An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Seadchomharthai Naisiunta do Chaomhna, do Thogaint ar Seilbh, etc.) Ar Aghaidh (CUID IV. Ilghneitheach.)

2 1930

ACHT NA SÉADCHOMHARTHAÍ NÁISIÚNTA, 1930

CUID III.

Seadchomharthai Naisiunta do Chosaint agus do Bhuan-Chimead.

Déanfaidh caomhnóirí séadchomharthaí náisiúnta an céanna do chimeád i dtreo.

12. —(1) I gcás ina mbeidh na Coimisinéirí no údarás áitiúil ina n-únaerí ar shéadchomhartha náisiúnta no ina gcaomhnóirí dho déanfaidh na Coimisinéirí no an t-údarás áitiúil sin (pe'ca aca é) an séadchomhartha san do chimeád i dtreo agus, i gcás séadchomhartha ar bith dar caomhnóirí iad, beidh acu dhóibh féin, dá lucht oibre, dá ngníomhairí agus dá gceadúnaithe cead dul chun an tséadchomhartha san in aisce chun a iniúchta agus chun pé abhair do thabhairt chuige agus pé gníomhartha agus nithe do dhéanamh is dó leo do bheith riachtanach no oiriúnach chun a chimeádtha i dtreo.

(2) I gcás ina mbeidh na Coimisinéirí no údarás áitiúil ina gcaomhnóirí do shéadchomhartha náisiúnta féadfaidh na Coimisinéirí no an t-údarás áitiúil sin (pe'ca aca é) có-aontú do dhéanamh le húnaer an tséadchomhartha san no le duine ar bith eile go ndéanfaidh an t-únaer no an duine eile sin an séadchomhartha san do chimeád i dtreo ar a chostas féin no ar chostas na gCoimisinéirí no an údaráis áitiúla san (pe'ca aca é).

Séadchomharthaí d'aistriú go dtí músaeum.

13. —(1) I gcás ina mbeidh na Coimisinéirí no údarás áitiúil ina n-únaerí ar shéadchomhartha náisiúnta ná beidh greamuithe ná ceangailte den talamh no is féidir d'aistriú, cé greamuithe no ceangailte amhlaidh do, gan díobháil don tséadchomhartha féin ná don talamh dá mbeidh sé greamuithe no ceangailte, ansan, más dó leo gur mhaith an rud san do dhéanamh d'fhonn an séadchomhartha do chosaint no do bhuan-chimeád no ar mhaithe leis an ársaíocht no ar aon chúis eile, féadfaidh na Coimisinéirí no an t-údarás áitiúil sin (pe'ca aca é) an séadchomhartha san d'aistriú agus é do chur agus do chimeád i músaeum éigin puiblí i Saorstát Éireann a cheadóidh an tAire de thurus na huaire.

(2) Gach séadchomhartha náisiúnta cuirfear i músaeum puiblí fén alt so beidh sé, faid a bheidh sé sa mhúsaeum san, le feiscint ag an bpuiblíocht ar nós na dtaisbeántán eile so mhúsaeum san.

Toirmeasc ar dhíobháil do dhéanamh do shéadchomhartha náisiúnta.

14. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith (pe'ca únaer an tséadchomhartha é no nách eadh ná pe'ca bheidh seisin no seilbh aige ar estát no ar leas ann no ná beidh) ní ar bith acu so leanas do dhéanamh i dtaobh séadchomhartha náisiúnta gurb iad na Coimisinéirí no gur údarás áitiúil is únaerí air no is caomhnóirí dho no 'na mbeidh ordú buan-chimeádtha i bhfeidhm maidir leis, sé sin le rá:—

(a) aon tséadchomhartha náisiúnta den tsórt san do leaga no d'aistriú i bpáirt no go hiomlán no é do ghné-mhille, d'agha-lot, no d'atharú, no díobháil do dhéanamh do no cur-isteach do dhéanamh air i slí ar bith, gan an toiliú a luaidhtear anso ina dhiaidh seo no ar aon chaoi seachas do réir an toilithe sin, no

(b) an talamh do thochailt, do romhar, do threabha no do chorraighe i slí ar bith eile laistigh d'aon tséadchomhartha náisiúnta den tsórt san no ina thimpeall no i bhfogas do gan an toiliú a luaidhtear anso ina dhiaidh seo no ar aon chaoi seachas do réir an toilithe sin, no

(c) aon tséadchomhartha náisiúnta den tsórt san no aon pháirt de do dhíol chun a easportála no d'easportáil.

(2) Isé rud é an toiliú a luaidhtear anso roimhe seo ná, i gcás séadchomhartha náisiúnta gurb iad na Coimisinéirí is únaerí air no is caomhnóirí dho no 'na mbeidh ordú buan-chimeádtha i bhfeidhm maidir leis, toiliú na gCoimisinéirí i scríbhinn agus, i gcás séadchomhartha náisiúnta gur údarás áitiúil is únaerí air no is caomhnóirí dho, có-thoiliú na gCoimisinéirí agus an údaráis áitiúla san i scríbhinn.

(3) Deintear leis seo na Coimisinéirí agus gach údarás áitiúil d'údarú fé seach toiliú den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo do thabhairt uatha más dó leo agus pé uair is dó leo go bhfuil sé oiriúnach san do dhéanamh ar mhaithe leis an ársaíocht no ar chúis ar bith eile agus údaruítear dóibh leis seo fós pé coiníollacha agus sriantachtaí is oiriúnach leo do cheangal d'aon toiliú den tsórt san.

(4) Gach duine dhéanfaidh gníomh no ní ar bith contrárdha d'aon cheann de sna forálacha san roimhe seo den alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(5) I gcás ina gciontófar duine i gcionta fén alt so féadfaidh an Chúirt a chiontóidh amhlaidh é, féadfa sí, le linn an chiontuithe sin agus i dteanta aon phionóis a forchuirfear fén alt so, a ordú don duine sin, más iad na Coimisinéirí is únaerí ar an séadchomhartha náisiúnta no is caomhnóirí don tséadchomhartha náisiúnta gur ina thaobh a dineadh an cionta no má bhíonn ordú buan-chimeádtha i bhfeidhm maidir leis an séadchomhartha san, pé suim d'íoc leis na Coimisinéirí shocróidh an Chúirt mar chostas réasúnta deisithe an damáiste do deineadh don tséadchomhartha san tríd an gcionta do dhéanamh no, más údarás áitiúil is únaeri ar an séadchomhartha san no is caomhnóirí dho, an tsuim sin d'íoc leis an údarás áitiúil sin, agus féadfaidh na Coimisinéirí no an t-údarás áitiúil sin (pe'ca aca é) an tsuim sin do bhaint amach fé is dá mba fhiacha síbhialta an tsuim sin agus fé is dá mba bhreithiúntas ón gCúirt go n-íocfaí fiacha síbhialta an tOrdú san, agus ar bhaint amach gach suime fé leith den tsórt san do sna Coimisinéirí no don údarás áitiúil sin cuirfid í chun an damáiste sin do dheisiú.

(6) Ní oibreoidh éinní san alt so chun a údarú go ndéanfaí, i dtaobh séadchomhartha náisiúnta nách leis na Coimisinéirí ná le húdarás áitiúil, gníomh ar bith ná féadfaí do dhéanamh go dleathach, dá mba ná hachtófaí an t-alt so, gan toiliú an duine no na ndaoine uile ag a mbeidh seisin no seilbh ar an séadchomhartha san de thurus na huaire ná chun leigheas dlí ar bith do bhaint de dhuine ar bith den tsórt san do bheadh aige, maidir leis an ngníomh san do dhéanamh gan a thoiliú, dá mba ná hachtófaí an t-alt so.

Comhairle, etc., o sna Coimisinéirí.

15. —(1) Má iarrann únaer séadchomhartha náisiúnta ortha é féadfaidh na Coimisinéirí comhairle do thabhairt don únaer sin i dtaobh cóiriú, buan-chimeád, no deisiú an tséad-chomhartha san.

(2) Má dheineann únaer séad-chomhartha náisiúnta, ar chomhairle no le haontú na gCoimisinéirí, obair ar bith chun séadchomhartha náisiúnta do chóiriú, do bhuan-chimeád no do dheisiú, féadfaidh na Coimisinéirí ar iarratas an únaera san agus, más séadchomhartha náisiúnta é dar caomhnóirí iad féin, déanfaid, pe'ca iarrfar ortha é no ná hiarrfar, an obair sin do mhaoirsiú.

(3) Mara n-orduighidh an tAire Airgid a mhalairt, éileoidh na Coimisinéirí agus íocfar leo, as comhairle thabharfaid uatha no as maoirseacht a dhéanfaid fén alt so, pé luach saothair ordóidh an tAire sin.

An phuiblíocht do leigint isteach chun séadchomharthaí náisiúnta.

16. —(1) I gcás ina mbeidh na Coimisinéirí no údarás áitiúil ina n-únaerí ar shéadchomhartha náisiúnta no ina gcaomhnóirí dho, déanfaidh na Coimisinéirí no an t-údarás áitiúil sin (pe'ca aca é), fé réir forálacha an ailt seo, a leigint don phuiblíocht dul isteach agus breathnú ar an séadchomhartha san ar íoc pé éilimh (más ann do) ar chead dul isteach agus fé réir pé coiníollacha agus teoranta ordóidh na Coimisinéirí no an t-údarás áitiúil sin.

(2) I gcás ina mbeidh na Coimisinéirí no údarás áitiúil ina gcaomhnóirí do shéadchomhartha náisiúnta de bhua dintiúra ar n-a dhéanamh fé Acht a hathghairmtear leis an Acht so, ní leigfear an phuiblíocht isteach chun an tséadchomhartha san fén alt so gan toiliú únaer an tséadchomhartha san, ar n-a thabhairt leis an dintiúir sin no ar shlí eile, ná ar chaoi ar bith seachas do réir an toilithe sin.

(3) I gcás ina mbeidh na Coimisinéirí no údarás áitiúil ina gcaomhnóirí do shéadchomhartha náisiúnta de bhua dintiúra ar n-a dhéanamh fén Acht so agus toirmeasc ann, gan coiníoll no go gcoiníoll, in aghaidh na puiblíochta do leigint isteach chun an tséadchomhartha san, ní leigfear an phuiblíocht isteach chun an tséadchomhartha san gan toiliú únaer an tséadchomhartha san ná ar chaoi ar bith seachas do réir an toilithe sin ná ar chaoi ar bith seachas do réir na bhforálacha sa dintiúir sin (más ann dóibh) i dtaobh daoine do leigint isteach amhlaidh.

Cuirp d'adhlaca i séadchomharthaí náisiúnta.

17. —(1) I gcás ina mbeidh na Coimisinéirí no údarás áitiúil ina n-únaerí ar shéadchomhartha náisiúnta no ina gcaomhnóirí do shéadchomhartha náisiúnta is foirgint eaglasta féadfaidh na Coimisinéirí, más dó leo agus pé uair is dó leo gur gá no gur mhaith an rud san do dhéanamh, a thoirmeasc le hordú cuirp dhaoine marbha d'adhlaca (ach amháin mar a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) laistigh den tséadchomhartha náisiúnta san no laistigh de pé faid uaidh a bheidh luaidhte san ordú san, ach ní déanfar aon ordú den tsórt san i dtaobh séadchomhartha náisiúnta gur údarás áitiúil is únaerí air no is caomhnóirí dho ach amháin ar iarratas no le toiliú an údaráis áitiúla san.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí a cheadú gan ordú dhéanfaid fén alt so do dhul i ngníomh maidir le corp pé duine no cuirp pé daoine d'adhlaca is dó leo is ceart agus a bheidh luaidhte no tuairiscithe san ordú san, agus, i gcás tuama no áit adhlacain eile do bheith i séadchomhartha no fé shéadchomhartha go mbeifear ar aigne ordú do dhéanamh ina thaobh fén alt so agus teideal ag únaerí an tséadchomhartha san go ndéanfaí a gcuirp féin agus cuirp dhaoine dá muirghin d'adhlaca ann tar éis bháis dóibh agus é do ghnás san do dhéanamh, ceadóidh na Coimisinéirí gan an t-ordú san do dhul i ngníomh maidir leis na cuirp sin d'adhlaca sa tuama no san áit adhlacain eile sin.

(3) Má deintear ordú fén alt so i dtaobh séadchomhartha náisiúnta ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon chloch cinn, lia tuama, ráil no déanmhas eile den tsórt san do chur suas ar uaigh ar bith no ina timpeall laistigh den tséadchomhartha san no fé n-a iadh gan toiliú na gCoimisinéirí no an údaráis áitiúla (pe'ca aca é) is únaerí ar an séadchomhartha san no is caomhnóirí dho.

(4) Gach duine dhéanfaidh no a chuirfidh fé ndeár no a thabharfaidh chun críche corp duine mhairbh d'adhlaca laistigh de shéadchomhartha náisiúnta no fé n-a iadh contrárdha d'ordú ar n-a dhéanamh fén alt so no a dhéanfaidh aon chloch cinn, lia tuama, ráil no déanmhas eile den tsórt san do chur suas ar uaigh ar bith no ina timpeall no a chuirfidh fé ndeár no a thabharfaidh chun críche aon déanmhas den tsórt san do chur suas amhlaidh contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.

Táibhléadaí do chur ar shéadchomharthaí náisiúnta stairiúla.

18. —Féadfaidh na Coimisinéirí no údarás áitiúil, le toiliú únaer séadchomhartha náisiúnta go mbeidh stair ag baint leis agus a bheidh i gcás údaráis áitiúla, laistigh dá líomatáiste feidhmiúcháin, féadfaid táibhléad, pláta, scríbhinn, no fógra eile ag innsint na nithe i dtaobh an tséadchomhartha náisiúnta san is bun le n-a bheith ina rud stairiúil do chur ar an séadchomhartha náisiúnta san no a chur fé ndeár san do dhéanamh.

Smacht ar fhógráin ar shéadchomharthaí náisiúnta.

19. —Cuirfear leis na crícheanna agus beidh ar na crícheanna chun ar féidir fo-dhlithe do dhéanamh fén Advertisements Regulation Act, 1907, rialáil do dhéanamh i dtaobh fógráin do thaisbeáint, agus srian agus cosc do chur le fógráin do thaisbeáint, ar shéadchomhartha náisiúnta ar bith no ann no ina leithéidí sin d'áiteanna in aice aon tséadchomhartha den tsórt san agus ar a leithéid sin de shlí no le n-a leithéidí sin de mheain go mbainfí o thaithneamhacht an tséadchomhartha san.