An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Srian le Geim do Dhiol agus do Cheannach.) Ar Aghaidh (Cead Sceideal. SAOSUIR CHOISCTHE BHLIANTULA.)

11 1930

ACHT CHUN GÉIM DO CHOSAINT, 1930

CUID III.

Ilghneitheach agus Generalta.

Toirmeasc ar aiteann, etc., do dhógha.

28. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith ach amháin le cead i scríbhinn o cheannphort Ghárda Síochána an cheanntair aon tsaghas aitinn, fraoigh no raithnighe bheidh ag fás ar thailte ar bith ná beidh briste ná á mbrise an uair sin do dhógha ná do dhíthiú ar aon tslí eile idir an 1adh lá d'Abrán agus an 14adh lá d'Iúl (agus an dá lá san d'áireamh) bliain ar bith.

(2) Ní léireofar ní ar bith san alt so mar ní a bhaineann le tuir aonair aitinn no tortóga aonair aitinn d'aon tsaghas do ghearra no do statha i ngnáth-chúrsa na dea-fheirmeoireachta no le raithnigh ar bith do bhaint i ngnáth-chúrsa na dea-fheirmeoireachta mar an gcéanna ná mar ní fhágfaidh gur rud neadhleathach na rudaí sin do dhéanamh.

(3) Duine ar bith a dhóghfaidh no a dhítheoidh ar aon tslí eile aon tsaghas aitinn, fraoigh no raithnighe contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Comhachta chun rudaí d'iniúcha, do scrúdú agus do choinneail.

29. —(1) Ball ar bith den Ghárda Síochána agus fós duine ar bith go mbeidh údarás aige ón Aire na comhachta bronntar leis an alt so d'fheidhmiú, údaruítear agus tugtar comhacht do leis seo gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) duine ar bith a bheidh no a creidtear do bheith ag iompar aon tsaghas géim do stop agus do chuardach agus géim ar bith do gheobhfar a bheith á iompar ag an duine sin d'iniúcha agus, chuige sin, feithicil no pacáiste ar bith ina mbeidh an géim sin á iompar no ina bhféadfadh sé bheith, no ina gcreidtear é bheith, á iompar d'oscailt agus do chuardach agus dul isteach ar thalamh ar bith chun gach ní no éinní dá luaidhtear sa mhír seo do dhéanamh;

(b) dul isteach agus saorchead do bheith aige istigh gach tráth réasúnta—

(i) in aon áitreabh go ndeintear no go gcreidtear go ndeintear ann géim do dhíol, no do chimeád, do thaisbeáint no do stóráil chun a dhíolta, no

(ii) in áitreabh éinne dheineann earraí d'iompar ar luach saothair, no

(iii) ar aon phiara, céibh, caladh, fánán no dug no in aon áitreabh duga, no

(iv) in aon luing, bád, bhaigín traenach, laraí mótair, trucail, no árthach no feithicil eile a húsáidtear chun earraí d'iompar;

(c) scrúdú do dhéanamh ar gach saghas géim do gheobhfar in áit ar bith go n-údaruítear do leis an mír dheiridh sin roimhe seo den alt so dul isteach ann no air agus, chuige sin, pacáiste ar bith d'oscailt do gheobhfar san áit sin agus ina mbeidh géim no ina gcreidtear géim do bheith;

(d) aon bhád, coite, curach, no árthach eile a húsáidtear no a creidtear a húsáidtear chun géim do mharbha no do thógaint no go mbeidh no go gcreidtear go bhfuil géim ar bith inti do marbhadh no do tógadh go neadhleathach do stop ar aon abhainn, loch no ribheur no ar chladaigh a leithéide no ar aon pháirt den fharaige no dá chladaigh, agus dul isteach inti agus í do chuardach agus gach saghas géim do gheobhfar inti do scrúdú agus, chuige sin, pacáiste ar bith d'oscailt ina mbeidh aon ghéim den tsórt san roimhráite no go meastar a leithéid do bheith ann;

(e) géim ar bith do thógaint, d'aistriú agus do choinneail ina chimeád (i dteanta no d'éamais aon phacáiste ina mbeidh sé) do gheobhfar le linn comhacht ar bith dá mbronntar leis an alt so do bheith á fheidhmiú agus go mbeidh no go meastar go bhfuil cionta fén Acht sc á dhéanamh ina thaobh no do marbhadh no do tógadh go nea-dhleathach no a meastar a marbhadh no a tógadh amhlaidh;

(f) aon dol, gaiste, líon no úirlis eile a húsáidtear chun géim do thógaint agus a dlightear no a meastar a dlightear do thabhairt suas fen Acht so do thógaint, d'aistriú agus do choinneáil ina chimeád;

(g) ainm agus seola an té go mbeidh ina chimeád aon ghéim no earra eile go mbeidh údarás aige fén alt so scrúdú do dhéanamh air d'iarraidh agus do thógaint agus fós ainm agus seola únaera an ghéim no na hearra eile sin d'iarraidh ar an duine sin agus do thógaint uaidh.

(2) Má dheineann duine ar bith fé údarás an ailt seo aon ghéim no earra eile do choinneail ina chimeád déanfa sé, chó luath agus bheidh caoi aige air, pé nithe is ceart chun a chur fé ndeár go ndeighleálfar do réir dlí leis an té bheidh ciontach no a creidtear do bheith ciontach sa chionta do rinneadh no a creidtear do rinneadh maidir leis an ngéim no leis an earra eile sin.

(3) Má dheineann duine ar bith fé údarás an ailt seo aon ghéim marbh do choinneail ina chimeád agus gur deabhrathach go dtiocfaidh an géim sin chun bheith neamh-oiriúnach mar bhia don duine sara bhféadfaidh cúirt ar bith deighleáil go caothúil leis an scéal, taisbeánfaidh an duine sin an géim sin d'fheadhmannach shíochána agus, má údaruíonn an feadhmannach síochána san do é, dítheoidh sé an géim sin.

(4) Más dó le feadhmannach síochána dá dtaisbeánfar aon ghéim marbh do réir an ailt seo gur cheart do réir chúrsaí an cháis an géim do dhíthiú, bhéarfa sé don té do thaisbeáin an géim do deimhniú i scríbhinn ag tabhairt cuntais ar an ngéim agus ar aon mharcanna, comharthaí fé leith, no nithe eile bhaineann leis an ngéim agus a thaisbeán an duine sin do, agus á údarú don duine sin an géim do dhíthiú, agus beidh an deimhniú san ina fhianaise dho-chlaoite i ngach cúirt ar gach dátán den tsórt san roimhráite bheidh luaidhte ann.

(5) Ní bheidh duine ar bith freagarthach in aon chailliúint ná damáiste thiocfaidh de dheascaibh no le linn aon chomhacht dá mbronntar air leis an alt so do bheith á fheidhmiú maran tré ní do rinne an duine sin agus a bhí gan chúis gan abhar no go mailíseach do tháinig an chailliúint no an damáiste sin.

(6) Gach n-aon a chuirfidh bac no cosc le duine ar bith agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so no a dhiúltóidh dá ainm agus dá sheola féin no d'ainm agus do sheola aon duine eile (sa mhéid gurb eol do an céanna) do thabhairt uaidh nuair a hiarrfar san air go dleathach fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Comhachta do dhaoine is sealbhóirí ar dheimhnithe áirithe airm teine.

30. —Féadfaidh éinne is sealbhóir ar dheimhniú airm teine fé dhiúité mháil de dhá phúnt a cheangal ar dhuine ar bith do gheobha sé ag iompar grán-ghunna ar thailte eile seachas na tailte is leis an duine sin féin an deimhniú airm teine údaruíonn don duine sin an grán-ghunna san d'iompar do thaisbeáint chun go n-iniúchfaidh an sealbhóir sin é agus a cheadú don tsealbhóir sin an deimhniú san d'iniúcha agus do léigheamh agus má dheineann an duine sin teip no diúlta maidir leis an deimhniú airm teine deiridh sin a luaidhtear do thaisbeáint no maidir le n-a cheadú don tsealbhóir sin an deimhniú airm teine sin d'iniúcha agus do léigheamh beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so (mara gcuiridh ina luighe ar an gcúirt ná raibh sé nea-dhleathach do do réir chúrsaí an cháis an grán-ghunna san d'iompar gan deimhniú airm teine do bheith aige á údarú san do) agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Comhairle Chomhairlitheach.

31. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, Comhairle Chomhairlitheach do bhunú chun comhairle agus congnamh do thabhairt don Aire i dtaobh éinní bhaineann le rialacháin do dhéanamh fé fhorálacha an Achta so no, ar aon tslí eile, leis na forálacha san do chur i bhfeidhm no i dtaobh éinní eile bhaineann le géim do chosaint agus do shíolrú no i dtaobh éinní eile bhaineann le gnó an ghéim.

(2) Má ceaptar agus nuair a ceapfar an Chomhairle Chomhairlitheach san beidh sí có-dhéanta de pé daoine (daoine go bhfuil taithí no eolas fé leith acu maidir leis na nithe go bhféadfaidh an Chomhairle comhairle no congnamh do thabhairt don Aire ina dtaobh) a ainmneoidh an tAire o am go ham chun bheith ina mbaill di, agus beidh uirthi ionadaithe o gach Tigh den Oireachtas agus o Chomhairle Ghenerálta na gComhairlí Contae.

(3) Marab éag no eirghe as roimhe sin do beidh gach ball den Chomhairle Chomhairlitheach san ina bhall amhlaidh go ceann dhá bhlian o dháta a ainmnithe agus ní níos sia ná san, ach beidh sé ion-athainmnithe.

(4) Tiocfaidh an Chomhairle Chomhairlitheach san le chéile pé uair a ghairmfidh an tAire í agus fós ar pé ócáidí a cheapfaidh an Chomhairle o am go ham.

Rialacháin.

32. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

Costaisí.

33. —So mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas a bhainfidh leis an Acht so do chur in éifeacht.

Athghairm.

34. —Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.