4 1930


Uimhir 4 de 1930.


ACHT AIRGID (DIÚITÉTHE NUA CUSTUM), 1930.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE ÁIRITHE CUSTUM D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRA AGUS CHUN FORÁLACHA BREISE I dTAOBH AIRGID DO DHÉANAMH.

[4adh Márta, 1930.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Diuité ar chuilteanna agus ar chlúdaigh chuilte.

1. —(1) Déanfar diuité custum de mhéid is có-ionann le fiche per cent. de luach na hearra d'éileamh, do ghearra, agus d'íoc ar gach cuilt go mbeidh a clúdach déanta i bpáirt no go hiomlán de shíoda no de shíoda thacair agus ina mbeidh clúmh no cleití agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 8adh lá de Mhí na Samhna, 1929, no laistigh de chúig bliana ina dhiaidh sin.

(2) Déanfar diuité custum de mhéid is có-ionann le fiche per cent. de luach na hearra d'éileamh, do ghearra agus d'íoc ar gach clúdach cuilte folamh a bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán de shíoda no de shíoda thacair agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 8adh lá de Mhí na Samhna, 1929, no laistigh de chúig bliana ina dhiaidh sin.

(3) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diuitéthe forchuirtear leis an alt so fé is dá ndintí cuilteanna go mbeadh a gclúdaigh déanta i bpáirt no go hiomlán de shíoda no de shíoda thacair agus ina mbeadh clúmh no cleití agus fós clúdaigh chuilte fholamha do bheadh déanta i bpáirt no go hiomlán de shíoda no de shíoda thacair do luadh fé seach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san mar earraí le n-a mbaineann cúig shéú den ráta iomlán mar ráta lascaineach ach go mbeidh an abairt “Saorstát Éireann” in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” san alt san.

(4) Tuigfear gurb é is luach d'aon earra chun crícheanna uile an ailt seo ná an praghas do thabharfadh iomportálaí ar an earra dá ndintí an earra do sheachada fé bhanna in áit na hiomportála agus an luach fartha agus an t-árachas íoctha uirthi, agus ar an luach san, mar a shocróidh na Coimisinéirí Ioncuim é, isea a híocfar diuité.

Cúram agus bainistí diuitéthe.

2. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo na diuitéthe forchuirtear leis an Acht so.

Gearr-theideal, léiriú, agus tosach feidhme.

3. —(1) Féadfar an tAcht Airgid (Diuitéthe Nua Custum), 1930 , do ghairm den Acht so.

(2) Déanfar an tAcht so do léiriú mar éinní amháin leis na hAchtanna Custum.

(3) Tuigfear an tAcht so do theacht i bhfeidhm an 8adh lá de Mhí na Samhna, 1929, agus beidh sé fé mar a bheadh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach.