An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (BAILE ÁTHA CLIATH), 1930) Ar Aghaidh (CUID II. An Chathair agus an Bhuirg do Riara.)

27 1930

ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (BAILE ÁTHA CLIATH), 1930

CUID I.

Liomataisti Riarachain d'Ath-cho-ghleasa.

Bailecheanntair áirithe do chur leis an gcathair.

2. —(1) Ar an lá ceaptha déanfar comhairlí fé seach na mbailecheanntar gcó-cheangailte uile agus fé seach agus fós Có-Bhord Ospidéil Ráth Maonas agus Phembróc agus Bord Prímh-Dhréineála Ráth Maonas agus Phembróc do scur agus beidh deire leo agus leis sin tiocfaidh Bárdas na Cathrach chun bheith agus beidh sé ina chomharba do sna cóluchtaí sin fé seach, agus dá réir sin déanfar tagairtí san Acht so do chomharba na gcólucht san no aon chóluchta acu do léiriú mar thagairtí do Bhárdas na Cathrach.

(2) Ar an lá ceaptha déanfar líomatáistí fé seach na mbailecheanntar gcó-cheangailte uile agus fé seach do scara ón gcontae agus o dhlighinse agus o chomhachta na Comhairle Contae agus do chur leis an Seana-Chathair agus as san amach beidh na líomatáistí sin laistigh den chathair agus ina gcuid di chun gach críche agus leathnófar teora na cathrach dá réir sin.

Buirg Dhún Laoghaire do bhunú.

3. —(1) Ar an lá ceaptha déanfar comhairlí fé seach na mbailecheanntar cósta uile agus fé seach agus fós Bord Prímh-Dhréineála na Carraige Duibhe agus Dhún Laoghaire do scur agus beidh deire leo agus leis sin tiocfaidh Bárdas na Buirge chun bheith agus beidh sé ina chomharba do sna cóluchtaí sin fé seach, agus dá réir sin déanfar tagairtí san Acht so do chomharba na gcólucht san no aon chóluchta acu do léiriú mar thagairtí do Bhárdas na Buirge.

(2) An tOrdú um Chomhairle Bhailecheanntair Dheilginse (Scur), 1930, le n-ar scuireadh Comhairle Bhailecheanntair Dheilginse fé alt 72 d'Acht 1925, fanfa sé i bhfeidhm go dtí an lá ceaptha agus ansan scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige, agus leis sin beidh an Chomhairle sin, agus as san amach leanfa sí de bheith, scurtha de bhua an fho-ailt sin roimhe seo den alt so agus tiocfaidh Bárdas na Buirge chun bheith agus beidh sé ina chomharba do sna daoine bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, ag cólíona dualgaisí na Comhairle sin.

(3) Ar an lá ceaptha tiocfaidh líomatáistí fé seach na mbailecheanntar cósta uile agus fé seach chun bheith agus, as san amach, beid le chéile ina mbuirg chathardha fén ainm “Buirg Dhún Laoghaire,” is cuid den chontae.

(4) Ar an lá ceaptha tiocfaidh áititheoirí na buirge agus a gcomharbaí chun bheith agus beid ina n-aon chólucht amháin, polaiticeach agus corparáideach, fén ainm “Bárdas Dhún Laoghaire,” go síor-chomharbas agus go gcó-shéala.

(5) Beidh ag Bárdas na Buirge an chomhacht, an t-údarás, na saoirsí agus na príbhléidí bhíonn do ghnáth dílsithe do réir dlí i mbárdas buirge cathardha, agus bainfidh an Municipal Corporations (Ireland) Act, 1840, agus Acht ar bith le n-a leasuítear no le n-a leathnuítear feidhm an Achta san no bhaineann le bárdaisí cathardha ar aon tslí eile, bainfid leis an mBuirg agus le Bárdas na Buirge.

(6) An dlí atá i bhfeidhm i dtaobh comhairlí buirgí le linn an Achta so do rith bainfe sí le Bárdas na Buirge sa mhéid ná fuil sí bun os cionn leis an Acht so agus chuige sin tuigfear gur comhairle bhuirge Bárdas na Buirge.

(7) Chun crícheanna na Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, mar a leasuítear iad leis na hAchtanna Rialtais Áitiúla, 1925 agus 1927, agus chun crícheanna na Local Government (Ireland) Acts, 1898 to 1919, mar a leasuítear iad sa tslí chéanna, beidh an Bhuirg ina bailecheanntar agus fós ina ceanntar sláintíochta baile agus isé Bárdas na Buirge bheidh mar údarás shláintíochta don cheanntar shláintíochta bhaile sin.

Maoin chóluchtaí díochurtha d'aistriú.

4. —(1) Gach maoin, réalta no pearsanta (agus rudaí-arfiunraoi d'áireamh) a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe in aon cheann de sna cóluchtaí díochurtha no dá chuid féin aige no i seilbh ar iontaoibh do agus gach ceart, comhacht, agus príbhléid a bhaineann no a ghabhann le haon mhaoin den tsórt san, tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha, dílsithe i gcomharba an chóluchta dhíochurtha san no dá chuid féin aige no i seilbh ar iontaoibh do (pe'ca aca is gá sa chás), gan leithliú ná sanna ar bith do dhéanamh ortha ach go ndéanfar, i gcás in ar gá é, iad d'aistriú i leabhair aon bhainc, corporáide, no cuideachtan, agus san chun an estáit, an téarma, no an leasa uile chun a rabhdar, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe sa chólucht díochurtha san no dá chuid féin aige no i seilbh ar iontaoibh do, ach fé réir gach iontaobhais agus cothruim a dheineann deifir do sna nithe sin agus a bheidh ann, agus is féidir do chólíona, an uair sin.

(2) Gach maoin a haistrítear leis an alt so agus a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, curtha síos i leabhair aon bhainc no cláruithe i leabhair aon bhainc, corparáide, no cuideachtan in ainm aon chinn de sna cóluchtaí díochurtha, déanfaidh an banc, an chorparáid, no an chuideachta san, ar a iarraidh sin do chomharba an chóluchta dhíochurtha san ar an lá ceaptha no aon uair dá éis sin, í d'aistriú sna leabhair sin chun ainme an chomharba san.

(3) Gach rud-ar-fiunraoi a haistrítear leis an alt so o chólucht díochurtha chun comharba an chóluchta dhíochurtha san, féadfaidh an comharba san, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, dul chun dlí mar gheall air no é do bhaint amach no do chur i bhfeidhm ina ainm féin agus ní gá don chomharba san fógra i dtaobh an aistrithe deintear leis an alt so do thabhairt don té ar a mbeidh an rud-ar-fiunraoi sin ina cheangal.

Fiachaisí cóluchtaí díochurtha d'aistriú.

5. —(1) Na fiacha agus na fiachaisí eile go léir (ar a n-áirítear stoc agus fiacha morgáiste agus ar a n-áirítear fós fiachaisí neashocruithe tháinig as tort no as sáruithe connartha) a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dlite ar aon cheann de sna cóluchtaí díochurtha no fé n-a ndeaghaidh sé agus a bheidh gan íoc no gan glana aige, tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha, ina bhfiacha no ina bhfiachaisí ar chomharba an chóluchta dhíochurtha san agus déanfaidh an comharba san iad d'íoc no do ghlana agus féadfar a mbaint de no a gcur i bhfeidhm ina aghaidh dá réir sin.

(2) Na fiacha go léir go n-aistrítear a bhfiachas leis an alt so agus a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, ina muirear ar ráta is inghearrtha ag aon cheann de sna cóluchtaí díochurtha no ar ioncum no ar aon chuid d'ioncum an chéanna, beid, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, ina muirear ar chiste chathardha agus ar ráta chathardha chomharba an chóluchta dhíochurtha san fé mar do bhíodar ina muirear roimhe sin ar an ráta san dob inghearrtha ag an gcólucht díochurtha san no ar ioncum no ar chuid d'ioncum an chóluchta dhíochurtha san.

(3) Ní bheidh ordú íocaíochta ar bith do thug cólucht díochurtha amach agus nár tíolacadh chun a íoctha roimh an lá ceaptha, ná údarás ar bith do thug an cólucht díochurtha san uaidh chun suime an orduithe íocaíochta san d'íoc, nea-dhleathach de dhruim an chóluchta dhíochurtha san do dhíochur ná ní dhéanfaidh an díochur san deifir do, agus déanfaidh comharba an chóluchta dhíochurtha san socrú chun go n-íocfar suim gach orduithe íocaíochta den tsórt san, ar a thíolaca go cuibhe laistigh d'aimsir réasúnta tar éis an lae cheaptha.

Comhachta speisialta cóluchtaí díochurtha d'aistriú.

6. —(1) Gach comhacht, ceart, príbhléid, agus údarás do bronnadh ar aon cheann no do dílsíodh in aon cheann de sna cóluchtaí díochurtha, ina aonar no i dteanta cóluchta dhíochurtha eile no aon chóluchta eile, le haon reacht no fé, no le connra, le có-aontú, no le ceadúnas (agus nách comhacht, ceart, príbhléid, ná údarás d'eirigh fé dhlí reachtúil ghenerálta ná fé dhlí eile de dhruim an chóluchta dhíochurtha san do bheith ina chólucht chorparáideach no ina chomhairle bhailecheanntair no ina údarás shláintíochta agus dá dhruim sin amháin) agus a bheidh ann díreach roimh an lá ceaptha tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha, aistrithe chun comharba an chóluchta dhíochurtha san agus dílsithe ann agus as san amach beid infheidhmithe ag an gcomharba san dá réir sin, ina aonar no i dteanta cóluchta eile, pe'ca aca is gá sa chás.

(2) I gcás gach cinn fé leith de dhá chólucht díochurtha no níos mó go n-aon chomharba amháin do bheith, díreach roimh an lá ceaptha, i seilbh comhachta, cirt, príbhléide, no údaráis maidir leis an éinní amháin agus comhachta, cirt, príbhléidí, no údaráis sin na gcólucht díochurtha san uile d'aistriú leis an alt so chun an chomharba san, ansan, má bhí na comhachta, na cirt, na príbhléidí, no na húdaráis sin infheidhmithe ag na cóluchta díochurtha san le chéile, is le chéile bheid ag an gcomharba san agus déanfaidh aon chomhacht, aon cheart, aon phríbhléid, no aon údarás amháin díobh, ach, má bhí na comhachta, na cirt, na príbhléidí, no na húdaráis sin infheidhmithe ag na cóluchtaí díochurtha san ar deighilt agus ar leithligh óna chéile, is go hiolartha bheid ag an gcomharba san agus is mar chomhachta, mar chirt, mar phríbh léidí, no mar údaráis ar leithligh óna chéile a bheid infheidhmithe ag an gcomharba san.

Connartha leanúnacha do chimeád i bhfeidhm.

7. —Gach banna, urraíocht, no urrús eile de shaghas leanúnach do rinne no do thug aon cheann de sna cóluchtaí díochurtha do dhuine eile no do rinne no do thug duine ar bith d'aon cheann de sna cóluchtaí díochurtha agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha agus gach connra no có-aontú do rinneadh i scríbhinn idir aon cheann de sna cóluchtaí díochurtha agus duine eile agus ná beidh feidhmithe agus críochnuithe go hiomlán roimh an lá ceaptha, leanfaid i bhfeidhm ar an lá ceaptha agus dá éis sin d'ainneoin díochurtha an chóluchta dhíochurtha san ach léireofar iad agus beidh éifeacht acu fé is dá gcuirtí ainm chomharba an chóluchta dhíochurtha san ionta in ionad ainme an chóluchta dhíochurtha san, agus beidh an t-urrús, an connra, no an có-aontú san infheidhmithe ag an gcomharba san no ina aghaidh dá réir sin.

Fo-dhlithe, etc., do chimeád i bhfeidhm.

8. —(1) Gach fo-dhlí, riail, agus rialachán do rinne aon cheann de sna cóluchtaí díochurtha go dleathach agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha leanfa sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige, an lá san agus dá éis sin agus sa mhéid ná beidh sé bun os cionn leis an Acht so, mar fho-dhlí, mar riail, no mar rialachán (pe'ca aca é) do dhéanfadh comharba an chóluchta dhíochurtha san, ar an lá ceaptha, i gcóir a mbeidh gan caitheamh an uair sin den tréimhse gur ina chóir, agus i dtaobh an líoma táiste gur ina thaobh, do rinne an cólucht díochurtha san an fhodhlí, an riail, no an rialachán san, agus dá réir sin féadfaidh an comharba san gach fo-dhlí, riail, agus rialachán den tsórt san do chimeád i bhfeidhm, d'atharú, no do cheiliúra agus pionóisí agus geallbhruid thiocfaidh dá ndruim ar an lá ceaptha no dá éis sin do bhaint amach agus do chur i bhfeidhm sa tslí chéanna ina bhféadfadh, agus chó hiomlán is d'fhéadfadh, an cólucht díochurtha san iad do chimeád i bhfeidhm, d'atharú, do cheiliúra, do bhaint amach, no do chur i bhfeidhm dá mba ná rithfí an tAcht so.

(2) Ní bhainfidh fo-dhlí, riail, ná rialachán ar bith dá mbeidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha sa tSeana-Chathair le líomatáiste bailecheanntair chó-cheangailte de bhua an líomatáiste sin do chur leis an gCathair tríd an Acht so agus dá bhua san amháin, ach féadfaidh Comhairle na Cathrach le rún, uair ar bith, aon fho-dhlí, riail no rialachán den tsórt san do chur i mbaint le líomatáiste aon chinn de sna bailecheanntair chó-cheangailte no le líomatáiste an dá cheann, agus, nuair a déanfar aon chur-imbaint den tsórt san amhlaidh, scuirfidh aon fho-dhlí, riail, no rialachán a cimeádtar i bhfeidhm sa líomatáiste sin leis an alt so agus a bheidh bun os cionn leis an bhfo-dhlí, leis an riail, no leis an rialachán do cuireadh i mbaint amhlaidh, scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige sa líomatáiste sin.

Rúin, etc., do chimeád i bhfeidhm.

9. —Gach rún do ritheadh, gach ordú do rinneadh, agus gach fógra do seirbheáladh ag aon cheann de sna cóluchtaí díochurtha roimh an lá ceaptha agus go mbeidh a oibriú, a éifeacht, no a théarma gan bheith caithte roimh an lá san, leanfa sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige, ar an lá ceaptha agus dá éis sin agus sa mhéid ná beidh sé bun os cionn leis an Acht so, fé is dá mba rún é rithfí no ordú déanfaí no fógra seirbheálfaí ag comharba an chóluchta dhíochurtha san ar an dáta ar ar rith no ar a ndearna no ar ar sheirbheail an cólucht díochurtha san é agus fé is dá mbeadh an comharba san ina chomharba don chólucht dhíochurtha san cheana féin ar an dáta deiridh sin a luaidhtear.

Imeachta dlí ar feitheamh do chimeád ar siúl.

10. —I ngach aicsean, agra, cúiseamh no imeacht eile bheidh ar feitheamh ar an lá ceaptha in aon chúirt no bínse agus dar páirtí cólucht díochurtha, tiocfaidh comharba an chóluchta dhíochurtha san chun bheith agus beidh sé ina pháirtí in ionad an chóluchta dhíochurtha san ar an lá ceaptha agus leanfar den imeacht san idir an comharba san agus na páirtithe eile dho dá réir sin, agus ní thuitfidh aon imeacht den tsórt san ar lár ná ní heireofar aisti ná ní déanfar dochar di de dhruim an chóluchta dhíochurtha san do scur.

Rátaí bheidh dlite no ag teacht dlite ag cóluchtaí díochurtha do bhailiú.

11. —(1) Gach ráta bheidh dlite ag cólucht díochurtha ar bith agus iníoctha leis díreach roimh an lá ceaptha beidh sé dlite ag comharba an chóluchta dhíochurtha san agus iníoctha leis ar an lá ceaptha agus dá éis sin agus féadfaidh seisean no féadfar thar a cheann é do bhailiú agus do bhaint amach fé mar fhéadfadh an cólucht díochurtha san no mar fhéadfaí thar a cheann é do bhailiú no do bhaint amach dá mba ná scuirfí an cólucht san.

(2) Gach ráta bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, ag teacht dlite ag cólucht díochurtha ar bith tiocfa sé dlite, agus tuigfear go raibh sé riamh ag teacht dlite, ag comharba an chóluchta san ar an lá ceaptha agus dá éis sin agus nuair a thiocfaidh aon ráta den tsórt san chun bheith dlite agus iníoctha beidh sé dlite ag an gcomharba san agus iníoctha leis agus féadfaidh seisean no féadfar thar a cheann é do bhailiú agus do bhaint amach fé mar fhéadfadh an cólucht díochurtha san no mar fhéadfaí thar a cheann é do bhailiú no do bhaint amach dá mba ná scuirfí an cólucht san.

(3) Gach ráta-bhailitheoir do chomhairle bhailecheanntair chócheangailte no bhailecheanntair chósta bheidh in oifig mar rátabhailitheoir den tsórt san díreach roimh an lá ceaptha, déanfa sé, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, mara n-orduighidh no go dtí go n-ordóidh comharba na comhairle sin a mhalairt, gach ráta do bhí, díreach roimh an lá ceaptha, dlite ag an gcomhairle sin agus iníoctha léi no ag teacht dlite aici agus gur cuireadh cúram a bhailithe air do bhailiú agus do bhaint amach thar ceann an chomharba san.

Leabhair chóluchtaí díochurtha do ghlaca i bhfianaise.

12. —(1) Gach leabhar agus scríbhinn eile a horduítear no a húdaruítear d'aon cheann de sna cóluchtaí díochurtha, le haon reacht no fé, do chimeád agus do bheadh ionghlactha i bhfianaise díreach roimh an lá ceaptha déanfar, d'ainneoin an chóluchta dhíochurtha san do scur, iad do ghlaca i bhfianaise tar éis an lae cheaptha chó hiomlán is dá mba ná rithfí an tAcht so.

(2) Pé uair a bheadh sliocht as na nithe bheidh no deimhniú ar na nithe bheidh in aon leabhar no scríbhinn eile, a horduítear no a húdaruítear d'aon cheann de sna cóluchtaí díochurtha le haon reacht no fé do chimeád, ionghlactha mar fhianaise ar na nithe sin díreach roimh an lá ceaptha ach an tsliocht no an deimhniú san do bheith fíoruithe ar shlí áirithe ag oifigeach áirithe don chólucht dhíochurtha san, déanfar sliocht as na nithe bheidh no deimhniú ar na nithe bheidh sa leabhar no sa scríbhinn sin, ach san do bheith fíoruithe ar an slí áirithe sin ag an oifigeach do chomharba an chóluchta dhíochurtha san a bheidh ar có-réir leis an oifigeach áirithe sin, do ghlaca ar an lá ceaptha agus dá éis sin mar fhianaise ar na nithe sin sa mhéid go ndéanfaí an tsliocht no an deimhniú san do céad-luadhadh do ghlaca amhlaidh dá mba ná rithfí an tAcht so.

Cuntaisí cóluchtaí díochurtha d'iniúcha.

13. —(1) Déanfar na cuntaisí ar fháltaisí agus ar chaithteachas uile na gcóluchtaí díochurtha uile agus fé seach agus a gcoistí sin agus oifigeacha fé seach na gcólucht agus na gcoistí sin go dtí an lá ceaptha d'iniúcha chó luath agus bheidh san caothúil tar éis an lae sin agus déanfar, bainfear amach agus cuirfear i bhfeidhm nea-lomhála, formhuirir, muirir agus pionóisí maidir leis na cuntaisí, leis na fáltaisí agus leis an gcaitheachas san sa tslí céanna sa mhéid is féidir é ina ndéanfaí amhlaidh dá mba ná rithfí an tAcht so.

(2) Gach oifigeach d'aon chólucht de sna cóluchtaí díochurtha, no d'aon choiste den chólucht san, dar dualgas aon chuntaisí ar fháltaisí no ar chaithteachas an chóluchta dhíochurtha san do dhéanamh suas no cuntas do thabhairt ar aon chuid díobh agus fós gach ball d'aon chólucht díochurtha no coiste den tsórt san, tuigfear, chun na gcrícheanna bhaineann le cuntaisí na bhfáltas agus an chaithteachais sin go dtí an lá ceaptha d'iniúcha, iad do bheith in oifig go dtí go mbeidh an t-iniúcha san críochnuithe agus go dtí san beidh ortha na dualgaisí céanna do chólíona, na cuntaisí céanna do thabhairt uatha agus an fhreagarthacht chéanna do ghlaca do bheadh ortha do chólíona, do thabhairt uatha agus do ghlaca dá mba ná rithfí an tAcht so.

Oifigigh chóluchtaí díochurtha.

14. —(1) Gach duine is oifigeach do chólucht dhíochurtha, an lá roimh an lá ceaptha, aistreofar é chun seirbhíse comharba an chóluchta dhíochurtha san ar an lá ceaptha agus tiocfa sé chun bheith agus beidh sé ina oifigeach don chomharba san.

(2) Gach duine is oifigeach do choiste chóluchta dhíochurtha díreach roimh an lá ceaptha, tuigfear, chun crícheanna an Achta so agus go sonnrách chun crícheanna an ailt seo, gur oifigeach don chólucht dhíochurtha san é.

Connartha seirbhíse le cóluchtaí díochurtha do chimeád i bhfeidhm.

15. —Gach connra seirbhíse is connra soiléir no iontuigthe, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha idir cólucht díochurtha agus duine ar bith nách oifigeach don chólucht díochurtha san leanfa sé i bhfeidhm ar an lá ceaptha agus dá éis sin, ach léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí comharba an chóluchta dhíochurtha san ann in ionad an chóluchta dhíochurtha san, agus beidh gach connra den tsórt san infheidhmithe ag an gcomharba san no ina aghaidh dá réir sin.

Muirir chontae d'aistriú o bhailecheanntair chósta chun na Buirge.

16. —(1) Ar an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus dá éis sin is ar líomatáiste na Buirge cuirfear muirear coda ar bith de chostaisí na Contae do cuirfí mar mhuirear ar líomatáiste bhailecheanntair chósta mara mbeadh an tAcht so do rith.

(2) Na hiarmhéidí uile bheidh chun creidiúna no i gcoinnibh aon bhailecheanntair chósta i gcuntaisí na Comhairle Contae an 1adh lá d'Abrán, 1931, cuirfear iad an lá san chun creidiúna no i gcoinnibh na Buirge fé seach.

Tuathlíomatáistí áirithe do chur leis an gCathair.

17. —Ar an 1adh lá d'Abrán, 1931, déanfar an tuath-líomatáiste có-cheangailte do scara ón gContae agus o dhlighinse agus o chomhachta na Comhairle Contae agus an Bhuird Shláinte agus do chur leis an gCathair agus as san amach beidh an líomatáiste sin laistigh den Chathair agus ina chuid di chun gach críche agus leathnófar teora na Cathrach dá réir sin.

Mapaí oifigiúla d'ullamhú.

18. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith ullamhóidh an Coimisinéir Luachála i ndúbláid mapa tarraiceofar do réir pé scála áisiuil agus ar pé méid áisiuil de leatháin ar leithligh a cheadóidh an tAire agus a thaisbeánfaidh ar shlí oiriúnach a cheadóidh an tAire na tuath-líomatáistí có-cheangailte mar a tuairiscítear iad sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, na bailecheanntair chó-cheangailte, agus an tSeana-Chathair, agus déanfa sé an dá dhúbláid den mhapa san do shéala agus ceann de sna dúbláidí sin do lóisteail ina phríomh-oifig sa Chathair agus an ceann eile de sna dúbláidí sin do lóisteail ina oifigí Bhárdais na Cathrach.

(2) Nuair a bheidh na mapaí sin lóisteálta amhlaidh sna hoifigí sin an Choimisineura san agus Bhárdais na Cathrach fé seach coinneofar sna hoifigí sin iad, agus beidh na mapaí sin no cóipeanna dílse dhíobh ar nochta chun go bhféadfaidh duine ar bith iad d'iniúcha in aisce sna hoifigí sin aon uair a bheidh na hoifigí sin fé seach ar oscailt chun gnótha phuiblí do dhéanamh, agus beidh sé dleathach don Choimisinéir sin agus do Bhárdas na Cathrach fé seach cóip dhílis den mhapa do lóisteáladh leis no leo amhlaidh no d'aon chuid áirithe dhe d'ullamhú agus do thabhairt do dhuine ar bith iarrfaidh í agus pé suim a ordóidh an tAire, le ceadú an Aire Airgid, d'éileamh ar an gcóip sin.

(3) Beidh sé de dhualgas ar an gCoimisinéir sin agus ar Bhárdas na Cathrach fé seach, pé uair a cheanglóidh aon Chúirt Bhreithiúnais san air no ortha, cóip dhílis den mhapa no d'aon chuid áirithe den mhapa do lóisteáladh leis no leo, fén alt so, d'ullamhú agus do thaisbeaint don Chúirt sin agus an chóip sin d'fhíorú don Chúirt sin le mionn oifigigh dá chuid no dá gcuid oifigeach, agus, ar thaisbeaint agus ar fhíorú aon chóipe den tsórt san amhlaidh don Chúirt sin, glacfaidh an Chúirt sin an chóip sin i bhfianaise agus leis sin beidh an chóip sin ina fianaise dhochlaoite i dtaobh teoranta na líomatáistí (sa mhéid go dtaisbeántar na teoranta san ar an gcóip sin) atá sa tuath-líomatáiste cócheangailte agus sna bailecheanntair chó-cheangailte fé seach agus san (i gcás an tuath-líomatáiste chó-cheangailte) d'ainneoin aon deifríochta do bheith idir an chóip sin agus an tuairisc atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so no aon amhrais no éigcinnteachta do bheith sa tuairisc sin no do bheith ann maidir leis an tuairisc sin do chur i mbaint le cás.

Coigeartú airgeadais idir an Chomhairle Chontae agus Bárdas na Cathrach.

19. —(1) Féadfaidh an Chomhairle Chontae agus Bárdas na Cathrach, o am go ham fé mar is gá é, coigeartú cothrom (dá ngairmtear coigeartú có-aontuithe san alt so) do dhéanamh, tré chó-aontú eatorra féin, i dtaobh éinní no aon ruda is gá do choigeartú idir an Chomhairle Chontae no an Bord Sláinte agus Bárdas na Cathrach de dhruim na mbailecheanntar gcó-cheangailte no an tuath-líomatáiste chó-cheangailte do chur leis an gcathair agus ná fuil aon tsocrú eile ina thaobh san Acht so agus go sonnrách féadfaid coigeartú có-aontuithe den tsórt san do dhéanamh i dtaobh maoine, réalta no pearsanta (agus rudaí-ar-fiunraoi d'áireamh) a bheidh dílsithe sa Chomhairle Chontae no sa Bhord Shláinte no dá gcuid féin ag aon taobh acu no i seilbh ar iontaoibh d'aon taobh acu agus a bheidh suidhte sa tuathlíomatáiste chó-cheangailte no in aon chuid áirithe dhe no a bhaineann leis an gcéanna, i bpáirt no go hiomlán, agus i dtaobh fiacha agus fiachaisí (ar a n-áirítear fiacha morgáiste, muirir do cruthnuíodh le reacht, fiachaisí ag fás agus fiachaisí le n-a bhfuil súil agus fiachaisí nea-shocruithe tháinig as tort no as sáruithe connartha) a bheidh dlite ar an gComhairle Chontae no ar an mBord Sláinte no fé n-a ndeaghaidh aon taobh acu agus a bheidh gan íoc no gan glana ag aon taobh acu agus a bhaineann, i bpáirt no go hiomlán, leis an tuath-líomatáiste có-cheangailte no le haon chuid áirithe dhe.

(2) Féadfar a shocrú, le coigeartú có-aontuithe i dtaobh maoine, go gcoinneoidh an Chomhairle Chontae no an Bord Sláinte (pe'ca aca é) an mhaoin sin no go n-aistreofar an mhaoin sin chun Bárdais na Cathrach no go mbeidh an mhaoin sin i gcó-úsáid ag an gComhairle Chontae no ag an mBord Sláinte (pe'ca aca é) agus ag Bárdas na Cathrach, agus féadfar a shocrú leis fós go n-íocfaidh an Chomhairle Chontae no an Bord Sláinte (fé mar is gá sa chás) le Bárdas na Cathrach, no go n-íocfaidh Bárdas na Cathrach leis an gComhairle Chontae no leis an mBord Sláinte (fé mar is gá sa chás), airgead in aon tsuim amháin no i dtráthchoda mar gheall ar an maoin sin do choinneail, d'aistriú, no do bheith i gcó-úsáid.

(3) Féadfar a shocrú, le coigeartú có-aontuithe i dtaobh aon fhiacha no fiachais eile, go mbeidh iomlán na bhfiach no an fhiachais sin ar an gComhairle Chontae no ar an mBord Sláinte (pe'ca aca é) no go mbeidh iomlán na bhfiach no an fhiachais sin ar Bhárdas na Cathrach no (ach amháin i gcás fiach morgáiste) go roinnfear an fhreagarthacht sna fiacha no sa bhfiachas san ar an gComhairle Chontae no ar an mBord Sláinte (pe'ca aca é) agus ar Bhárdas na Cathrach, agus féadfar a shocrú leis fós go n-íocfaidh an Chomhairle Chontae no an Bord Sláinte (fé mar is gá sa chás) le Bárdas na Cathrach, no go n-íocfaidh Bárdas na Cathrach leis an gComhairle Chontae no leis an mBord Sláinte (fé mar is gá sa chás), airgead in aon tsuim amháin no i dtráthchoda ar scór na bhfiach no an fhiachais sin.

(4) Féadfar a shocrú le coigeartú có-aontuithe go n-íocfaidh Bárdas na Cathrach leis an gComhairle Chontae, in aon tsuim amháin no i dtráthchoda no i bhfuirm blianachta, suim ar scór an mhéaduithe ualaigh (más ann do) a cuirfear le ceart ar rátaíocóirí na Contae tré íoc an chostais fé n-a raghaidh an Chomhairle Chontae i bhfeidhmiú aon chinn dá gcomhachta agus dá ndualgaisí de dhruim teoranta na Cathrach do leathnú leis an Acht so, ach nuair a bheidh méid aon tsuime den tsórt san agus modh a híoctha á socrú, cólíonfar na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féachfar don deifríocht idir an t-ualach, ar ráta-íocóirí na Contae, fé n-a raghaidh an Chomhairle Chontae le ceart tré íoc an chostais a bhainfidh le haon cheann dá gcomhachta agus dá ndualgaisí d'fheidhmiú agus an t-ualach, ar na ráta-íocóirí sin, fé n-a raghfaí le ceart dá mba ná leathnófaí teoranta na Cathrach leis an Acht so;

(b) féachfar fós don tréimhse gur le n-a linn is dócha a leanfaidh an méadú ualaigh sin;

(c) má deintear an tsuim sin iníoctha in aon tsuim amháin ní raghaidh a méid thar deich n-oiread meán-mhéid bliantúil an mhéaduithe ualaigh sin;

(d) má deintear an tsuim sin iníoctha i dhá dtráthchuid no níos mó no i bhfuirm blianachta, ní raghaidh an méid caipitail is fiú na tráthchoda no an bhlianacht san thar deich n-oiread meán-mhéid bliantúil an mhéaduithe ualaigh sin.

(5) Féadfar a shocrú le coigeartú có-aontuithe go n-íocfaidh Bárdas na Cathrach leis an gComhairle Chontae, in aon tsuim amháin no i dtráthchoda no i bhfuirm blianachta, suim ar scór na tairbhe chaillfidh áititheoirí na Contae de dhruim teoranta na Cathrach do leathnú leis an Acht so i gcás aon tairbhe teorannófar tré theora do chur leis an méid fén bpúnt den ráta is féidir do chruinniú chun na tairbhe sin do chur ar fáil agus beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach suim go socrófar fén bhfo-alt so go n-íocfar í, sé sin le rá:—

(a) gach íocaíocht do gheobhaidh an Chomhairle Chontae ar scór aon tsuime den tsórt san cuirfear í chun na tairbhe gur ar a scór do híocadh í do chur ar fáil, agus

(b) ní tabharfar áird ar aon tsuim den tsórt san nuair a beifear ag déanamh amach an mhéide fén bpúnt is féidir do chruinniú chun na tairbhe gur ar a scór do híocadh an tsuim sin do chur ar fáil ná ní chuirfidh íoc na suime sin teora leis an méid sin fén bpúnt ná ní dhéanfa sé deifir do.

(6) Ní dhéanfaidh an Chomhairle Chontae coigeartú có-aontuithe i dtaobh aon mhaoine leis an mBord Sláinte ná i dtaobh aon fhiach ná fiachais a bheidh ar an mBord Sláinte gan fógra do thabhairt don Bhord san agus dul i gcomhairle leo roimh ré.

(7) Pe uair a theipfidh ar an gComhairle Chontae agus ar Bhárdas na Cathrach có-aontú ar choigeartú chothrom ar éinní no ar aon rud d'fhéadfadh bheith ina abhar do choigeartú chó-aontuithe fén alt so, ansan, ar iarratas na Comhairle Contae no Bhárdais na Cathrach agus tar éis pé fiosrúcháin áitiúla (más ann do) is ceart dar leis do chomóra, déanfaidh an tAire coigeartú cothrom (dá ngairmtear coigeartú éigeanta san alt so) ar an ní no ar an rud san agus féadfaidh, leis an gcoigeartú san, socrú ar bith do dhéanamh i dtaobh an ní no an ruda san dob fhéidir do dhéanamh fén alt so le coigeartú có-aontuithe.

(8) Gach coigeartú có-aontuithe agus gach coigeartú éigeanta déanfar fén alt so beidh éifeacht aige do réir a théarmaí agus beidh sé infheidhmithe ag Bárdas na Cathrach agus ag an gComhairle Chontae fé seach i gcoinnibh a chéile dá réir sin.

Oifigigh go mbaineann a ndualgaisí leis an tuathlíomatáiste có-cheangailte.

20. —(1) Ar dháta nách déanaí ná an 30adh lá de Mheán Fhomhair, 1930, ullamhóidh an Chomhairle Chontae agus cuirfid go dtí Bárdas na Cathrach, an Bord Sláinte, agus an tAire, scéim ina luadhfar—

(a) na hoifigigh agus na seirbhísigh don Chomhairle Chontae agus don Bhord Shláinte fé seach go mbaineann a ndualgaisí, i bpáirt no go hiomlán, leis an tuath-líomatáiste có-cheangailte no le haon chuid áirithe dhe agus go molann an Chomhairle Chontae iad d'aistriú ar an 1adh lá d'Abrán, 1931, chun seirbhíse Bhárdais na Cathrach, agus

(b) na híocaíochta uile agus fé seach go molann an Chomhairle Chontae go n-íocfaidís féin no an Bord Sláinte iad le Bárdas na Cathrach mar gheall ar chirt aois-liúntais gach oifigigh go moltar leis an scéim é d'aistriú chun seirbhíse Bhárdais na Cathrach, agus

(c) na híocaíochta uile agus fé seach go molann an Chomhairle Chontae go n-íocfadh Bárdas na Cathrach iad leis an gComhairle Chontae no leis an mBord Sláinte mar gheall ar chirt aois-liúntais oifigeach don Chomhairle Chontae agus don Bhord Shláinte fé seach, oifigigh go mbaineann a ndualgaisí i bpáirt no go hiomlán leis an tuath-líomatáiste có-cheangailte ar dháta na scéime agus ná moltar leis an scéim iad d'aistriú chun an Bhárdais.

(2) Féadfaidh Bárdas na Cathrach agus an Bord Sláinte, gach ceann fé leith acu, ráiteas do chur fé bhráid an Aire an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1930, no roimhe sin, ar na hatharuithe mholaid fé seach do dhéanamh ar an scéim sin (pe'ca tré chur léi no tré fhágaint-ar-lár no tré atharú eile é) a hullamhófar fén bhfo-alt san roimhe seo.

(3) Chó luath agus is féidir é tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1930, daingneoidh an tAire an scéim sin tar éis pé atharú (más ann dóibh) is oiriúnach leis do dhéanamh uirthi (pe'ca tré chur léi no tré fhágaint-ar-lár no tré atharú eile é).

(4) An scéim a dhaingneoidh an tAire fén alt so beidh éifeacht aici an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus as san amach agus, dá réir sin, gach oifigeach no seirbhíseach go moltar sa scéim, agus í daingnithe amhlaidh, é d'aistriú o sheirbhís na Comhairle Contae no o sheirbhís an Bhuird Shláinte chun seirbhíse Bhárdais na Cathrach, aistreofar é amhlaidh an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus ar an lá san tiocfa sé chun bheith agus beidh sé ina oifigeach no ina sheirbhíseach fé seach do Bhárdas na Cathrach.

(5) Gach duine is oifigeach no seirbhíseach do choiste don Chomhairle Chontae díreach roimh an lá ceaptha, tuigfear, chun crícheanna an Achta so agus go sonnrách chun crícheanna an ailt seo, gur oifigeach no seirbhíseach (pe'ca aca é) don Chomhairle Chontae é, agus gach duine is oifigeach no seirbhíseach do choiste don Bhord Sláinte díreach roimh an lá ceaptha, tuigfear, chun crícheanna an Achta so agus go sonnrách chun crícheanna an ailt seo, gur oifigeach no seirbhíseach (pe'ca aca é) don Bhord Sláinte é.

Fo-dhlithe, etc., sa tuathlíomatáiste chó-cheangailte.

21. —(1) Gach fo-dhlí, riail, agus rialachán do rinne an Chomhairle Chontae, an Bord Sláinte, no comhairle thuathcheanntair go dleathach agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an 1adh lá d'Abrán, 1931, sa tuath-líomatáiste chó-cheangailte no in aon chuid de, leanfa sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige, sa tuath-líomatáiste chó-cheangailte no sa chúid sin de, an 1adh lá san d'Abrán, 1931, agus dá éis sin agus sa mhéid ná beidh sé bun os cionn leis an Acht so, mar fho-dhlí, mar riail, no mar rialachán (pe'ca aca é) do dhéanfadh Bárdas na Cathrach an 1adh lá d'Abrán, 1931, i gcóir a mbeidh gan caitheamh an uair sin den tréimhse gur ina cóir, agus i dtaobh an líomatáiste gur ina thaobh no i dtaobh pé méide den líomatáiste a bheidh laistigh den tuath-líomatáiste chó-cheangailte agus gur ina thaobh, do rinneadh an fho-dhlí, an riail no an rialachán san, agus dá réir sin féadfaidh Bárdas na Cathrach gach fo-dhlí, riail, agus rialachán den tsórt san do chimeád i bhfeidhm, d'atharú, no do cheiliúra agus pionóisí agus geallbhruid thiocfaidh dá ndruim an 1adh lá san d'Abrán, 1931, no dá éis sin sa tuath-líomatáiste chó-cheangailte do bhaint amach agus do chur i bhfeidhm sa tslí chéanna ina bhféadfadh, agus chó hiomlán is d'fhéadfadh, an Chomhairle Chontae, an Bord Sláinte, no an chomhairle thuathcheanntair sin (pe'ca aca é) iad do chimeád i bhfeidhm, d'atharú, do cheiliúra, do bhaint amach, no do chur i bhfeidhm dá mba ná rithfí an tAcht so.

(2) Ní bhainfidh fo-dhlí, riail, ná rialachán ar bith dá mbeidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha sa tSeana-Chathair leis an tuath-líomatáiste có-cheangailte de bhua an líomatáiste sin do chur leis an gCathair tríd an Acht so agus dá bhua san amháin, ach féadfaidh Comhairle na Cathrach le rún, uair ar bith, aon fho-dhlí, riail, no rialachán den tsórt san do chur i mbaint leis an tuath-líomatáiste có-cheangailte, agus, nuair a déanfar aon chur-i-mbaint den tsórt san amhlaidh, scuirfidh aon fho-dhlí, riail, no rialachán a cimeádtar i bhfeidhm sa líomatáiste sin leis an alt so agus a bheidh bun os cionn leis an bhfo-dhlí, leis an riail, no leis an rialachán do cuireadh i mbaint amhlaidh, scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige sa líomatáiste sin.

Rúin, etc., i dtaobh an tuathlíomatáiste chó-cheangailte.

22. —Gach rún do ritheadh, gach ordú do rinneadh, agus gach fógra do seirbheáladh ag an gComhairle Chontae, ag an mBord Sláinte, no ag comhairle thuathcheanntair roimh an 1adh lá d'Abrán, 1931, i dtaobh an tuath-líomatáiste chó-cheangailte no aon choda dhe no i dtaobh éinní do rinneadh no a déanfar no do bhí no a bheidh le déanamh ann, agus go mbeidh a oibriú, a éifeacht, no a théarma gan bheith caithte roimh an dáta san, leanfa sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige, ar an 1adh lá san d'Abrán, 1931, agus dá éis sin agus sa mhéid ná beidh sé bun os cionn leis an Acht so, agus sa mhéid go mbaineann sé leis an tuath-líomatáiste có-cheangailte no le haon chuid de no le héinní déanfar no bheidh le déanamh ann, fé is dá mba rún é rithfí no ordú déanfaí no fógra seirbheálfaí ag Bárdas na Cathrach ar an dáta ar ar rith no ar a ndearna no ar ar sheirbheail an Chomhairle Chontae, an Bord Sláinte, no an chomhairle thuathcheanntair sin (pe'ca aca é) é agus fé is dá mbeadh an tuathlíomatáiste có-cheangailte curtha leis an gCathair cheana féin ar an dáta deiridh sin a luaidhtear.

Coróinéirí agus fo-shirriaim agus Leabhra de Choisteoirí sa Chathair agus sa Chontae.

23. —(1) Faid a leanfaidh an té atá, le linn an Achta so do rith, i seilbh oifige mar choróinéir do Chontae Bhaile Atha Cliath Thuaidh de bheith i seilbh na hoifige sin, leanfaidh an líomatáiste dlighinse atá aige mar choróinéir den tsórt san de bheith mar atá sé fé is ná rithfí an tAcht so, ach nuair a scuirfe sé, tré éag no eile, de bheith i seilbh na hoifige sin aige, déanfar, ar scur do amhlaidh no ar an 1adh lá d'Abrán, 1931 (pe'ca aca is déanaí), oiread den tuath-líomatáiste chó-cheangailte agus atá sa líomatáiste dhlighinse sin aige do scara ón líomatáiste dlighinse sin aige agus do chur le líomatáiste dlighinse choróineura na Cathrach agus beidh sé sa líomatáiste sin as san amach.

(2) Faid a leanfaidh an té atá, le linn an Achta so do rith, i seilbh oifige mar choróinéir do Chontae Bhaile Atha Cliath Theas de bheith i seilbh na hoifige sin, leanfaidh an líomatáiste dlighinse atá aige mar choróinéir den tsórt san de bheith mar atá sé fé is ná rithfí an tAcht so, ach nuair a scuirfe sé, tré éag no eile, de bheith i seilbh na hoifige sin aige—

(a) déanfar, ar scur do amhlaidh no ar an lá ceaptha (pe'ca aca is déanaí), na bailecheanntair chó-cheangailte do scara ón líomatáiste dlighinse sin aige agus do chur le líomatáiste dlighinse choróineura na Cathrach agus beid sa líomatáiste sin as san amach, agus

(b) déanfar, ar scur do amhlaidh no ar an 1adh lá d'Abrán, 1931 (pe'ca aca is déanaí), oiread den tuath-líomatáiste chó-cheangailte agus atá sa líomatáiste dhlighinse sin aige do scara ón líomatáiste dlighinse sin aige agus do chur le líomatáiste dlighinse choróineura na Cathrach agus beidh sé sa líomatáiste sin as san amach, agus

(c) má deintear agus pé uair a déanfar, ar scur do amhlaidh no dá éis sin no ar an lá ceaptha (pe'ca aca is déanaí), coróinéir do cheapa go cuibhe don Bhuirg, scarfar an Bhuirg o líomatáiste dhlighinse choróineura Chontae Bhaile Atha Cliath Theas.

(3) Faid a leanfaidh an té atá, le linn an Achta so do rith, i seilbh oifige mar fho-shirriam do Chontae Bhaile Atha Cliath de bheith i seilbh na hoifige sin, leanfaidh an líomatáiste dlighinse atá aige mar fho-shirriam den tsórt san de bheith mar atá sé fé is ná rithfí an tAcht so ach nuair a scuirfe sé, tré éag no eile, de bheith i seilbh na hoifige sin aige—

(a) déanfar ar scur do amhlaidh no ar an lá ceaptha (pe'ca aca is déanaí, na bailecheanntair chó-cheangailte do scara ón líomatáiste dlighinse sin aige agus do chur le líomatáiste dlighinse fho-shirriaim no chláruitheora chontae (pe'ca aca é) na Cathrach agus beid sa líomatáiste sin as san amach, agus

(b) déanfar, ar scur do amhlaidh no ar an 1adh lá d'Abrán, 1931 (pe'ca aca is déanaí), an tuath-líomatáiste cócheangailte do scara ón líomatáiste dlighinse sin aige agus do chur le líomatáiste dlighinse fho-shirriaim na Cathrach agus beidh sé sa líomatáiste sin as san amach.

(4) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas sa Chathair agus sa Chontae maidir le leabhra de choisteoirí d'ullamhú, painéil de choisteoirí d'ullamhú, agus coisteoirí do ghairm, agus maidir leis na painéil o n-a bhfuighfear coisteoirí chun go ndéanfaidh Cúirt no Breitheamh ina shuidhe sa Chathair no sa Chontae ceisteanna do thriail, sé sin le rá:—

(a) go dtí an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus as san go dtí an leabhar de choisteoirí bheidh i bhfeidhm an lá san sa tSeana-Chathair no an leabhar de choisteoirí bheidh i bhfeidhm an lá san sa Chontae (agus na bailecheanntair chó-cheangailte agus an tuath-líomatáiste có-cheangailte d'áireamh) do bheith caithte, leanfaidh an dlí do bhí i bhfeidhm díreach roimh an Acht so do rith de bheith i bhfeidhm agus cólíonfar í fé is ná rithfí an tAcht so agus go sonnrách fé is ná rithfí an fo-alt san roimhe seo den alt so ná na forálacha le n-a leathnuítear teoranta na Cathrach, agus

(b) nuair a bheidh agus chó luath agus bheidh ceann de sna leabhra san de choisteoirí caithte tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1931, tuigfear an ceann eile de sna leabhra san de choisteoirí do bheith caithte agus tiocfaidh leabhra nua de choisteoirí i bhfeidhm láithreach sa Chathair agus sa Chontae, agus

(c) d'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt so ullamhófar ceann de sna leabhra nua san de choisteoirí mar leabhar de choisteoirí don Chathair mar a leathnuítear leis an Acht so í, agus ullamhófar an ceann eile de sna leabhra nua san de choisteorí mar leabhar de choisteoirí don Chontae, lasmuich de sna bailecheanntair chó-cheangailte agus den tuath-líomatáiste chócheangailte, agus

(d) díreach ar theacht i bhfeidhm do sna leabhra nua san de choisteoirí beidh éifeacht ag forálacha an Achta so agus as san amach cólíonfar iad ach amháin, faid a bheidh fo-shirriam ann don Chathair, gurb é an foshirriam san a bheidh mar oifigeach phaineultachta do réir bhrí Achta na nGiúirithe, 1927 (Uimh. 23 de 1927) , don Chathair iomláin mar a leathnuítear leis an Acht so i agus, faid a bheidh fo-shirriam ann don Chontae, gurb é an fo-shirriam san a bheidh mar oifigeach phaineultachta do réir bhrí an Achta roimhráite don mhéid sin den Chontae ná cuirtear leis an gCathair leis an Acht so.

Forálacha i dtaobh oifigeach n-aistrithe.

24. —(1) San alt so—

cialluíonn agus foluíonn an abairt “oifigeach aistrithe” oifigeach a haistrítear leis an gCuid seo no fén gCuid seo den Acht so o sheirbhís chóluchta dhíochurtha go dtí seirbhís chomharba an chóluchta dhíochurtha san no o sheirbhís na Comhairle Contae no an Bhuird Shláinte go dtí seirbhís Bhárdais na Cathrach;

sa mhéid go mbainid le hoifigeach a haistrítear amhlaidh o sheirbhís chóluchta dhíochurtha, cialluíonn an abairt “an seana-chólucht” an cólucht díochurtha gur o n-a sheirbhís a haistríodh amhlaidh é agus cialluíonn an abairt “an comharba” comharba an chóluchta dhíochurtha san;

sa mhéid go mbainid le hoifigeach a haistrítear amhlaidh o sheirbhís na Comhairle Contae no an Bhuird Shláinte, cialluíonn an abairt “an seana-chólucht” an Chomhairle Chontae no an Bord Sláinte pe'ca aca is gá sa chás, cialluíonn an abairt “an comharba” Bárdas na Cathrach, agus cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an 1adh lá d'Abrán, 1931.

(2) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin go dtí go ndéanfar é do bhuanú, do cheapa, no do chur as oifig fé sna forálacha no leis na forálacha ina dhiaidh seo den alt so, cólíonfaidh gach oifigeach aistrithe i seirbhís an chomharba dualgaisí den tsórt chéanna do chólíonadh sé i seirbhís an tseana-chóluchta no (más é is gá sa chás) pé dualgaisí ordóidh an comharba maidir le haistriú feidhmeanna an tseana-chóluchta go dtí an comharba agus críochnú gnótha a oifige féin, agus, go dtí go ndéanfar é do bhuanú, do cheapa, no do chur as oifig amhlaidh mar adubhradh, beidh sé i dteideal an tuarastail agus an tsochair oifige chéanna agus (sa mhéid gur féidir é sa chás) na gcoiníollacha céanna seirbhíse do bhí ag gabháil le n-a fhostaíocht i seirbhís an tseanachóluchta díreach roimh an lá ceaptha.

(3) Déanfar gach oifigeach aistrithe, laistigh de dhá bhliain tar éis an lae cheaptha—

(a) do bhuanú ag an gcomharba san oifig do bhí aige díreach roimh an lá ceaptha no in oifig chó-ghaolmhair go ndualgaisí có-ghaolmhara, no

(b) do cheapa do réir dlí agus le n-a thoil féin chun oifige i seirbhís an chomharba, no

(c) do chur as oifig ag an gcomharba.

(4) Isé an tAire do bhéarfaidh breith ar gach aighneas i dtaobh ce'ca tá oifig có-ghaolmhar le hoifig eile no ná fuil no i dtaobh ce'ca tá dualgaisí oifige có-ghaolmhar le dualgaisí oifige eile no ná fuil agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.

(5) Gach oifigeach aistrithe ná buanófar, ná ceapfar, ná ná cuirfear as oifig fé sna forálacha san roimhe seo den alt so laistigh de dhá bhliain tar éis an lae cheaptha, cuirfear as oifig é de bhua an fho-ailt seo i gcionn an dá bhlian san.

(6) Chun cricheanna na n-achtachán a bhaineann le haois-liúntas agus le cúiteamh i gcailliúint oifige tuigfear, i dtaobh gach oifigigh aistrithe cuirfear as oifig fé réim no de bhua aon chinn de sna forálacha san roimhe seo den alt so, gur ar chúis seachas mí-iompar no mí-chumas do chuir an comharba as oifig é agus beidh sé i dteideal a thréimhse sheirbhíse leis an seana-chólucht agus a thréimhse sheirbhíse fén alt so leis an gcomharba d'áireamh mar aon tréimhse amháin de sheirbhís leanúnach leis an gcomharba.

(7) Gach oifigeach aistrithe buanófar no ceapfar fé sna forálacha san roimhe seo den alt so laistigh de dhá bhliain tar éis an lae cheaptha, beidh sé i dteideal a thréimhse sheirbhíse leis an seana-chólucht agus a thréimhse sheirbhíse (ar n-a háireamh ón lá ceaptha) leis an gcomharba d'áireamh mar aon tréimhse amháin de sheirbhís leanúnach leis an gcomharba chun crícheanna na n-achtachán a bhaineann le haois-liúntas agus le cúiteamh i gcailliúint oifige.

Fostaithe cóluchtaí díochurtha.

25. —(1) Fostaí ar bith do Bhárdas na Cathrach do bhí ar fostú cheana ag an gComhairle Chontae, ag an mBord Sláinte, ag comhairle thuathcheanntair no ag cólucht díochurtha dar comharba Bárdas na Cathrach, beidh sé i dteideal a fhostú ag an gComhairle Chontae, ag an mBord Sláinte, ag an gcomhairle thuathcheanntair sin no ag an gcólucht díochurtha san (pe'ca aca é) d'áireamh mar fhostú ag Bárdas na Cathrach chun crícheanna aon achtacháin le n-a dtugtar comhacht do Bhárdas na Cathrach liúntas in aghaidh cailliúna a fhostaíochta do dheona d'éinne dá chuid fostaithe nách oifigigh.

(2) Fostaí ar bith do Bhárdas na Buirge do bhí ar fostú cheana ag cólucht díochurtha dar comharba Bárdas na Buirge, beidh sé i dteideal a fhostú ag an gcólucht díochurtha san d'áireamh mar fhostú ag Bárdas na Buirge chun crícheanna aon achtacháin (agus an tAcht so d'áireamh) le n-a dtugtar comhacht do Bhárdas na Buirge liúntas in aghaidh cailliúna a fhostaíochta do dheona d'éinne dá chuid fostaithe nách oifigigh.

Cad déanfar leis an deontas talmhaíochta.

26. —Bainfidh alt 50 den Local Government (Ireland) Act, 1898, leis an leathnú ar an gcathair a deintear leis an Acht so no a déanfar fé agus san fé is dá mba le hOrdú fén Acht san a déanfaí an leathnú san, agus íocfar isteach sa chiste chathardha an chuid den deontas talmhaíochta is iníoctha le Bárdas na Cathrach fén alt san mar a cuirtear i mbaint leis an leathnú san é.

An chathair agus an bhuirg do leathnú san am le teacht.

27. —(1) Uair ar bith tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1931, féadfaidh Bárdas na Cathrach a iarraidh ar an Aire teora na cathrach do leathnú tuille i slí go gcuirfear leis an gcathair aon chuid den chontae ná cuirtear leis an gcathair leis an Acht so agus nách cuid den Bhuirg.

(2) Uair ar bith tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1931, féadfaidh Bárdas na Buirge a iarraidh ar an Aire teora na buirge do leathnú i slí go gcuirfear leis an mbuirg aon chuid den chontae ná cuirtear leis an mbuirg leis an Acht so.

(3) Ar fháil iarratais fé cheachtar fho-alt acu san roimhe seo dho, agus tar éis fiosrúcháin áitiúla do dhéanamh i dtaobh abhair an iarratais sin agus tar éis aon aithrise cúise dhéanfaidh an Chomhairle Chontae agus (más iarratas é do rinne Bárdas na Buirge) Bárdas na Cathrach leis do bhreithniú, féadfaidh an tAire ordú sealadach do dhéanamh ag tabhairt éifeachta don mhola atá san iarratas san tar éis pé atharú (más ann dóibh) is dó leis is ceart do dhéanamh air, no féadfa sé diúltú do ghéille don iarratas san.

(4) Ní bheidh éifeacht ag ordú sealadach a déanfar fén alt so mara ndaingnighidh ná go dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é.

(5) An lá agus tar éis an lae thiocfaidh ordú sealadach fén alt so, ag leathnú teorann na cathrach, i bhfeidhm, beidh feidhm ag an Acht so sa chuid agus i dtaobh na coda den chontae cuirfear leis an gcathair leis an ordú san sa tslí chéanna ina mbeidh feidhm aige, an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus dá éis sin, sa tuath-líomatáiste chó-cheangailte agus i dtaobh an tuath-líomatáiste sin.

(6) Le hordú sealadach fén alt so ag leathnú teorann na buirge, féadfar gach foráil no aon fhoráil den Chuid seo den Acht so bhaineann leis an tuath-líomatáiste có-cheangailte do chur i bhfeidhm maidir leis an leathnú san tar éis Bárdais na Buirge do chur in ionad Bhárdais na Cathrach sna forálacha san agus pé atharú eile is gá sa chás do dhéanamh ortha.

(7) Féadfar a chur in ordú sealadach fén alt so pé forálacha is dó leis an Aire is ceart maidir le maoin, cirt, agus fiachaisí do choigeartú agus cúrsaí airgeadais agus cúrsaí eile do shocrú idir an Chomhairle Chontae agus Bárdas na Cathrach no Bárdas na Buirge (pe'ca aca é) agus maidir le togha-líomatáistí d'atharú agus le haon chúrsa eile eireoidh de dhruim an orduithe sin.

Iontaobhaisí chun tairbhe na seana-chathrach no bailecheanntair chócheangailte.

28. —(1) I gcás maoine ar bith, réalta no pearsanta, do bheith dílsithe, díreach roimh an lá ceaptha, i mBárdas na Cathrach no in aon chólucht corporáideach eile no in aon iontaobhaithe, coiste, no cumann ar iontaobhaisí chun crícheanna oideachais no déarcais chun tairbhe na Seana-Chathrach ar fad no cathruitheoirí no áititheoirí na Seana-Chathrach ar fad no aon aicme áirithe de sna cathruitheoirí no de sna háititheoirí sin ar fad no ar iontaobhaisí chun crícheanna oideachais no déarcais gur ag cathruitheoirí uile no ag áititheoirí uile na Seana-Chathrach no ag gach duine d'aon aicme áirithe de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin a bheidh an teideal ar fad chun tairbhe do bhaint asta, ansan, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, beidh tairbhe na n-iontaobhas san le fáil ag iomlán na Cathrach no ag cathruitheoirí uile no áititheoirí uile na Cathrach no ag an aicme áirithe sin de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin no (má sé is gá sa chás) beidh sí le fáil ag éinne de chathruitheoirí no d'áititheoirí na Cathrach no ag éinne den aicme áirithe sin de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin.

(2) I gcás maoine ar bith, réalta no pearsanta, do bheith dílsithe, díreach roimh an lá ceaptha, i gcomhairle ceachtair de sna bailecheanntair chó-cheangailte ar iontaobhaisí chun crícheanna oideachais no déarcais chun tairbhe an cheanntair sin ar fad no cathruitheoirí no áititheoirí an cheanntair sin ar fad no aon aicme áirithe de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin ar fad no ar iontaobhaisí chun crícheanna oideachais no déarcais gur ag cathruitheoirí uile no ag áititheoirí uile an cheanntair sin no ag gach duine d'aon aicme áirithe de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin a bheidh an teideal ar fad chun tairbhe do bhaint asta, ansan, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, tiocfaidh an mhaoin sin chun bheith agus beidh sí dílsithe i mBárdas na Cathrach ar na hiontaobhaisí céanna ar a raibh an mhaoin sin dílsithe sa chomhairle sin roimhe sin, ach beidh tairbhe na n-iontaobhas san le fáil ag iomlán na Cathrach no ag cathruitheoirí uile no áititheoirí uile na Cathrach no ag an aicme áirithe sin de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin no (má sé is gá sa chás) beidh sí le fáil ag éinne de chathruitheoirí no d'áititheoirí na Cathrach no ag éinne den aicme áirithe sin dé sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin.

(3) I gcás maoine ar bith, réalta no pearsanta, do bheith dílsithe, díreach roimh an lá ceaptha, in aon chólucht corporáideach (seachas comhairle bhailecheanntair chó-cheangailte) no in aon iontaobhaithe, coiste, no cumann ar iontaobhaisí chun crícheanna oideachais no déarcais chun tairbhe cinn amháin no an dá cheann de sna bailecheanntair chó-cheangailte ar fad no cathruitheoirí no áititheoirí cinn amháin no an dá cheann de sna bailecheanntair chó-cheangailte ar fad no aon aicme áirithe de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin ar fad no ar iontaobhaisí chun crícheanna oideachais no déarcais gur ag cathruitheoirí uile no ag áititheoirí uile cinn amháin no an dá cheann de sna bailecheanntair chó-cheangailte no ag éinne d'aon aicme áirithe de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin a bheidh an teideal ar fad chun tairbhe do bhaint asta, ansan, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, beidh tairbhe na n-iontaobhas san le fáil ag iomlán na Cathrach no ag cathruitheoirí uile no áititheoirí uile na Cathrach no ag an aicme áirithe sin de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin no (má sé is gá sa chás) beidh sí le fáil ag éinne de chathruitheoirí no d'áititheoirí na Cathrach no ag éinne den aicme áirithe sin de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin.

(4) Ní bhainfidh ní ar bith san alt so le haon iontaobhas chun tairbhe líomatáiste ar fad nách ionann agus an tSeana-Chathair ná ceann amháin ná an dá cheann de sna bailecheanntair chócheangailte ná chun tairbhe cathruitheoirí no áititheoirí aon líomatáiste den tsórt san ar fad no aon aicme áirithe de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin ar fad no le haon iontaobhaisí ná beidh teideal ach ag cathruitheoirí no ag áititheoirí aon líomatáiste den tsórt san no ag baill d'aicme áirithe de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin chun tairbhe do bhaint asta.

Iontaobhaisí chun tairbhe bailecheanntair chósta.

29. —(1) I gcás maoine ar bith, réalta no pearsanta, do bheith dílsithe, díreach roimh an lá ceaptha, i gcomhairle cinn de sna bailecheanntair chósta ar iontaobhaisí chun crícheanna oideachais no déarcais chun tairbhe an cheanntair sin ar fad no cathruitheoirí no áititheoirí an cheanntair sin ar fad no aon aicme áirithe de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin ar fad no ar iontaobhaisí chun crícheanna oideachais no déarcais gur ag cathruitheoirí uile no ag áititheoirí uile an cheanntair sin no ag gach duine d'aon aicme áirithe de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin a bheidh an teideal ar fad chun tairbhe do bhaint asta, ansan, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, tiocfaidh an mhaoin sin chun bheith agus beidh sí dílsithe i mBárdas na Buirge ar na hiontaobhaisí céanna ar a raibh an mhaoin sin dílsithe sa chomhairle sin roimhe sin ach beidh tairbhe na n-iontaobhas san le fáil ag iomlán na Buirge no ag cathruitheoirí uile no áititheoirí uile na Buirge no ag an aicme áirithe sin de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin no (má sé is gá sa chás) beidh sí le fáil ag éinne de chathruitheoirí no d'áititheoirí na Buirge no ag éinne den aicme áirithe sin de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin.

(2) I gcás maoine ar bith, réalta no pearsanta, do bheith dílsithe, díreach roimh an lá ceaptha, in aon chólucht corparáideach (seachas comhairle bhailecheanntair chósta) no in aon iontaobhaithe, coiste, no cumann ar iontaobhaisí chun crícheanna oideachais no déarcais chun tairbhe cinn no níos mó de sna bailecheanntair chósta ar fad no cathruitheoirí no áititheoirí cinn no níos mó de sna bailecheanntair chósta ar fad no aon aicme áirithe de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin ar fad no ar iontaobhaisí chun crícheanna oideachais no déarcais gur ag cathruitheoirí uile no ag áititheoirí uile cinn no níos mó de sna bailecheanntair chósta no ag éinne d'aon aicme áirithe de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin a bheidh an teideal ar fad chun tairbhe do bhaint asta, ansan, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, beidh tairbhe na n-iontaobhas san le fáil ag iomlán na Buirge no ag cathruitheoirí uile no áititheoirí uile na Buirge no ag an aicme áirithe sin de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin no (má sé is gá sa chás) beidh sí le fáil ag éinne de chathruitheoirí no d'áititheoirí na Buirge no ag éinne den aicme áirithe sin de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin.

(3) Ní bhainfidh ní ar bith san alt so le haon iontaobhas chun tairbhe líomatáiste ar fad nách ionann agus ceann ná níos mó de sna bailecheanntair chósta ná chun tairbhe cathruitheoirí no áititheoirí aon líomatáiste den tsórt san ar fad no aon aicme áirithe de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin ar fad ná le haon iontaobhaisí ná beidh teideal ach ag cathruitheoirí no ag áititheoirí aon líomatáiste den tsórt san no ag baill d'aicme áirithe de sna cathruitheoirí sin no de sna háititheoirí sin chun tairbhe do bhaint asta.