|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Cuid V. Ilghneitheach agus Generalta.) |
ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (FEOIL ÚR), 1930
| [EN] | ||
| [EN] |
SCEIDEAL. Rialacha chun Tailli Leath-Bhliana Easportalai d'Aireamh. | |
| [EN] | 1. San Sceideal so cialluíonn an abairt “céad leath-bhliain” leath-bhliain dar tosach an 1adh lá d'Iúl agus cialluíonn an abairt “dara leath-bhliain” leath-bhliain dar tosach an 1adh lá d'Eanar. | |
| [EN] | 2. Chun crícheanna an Sceidil seo— | |
| [EN] | (a) scilling an tsuim oiriúnach ar cheadúnas easportálaí mhairtfheola, agus | |
| [EN] | (b) trí pingne an tsuim oiriúnach ar cheadúnas easportálaí mhuicfheola, agus | |
| [EN] | (c) trí leath-phingne an tsuim oiriúnach ar cheadúnas easportálaí chaoirfheola, agus | |
| [EN] | (d) scilling an tsuim oiriúnach ar cheadúnas easportálaí feola capaill, agus | |
| [EN] | (e) trí leath-phingne an tsuim oiriúnach ar cheadúnas easportálaí feola gabhair. | |
| [EN] | 3. Chun crícheanna an Sceidil seo— | |
| [EN] | (a) suim chaoga púnt an táille mhinimum maidir le ceadúnas easportálaí mhairtfheola no le ceadúnas easportálaí mhuicfheola, agus suim chúig púint fhichead an táille mhinimum maidir le haon cheadúnas eile, agus | |
| [EN] | (b) suim chúig púint sheachtód an chó-tháille mhinimum maidir le dhá cheadúnas no níos mó le chéile i gcás ceadúnas easportálaí mhairtfheola no ceadúnas easportálaí mhuicfheola, no an dá shaghas ceadúnais sin, do bheith ar na ceadúnaisí sin agus suim chaoga púnt i ngach cás eile. | |
| [EN] | 4. (1) Maidir le gach seamlas cláruithe gheobhfar amach in aghaidh gach leath-bhliana sa tslí orduithe— | |
| [EN] | (a) i dtaobh gach duine go raibh ceadúnas easportálaí agus gan ach ceadúnas amháin den tsaghas san aige maidir leis an áitreabh san ar feadh iomlán na leath-bhliana san no aon choda dhi an líon (dá ngairmtear an líon oiriúnach sa Sceideal so) d'ainmhithe do taisbeánadh do scrúdóir shréidliaghachta fén gceadúnas san chun a scrúduithe san áitreabh san i rith na leath-bhliana san, agus | |
| [EN] | (b) i dtaobh gach duine go raibh dhá cheadúnas easportálaí no níos mó aige maidir leis an áitreabh san ar feadh iomlán na leath-bhliana san no aon choda dhi, gach líon fé leith (dá ngairmtear an líon oiriúnach sa Sceideal so) d'ainmhithe do taisbeánadh do scrúdóir shréidliaghachta fé gach ceadúnas fé leith acu san fé seach chun a scrúduithe san áitreabh san i rith na leath-bhliana san. | |
| [EN] | (2) Pé uair a thárlóidh ná déanfar, in aon leath-bhliain áirithe 'na mbeidh ceadúnas easportálaí áirithe i bhfeidhm le n-a linn no le linn aon choda dhi, ainmhithe ar bith do thaisbeáint fén gceadúnas san do scrúdóir shréidliaghachta chun a scrúduithe sa tseamlas chláruithe le n-a mbaineann an ceadúnas san, isé bheidh mar líon oiriúnach don cheadúnas san in aghaidh na leath-bhliana san ná náid. | |
| [EN] | (3) Chun críche na rialach so— | |
| [EN] | (a) gamhain ná beidh níos mó ná céad púnt de mheáchaint ann, agus é feannta agus na hinní bainte as, ní háireofar é ach mar an gceathrú cuid d'ainmhí, agus | |
| [EN] | (b) muc ná beidh aon chuid di le heasportáil ach an scartach ní háireofar í ach mar leath d'ainmhí. | |
| [EN] | 5. (1) Chó luath agus gheobhar amach fén riail sin roimhe seo líon oiriúnach maidir le ceadúnas easportálaí, déanfar an tsuim oiriúnach ar an gceadúnas san d'iolrú fén líon oiriúnach san agus isé tora an iolraithe sin a bheidh mar bhun-fhigiúir don cheadúnas san in aghaidh na leath-bhliana san chun crícheanna an Sceidil seo. | |
| [EN] | (2) Nuair is náid is líon oiriúnach do cheadúnas easportálaí in aghaidh aon leath-bhliana áirithe is náid a bheidh mar bhunfhigiúir don cheadúnas san in aghaidh na leath-bhliana san leis. | |
| [EN] | 6. (1) Isí táille leath-bhliana easportálaí bheidh iníoctha ag duine maidir le haon tseamlas cláruithe in aghaidh na céad leathbhliana d'aon bhliain ná— | |
| [EN] | (a) i gcás ná raibh ach aon cheadúnas easportálaí amháin ag an duine sin maidir leis an áitreabh san aon uair i rith na leath-bhliana san—an bun-fhigiúir don cheadúnas san in aghaidh na leath-bhliana san, no | |
| [EN] | (b) i gcás ina raibh ní ba mhó ná aon cheadúnas easportálaí amháin ag an duine sin maidir leis an áitreabh san aon uair i rith na leath-bhliana san—suim iomlán bunfhigiúirí uile agus fé seach na gceadúnas san fé seach in aghaidh na leath-bhliana san. | |
| [EN] | (2) Pé uair a déanfar an t-aon cheadúnas easportálaí amháin no gach ceadúnas easportálaí (pe'ca aca é) a bheidh ag duine maidir le háitreabh chláruithe áirithe do cheiliúra i rith no i ndeire céad leath-bhliana agus gur lú an táille leath-bhliana easportálaí is iníoctha ag an duine sin, maidir leis an áitreabh san in aghaidh na leath-bhliana san, mar a háireofar í fén mír sin roimhe seo den riail seo, ná an táille mhinimum maidir leis an gceadúnas san no an chó-tháille mhinimum maidir leis na ceadúnaisí easportálaí uile do bhí ag an duine sin maidir leis an áitreabh san aon uair i rith na leath-bhliana san (pe'ca aca é) ansan, d'ainneoin éinní atá sa mhír sin roimhe seo den riail seo, isé méid a bheidh sa táille sin is iníoctha amhlaidh in aghaidh na leath-bhliana san ná méid na táille minimum san no na có-tháille minimum san (pe'ca aca é). | |
| [EN] | 7. Isí táille leath-bhliana easportálaí bheidh iníoctha ag duine maidir le haon tseamlas cláruithe in aghaidh na dara leathbhliana d'aon bhliain ná— | |
| [EN] | (a) i gcás ná raibh ach aon cheadúnas easportálaí amháin ag an duine sin maidir leis an áitreabh san aon uair sa leath-bhliain sin—an bun-fhigiúir don cheadúnas san in aghaidh na leath-bhliana san maraon leis— | |
| [EN] | (i) an méid (más ann do) a theastóidh ón mbunfhigiúir sin cun é dhéanamh chó mór leis an táille mhinimum maidir leis an gceadúnas san mara raibh an ceadúnas san i bhfeidhm aon uair i rith na leath-bhliana díreach roimhe sin, no | |
| [EN] | (ii) an méid (más ann do) a theastóidh o iomlán an bhun-fhigiúra san agus bhun-fhigiúra an cheadúnais sin in aghaidh na leath-bhliana san díreach roimhe sin chun é dhéanamh chó mór leis an táille mhinimum maidir leis an gceadúnas san má bhí an ceadúnas san i bhfeidhm aon uair i rith na leathbhliana san díreach roimhe sin, no | |
| [EN] | (b) i gcás ina raibh ní ba mhó ná aon cheadúnas easportálaí amháin ag an duine sin maidir leis an áitreabh san aon uair sa leath-bhliain sin—iomlán na mbun-fhigiúirí uile agus fé seach do sna ceadúnaisí sin fé seach in aghaidh na leath-bhliana san maraon leis— | |
| [EN] | (i) an méid (más ann do) a theastóidh ón iomlán san na mbun-fhigiúirí sin uile agus fé seach chun é dhéanamh chó mór leis an gcó-tháille mhinimum a bhaineann leis na ceadúnaisí sin go léir mara raibh aon cheann de sna ceadúnaisí sin i bhfeidhm i rith na leath-bhliana díreach roimhe sin, no | |
| [EN] | (ii) an méid (más ann do) a theastóidh o shuim an iomláin sin na mbun-fhigiúirí sin uile agus fé seach agus iomláin na mbun-fhigiúirí uile agus fé seach in aghaidh na leath-bhliana san díreach roimhe sin do pé cinn de sna ceadúnaisí sin do bhí i bhfeidhm aon uair i rith na leath-bhliana san díreach roimhe sin chun í dhéanamh chó mór leis an gcó-tháille mhinimum a bhaineann leis na ceadúnaisí sin go léir má bhí gach ceann no aon cheann de sna ceadúnaisí sin i bhfeidhm aon uair i rith na leath-bhliana san díreach roimhe sin. | |
| [EN] | 8. Pé uair a déanfar an t-aon cheadúnas easportálaí amháin no gach ceadúnas easportálaí (pe'ca aca é) a bheidh ag duine maidir le háitreabh chláruithe áirithe do cheiliúra i rith leath-bhliana agus an táille leath-bhliana easportálaí is iníoctha ag an duine sin maidir leis an áitreabh san in aghaidh na leath-bhliana san d'áireamh díreach tar éis an cheiliúrtha san, tuigfear, chun crícheanna an Sceidil seo, an chuid den leath-bhliain sin a bheidh caithte ar dháta an cheiliúrtha san do bheith ina leath-bhliain agus (do réir mar is gá sa chás) ina céad leath-bhliain no ina dara leath-bhliain. |