostaíocht bhreise do chur ar fáil;

(b) fé réir toiliú an Aire, aon talamh do cheannach no do thógaint ar léas agus é do chur dá láimh; agus

(c) fé réir aon rialachán a dhéanfaidh an tAire, aon ghléasra, úirlisí, trealamh agus abhair do cheannach no do thógaint ar cíos agus iad do chur dá láimh.

Fóirithin do bhaint amach.

5. —I gcás ina ndeonfaidh bord caomhnóirí fóirithin fén Acht so do dhuine ar bith, agus, ná déanfar, mar choiníoll ar dheona na fóirithine sin, a cheangal ar an duine sin teasc oibre do dhéanamh fén alt san roimhe seo féadfaidh an bord, más oiriúnach leo é, a dhearbhú an fhóirithin sin no a costas do bheith á thabhairt mar iasacht agus aon fhóirithin den tsórt san no a costas a dearbhófar amhlaidh do bheith á thabhairt mar iasacht féadfar é do bhaint amach mar fhiacha a bheidh ag an mbord ar an té 'na mbeifear no 'na dtuigfear go mbeifear tar éis an fhóirithin sin do dheona dho fé sna Poor Relief (Ireland) Acts, 1838 to 1914, mar a leasuítear leis an Acht so iad.

Costaisí in Aontas Bhaile Atha Cliath.

6. —(1) Chun críche an ailt seo beidh Aontas Bhaile Atha Cliath roinnte ina dhá chuid (dá ngairmtear “ceanntair” san alt so) mar leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh an líomatáiste atá có-dhéanta de Chontae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath, de Bhailecheanntar Rátha Maonais agus na Rátha Gairbhe agus de Bhailecheanntar Phembróc ina cheanntar amháin acu san, agus

(b) sé a bheidh sa cheanntar eile acu ná an chuid eile d'Aontas Bhaile Atha Cliath.

(2) Déanfar iomlán na gcostas fé n-a raghaidh Bord Caomhnóirí Aontas Bhaile Atha Cliath fén Acht so ag deona fóirithine no maidir le fóirithin do dheona fén Acht so do dhaoine bochta dealbha in aon cheanntar den dá cheanntar do chruinniú ón gceanntar san go cothrom.

(3) I gcás ina raghaidh Bord Caomhnóirí Aontas Bhaile Atha Cliath fé aon chostaisí ag deona fóirithine no maidir le fóirithin do dheona fén Acht so do dhaoine bochta dealbha san aontas san i gcoitinne no do dhaoine bochta dealbha i líomatáiste ina bhfuil an t-iomlán no cuid de cheanntar agus fós an t-iomlán no cuid den cheanntar eile, déanfaidh an Bord Caomhnóirí, fé réir pé rialachán, más ann dóibh, a dhéanfaidh an tAire chuige sin, na costaisí sin do roinnt ar an dá cheanntar do réir pé cionúireachtaí is dó leis an mBord is ceart agus is cóir.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag ordú na slí ina ndéanfaidh Bord Caomhnóirí Aontas Bhaile Atha Cliath aon roinnt is gá do réir an fho-ailt sin roimhe seo.

(5) Má dintear teip in aon chostaisí fé n-a raghaidh an Bord Caomhnóirí fén Acht so do roinnt ar an dá cheanntar no má dintear earráid ina leithéid sin de roinnt, ní bheidh aon ráta cruinneofar in aon chuid d'Aontas Bhaile Atha Cliath neadhleathach dá dheascaibh sin amháin.

(6) Sa mhéid go mbainid le Bord Caomhnóirí Aontas Bhaile Atha Cliath, tuigfear forálacha na n-achtachán a bhaineann le meas, le héileamh agus le cruinniú costaisí buird chaomhnóirí do bheith atharuithe i slí is go dtabharfaidís éifeacht don alt so.

Gearr-theideal agus buaine.

7. —(1) Féadfar Acht Fóirithin na mBocht (Baile Atha Cliath), 1929 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh lá ordóidh an tAire agus nách déanaí ná ceithre lá déag ón Acht so do rith.

(3) Leanfaidh an tAcht so i ngníomh go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1931, agus ní níos sia ná san.