An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Liomataisti Riarachain d'Ath-cho-ghleasa.) Ar Aghaidh (CUID III. Foralacha Ilghneitheacha.)

27 1930

ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA (BAILE ÁTHA CLIATH), 1930

CUID II.

An Chathair agus an Bhuirg do Riara.

Forálacha i dtaobh na cathrach.

Comhachta, etc., do dhílsiú i mBárdas na Cathrach.

30. —(1) An tOrdú dar dáta an 20adh lá de Bhealtaine, 1924, agus do rinneadh fé alt 12 den Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 ( Uimh. 9 de 1923 ), agus le n-ar scuireadh comhairle chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, fanfa sé i bhfeidhm go dtí an lá ceaptha agus ansan scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige.

(2) Gach maoin réalta agus pearsanta (agus rudaí-ar-fiunraoi d'áireamh), a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe de bhua an Orduithe sin dar dáta an 20adh lá de Bhealtaine, 1924, sna daoine a bheidh ag cólíona dualgaisí chomhairle chontaebhuirg Bhaile Atha Cliath an uair sin fén Ordú san tiocfaid chun bheith agus beid dílsithe i mBárdas na Cathrach ar an lá ceaptha.

(3) Na comhachta, na feidhmeanna agus na dualgaisí sin chomhairle chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, á bhfeidhmiú agus á gcólíona de bhua an Orduithe sin dar dáta on 20adh lá de Bhealtaine, 1924, ag na daoine a hainmnítear chuige sin san Ordú san, tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha agus as san amach, ina gcomhachta, ina bhfeidhmeanna, agus ina ndualgaisí de chuid Bhárdais na Cathrach.

(4) Gach aon chomhacht, feidhm, agus dualgas do bheadh, de bhua líomatáiste ar bith nách cuid den tseana-chathair do chur leis an gcathair leis an Acht so, ar n-a mbronna no ar n-a bhforchur ar chomhairle chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath maidir leis an líomatáiste sin mara mbeadh an fo-alt so, tiocfaid chun bheith agus beid ina gcomhachta, ina bhfeidhmeanna, agus ina ndualgaisí de chuid Bhárdais na Cathrach ar an dáta agus ón dáta ar a gcuirfear an líomatáiste sin leis an gcathair amhlaidh.

(5) An dlí atá i bhfeidhm i dtaobh comhairlí contae-bhuirgí le linn an Achta so do rith bainfe sí le Bárdas na Cathrach sa mhéid ná fuil sí bun os cionn leis an Acht so agus chuige sin tuigfear gur comhairle chontae-bhuirge Bárdas na Cathrach.

(6) Gach aon chomhacht, feidhm, agus dualgas a bronnfar no a forchuirfear ar chomhairle chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath le haon Acht no fé aon Acht a rithfear tar éis an Achta so do rith tiocfaid chun bheith agus beid ina gcomhachta, ina bhfeidhmeanna agus ina ndualgaisí de chuid Bhárdais na Cathrach ar an dáta agus ón dáta ar a mbronnfar no ar a bhforchuirfear na comhachta, na feidhmeanna, agus na dualgaisí sin amhlaidh.

(7) Pé uair a déanfar comhachta, feidhmeanna, no dualgaisí ar bith do bhronna no d'fhorchur ar chomhairle bhuirge, chontaebhuirge, no bhailecheanntair le haon Acht no fé aon Acht a rithfear tar éis an Achta so do rith, ansan, sa mhéid go mbaineann na comhachta, na feidhmeanna, agus na dualgaisí sin le comhairle chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, tiocfaid chun bheith agus beid ina gcomhachta, ina bhfeidhmeanna, agus ina ndualgaisí de chuid Bhárdais na Cathrach ar an dáta agus ón dáta ar a mbronnfar no ar a bhforchuirfear amhlaidh iad.

(8) Gach comhacht, feidhm, agus dualgas atá dílsithe do réir reachta sa Tiarna Mhéara maidir le marga ar bith, pe'ca mar chléireach margaí no ar aon tslí eile é, tiocfaid chun bheith agus beid ina gcomhachta, ina bhfeidhmeanna, agus ina ndualgaisí de chuid Bhárdais na Cathrach ar an lá ceaptha agus as san amach.

(9) Déanfaidh Comhairle na Cathrach no Bainisteoir na Cathrach (pe'ca aca is gá sa chás) gach aon cheann de chomhachta, d'fheidhmeanna, agus de dhualgaisí Bhárdais na Cathrach d'fheidhmiú agus do chólíona ar son agus thar ceann Bhárdais na Cathrach fé réir agus do réir forálacha an Achta so.

(10) Ní comórfar aon toghachán do bhaill de chomhairle chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath do réir fo-ailt (1) d'alt 2 den Acht um Thoghacháin Áitiúla (Údaráis Scurtha), 1926 ( Uimh. 22 de 1926 ), d'ainneoin éinní atá san Acht san no san Acht um Thoghacháin Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1929 (Uimh. 3 de 1929) .

Có-dhéanamh Comhairle na Cathrach.

31. —(1) Beidh Comhairle na Cathrach có-dhéanta de chúig baill déag ar fhichid dá dtoghfar deichniúr is fiche (dá ngairmtear gnáth-bhaill san Acht so) do réir an Achta so ag na daoine bheidh cláruithe de thurus na huaire ar an gclár de thoghthóirí rialtais áitiúla agus dá dtoghfar cúigear (dá ngairmtear baill cheannaíochta san Acht so) do réir an Achta so ag na daoine bheidh cláruithe de thurus na huaire ar an gclár de thoghthóirí ceannaíochta.

(2) Dáréag ball de Chomhairle na Cathrach a bheidh mar quorum.

Toghacháin chathrach.

32. —(1) Comórfar toghachán cathrach sa bhliain 1930 agus gach tríú bliain ina dhiaidh sin agus ní hin aon bhliain eile.

(2) I ngach toghachán cathrach, comórfar toghachán na ngnáthbhall agus toghachán na mball ceannaíochta mar dhá thoghachán ar leithligh agus ní bheidh duine ar bith dí-cháilithe chun vótála i gceann de sna toghacháin sin mar gheall ar é do vótáil sa cheann eile de sna toghacháin sin.

(3) I ngach toghachán cathrach, comórfar toghachán na mball ceannaíochta chó fada agus is féidir é san am gcéanna comórfar toghachán na ngnáth-bhall.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (5) d'alt 2 den Local Government (Ireland) Act, 1898, maidir le toghacháin do bhaill de Chomhairle na Cathrach.

(5) Is ar lá an toghacháin a comórfar toghachán na ngnáthbhall sa toghachán chathrach a comórfar sa bhliain 1930 agus isé lá ar a gcomórfar toghachán na ngnáth-bhall i ngach toghachán cathrach ina dhiaidh sin ná pé lá ceapfar chuige sin do réir na dlí no fén dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le toghacháin do bhaill de chomhairlí contae-bhuirgí.

(6) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le togha, cáiliú, dí-cháiliú, agus sealbhaíocht oifige ball de chomhairle chontae-bhuirge, beidh feidhm aici, fé réir forálacha an Achta so, maidir le togha, cáiliú, dí-cháiliú, agus sealbhaíocht oifige ball de Chomhairle na Cathrach.

(7) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le cáiliú agus dí-cháiliú daoine chun bheith ina mbaill de choiste ar bith a ceaptar i bpáirt no go hiomlán ag comhairle chontaebhuirge, beidh feidhm aici, ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, maidir le Comhairle na Cathrach do cheapa daoine chun bheith ina mbaill d'aon choiste den tsórt san agus maidir leis na daoine sin nuair a bheid ceaptha amhlaidh.

(8) Chun crícheanna an dá fho-alt deiridh sin roimhe seo tuigfear connra le Bárdas na Cathrach do bheith ina chonnra le Comhairle na Cathrach agus le gach coiste agus có-choiste do cheap Comhairle na Cathrach i bpáirt no go hiomlán, agus tuigfear connra le haon choiste den tsórt san do bheith ina chonnra le Comhairle na Cathrach, leis, agus, maidir leis an toghachán cathrach a comórfar sa bhliain 1930, tuigfear connra le cólucht díochurtha dar comharba Bárdas na Cathrach no le haon choiste no có-choiste do cheap aon chólucht den tsórt san i bpáirt no go hiomlán do bheith ina chonnra le Comhairle na Cathrach, leis.

Toghalíomatáistí sa chathair.

33. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith agus roimh lá an toghacháin, déanfaidh an tAire le hordú—

(a) an líomatáiste bheidh có-dhéanta den tSeana-Chathair, de sna bailecheanntair chó-cheangailte, agus den tuathlíomatáiste chó-cheangailte do roinnt ina chúig toghalíomatáistí buirge agus isiad san a bheidh mar thoghalíomatáistí buirge sa Chathair chun crícheanna an Local Government (Ireland) Act, 1919, agus

(b) a ordú cá líon de ghnáth-bhaill de Chomhairle na Cathrach a toghfar do gach togha-líomatáiste buirge fé leith acu san agus ordóidh sé an líon san i slí go gcuirfear in áirithe, sa mhéid gur féidir é, gurb é líon ball a ceapfar do gach líomatáiste fé leith den tsórt san amhlaidh ná an líon is gá i gcóir ionadaíochta cothruim do réir líon na n-áititheoirí.

(2) Gach toghthóir rialtais áitiúla bheidh cláruithe mar thoghthóir den tsórt san laistigh den tuath-líomatáiste chó-cheangailte no laistigh de cheachtar de sna bailecheanntair chó-cheangailte, beidh sé i dteideal (fé réir aon dí-cháilithe forchuirtear do réir dlí) vótála i dtoghachán na ngnáth-bhall sa toghachán chathrach a comórfar sa bhliain 1930.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le toghachán na ngnáth-bhall sa toghachán chathrach a comórfar sa bhliain 1930, sé sin le rá:—

(a) gach ceanntar vótaíochta atá ann le linn an Achta so do rith agus atá ar fad laistigh de thogha-líomatáiste bhuirge ar n-a ordú leis an ordú san, beidh sé ina cheanntar vótaíochta chun crícheanna an toghacháin sin, agus gach áit vótaíochta atá in aon cheanntar vótaíochta den tsórt san amhlaidh beidh sí ina háit vótaíochta chun crícheanna an toghacháin sin;

(b) i gcás ceanntair vótaíochta atá ann le linn an Achta so do rith agus ná fuil ar fad laistigh d'aon toghalíomatáiste buirge ar n-a ordú leis an ordú san, beidh gach cuid fé leith den cheanntar vótaíochta san atá ar fad laistigh d'aon togha-líomatáiste buirge den tsórt san ina ceanntar vótaíochta ar leithligh chun crícheanna an toghacháin sin, agus isiad áiteanna vótaíochta bheidh i ngach ceanntar vótaíochta ar leithligh den tsórt deiridh sin a luaidhtear, sa toghachán san, ná na háiteanna (pe'ca laistigh no lasmuich den cheanntar san dóibh) a cheapfaidh an ceann comhrimh sa toghachán san chuige sin.

Clár de thoghthóirí ceannaíochta.

34. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith déanfar clár (dá ngairmtear an clár de thoghthóirí ceannaíochta san Acht so) de dhaoine bheidh i dteideal vótála i dtoghacháin bhall ceannaíochta de Chomhairle na Cathrach d'ullamhú agus do chimeád ar siúl as san amach.

(2) Clárófar sa chlár de thoghthóirí ceannaíochta gach duine, páirtnéireacht, comhlachas neamh-ionchorparuithe, agus cólucht corparáideach a bheidh ina chomhnaí i Saorstát Éireann agus a bheidh de thurus na huaire ina shéalbhaire rátuithe ar áitreabh ar bith a bheidh suidhte sa Chathair no (go dtí an lá ceaptha) i mbailecheanntar có-cheangailte no (go dtí an 1adh lá d'Abrán, 1931) sa tuath-líomatáiste chó-cheangailte agus—

(a) nách lugha ná fiche púnt luach an áitreibh sin fé sna hAchtanna Luachála agus gur áitreabh é bheidh ar seilbh ag an duine, ag an bpáirtnéireacht, ag an gcomhlachas neamh-ionchorparuithe, no ag an gcólucht corparáideach san chun aon ghnótha, gairme, trádála, déantóireachta, no oibre eile ceannaíochta no ceárdais do dhéanamh no do chleachta ann agus chuige sin amháin, no

(b) go mbeidh cuid den áitreabh san ar seilbh chun na críche roimhráite ag an duine, ag an bpáirtnéireacht, ag an gcomhlachas neamh-ionchorparuithe, no ag an gcólucht corporáideach san agus nách lugha ná fiche púnt an cion de luach an áitreibh sin fé sna hAchtanna Luachála is ionchurtha, do réir chothruim, ar an gcuid de bheidh ar seilbh amhlaidh.

(3) Chun crícheanna an ailt seo—

(a) ní tuigfear páirtnéireacht do bheith ina comhnaí i Saorstát Éireann mara mbeidh na daoine uile is páirtnéirí inti ina gcomhnaí i Saorstát Éireann, agus

(b) ní tuigfear comhlachas neamh-ionchorparuithe do bheith ina chomhnaí i Saorstát Éireann mara ndeintear a ghnó do bhainistí agus do rialú i Saorstát Éireann, agus

(c) ní tuigfear cólucht corparáideach do bheith ina chomhnaí i Saorstát Éireann maran rud é go ndeintear a ghnó do bhainistí agus do rialú i Saorstát Éireann agus go mbeidh sé cláruithe fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, i Saorstát Éireann no, neachtar acu, gur earraí do dhéanamh i Saorstát Éireann an gnó go léir no cuid mhór den ghnó a dheineann sé i Saorstát Éireann.

(4) Féadfar duine, páirtnéireacht, comhlachas neamh-ionchorparuithe no cólucht corparáideach do chlárú, sa chlár de thoghthóirí ceannaíochta, i dtaobh dhá áitreabh no níos mó.

(5) Gach duine, páirtnéireacht, comhlachas neamh-ionchorparuithe agus cólucht corporáideach a bheidh cláruithe de thurus na huaire sa chlár de thoghthóirí ceannaíochta, beidh sé, agus ní bheidh duine ar bith eile, i dteideal vótála i dtoghachán do bhaill cheannaíochta de Chomhairle na Cathrach.

(6) San alt so agus sa chéad alt eile ina dhiaidh seo, cialluíonn an focal “áitreabh” ionoighreachta no tionóntachán ar n-a luacháil ar leithligh fé sna hAchtanna Luachála.

Toghacháin do bhaill cheannaíochta de Chomhairle na Cathrach.

35. —(1) I dtoghachán do bhaill cheannaíochta de Chomhairle na Cathrach, beidh ag gach duine bheidh i dteideal vótála sa toghachán san an méid vótanna luaidhtear anso ina dhiaidh seo, sé sin le rá:—

más lugha ná caoga púnt luach an áitreibh gur ina thaobh a bheidh sé cláruithe sa chlár de thoghthóirí ceannaíochta no, i gcás é bheith cláruithe amhlaidh i dtaobh dhá áitreabh no níos mó, iomlán luach na n-áitreabh uile gur ina dtaobh a bheidh sé cláruithe amhlaidh ..................... vóta amháin, maran lugha ná caoga púnt agus gur lugha ná céad púnt an luach san no an t-iomlán san de luacha ............... dhá vóta, maran lugha ná céad púnt agus gur lugha ná céad go leith púnt an luach san no an t-iomlán san de luacha........trí vota, maran lugha ná céad go leith púnt agus gur lugha ná dhá chéad púnt an luach san no an t-iomlán san de luacha .............................................................. ceithre vóta, maran lugha ná dhá chéad púnt agus gur lugha ná dhá chéad go leith púnt an luach san no an t-iomlán san de luacha ................................................................. cúig vóta, maran lugha ná dhá chéad go leith púnt an luach san no an t-iomlán san de luacha ....................................... sé vóta.

(2) Chun crícheanna an fho-ailt sin roimhe seo den alt so tuigfear gurb é is luach d'áitreabh ar bith ná—

(a) más chun aon ghnótha, gairme, trádála, déantóireachta, no oibre eile ceannaíochta no ceárdais do dhéanamh no do chleachta ann agus chuige sin amháin a bheidh an t-áitreabh san ar seilbh ag a shealbhaire rátuithe, luach an áitreibh sin fé sna hAchtanna Luachála, no

(b) más cuid den áitreabh san a bheidh ar seilbh ag a shealbhaire rátuithe chun na críche roimhráite, an cion de luach an áitreibh sin fé sna hAchtanna Luachála is ionchurtha, do réir chothruim, ar an gcuid de bheidh ar seilbh amhlaidh.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le toghacháin do bhaill cheannaíochta de Chomhairle na Cathrach, sé sin le rá:—

(a) sa toghachán a comórfar sa bhliain 1930, beidh an tSeana-Chathair, na bailecheanntair chó-cheangailte, agus an tuath-líomatáiste có-cheangailte ina n-aon togha-líomatáiste amháin, agus i ngach toghachán ina dhiaidh sin beidh an Chathair ina haon togha-líomatáiste amháin;

(b) is le ballóid sheicréideach a déanfar an vótáil;

(c) is do réir phrinsiobail na hionadaíochta cothromúla a déanfar an vótáil agus, i gcás vótálaithe go n-aon vóta amháin, beidh gach vóta ina aon vóta amháin ionaistrithe agus, i gcás vótálaithe go níos mó ná aon vóta amháin, beidh gach vóta fé leith do bhéarfaidh vótálaí uaidh ina aon vóta amháin ionaistrithe agus breacfar ar pháipeur bhallóide ar leithligh é;

(d) is ar pháipeur bhallóide a cuirfear chun an vótálaí tríd an bpost agus a chuirfidh seisean thar n-ais chun an chinn chomhrimh a breacfar gach vóta.

Seanóirí agus comhairleoirí na cathrach.

36. —(1) An chéad ghnáth-bhall de Chomhairle na Cathrach a toghfar i dtoghachán cathrach do gach togha-líomatáiste buirge fé leith beidh sé ina sheanóir.

(2) An chéad bhall ceannaíochta de Chomhairle na Cathrach a toghfar i dtoghachán cathrach beidh sé ina sheanóir.

(3) Gach ball de Chomhairle na Cathrach nách seanóir de bhua an ailt seo beidh sé ina chomhairleoir.

Cruinnithe Chomhairle na Cathrach.

37. —(1) Beidh céad chruinniú Chomhairle na Cathrach ina chruinniú chinn ráithe agus comórfar é um meán lae ar an lá ceaptha i Halla na Cathrach, Baile Atha Cliath, agus más rud é, ar réasún ar bith, ná comórfar an cruinniú san amhlaidh comórfar an cruinniú san pé uair, pé lá (chó luath agus bheidh san caothúil tar éis an lae cheaptha), agus i pé áit a cheapfaidh an tAire chuige sin.

(2) Go dtí go mbeidh an Tiarna Méara toghtha agus an dearbhú glactha oifige is gá do réir dlí déanta aige, isé Bainisteoir na Cathrach a bheidh mar chathaoirleach ar chéad chruinniú Chomhairle na Cathrach ach ní bheidh sé dá dhruim sin i dteideal vótála ar aon cheist a bheidh le socrú ag an gcruinniú san le vóta o sna baill.

(3) Ag céad chruinniú Chomhairle na Cathrach isé gnó déanfar ná pé gnó is gá do Chomhairle na Cathrach, do réir an Achta so no fé no ar aon tslí eile do réir dlí, do dhéanamh ag an gcruinniú san, agus fós aon ghnó eile bheidh le déanamh fén Acht so agus gurb é tuairim Chomhairle na Cathrach gur gá no gur mhaith an rud é do dhéanamh ag an gcruinniú san, agus ní bheidh fógra ar bith, i bhfuirm fógra tairisginte ná ar aon tslí eile, riachtanach chun aon ghnótha den tsórt san do dhéanamh.

(4) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le cruinnithe cinn ráithe agus cruinnithe eile de chomhairle chontaebhuirge do chomóra agus leis na cruinnithe comórtar amhlaidh agus le nithe deintear agus a bhíonn le déanamh, agus leis an nósimeachta i gcoitinne, ag na cruinnithe sin, bainfe sí, fé réir forálacha an ailt seo, le cruinnithe cinn ráithe agus cruinnithe eile de Chomhairle na Cathrach do chomóra agus leis na cruinnithe comórfar amhlaidh agus le nithe déanfar agus a bheidh le déanamh, agus leis an nós-imeachta i gcoitinne, ag na cruinnithe sin.

Togha agus sealbhaíocht oifige an Tiarna Mhéara.

38. —(1) Déanfaidh Comhairle na Cathrach, ag á gcéad chruinniú agus ag an gcéad chruinniú cinn ráithe comórfar tar éis gach 22adh lá de Mheitheamh, duine dá mbaill do thogha mar Thiarna Mhéara.

(2) Fanfaidh an Tiarna Méara in oifig (marab éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht do) go dtí go mbeidh a chomharba toghtha ag an gcéad chruinniú cinn ráithe eile de Chomhairle na Cathrach ag a mbeidh Tiarna Méara le togha ag Comhairle na Cathrach agus go dtí go mbeidh an dearbhú glactha oifige is gá do réir dlí déanta ag an gcomharba san.

(3) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le togha, sealbhaíocht oifige, comhachta, dualgaisí, príbhléidí, agus luach saothair tiarna méara chontae-bhuirge, bainfe sí, fé réir forálacha an Achta so, le togha, sealbhaíocht oifige, comhachta, dualgaisí, príbhléidí, agus luach saothair an Tiarna Mhéara.

Bainisteoir Cathrach Bhaile Atha Cliath.

39. —(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin déanfaidh duine bheidh ceaptha chuige sin leis an Acht so no fé, agus ar a dtabharfar mar theideal agus mar ainm Bainisteoir Cathrach agus Baile-Chléireach Bhaile Atha Cliath, feidhmiú agus cólíona, ar son agus thar ceann Bhárdais na Cathrach, ar chomhachta, ar fheidhmeanna, agus ar dhualgaisí Bhárdais na Cathrach a bhaineann le hoifigigh agus le seirbhísigh do Bhárdas na Cathrach (lasmuich de Bhainisteoir na Cathrach) do cheapa agus do chur as oifig, agus fós feidhmeoidh agus cólíonfaidh gach comhacht, feidhm, agus dualgas eile bheidh ag Bárdas na Cathrach agus nách feidhmeanna forchimeádtha.

(2) Chun crícheanna gach achtacháin (agus achtacháin d'áireamh do ritheadh no do rinneadh tar éis an Achta so do rith) a bhaineann le baile-chléirigh chontae-bhuirgí i gcoitinne no le baile-chléireach na Cathrach go sonnrách, beidh Bainisteoir na Cathrach, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, mar bhaile-chléireach don Chathair agus beidh aige agus feidhmeoidh agus cólíonfa sé gach comhacht, feidhm, agus dualgas a bheidh de thurus na huaire bronnta no forchurtha ar bhaile-chléireach na Cathrach le haon achtachán den tsórt san no ar aon tslí eile do réir dlí.

(3) Gach táille agus sochar oifige is iníoctha do réir aon reachta no fé aon reacht (pe'ca roimh an Acht so no dá éis sin do ritheadh é) le baile-chléirigh chontae-bhuirgí no go sonnrách le Baile-Chléireach na Cathrach agus do gheobhaidh Bainisteoir na Cathrach de bhua a bheith mar Bhaile-Chléireach don Chathair, íocfaidh Bainisteoir na Cathrach isteach sa chiste chathardha iad agus bhéarfar cuntas ortha dá réir sin.

(4) Beidh gach duine ceapfar leis an Acht so no fé mar Bhainisteoir Chathrach ina oifigeach don Bhárdas de bhua an cheaptha san.

Bárdas na Cathrach do cheapa ball de chóluchtaí puiblí áirithe.

40. —(1) Ní bheidh feidhm ag an méid sin d'aon reacht ná d'aon ordú do rinneadh fé reacht ar bith, tré n-ar gá duine thoghfaidh no ainmneoidh comhairle chontae-bhuirge no comhairle bhailecheanntair no go sonnrách comhairle chontae-bhuirge Bhaile Atha Cliath no comhairle cheachtair de sna bailecheanntair chócheangailte chun bheith ina bhall de chólucht phuiblí do bheith ina bhall den chomhairle thoghfaidh no ainmneoidh é, ní bheidh feidhm aige maidir le haon duine thoghfaidh no ainmneoidh Comhairle na Cathrach ar an lá ceaptha no dá éis sin chun bheith ina bhall de chólucht phuiblí agus ina ionad san achtuítear leis seo, maidir le héinne thoghfaidh no ainmneoidh Comhairle na Cathrach ar an lá ceaptha no dá éis sin chun bheith ina bhall de chólucht phuiblí agus gur ghá dho bheith ina bhall de Chomhairle na Cathrach no de chomhairle chontae-bhuirge Bhaile Atha Cliath no de chomhairle bhailecheanntair chó-cheangailte mara mbeadh an t-alt so, gurb é pé duine é, pe'ca ball de Chomhairle na Cathrach é no nách eadh, a bheidh toilteannach gníomhú agus is dó le Comhairle na Cathrach is oiriúnaighe chun bheith ina bhall den chólucht phuiblí sin mar gheall ar an eolas speisialta no ar an taithí atá aige ar na nithe riarann an cólucht puiblí sin.

(2) Ní oibreoidh éinní sa bhfo-alt san roimhe seo chun é dhéanamh nea-riachtanach—

(a) do dhuine ar bith a thoghfaidh no a ainmneoidh Comhairle na Cathrach ar an lá ceaptha no dá éis sin chun bheith ina bhall de chólucht phuiblí ar bith aon cháilíochta speisialta do bheith aige (ach amháin bheith ina bhall de Chomhairle na Cathrach, de chomhairle chontae-bhuirge Bhaile Atha Cliath, no de chomhairle bhailecheanntair chó-cheangailte) gur gá don duine sin do réir dlí iad do bheith aige, ná

(b) a n-éilítear le fo-alt (2) d'alt 9 den Local Government (Ireland) Act, 1898, do chó-líona sa mhéid go mbaineann an fo-alt san (2), agus é oiriúnuithe no leasuithe no curtha i mbaint tré no fé aon Acht den Oireachtas, le ballraíocht chó-choiste bhainistí Ospidéil Mheabharghalar Cheanntair Ghráinseach Gormáin.

(3) Bíodh nách ball de Chomhairle na Cathrach Bainisteoir na Cathrach beidh sé cáilithe agus féadfaidh Comhairle na Cathrach, le n-a thoil, é do cheapa chun bheith ina bhall de chó-choiste bhainistí Ospidéil Mheabhar-ghalar Cheanntair Ghráinseach Gormáin díreach fé is dá mba bhall de Chomhairle na Cathrach é, agus chun críche an cheaptha san tuigfear nách oifig shochair oifig Bhainisteoir na Cathrach do réir bhrí Airtiogail 12 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, ná do réir bhrí ailt 70 d'Acht 1925.

(4) Má deintear agus nuair a déanfar Bainisteoir na Cathrach do cheapa fén alt so chun bheith ina bhall de chó-choiste bhainistí Ospidéil Mheabhar-ghalar Cheanntair Ghráinseach Gormáin, beidh duine níos lugha ar líon na mball den choiste sin nách foláir dóibh do réir dlí bheith ina mbaill de Chomhairle na Cathrach.

Coistí áirithe do dhíochur.

41. —(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin scuirfidh na coistí seo leanas (dá ngairmtear coistí díochurtha san alt so) de bheith ann, sé sin le rá:—

(a) an coiste bainistí do cheapadh comhairle chontae-bhuirge Bhaile Atha Cliath go dtí so fé sna Tuberculosis Prevention (Ireland) Acts, 1908 and 1913;

(b) an coiste do dheineadh comhairle chontae-bhuirge Bhaile Atha Cliath do chur le chéile agus do chimeád ar siúl go dtí so fén gCeathrú Sceideal a ghabhann leis an Diseases of Animals Act, 1894;

(c) an Coiste Oibreacha Uisce do ceaptaí go dtí so fé alt 7 den Dublin Corporation Waterworks Act, 1861, mar a leasuítear é le halt 13 den Dublin Corporation Waterworks Acts Amendment Act, 1878.

(2) Na comhachta agus na dualgaisí uile a bronntar agus a forchuirtear ar na coistí díochurtha uile fé seach leis na hachtacháin fé seach a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo beid aistrithe chun Bhárdais na Cathrach agus tiocfaid chun bheith agus beid bronnta agus forchurtha ar an mBárdas san de bhua an ailt seo, ar an lá ceaptha agus dá éis sin.

Forálacha i dtaobh na buirge.

Comhachta, etc., do dhílsiú i mBárdas na Buirge.

42. —(1) Pé uair a déanfar comhachta, feidhmeanna, no dualgaisí ar bith do bhronna no d'fhorchur ar chomhairle bhuirge no bhailecheanntair le haon Acht no fé aon Acht do ritheadh roimh an Acht so do rith no dá éis sin, ansan, sa mhéid go mbaineann na comhachta, na feidhmeanna, agus na dualgaisí sin le comhairle bhuirge Dhún Laoghaire, tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha agus dá éis sin no ar lá agus tar éis lá a mbronnta no a bhforchurtha amhlaidh (pe'ca aca is déanaí), ina gcomhachta, ina bhfeidhmeanna, agus ina ndualgaisí de chuid Bhárdais na Buirge.

(2) Déanfaidh Comhairle na Buirge no Bainisteoir na Buirge (pe'ca is gá sa chás) gach aon cheann de chomhachta, d'fheidhmeanna, agus de dhualgaisí Bhárdais na Buirge d'fheidhmiú agus do chólíona ar son agus thar ceann an Bhárdais fé réir agus do réir forálacha an Achta so.

Có-dhéanamh agus togha Chomhairle na Buirge.

43. —(1) Beidh Comhairle na Buirge có-dhéanta de chúig baill déag a toghfar do réir an Achta so agus is seisear ball acu bheidh mar quorum.

(2) Comórfar togachán buirge sa bhlian 1930 agus gach tríú bliain ina dhiaidh sin agus ní hin aon bhliain eile, agus i ngach toghachán buirge beidh an bhuirg ina haon togha-líomatáiste amháin.

(3) Sa bhliain 1930 comórfar an toghachán buirge lá an toghacháin agus chun crícheanna an toghacháin sin agus chun na gcrícheanna san amháin tuigfear gur ar an lá san do bunuíodh an Bhuirg.

(4) Ceapfaidh an tAire duine chun gníomhú mar cheann chomhrimh sa toghachán bhuirge comórfar sa bhliain 1930.

(5) Na ceanntair vótaíochta agus na háiteanna vótaíochta uile agus fé seach do bhí sna bailecheanntair chósta le linn an Achta so do rith, isiad a bheidh fé seach mar cheanntair vótaíochta agus mar áiteanna vótaíochta chun crícheanna an toghacháin bhuirge comórfar sa bhliain 1930.

(6) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le togha, cáiliú, dí-cháiliú, agus sealbhaíocht oifige ball de chomhairle bhuirge, beidh feidhm aici, fé réir na bhforálacha san roimhe seo den alt so agus fé réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le folúntaisí nea-ghnáthacha do líona, maidir le togha, cáiliú, dícháiliú, agus sealbhaíocht oifige ball de Chomhairle na Buirge.

(7) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le cáiliú agus dí-cháiliú daoine chun bheith ina mbaill de choiste ar bith a ceaptar i bpáirt no go hiomlán ag comhairle bhuirge, beidh feidhm aici, ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, maidir le Bárdas na Buirge do cheapa daoine chun bheith ina mbaill d'aon choiste den tsórt san agus maidir leis na daoine sin nuair a bheid ceaptha amhlaidh.

(8) Chun crícheanna an dá fho-alt deiridh sin roimhe seo tuigfear connra le Bárdas na Buirge do bheith ina chonnra le Comhairle na Buirge agus le gach coiste agus có-choiste do cheap Comhairle na Buirge i bpáirt no go hiomlán, agus tuigfear connra le haon choiste no có-choiste den tsórt san do bheith ina chonnra le Comhairle na Buirge, leis, agus, maidir leis an toghachán buirge comórfar sa bhliain 1930, tuigfear connra le cólucht díochurtha dar comharba Bárdas na Buirge no le haon choiste no có-choiste do cheap aon chólucht den tsórt san i bpáirt no go hiomlán do bheith ina chonnra le Comhairle na Buirge, leis.

Comhairleoirí na Buirge.

44. —Beidh baill uile Chomhairle na Buirge ina gcomhairleoirí, agus ní bheidh aon tseanóirí ann don Bhuirg.

Cruinnithe Chomhairle na Buirge.

45. —(1) Beidh céad chruinniú Chomhairle na Buirge ina chruinniú chinn ráithe agus comórfar é um meán lae ar an lá ceaptha i Halla an Bhaile, Dún Laoghaire, agus más rud é, ar réasún ar bith, ná comórfar an cruinniú san amhlaidh comórfar an cruinniú san pé uair, pé lá (chó luath agus bheidh san caothúil tar éis an lae cheaptha), agus i pé áit a cheapfaidh an tAire chuige sin.

(2) Go dtí go mbeidh an Cathaoirleach toghtha agus an dearbhú glactha oifige is gá do réir dlí déanta aige, isé Bainisteoir na Buirge bheidh mar chathaoirleach ar chéad chruinniú Chomhairle na Buirge, ach ní bheidh sé dá dhruim sin i dteideal vótála ar aon cheist a bheidh le socrú ag an gcruinniú san le vóta o sna baill.

(3) Ag céad chruinniú Chomhairle na Buirge isé gnó déanfar ná pé gnó is gá do Chomhairle na Buirge, do réir an Achta so no fé no ar aon tslí eile do réir dlí, do dhéanamh ag an gcruinniú san, agus fós aon ghnó eile bheidh le déanamh fén Acht so agus gurb é tuairim Chomhairle na Buirge gur gá no gur mhaith an rud é do dhéanamh ag an gcruinniú san, agus ní bheidh fógra ar bith, i bhfuirm fógra tairisginte ná ar aon tslí eile, riachtanach chun aon ghnótha den tsórt san do dhéanamh.

(4) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le cruinnithe cinn ráithe agus cruinnithe eile de chomhairle bhuirge do chomóra agus leis na cruinnithe comórtar amhlaidh agus le nithe deintear agus a bhíonn le déanamh, agus leis an nós-imeachta i gcoitinne, ag na cruinnithe sin, bainfe sí, fé réir forálacha an ailt seo, le cruinnithe cinn ráithe agus cruinnithe eile de Chomhairle na Buirge do chomóra agus leis na cruinnithe comórfar amhlaidh agus le nithe déanfar agus a bheidh le déanamh, agus leis an nós-imeachta i gcoitinne, ag na cruinnithe sin.

Togha agus sealbhaíocht oifige an Chathaoirligh.

46. —(1) Déanfaidh Comhairle na Buirge, ag á gcéad chruinniú agus ag an gcéad chruinniú cinn ráithe comórfar tar éis gach 1adh lá d'Iúl, duine dá mbaill do thogha mar Chathaoirleach.

(2) Fanfaidh an Cathaoirleach in oifig (marab éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht do) go dtí go mbeidh a chomharba toghtha ag an gcéad chruinniú cinn ráithe eile de Chomhairle na Buirge ag a mbeidh cathaoirleach le togha ag Comhairle na Buirge agus go dtí go mbeidh an dearbhú glactha oifige is gá do réir dlí déanta ag an gcomharba san.

(3) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire maidir le togha, sealbhaíocht oifige, comhachta, dualgaisí, príbhléidí agus luach saothair méara bhuirge, bainfe sí, fé réir forálacha an Achta so, le togha, sealbhaíocht oifige, comhachta, dualgaisí, príbhléidí, agus luach saothair an Chathaoirligh agus déanfar gach tagairt in achtachán ar bith (agus achtacháin d'áireamh do ritheadh no do rinneadh tar éis an Achta so do rith) do mhéara bhuirge do léiriú agus beidh éifeacht aici mar thagairt don Chathaoirleach sa mhéid go mbainfidh an t-achtachán san leis an mbuirg.

Bainisteoir Buirge Dhún Laoghaire.

47. —(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin déanfaidh duine ceapfar chuige sin fén Acht so, agus ar a dtabharfar mar theideal agus mar ainm Bainisteoir Buirge agus Baile-Chléireach Dhún Laoghaire, feidhmiú agus cólíona, ar son agus thar ceann Bhárdais na Buirge, ar chomhachta, ar fheidhmeanna, agus ar dhualgaisí Bhárdais na Buirge bhaineann le hoifigigh agus le seirbhísigh do Bhárdas na Buirge (lasmuich de Bhainisteoir na Buirge) do cheapa agus do chur as oifig agus fós feidhmeoidh agus cólíonfaidh gach comhacht, feidhm, agus dualgas eile bheidh ag Bárdas na Buirge agus nách feidhmeanna forchimeádtha.

(2) Chun crícheanna gach achtacháin (agus achtacháin d'áireamh do ritheadh no do rinneadh tar éis an Achta so do rith) a bhaineann le baile-chléirigh bhuirgí, beidh Bainisteoir na Buirge, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, mar Bhaile-Chléireach don Bhuirg, agus beidh aige agus feidhmeoidh agus cólíonfa sé gach comhacht, feidhm, agus dualgas a bheidh de thurus na huaire bronnta no forchurtha ar Bhaile-Chléireach na Buirge le haon achtachán den tsórt san no ar aon tslí eile do réir dlí.

(3) Gach táille agus sochar oifige is iníoctha do réir aon reachta no fé aon reacht (pe'ca roimh an Acht so no dá éis sin do ritheadh é) le baile-chléirigh bhuirgí agus do gheobhaidh Bainisteoir na Buirge de bhua a bheith mar Bhaile-Chléireach don Bhuirg, íocfaidh Bainisteoir na Buirge isteach sa chiste chathardha iad agus bhéarfar cuntas ortha dá réir sin.

(4) Beidh gach duine ceapfar fén Acht so mar Bhainisteoir Bhuirge ina oifigeach do Bhárdas na Buirge de bhua an cheaptha san.

Bárdas na Buirge do cheapa ball de chóluchtaí puiblí áirithe.

48. —(1) Ní bheidh feidhm ag an méid sin d'aon reacht ná d'aon ordú do rinneadh fé reacht ar bith, tré n-ar gá duine thoghfaidh no ainmneoidh comhairle bhuirge no bhailecheanntair no go sonnrách comhairle aon cheann de sna bailecheanntair chósta chun bheith ina bhall de chólucht phuiblí do bheith ina bhall den chomhairle thoghfaidh no ainmneoidh é, ní bheidh feidhm aige maidir le haon duine thoghfaidh no ainmneoidh Comhairle na Buirge ar an lá ceaptha no dá éis sin chun bheith ina bhall de chólucht phuiblí agus ina ionad san achtuítear leis seo, maidir le héinne thoghfaidh no ainmneoidh Comhairle na Buirge ar an lá ceaptha no dá éis sin chun bheith ina bhall de chólucht phuiblí agus gur ghá dho bheith ina bhall de Chomhairle na Buirge no de chomhairle bhailecheanntair chósta mara mbeadh an t-alt so, gurb é pé duine é, pe'ca ball de Chomhairle na Buirge é no nách eadh, is dó le Comhairle na Buirge is oiriúnaighe chun bheith ina bhall den chólucht phuiblí sin mar gheall ar an eolas speisialta no ar an taithí atá aige ar na nithe riarann an cólucht puiblí sin.

(2) Ní oibreoidh éinní sa bhfo-alt san roimhe seo chun é dhéanamh nea-riachtanach do dhuine ar bith a thoghfaidh no a ainmneoidh Comhairle na Buirge ar an lá ceaptha no dá éis sin chun bheith ina bhall de chólucht phuiblí ar bith aon cháilíochta speisialta do bheith aige (ach amháin bheith ina bhall de Chomhairle na Buirge no de chomhairle bhailecheanntair chósta) gur gá don duine sin do réir dlí iad do bheith aige.

Fostaithe Buirge do chur ar aois-liúntas.

49. —(1) Tuigfear Bárdas na Buirge do bheith ina chólucht áitiuil go gcomhacht do réir reachta liúntas do dheona d'éinne dá fhostaithe seachas oifigigh mar gheall ar a fhostaíocht do chailliuint do réir bhrí ailt 53 d'Acht 1925 agus bainfidh an t-alt san leis an mBuirg dá réir sin.

(2) Ní dhéanfaidh Bárdas na Buirge liúntas fén alt san 53, mar a cuirtear i mbaint tríd an alt so é, do dheona d'fhostaí ar bith gur giorra ná fiche bliain tréimhse a sheirbhíse le Bárdas na Buirge (agus tréimhse ar bith d'áireamh go mbeidh teideal aige fén Acht so í d'áireamh mar thréimhse sheirbhíse den tsórt san).

Forálacha i dtaobh na cathrach agus na buirge.

Foth-fholúntaisí sa Chomhairle.

50. —(1) Pé uair a thiocfaidh folúntas (dá ngairmtear fothfholúntas san Acht so) i mballraíocht na Comhairle tré bhall di d'éag, d'eirghe as no do theacht fé dhí-cháilíocht no tré gan oifig do ghlaca dho, líonfaidh an Chomhairle an folúntas san, tar éis fógra chuibhe, ag an gcéad chruinniú den Chomhairle tar éis mí do bheith caithte o theacht an fholúntais sin no chó luath i ndiaidh an chruinnithe sin agus is féidir é sa chás.

(2) Gach duine thoghfaidh an Chomhairle chun foth-fholúntais beidh sé, marab éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, no diúlta d'oifig do ghlaca, i seilbh oifige mar bhall den Chomhairle ar feadh a mbeidh gan caitheamh an uair sin den téarma go mbeadh ag an mball, 'na dtáinig an folúntas tré éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht do no tré gan oifig do ghlaca dho, seilbh oifige mara mbeadh a éag, a eirghe as, a theacht fé dhí-cháilíocht no a dhiúlta d'oifig do ghlaca.

Feidhmeanna forchimeádtha.

51. —(1) Feidhmeoidh agus cólíonfaidh an Chomhairle féin gach aon cheann riamh de chomhachta, d'fheidhmeanna agus de dhualgaisí an Bhárdais i dtaobh na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) aon ráta do bhuala no aon airgead d'fháil ar iasacht;

(b) aon fho-dhlí do dhéanamh, do leasú, no do cheiliúra;

(c) aon ordú do dhéanamh agus aon rún do rith 'na ndéanfar dá mbua aon achtachán do chur i ngníomh no i bhfeidhm sa Chathair no sa Bhuirg (pe'ca aca é) agus aon ordú den tsórt san do cheiliúra agus aon rún den tsórt san do chur ar neamh-ní;

(d) an t-iarratas a bheidh le déanamh chun aon údaráis maidir le haon ordú den tsórt san roimhráite do dhéanamh no do cheiliúra;

(e) aon ordú do dhéanamh no do cheiliúra fé alt 5 den Shops Act, 1912 (dá ngairmtear an t-ordú um dhúna san Acht san);

(f) na comhachta a bronntar le halt 3 den Borough Funds (Ireland) Act, 1888, maidir le habhar reachtúcháin do bhunú no cur ina choinnibh, aon imeachta dlí den tsórt a luaidhtear san alt san do chur ar aghaidh agus cosaint do dhéanamh ionta, agus na cistí agus na rátaí puiblí fé chúram an bhárdais do chur chun na gcrícheanna san;

(g) éinne do cheapa no do thogha mar bhall d'aon chólucht phuiblí;

(h) toghacháin pháirliminte agus toghacháin áitiúla;

(i) saoirse na Cathrach no na Buirge (pe'ca aca é) do bhronna ar dhaoine;

(j) fé réir forálacha an Achta so, an bainisteoir do cheapa, do chur ar fiunraoi agus do chur as oifig agus liúntas no aisce do dheona don bhainisteoir ar scur do de bheith ina bhainisteoir;

(k) méid tuarastail agus luach saothair an Tiarna Mhéara no an Chathaoirligh (pe'ca aca é) do shocrú;

(l) iarrataisí chun an Aire ar ordú shealadach fén Acht so ag leathnú teorann na Cathrach no na Buirge (pe'ca aca é);

(m) tailte, tionóntacháin, agus ionoighreachtaí is leis an mBárdas do chur de láimh (seachas tré aistriú ar feadh téarma nách sia ná bliain) fé sna Municipal Corporations (Ireland) Acts, 1840 to 1888;

(n) ionadaithe don Bhárdas do cheapa chun bheith ag aon chódháil no cruinniú den tsórt a luaidhtear in alt 2 den Public Health and Local Government Conferences Act, 1885, agus an chomhacht a bronntar leis an alt san d'fheidhmiú maidir leis na costaisí d'íoc a bhainfidh leis na hionadaithe sin do bheith ag na códhála agus ag na cruinnithe sin.

(2) Fé réir forálacha an ailt seo féadfidh an tAire, le hordú, a ordú gurb í an Chomhairle féin a fheidhmeoidh agus a chólíonfaidh comhachta, feidhmeanna agus dualgaisí an Bhárdais i dtaobh éinní ná fuil ar na nithe dá dtagartar sa bhfo-alt san roimhe seo agus ar bheith déanta don ordú san isí an Chomhairle féin a fheidhmeoidh agus a chólíonfaidh na comhachta, na feidhmeanna agus na dualgaisí sin ar an dáta agus ón dáta a bheidh luaidhte chuige sin san ordú san agus leanfar d'iad d'fheidhmiú agus do chólíona amhlaidh faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm.

(3) Féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an ailt seo, ordú do rinne sé fén alt so do cheiliúra.

(4) Ní dhéanfaidh ná ní cheiliúrfaidh an tAire ordú fén alt so ach ar a iarraidh sin ar an Aire don Chomhairle do réir rúin do rith an Chomhairle agus le n-ar vótáil breis agus leath ball na Comhairle agus do ritheadh amhlaidh tar éis don bhainisteoir fógra míosa ar a laighead do thabhairt i scríbhinn do gach ball den Chomhairle á rá go rabhthas chun an rúin sin do thairisgint.

(5) Ar fháil aon iarratais den tsórt san roimhráite don Aire féadfa sé, roimh ordú do dhéanamh no do cheiliúra (pe'ca aca é) fén alt so, fiosrúchán áitiuil do dhéanamh, más oiriúnach leis é, i dtaobh aon nithe a chífear do a bhaineann le crích an orduithe sin do dhéanamh no do cheiliúra (pe'ca aca é).

(6) Ní bhainfidh ordú ar bith a dhéanfaidh an tAire fén alt so le haon chomhacht, feidhm, ná dualgas a bheidh bronnta no forchurtha ar an mbainisteoir leis an Acht so no fé maidir le hoifigigh agus seirbhísigh an Bhárdais no le rialú, maoirsiú, seirbhís, luach saothair, príbhléidí no aois-liúntas na n-oifigeach agus na seirbhíseach san no éinne acu.

(7) San Acht so cialluíonn an abairt “feidhmeanna forchimeádtha” comhachta, feidhmeanna agus dualgaisí an Bhárdais, gur gá de thurus na huaire, do réir an ailt seo no do réir ordú ar n-a dhéanamh fén alt so, don Chomhairle féin iad d'fheidhmiú agus do chólíona.

Tairisgintí do ghlaca agus do scrúdú.

52. —(1) Féadfaidh an Chomhairle, más oiriúnach agus pé uair is oiriúnach léi é, rialacháin do dhéanamh á ordú cadé an nósimeachta leanfar maidir le glaca agus le scrúdú gach saghas no aon tsaghas no saghsanna áirithe tairisgintí i dtaobh earraí do sholáthar, i dtaobh oibreacha do dhéanamh no i dtaobh éinní eile gur iarr an Bárdas go dleathach go gcuirfí tairisgintí isteach ina thaobh.

(2) Ní mór aontú an Aire d'fháil le gach rialachán a déanfar fén alt so agus ní bheidh feidhm ná éifeacht ar bith ag aon rialachán den tsórt san mara n-aontuítear ná go dtí go n-aontófar leis amhlaidh.

(3) Pé uair agus faid a bheidh rialacháin ar bith i bhfeidhm do rinneadh fén alt so, déanfar gach tairisgint le n-a mbaineann na rialacháin sin do ghlaca agus do scrúdú do réir an nósimeachta bheidh orduithe leis na rialacháin sin.

An Bainisteoir do cheapa.

53. —(1) Beidh Gearóid Searlóg, Baile-Chléireach Chathair Bhaile Atha Cliath, agus ceaptar leis seo é chun bheith mar Bhainisteoir Chathrach ar an lá ceaptha agus as san amach.

(2) Roimh an lá ceaptha isé an tAire dhéanfaidh, ar mhola na gCoimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, duine do cheapa chun bheith mar Bhainisteoir Bhuirge no (má dheineann éinní do thárla roimh an Acht so do rith no dá éis sin Gearóid Searlóg san do chosc ar oifig do ghlaca mar Bhainisteoir Chathrach) mar Bhainisteoir Chathrach, agus ceangailtear ar na Coimisinéirí sin leis seo an mola san do dhéanamh ar a iarraidh sin don Aire.

(3) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin isí an Chomhairle cheapfaidh duine chun bheith ina bhainisteoir agus beidh oifig an bhainisteora ina hoifig le n-a mbaineann Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 .

(4) Beidh an bainisteoir i seilbh go héag no go heirghe as do no go dtí n-a chur as oifig.

(5) Ní cuirfear an bainisteoir as oifig gan cead an Aire agus ní dhéanfaidh an chomhairle a chur ar fiunraoi ná a chur as oifig ach le rún do rith an chomhairle chun a churtha ar fiunraoi no a churtha as oifig (pe'ca aca é) amhlaidh agus le n-ar vótáil dhá dtrian ar a laighead de bhaill na comhairle agus do ritheadh amhlaidh tar éis fógra seacht lá ar a laighead do thabhairt do gach ball den chomhairle á rá go rabhthas chun an rúin sin do thairisgint.

(6) Íocfaidh an Bárdas leis an mbainisteoir pé luach saothair a shocróidh an tAire o am go ham.

(7) Féadfaidh an bainisteoir na nithe agus na rudaí sin uile do dhéanamh, ar a n-áirítear connartha do dhéanamh ar son agus thar ceann an Bhárdais agus séala oifigiuil an Bhárdais do chur ar scríbhinní, is gá chun feidhmithe no chun cólíonta no a bhaineann le feidhmiú no le cólíona aon cheann de chomhachta, d'fheidhmeanna, agus de dhualgaisí an Bhárdais gur gá don bhainisteoir do réir an Achta so iad d'fheidhmiú no do chólíona.

(8) Ní chuirfidh an bainisteoir séala oifigiuil an Bhárdais ar aon scríbhinní ach amháin i láthair an Tiarna Mhéara no an Chathaoirligh (pe'ca aca é).

Eolas do thabhairt don Tiarna Mhéara no don Chathaoirleach.

54. —(1) Pé uair iarrfaidh an Tiarna Méara no an Cathaoirleach (pe'ca aca é) no an Chomhairle air san do dhéanamh, cuirfidh an bainisteoir ar fáil don Tiarna Mhéara no don Chathaoirleach no don Chomhairle (pe'ca is gá sa chás) gach eolas a bheidh ar seilbh no ar fáil ag an mbainisteoir ar aon ghníomh, ní no rud a bhaineann le haon ghnó no eadarghnó de chuid an Bhárdais a bheidh luaidhte san iarratas san.

(2) I dtosach gach mí cuirfidh an bainisteoir fé ndeár go n-ullamhófar agus bhéarfa sé do gach ball den Chomhairle cuntas ina dtaisbeánfar chó cruinn agus is féidir é conus a bhí an scéal ag an mBárdas i dtaobh airgeadais i ndeire an mhí roimhe sin.

Bhéarfaidh an bainisteoir comhairle don Chomhairle.

55. —(1) Beidh sé de dhualgas ar an mbainisteoir comhairle agus congnamh do thabhairt don Chomhairle go generálta maidir le hiad-san d'fheidhmiú no do chólíona na bhfeidhmeanna forchimeádtha agus go sonnrách maidir le héinní no le haon rud a bhaineann leis an gComhairle d'fheidhmiú no do chólíona na bhfeidhmeanna forchimeádtha agus 'na n-iarrfaidh an Chomhairle comhairle no congnamh ar an mbainisteoir ina thaobh.

(2) Beidh sé de dhualgas ar an mbainisteoir gach ordú dleathach do chur in éifeacht do bhéarfaidh an Chomhairle uaithi maidir leis na feidhmeanna forchimeádtha d'fheidhmiú agus do chólíona.

An bainisteoir d'ullamhú pleananna, etc., don Chomhairle.

56. —Féadfaidh an Chomhairle uair ar bith, le rún, a cheangal ar an mbainisteoir pleananna agus áireamhachtaí d'ullamhú agus do chur fé bhráid na Comhairle maidir le haon obair áirithe do dhéanamh a luadhfar sa rún san agus is féidir don Bhárdas go dleathach do dhéanamh, maraon le meastachán ar an gcostas is dócha bhainfidh leis an obair sin do dhéanamh, agus pé uair a rithfidh an Chomhairle aon rún den tsórt san déanfaidh an bainisteoir, chó luath is bheidh caoi ann chuige, pleananna agus áireamhachtaí agus meastachán do réir an rúin sin d'ullamhú agus do chur fé bhráid na Comhairle.

An bainisteoir do bheith i láthair, etc., ag cruinnithe den Chomhairle.

57. —(1) Beidh sé de cheart ag an mbainisteoir bheith i láthair ag cruinnithe den Chomhairle agus páirt do thógaint i ndíospóireachtaí ag na cruinnithe sin fé is dá mba bhall den Chomhairle é, ach ní bheidh sé i dteideal vótáil ar aon cheist a bheidh le socrú le vóta o bhaill na Comhairle.

(2) Beidh an bainisteoir i láthair ag aon chruinniú den Chomhairle no d'aon Choiste den Chomhairle go n-iarrfaidh an Chomhairle air bheith i láthair aige agus bhéarfaidh don Chomhairle no don choiste sin (pe'ca aca é), ag an gcruinniú san, pé comhairle agus congnamh a cheanglóidh an Chomhairle no an coiste sin air go réasúnta do thabhairt uaidh, agus chuige sin socróidh an bainisteoir go mbeidh i láthair ag an gcruinniú san pe oifigigh de chuid an Bhárdais is gá ag féachaint don ghnó bheidh le déanamh ag an gcruinniú san.

Eileamh ón gComhairle go ndéanfaí rud áirithe.

58. —(1) Ag cruinniú gairmfear go speisialta chuige sin fén alt so féadfaidh an Chomhairle, le rún a tairgeofar agus a rithfear do réir an ailt seo, á éileamh go ndéanfaí, maidir le haon cheann de chomhachta, d'fheidhmeanna, agus de dhualgaisí an Bhárdais ná beidh de thurus na huaire ina bhfeidhmeanna forchimeádtha, aon ghníomh, ní, no rud a luadhfar go speisialta sa rún san agus is féidir don Bhárdas no don bhainisteoir go dleathach do dhéanamh.

(2) Déanfar fógra, go bhfuiltear chun aon rúin den tsórt a húdaruítear leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so do thairisgint, do thabhairt don bhainisteoir i scríbhinn fé láimh sheachtair bhall ar a laighead den Chomhairle agus cóip den rún san ann agus luadhfar ann lá (nách luaithe ná seacht lá agus nách déanaí ná ceithre lá déag tar éis an lae ar a bhfuighidh an bainisteoir an fógra san) chun an chruinnithe den Chomhairle do chomóra ag a mbeidh an rún san le tairisgint agus le breithniú.

(3) Pé uair do gheobhaidh an bainisteoir aon fhógra den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so déanfa sé, chó luath agus is féidir é, cóip den fhógra san do chur go dtí gach ball den Chomhairle agus gairmfidh cruinniú speisialta den Chomhairle chun teacht le chéile ar an dáta bheidh luaidhte chuige sin sa bhfógra san ar an ngnáth-uair do chruinnithe den Chomhairle.

(4) Nuair a beifear tar éis rúin gur tugadh fógra ina thaobh fén alt so do thairisgint ag an gcruinniú den Chomhairle do gairmeadh chuige sin fén alt so breithneoidh an Chomhairle agus an bainisteoir an rún san agus más rud é, tar éis an bhreithnithe sin, go rithfidh an Chomhairle an rún san agus gur mó an méid ball a vótálfaidh leis an rún san ná leath ballra iomlán na Comhairle, no dhá dtrian na mball a bheidh i láthair agus a vótálfaidh, ansan, más rud é go mbeidh agus nuair a bheidh agus sa mhéid go mbeidh airgead le fáil no curtha ar fáil chuige sin, déanfaidh an bainisteoir do réir an rúin sin an gníomh, an ní, no an rud is gá do réir an rúin sin do dhéanamh.

(5) Ní bheidh rún a rithfear fén alt so curtha le chéile i slí go mbainfe sé—

(a) le haon chomhacht, feidhm, no dualgas de chuid an Bhárdais d'fheidhmiú no do chólíona go generálta no le gach cás no ócáid ina ndéanfar no ar a ndéanfar aon chomhacht, feidhm, no dualgas den tsórt san d'fheidhmiú no do chólíona no le líon no le cineál de sna cásanna no do sna hócáidí sin ar n-a leathnú i slí gurb ionann é, tríd is tríd no do réir a éifeachta, agus gach cás no ócáid ina ndéanfar no ar a ndéanfar an chomhacht, an fheidhm, no an dualgas san d'fheidhmiú no do chólíona, ná

(b) le haon chomhacht no dualgas d'fheidhmiú no do chólíona a bheidh bronnta no forchurtha ar an mbainisteoir leis an Acht so no fé maidir le hoifigigh no seirbhísigh an Bhárdais no le rialú, maoirsiú, seirbhís, luach saothair, príbhléidí, no aois-liúntas na n-oifigeach no na seirbhíseach san no éinne acu.

Rún ar bith a thugann le tuigsint bheith rithte ag an gComhairle fén alt so agus is sárú ar an bhfo-alt so beidh sé gan brí gan éifeacht.

(6) Má eiríonn aon aighneas idir an Chomhairle agus an Bainisteoir i dtaobh aon rúin áirithe do rith an Chomhairle fén alt so do bheith ina shárú ar fhorálacha fo-ailt (5) de seo no gan a bheith, cuirfear an scéal fé bhreith an Aire.

Smacht, etc., ar oifigigh agus ar sheirbhísigh an Bhárdais.

59. —(1) Déanfaidh oifigigh agus seirbhísigh an Bhárdais na dualgaisí bheidh ortha mar oifigigh agus mar sheirbhísigh den tsórt san do chólíona do réir pé orduithe bhéarfaidh an bainisteoir o am go ham go generálta no maidir le cólíona aon dualgais áirithe no aon tsaghas no saghsanna áirithe dualgaisí no maidir le haon oifigeach no seirbhíseach áirithe don Bhárdas do chólíona aon dualgais den tsórt san agus beidh ag an mbainisteoir agus feidhmeoidh sé smacht agus lán-mhaoirseacht ar na hoifigigh agus ar na seirbhísigh sin agus ar gach gníomh no rud ar bith a dhéanfid no a bheidh le déanamh acu go hoifigiuil mar oifigigh agus mar sheirbhísigh don Bhárdas.

(2) Fé réir aon rialachán a bheidh déanta ag an Aire fé aon Acht agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh seirbhís, luach saothair, príbhléidí, no aois-liúntas (pe'ca aca é) oifigeacha agus seirbhíseacha údaráis áitiúla, breithneoidh agus socróidh an bainisteoir gach ceist a eireoidh o am go ham i dtaobh seirbhís, luach saothair, príbhléidí agus aois-liúntas oifigeacha agus seirbhíseacha an Bhárdais.

Gníomhóidh an bainisteoir tré ordú shighnithe.

60. —(1) Gach gníomh no rud no breith a dhéanfaidh no a bhéarfaidh an bainisteoir agus go mbeadh sé riachtanach, do réir dlí, é do dhéanamh no do thabhairt tré rún o chomhairle chontae-bhuirge no bhuirge eile no bhailecheanntair dá mb'í an chomhairle sin do dhéanfadh no do bhéarfadh é is tré ordú i scríbhinn fé n-a láimh a dhéanfaidh no a bhéarfaidh an bainisteoir é agus luadhfar san ordú san an t-am do chur sé a lámh leis amhlaidh.

(2) I gcás inar gá do chomhairle bhuirge, chontae-bhuirge, no bhailecheanntair, do réir aon Achta no fé, fógra puiblí do thabhairt i dtaobh an rúin do rith tré n-a ndeineann an chomhairle sin aon ghníomh no rud no socrú áirithe, no roimh chomóra an chruinnithe, d'aon chomhairle den tsórt san, ag a mbeidh an rún le rith tré n-a ndéanfaidh an chomhairle sin aon ghníomh no rud no socrú áirithe, bhéarfaidh an bainisteoir fógra puiblí den tsórt chéanna sara ndéanfaidh an t-ordú tré n-a ndéanfaidh an gníomh no an rud no an socrú áirithe sin.

(3) Gach ordú dhéanfaidh an bainisteoir fén alt so tuigfear chun gach críche go ndearnadh é an t-am do chuir an bainisteoir a lámh leis agus go dtí go gcruthófar a mhalairt tuigfear gur chuir an bainisteoir a lámh le gach ordú den tsórt san an t-am a luadhfar san ordú san do rinne sé amhlaidh.

(4) Cimeádfaidh an bainisteoir clár ina gcuirfear cóip de gach ordú dhéanfa sé fén alt so agus ag gach cruinniú den Chomhairle déanfaidh an bainisteoir an méid den chlár san ina mbeidh aon orduithe den tsórt san do rinneadh o am an chruinnithe dheiridh roimhe sin den Chomhairle do thaisbeaint chun go bhféadfaidh baill na Comhairle é d'iniúcha.

(5) Gach scríbhinn a thugann le tuigsint bheith ina hordú do rinne an bainisteoir fé n-a láimh, glacfar i bhfianaise í gan cruthú ar shighniú an té a tuigtear do chuir a lámh leis an scríbhinn sin ná gurb é an té sin an bainisteoir agus, go dtí go gcruthófar a mhalairt, tuigfear gur ordú í do rinne an bainisteoir fé n-a láimh go cuibhe fén alt so agus gur chuir an bainisteoir a lámh léi an t-am a luaidhtear inti do rinne sé amhlaidh.

(6) Gach scríbhinn a thugann le tuigsint bheith deimhnithe i scríbhinn ag an mbainisteoir mar chóip dhílis d'ordú do rinne an bainisteoir fén alt so, glacfar i bhfianaise í gan cruthú ar shighniú an té tuigtear do dheimhnigh amhlaidh í ná gurb é an té sin an bainisteoir agus, go dtí go gcruthófar a mhalairt, tuigfear gur fianaise í ar a bhfuil san ordú go dtuigtear gur cóip de í agus ar an mbainisteoir do dhéanamh an orduithe sin fé n-a láimh go cuibhe fén alt so an t-am a luaidhtear inti do rinne sé amhlaidh.

Iocaíochta d'údarú.

61. —(1) Féadfaidh an bainisteoir, le hordú fé n-a láimh féin agus fós fé láimh Chuntasóra na Cathrach no Chuntasóra na Buirge (pe'ca aca is gá sa chás), a údarú go n-íocfar aon íocaíocht áirithe amach as cistí an Bhárdais in aghaidh aon chostais no ar scór aon fhiachais fé n-a ndeachaidh an Chomhairle no an bainisteoir thar ceann an Bhárdais i bhfeidhmiú no i gcólíona do rinne an Chomhairle no an bainisteoir (pe'ca aca é) ar aon cheann de chomhachta, d'fheidhmeanna no de dhualgaisí an Bhárdais is infheidhmithe no is ionchólíonta acu-san no aige-sean fé seach fén Acht so.

(2) Féadfaidh an Chomhairle uair ar bith, le rún, a ordú go ndéanfar, i rith pé tréimhse luadhfar sa rún san, gach ordú déanfar fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so do chur fé bhráid an Tiarna Mhéara no an Chathaoirligh (pe'ca aca é) no fé bhráid bhaill éigin eile den Chomhairle ainmneoidh an Chomhairle chuige sin o am go ham chun go gcuirfe sé a lámh leis.

(3) Féadfaidh an Chomhairle uair ar bith, le rún, ordú tugadh fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire do cheiliúra.

(4) Má bheireann agus pé uair a bhéarfaidh an Chomhairle aon ordú den tsórt a luaidhtear anso roimhe seo, ansan, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, beidh sé riachtanach gach ordú den tsórt a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so do bheith fé láimh an Tiarna Mhéara no an Chathaoirligh no an bhaill den Chomhairle a hainmneofar chuige sin (pe'ca aca is gá sa chás) i dteanta bheith fé láimh na beirte luaidhtear so bhfo-alt san, ach ní bheidh ar an Tiarna Méara ná ar an gCathaoirleach ná ar an mball san den Chomhairle (pe'ca aca é), de dheascaibh aon ordú den tsórt san do bheith fé n-a láimh, aon fhreagarthacht ná beadh air dá mba ná tabharfaí ordú den tsórt san roimhráite.

An ciste cathardha

62. —(1) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin is amach as ciste bhunóidh an Bárdas agus dá ngairmfear “an ciste cathardha” a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an Bárdas agus iad ag feidhmiú agus ag cólíona a gcomhacht agus a ndualgas (agus costaisí glanta na bhfiachas a bheidh ann ar an lá ceaptha d'áireamh).

(2) Gach ciste do bhí, díreach roimh an Acht so do rith, á choinneail suas le hairgead as tora aon cheann de sna rátaí 'na gcuireann an tAcht so deire leo, scuirfe sé ar an lá ceaptha de bheith á choinneail suas amhlaidh agus ar an lá san íocfar isteach sa chiste chathardha an t-airgead (más ann do) a bheidh i gcreidiuint d'aon chiste den tsórt san agus íocfar amach as an gciste cathardha gach fiachas a bheidh dlite ar aon chiste den tsórt san.

(3) Ar an lá ceaptha agus dá éis sin déanfar gach suim do gheobhaidh an Bárdas, pe'ca as rátaí é no as nithe nách rátaí, d'íoc le cisteoir an Bhárdais agus, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo, beidh admháil an chisteora ina haonar ina glana mhaith don té íocfaidh an tsuim sin agus déanfaidh an cisteoir gach suim den tsórt san d'íoc isteach sa chiste chathardha.

(4) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, beidh admháil, o bhailitheoir rátaí no o dhuine go n-údarás cuibhe ón mBárdas chun íocaíochta d'aon tsaghas áirithe eile do ghlaca ina glana mhaith do dhuine íocfaidh íocaíocht rátaí leis an mbailitheoir sin no íocaíocht den tsaghas áirithe eile sin leis an duine sin (pe'ca aca é), ach i ngach cás den tsórt san beidh sé de dhualgas ar an mbailitheoir no ar an duine sin suim na híocaíochta san d'íoc leis an gcisteoir láithreach.

(5) Ní híocfar amach as an gciste cathardha íocaíochta ar bith, ach pé íocaíochta bheidh údaruithe go cuibhe do réir an Achta so, agus íocfaidh cisteoir an Bhárdais gach íocaíocht a bheidh údaruithe amhlaidh.

(6) Ní cuirfear aon chuid den chiste chathardha ná d'aon airgead a bheidh fé chúram an Bhárdais chun aon chríche ná húdaruítear leis an Acht so ná le haon Acht eile ná, i gcás airgid a thagann as cistí iontaobhais, ná húdaruítear leis na hiontaobhaisí bhaineann leis na cistí sin.

(7) Is le hairgead as an gciste cathardha coinneofar suas gach ciste fiach-laigheaduithe no ciste eile, chun fiachais do ghlana a thiocfaidh no le n-a mbeidh súil, is gá don Bhárdas, do réir aon reachta no fé aon reacht do bhí i bhfeidhm díreach roimh rith an Achta so, do choinneail suas agus ní dhéanfaidh éinní san alt so an Bárdas do shaora o n-a oblagáid gach ciste den tsórt san do choinneail suas amhlaidh.

An ráta cathardha.

63. —(1) Na rátaí go léir (dá ngairmtear san Acht so rátaí ar n-a ndíochur leis an Acht so) a bheidh inghearrtha sa chathair no sa bhuirg díreach roimh an 1adh lá d'Abrán, 1931, scuirfid ar an 1adh lá san d'Abrán, 1931, de bheith inghearrtha ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt san Acht so, ach ní choiscfidh an scur san aon chuid d'aon ráta den tsórt san a bheidh, díreach roimh an dáta san, dlite agus gan íoc do bhailiú no do bhaint amach ar an dáta san no dá éis sin ná ní dhéanfa sé dochar ná deifir don bhailiú ná don bhaint amach san.

(2) O am go ham buailfidh agus measfaidh agus gearrfaidh an Bárdas, do réir an Achta so, pé ráta (ar a dtabharfar, agus dá ngairmtear san Acht so, “an ráta cathardha”) is ga chun aon easnaimh ar an gciste cathardha (pe'ca easnamh a bheidh ann no le n-a mbeidh súil é) do shlánú.

(3) An dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh an ráta dealbhais do bhuala, do mheas, do ghearra, do bhailiú, agus do bhaint amach, bainfe sé, fé réir forálacha an Achta so, leis an ráta cathardha do bhuala, do mheas, do ghearra, do bhailiú agus do bhaint amach, fé seach, ag an mBárdas.

(4) D'ainneoin éinní atá in alt 3 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 ( Uimh. 18 de 1926 ), isé dhéanfaidh orduithe feidhmiúcháin do réir bhrí an Achta san d'fheidhmiú, in imeachta sa Chúirt Dúithche chun airgid a bheidh dlite ar scór an ráta chathardha do bhaint amach, ná an té bhunóidh na himeachta san má orduíonn an Chúirt amhlaidh ar iarratas an duine sin.

(5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag fo-alt (7) d'alt 51 den Local Government (Ireland) Act, 1898, maidir le haon fhiacha, ná éileamh is iníoctha, go díreach no go nea-dhíreach, amach as an ráta cathardha.

(6) Taisbeánfar ar leithligh ar aghaidh no ar chúl gach nóta éilithe ráta chathardha an chuid den ráta fén bpúnt den ráta san a cruinnítear chun aon chríche go n-ordóidh an tAire no an Chomhairle ina taobh í do thaisbeaint ar leithligh.

Cíos do choigeartú i gcásanna áirithe.

64. —(1) I gcás tionóntachán no ionoighreachta bheidh suidhte sa Chathair no sa Bhuirg do bheith ar seilbh (i dteanta no d'éamais áitreibh eile) fé léas le n-a gceangailtear ar léasóir lascaine no cothromú d'íoc no do lomháil in aghaidh aon rátaí (seachas ráta dealbhais) is iníoctha ar an tionóntachán no ar an ionoighreachta san no an léasaí do shlánú o sna rátaí sin no do shaora uatha ar aon tslí eile, déanfar gach cíos is iníoctha fén léas san in aghaidh tréimhse thosnóidh an 1adh lá d'Abrán, 1931, no dá éis sin, do laigheadú—

(a) más cíos bliantúil é, oiread agus is có-ionann le suim na rátaí (seachas ráta dealbhais), ar an tionóntachán no ar an ionoighreachta san in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1930, le n-ar bhain go dleathach an faoiseamh do tugadh don léasaí leis an léas san, agus

(b) más aon chíos é seachas cíos bliantúil, oiread go mbeidh idir é agus na rátaí (seachas ráta dealbhais), ar an tionóntachán no ar an ionoighreachta san in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1930, le n-ar bhain go dleathach an faoiseamh do tugadh don léasaí leis an léas san, an cothrom céanna bheidh idir an tréimhse gur dá réir a déanfar amach an cíos san agus bliain.

(2) San alt so foluíonn an focal “léas” aon chonnra tionóntachta, i scríbhinn no de bhréithe béil, le n-a gcruthnuítear ord mar a bhíonn idir tiarna talmhan agus tionónta, agus foluíonn na focail “léasóir” agus “léasaí” fé seach tiarna talmhan na tionóntachta san agus an tionónta fén tionóntacht san.

Ráta uisce fé chonnra.

65. —Na forálacha den Chuid seo den Acht so le n-a gcuirtear deire le rátaí áirithe, ní bhainfidh le héilithe (dá ngairmtear do ghnáth rátaí uisce fé chonnra) a héilcofar ar uisce do chur ar fáil d'ionoighreachtaí no do thionóntacháin áirithe chun crícheanna nách crícheanna tighis ná le huisce do chur ar fáil fé chonnra speisialta do dhuine ar bith ná beidh aon teideal eile aige chun an uisce sin d'fháil, agus nuair a beifear ag léiriú an Achta so ní folófar na héilithe sin san abairt “rátaí ar n-a ndíochur leis an Acht so,” ach baileofar agus bainfear amach na héilithe sin mar chuid den ráta chathardha.

An ráta póilíneachta.

66. —(1) An ráta (dá ngairmtear an ráta póilíneachta san Acht so) a gearrtaí go dtí so i líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath chun fórsa póilíneachta do choinneail suas leanfar d'é do ghearra ar líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath do réir alt 16 d'Acht Có-nasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925 ( Uimh. 7 de 1925 ), fé is ná rithfí an tAcht so ach amháin go ngearrfaidh Bárdas na Cathrach an ráta póilíneachta, agus go mbaileofar agus go mbainfear amach é mar chuid den ráta chathardha, sa mhéid de Líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath a bheidh sa chathair agus go ngearrfaidh Bárdas na Buirge an ráta póilíneachta, agus go mbaileofar agus go mbainfear amach é mar chuid den ráta chathardha, sa mhéid den Líomatáiste sin a bheidh sa bhuirg.

(2) San Acht so ní fholuíonn an abairt “rátaí ar n-a ndíochur leis an Acht so,” an ráta póilíneachta.

An droicheadráta.

67. —(1) Ní gearrfar droichead-ráta ar bith sa Chathair ná sa Bhuirg fé alt 27 d'Acht Port agus Duganna Bhaile Atha Cliath (Droichid), 1929 (Uimh. 2 (Príobháideach) de 1929), agus ina ionad san an t-airgead is gá do chruinniú bliain ar bith sa Chathair no sa Bhuirg chun éilimh o Bhord Phort agus Duganna Bhaile Atha Cliath fén alt san 27 d'íoc is tríd an ráta cathardha a cruinneofar amhlaidh é.

(2) Léireofar an tAcht san Port agus Duganna Bhaile Atha Cliath (Droichid), 1929, agus beidh éifeacht aige fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) i ngach áit ina bhfuil an abairt “Contae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath” in alt 27 den Acht san agus i mír 1 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san, ciallóidh sí contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath agus í ar n-a leathnú leis an Acht so no fé de thurus na huaire, agus

(b) in aon áit ina bhfuil an abairt “Contae Bhaile Atha Cliath” in alt 27 den Acht san ní fholóidh sí líomatáiste ar bith a bheidh de thurus na huaire ar n-a scara ón gcontae sin agus ar n-a chur leis an gCathair leis an Acht so no fé, agus

(c) cuirfear an mhír seo leanas isteach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san in ionad na míre 2 atá sa Sceideal san anois, sé sin le rá—

“2. Buirg Dhún Laoghaire agus Bailecheanntar Bhinn Eadair.”

agus

(d) leigfear ar lár i míreanna 3 go 9 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san gach líomatáiste bheidh de thurus na huaire ar n-a chur leis an gCathair fén Acht so no dá bhun.

(3) San Acht so foluíonn an abairt “rátaí ar n-a ndíochur leis an Acht so” an droichead-ráta.

Teoranta leis an ráta cathardha.

68. —(1) Beidh éifeacht ag an teorainn seo leanas maidir le ráta cathardha, le n-a mbaineann an fo-alt so, do mheas ar ionoighreachta no ar thionóntachán atá suidhte i gceachtar de sna líomatáistí is bailecheanntar có-cheangailte le linn an Achta so do rith, sé sin le rá, pé méid fén bpúnt d'aon ráta den tsórt san a cruinneofar chun crícheanna seachas na crícheanna eiscithe mar a mínítear iad anso ina dhiaidh seo ní ragha sé thar an suim iomlán fén bpúnt den mhéid sin, de sna rátaí uile (seachas an ráta póilíneachta) do measadh ar an mbailecheanntar ina raibh an ionoighreachta no an tionóntachán san suidhte in aghaidh no alos na bliana dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1929, do cruinníodh chun crícheanna seachas costaisí cólíonta dualgas buird chaomhnóirí d'íoc.

(2) Beidh éifeacht ag an teorainn seo leanas maidir le ráta cathardha, le n-a mbaineann an fo-alt so, do mheas ar ionoighreachta no ar thionóntachán atá suidhte sa tuathlíomtáiste chócheangailte, sé sin le rá, pé méid fén bpúnt d'aon ráta den tsórt san a cruinneofar chun crícheanna seachas na crícheanna eiscithe mar a mínítear iad anso ina dhiaidh seo ní ragha sé thar an suim iomlán fén bpúnt den mhéid sin, de sna rátaí uile (seachas an ráta póilíneachta) do measadh ar ionoighreachtaí agus ar thionóntacháin (seachas talamh talmhaíochta) sa bhaile fearainn ina raibh an chéad ionoighreachta no tionóntachán san a luaidhtear suidhte in aghaidh no alos na bliana dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1929, do cruinníodh chun crícheanna seachas costaisí cóilíonta dualgas buird chaomhnóirí d'íoc.

(3) Beidh éifeacht ag an teorainn seo leanas maidir le ráta cathardha, le n-a mbaineann an fo-alt so, do mheas ar ionoighreachta no ar thionóntachán atá suidhte sa líomatáiste gurb é bailecheanntar Chill Inghean Léinín agus Bhaile Bhric é le linn an Achta so do rith, sé sin le rá, pé méid fén bpúnt d'aon ráta den tsórt san a cruinneofar chun crícheanna seachas na crícheanna eiscithe mar a mínítear iad anso ina dhiaidh seo ní ragha sé thar an suim iomlán fén bpúnt den mhéid sin, de sna rátaí uile (seachas an ráta póilíneachta) do measadh ar an mbailecheanntar san in aghaidh no alos na bliana dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1929, do cruinníodh chun crícheanna seachas costaisí cólíonta dualgas buird chaomhnóirí d'íoc.

(4) Bainfidh fo-ailt (1) agus (2) den alt so le gach ráta cathardha buailfear sa Chathair in aghaidh no alos bliana roimh an mbliain dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1936, agus bainfidh fo-alt (3) den alt so le gach ráta cathardha buailfear sa Bhuirg in aghaidh no alos bliana roimh an mblian dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1936.

(5) Beidh na crícheanna so leanas ina gcrícheanna eiscithe do réir bhrí an ailt seo, sé sin le rá:—

(a) costaisí cólíonta na ndualgas do chólíonadh bord caomhnóirí tráth d'íoc;

(b) éileamh o Bhord Phort agus Duganna Bhaile Atha Cliath fé alt 27 d'Acht Port agus Duganna Bhaile Atha Cliath (Droichid), 1929 (Uimh. 2 (Príobháideach) de 1929), d'íoc;

(c) costaisí fé n-a ndeachthas no éileamh do rinneadh fé aon Acht (seachas an tAcht so) ar n-a rith don Oireachtas tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1930, pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é, d'íoc.

(6) Ní bhainfidh éinní san alt so le ráta measfar ar ionoighreachta no ar thionóntachán a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Saghsanna áirithe maoine do rátú.

69. —(1) Chun an ráta cathardha do mheas agus do ghearra ar aon ionoighreachta no tionóntachán a luaidhtear no atá de shaghas a luaidhtear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, tuigfear luacháil na hionoighreachta no an tionóntacháin sin do bheith laigheaduithe go dtí an cion, de luacháil na hionoighreachta no an tionóntacháin sin fe sna hAchtanna Luachála a luaidhtear sa chéad cholún den Dara Sceideal san maidir leis an ionoighreachta no leis an tionóntachán san no leis an saghas san (pe'ca aca é).

(2) Gach ionoighreachta no tionóntachán a luaidhtear ar no atá de shaghas a luaidhtear sa dara colún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, tuigfear, chun an ráta chathardha do mheas agus do chur ina fhiachas air, é bheith eiscithe o gach saoirse no faoiseamh riamh, agus gan teideal chun a leithéide, ón ráta dealbhais do bheirtear do réir dlí ar shlí seachas tré laigheadú no tré rialú na luachála gur dá réir a meastar an ráta dealbhais, ach ní oibreoidh an eisceacht san chun aon leath-chíosa, do bheadh ionrátuithe i gcóir an ráta dhealbhais mara rithfí an tAcht so, do shaora óna bheith ionrátuithe i gcóir an ráta chathardha.

(3) Ní bhainfidh éinní san alt so leis an luach bliantúil gur dá réir atá an cháin le déanamh amach in aghaidh aon ionoighreachta no tionóntacháin fé Sceidil A agus B den Income Tax Act, 1918, ná ní oibreoidh sé chun an luach san do laigheadú.

An tAcht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928, do chur i mbaint.

70. —Nuair a bheidh an tAcht Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928 (Uimh. 4 de 1928) , á chur i mbaint leis an gCathair agus leis an mBuirg fé seach, léireofar é agus beidh éifeacht aige fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) ar an 1adh la d'Abrán, 1931, agus dá éis sin, agus fé réir aon ordú dheanfaidh an tAire ina dhiaidh sin fé alt 2 den Acht san agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire agus fé réir an Achta so, ciallóidh an abairt “tigh comhnaithe beag,” i ngach áit ina bhfuil sí san Acht san, ionoighreachta no tionóntachán atá fé luacháil ar leithligh fé sna hAchtanna Luachála agus nách mó na ocht bpúint a luacháil fé sna hAchtanna san agus 'na bhfuil an t-iomlán no aon chuid de oiriúnach ina dhéanmhas chun é d'úsáid mar thigh chomhnaithe, agus

(b) sa mhéid go mbaineann alt 7 den Acht san le hionoighreachtaí agus le tionóntacháin is tithe comhnaithe beaga do réir bhrí an Achta san de bhua an atharuithe deintear leis an mír sin roimhe seo den alt so agus dá bhua san amháin, beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí na figiuirí “1931” in ionad na bhfigiuirí “1929” i ngach áit ina bhfuil na figiuirí sin i bhfo-alt (1) den alt san agus na figiuirí “1930” in ionad na bhfigiuirí “1928” i ngach áit ina bhfuil na figiuirí sin sa bhfo-alt san.

Rátaí ar áitreabhacha folmha.

71. —(1) I gcás ionoighreachta no tionóntachán nách tigh comhnaithe beag do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928 ( Uimh. 4 de 1928 ), mar a leasuítear leis an Acht so é, do bheith folamh agus an ráta cathardha á bhuala, buailfear an ráta san ar an té (dá ngairmtear an t-únaer anso feasta) a bheidh i dteideal, de thurus na huaire, bheith i seilbh na hionoighreachta no an tionóntacháin sin, agus ar íoc an ráta san don únaer sin, beidh an t-únaer sin i dteideal aisíoc na ceathrú coda fichead den ráta san d'éileamh agus d'fháil ón mBárdas in aghaidh gach mí iomláin (agus é d'áireamh o lá ar bith de mhí go dtí dáta an lae sin sa chéad mhí eile) a bheidh an ionoighreachta no an tionóntachán san folamh chun cur leis, chun é d'atharú, no chun é do dheisiú no toisc an t-únaer sin do bheith bona fide gan bheith ábalta ar thionónta oiriúnach d'fháil do ar an gcíos maximum is ceaduithe de thurus na huaire fé sna hAchtanna um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 go 1930, i gcás ionoighreachta no tionóntacháin le n-a mbaineann na hAchtanna san de thurus na huaire no ar chíos réasúnta i gcás aon tsaghais eile ionoighreachta no tionóntacháin.

(2) Nuair a buailfear ráta de bhua an ailt seo ar únaer ionoighreachta no tionóntacháin fholaimh agus a dhéanfaidh an t-únaer sin no a déanfar thar a cheann an ionoighreachta no an tionóntachán san do chur ar cíos ina dhiaidh sin agus a bheidh an ráta san no aon chuid de i riaráiste agus gan íoc, ansan, an ráta-bhailitheoir go mbeidh an ráta san ionbhailithe aige féadfa sé, i dteanta aon tslí eile agus gan dochar d'aon tslí eile chun suim an ráta san a bheidh i riaráiste agus gan íoc amhlaidh do bhaint amach, fógra do sheirbheail i bpearsain no tríd an bpost ar shealbhaire na hionoighreachta no an tionóntacháin sin ag luadh na suime sin a bheidh i riaráiste agus gan íoc amhlaidh agus á cheangal ar an sealbhaire sin an cíos go léir a bheidh dlite air an uair sin no a thiocfaidh chun bheith dlite air ina dhiaidh sin alos na hionoighreachta no an tionóntacháin sin d'íoc leis an ráta-bhailitheoir sin no le n-a chomharba oifige go dtí go mbeidh an tsuim sin íoctha tríd an íoc san no ar aon tslí eile agus, ar sheirbheail an fhógra san amhlaidh, is ag an rátabhailitheoir sin no ag a chomharba oifige a bheidh an t-aon-cheart chun an cíos go léir, a cheangail sé tríd an bhfógra san d'íoc leis féin, do bhaint amach agus do ghlaca agus chun glana maith ann do thabhairt uaidh.

(3) Ní bheidh ráta buailfear de bhua an ailt seo ar únaer ionoighreachta no tionóntacháin fholaimh nea-dhleathach de dhruim aon earráide no lochta i luadh ainm an únaera san ná de dhruim an tuairisc “an t-únaer” do thabhairt gan aon ainm ná eile do chur leis, agus féadfar gach ráta den tsórt san do bhaint den únaer sin d'ainneoin na hearráide no an lochta san no d'ainneoin na tuairisce sin do thabhairt.

Forálacha speisialta i dtaobh saghsanna áirithe maoine sa Chathair.

72. —(1) Duine ar bith a cuirfear fén ráta cathardha sa Chathair alos a bheith i seilbh ionoighreachta no tionóntacháin ná fuil ar a shealbhaire (pe'ca an duine sin é no nách é) le linn an Achta so do rith, an ráta uisce puiblí d'íoc a gearrtar fé alt 56 den Dublin Corporation Waterworks Act, 1861, mar a leasuítear é le halt 91 den Dublin Corporation Act, 1890, beidh sé i dteideal suim do bhaint gach bliain as an gcíos go léir a thiocfaidh chun bheith dlite air tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1931, alos na hionoighreachta no an tionóntacháin sin fé chonnra thionóntachta, ráite no iontuigthe, do rinneadh roimh an Acht so do rith, suim is có-ionann leis an ochtú cuid cheathrachad den luacháil gur uirthi a measfar an ráta cathardha ar an ionoighreachta no ar an tionóntachán san.

(2) Má bheartuíonn Comhairle na Cathrach amhlaidh tuigfear gur tigh comhnaithe beag do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928 ( Uimh. 4 de 1928 ), aon ionoighreachta no tionóntachán sa Chathair nách tigh comhnaithe beag do réir bhrí an Achta san agus is dó le Comhairle na Cathrach do bheith oiriúnach chun a úsáidthe mar thigh chomhnaithe do cheárdaí no do sclábhaí agus ina mbeidh ceárdaí no sclábhaí ina chomhnaí agus bainfidh an tAcht san leis an ionoighreachta no leis an tionóntachán san dá réir sin ach beidh san fé réir an atharuithe luaidhtear anso ina dhiaidh seo.

(3) I gcás ionoighreachta no tionóntacháin sa chathair is dó le Comhairle na Cathrach do bheith oiriúnach chun a úsáidthe mar thigh chomhnaithe do cheárdaí no do sclábhaí agus ina mbeidh ceárdaí no sclábhaí ina chomhnaí agus a bheidh no a tuigfear de bhua an fho-ailt sin roimhe seo den alt so do bheith ina thigh chomhnaithe bheag do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928, léireofar alt 10 den Acht san agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an abairt “ocht ndeichiú” in ionad na habairte “naoi ndeichiú” i bhfo-alt (1) de.

An ráta cathardha do leasú.

73. —(1) Féadfaidh an bainisteoir o am go ham aon ráta no cáinmheas i leabhar an ráta chathardha do leasú tre ainm éinne ba cheart do rátú do chur isteach ann no tré ainm éinne nár cheart do rátú do bhuala amach as no tríd an suim ar ar rátuíodh duine do mhéadú no do laigheadú no tré pé leasú eile do dhéanamh ann tré n-a mbeidh an ráta no an cáinmheas san do réir na bhforálacha den Acht so bhaineann leis an ráta cathardha do bhuala.

(2) Gach duine ar a ngoillfidh aon atharú den tsórt san beidh an ceart céanna aige chun athchomhairc ina choinnibh do bheadh aige dá gcuirtí a ainm isteach sa ráta no sa cháinmheas san o thosach agus ná déanfaí aon atharú den tsórt san ann, agus maidir leis an duine sin tuigfear gur buaileadh an ráta nuair do fuair sé fógra i dtaobh an atharuithe sin.

Sean-iasachtaí d'íoc.

74. —Gach iasacht a bheidh dlite ar an mBárdas agus a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, ina muirear ar aon cheann de sna rátaí le n-a gcuirtear deire tríd an Acht so no ar aon chiste coinnítear suas le hairgead as sochar aon ráta den tsórt san tiocfa sí chun bheith agus beidh sí ina muirear ar an ráta cathardha no ar an gciste cathardha fé seach ar an lá ceaptha agus dá éis sin.

Comhacht chun iasachtaí d'fháil chun crícheanna áirithe.

75. —(1) Féadfaidh an Bárdas o am go ham, le toiliú an Aire, suimeanna d'fháil ar iasacht ar urrús an chiste chathardha agus aon ioncuim leis an mBárdas no ar urrús an chiste no an ioncuim sin no aon choda den ioncum san, pé suimeanna is gá chun na gcrícheanna so leanas no chun aon chríche acu, sé sin le rá:—

(a) gach ceann no aon cheann d'fhiacha morgáiste fé seach aon cheann de sna cóluchtaí díochurtha dar comharba an Bárdas no aon fhiacha morgáiste eile go mbeidh an fhreagarthacht ionta ar n-a haistriú chun an Bhárdais leis an Acht so no fé d'aisíoc;

(b) airgead ar bith is ionchurtha i gcoinnibh caipitail le ceart agus is iníoctha ag an mBárdas de bhíthin aon choigeartú airgeadais ar n-a dhéanamh fén Acht so d'íoc.

(2) Aisíocfar laistigh de pé tréimhse cheadóidh an tAire airgead do gheobhfar ar iasacht fén alt so.

An Chathair do mhaisiú.

76. —(1) Le rún a rithfear fén alt so agus le n-a vótálfaidh dhá dtrian ar a laighead de bhaill na Comhairle féadfaidh an Chomhairle a údarú don Bhárdas airgead do chaitheamh ar mhaisiú na Cathrach i gcóir ócáidí gáirdeachais phuiblí no i gcóir ócáidí oiriúnacha eile.

(2) Luadhfar i ngach rún a rithfear fén alt so an ócáid gur ina cóir a bheidh maisiú na Cathrach, ar chostas an Bhárdais i bpáirt no go hiomlán, le húdarú leis an rún san agus an méid a bheidh ceaptha le caitheamh ag an mBárdas ar an maisiú san.

(3) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt eile ina dhiaidh seo féadfaidh an Bárdas airgead as an gCiste Cathardha do chaitheamh do réir rúin a rithfear fén alt so agus sa mhéid go n-údaruítear é le rún den tsórt san ach ní har aon tslí eile.

(4) An méid iomlán a chaithfidh an Bárdas chun crícheanna an ailt seo aon bhliain airgeadais áitiuil, ní ragha sé thar suim is có-ionann le ráta pingne fén bpúnt de luacháil ionrátuithe na Cathrach.

Meastachán ar chostaisí agus ráta-chruinniú.

77. —(1) Cuirfidh an bainisteoir fé ndeár go n-ullamhófar gach bliain airgeadais áitiuil san am orduithe agus sa bhfuirm orduithe meastachán (dá ngairmtear an meastachán ar chostaisí san alt so) ag taisbeaint na suimeanna is dó leis is gá chun íoctha costaisí an Bhárdais agus mar sholáthar in aghaidh riachtanaisí an Bhárdais i rith na bliana airgeadais áitiúla dar gcionn.

(2) An meastachán ar chostaisí a hullamhófar gach bliain fén alt so breithneoidh an Chomhairle é ag cruinniú den Chomhairle (dá ngairmtear an ráta-chruinniú san alt so) ag á mbeidh an bainisteoir i láthair agus a bheidh ann an t-am a bheidh orduithe, go generálta no maidir le haon bhliain áirithe, ag an Aire agus 'na mbeidh fógra lá is fiche ar a laighead sa bhfuirm orduithe tugtha ina thaobh ag an mbaile-chléireach do gach ball den Chomhairle.

(3) Lá is fiche ar a laighead roimh an lá bheidh ráta-chruinniú le bheith ann, cuirfidh an bainisteoir chun gach baill den Chomhairle agus lóisteálfaidh in oifigí an Bhárdais cóip den mheastachán ar chostaisí is gá don Chomhairle, do réir an ailt seo, do bhreithniú ag an gcruinniú san agus san am gcéanna bhéarfaidh an bainisteoir fógra sa tslí agus sa bhfuirm orduithe go bhfuiltear tar éis an meastachán san ar chostaisí do dhéanamh agus go bhfuiltear tar éis cóip de do lóisteail amhlaidh.

(4) Féadfaidh éinne den phobal, gan íoc as, an chóip den mheastachán ar chostaisí do lóisteáladh fén alt so in oifigí an Bhárdais d'iniúcha aon uair a bheidh na hoifigí sin ar oscailt chun gnó oifigiuil do dhéanamh agus bhéarfaidh an bainisteoir cóip den mheastachán san ar chostaisí, ar scilling an chóip, do gach duine iarrfaidh air í.

(5) Ag ráta-chruinniú no ag aon ath-chomóra air fén alt so féadfaidh an Chomhairle (fé réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so) leasú do dhéanamh, pe'ca tré chur leis, leigint ar lár, no atharú é, ar an meastachán ar chostaisí is gá dhóibh, do réir an ailt seo, do bhreithniú ag an gcruinniú san, agus déanfaidh an Chomhairle, le rún a rithfear ag an gcruinniú san no ag aon athchomóra den tsórt san air, glaca leis an meastachán san ar chostaisí tar éis no gan é do leasú agus, leis an rún gcéanna no le haon rún ina dhiaidh sin a rithfid ag an gcruinniú san no ag an ath-chomóra san air, socróid do réir an mheastacháin sin, mar a bheidh glactha acu leis amhlaidh, na rátaí fén bpúnt a gearrfar chun na gcrícheanna uile agus fé seach a bheidh luaidhte sa mheastachán san.

(6) Pé uair ag ráta-chruinniú a tairgfear leasú ar an meastachán ar chostaisí a bheidh á bhreithniú ag an gcruinniú san agus is dó leis an mbainisteoir, dá ndeintí an leasú san, go ndéanfadh sé dochar mór do dhualgaisí na Comhairle do chólíona go héifeachtúil no go heconomiciuil déarfaidh an bainisteoir ag an gcruinniú san cad é an ní atá aige i gcoinnibh an leasuithe sin agus luadhfa sé na réasúin a bheidh aige leis an gcur-i-gcoinnibh sin, agus leis sin breithneoidh an Chomhairle an cur-i-gcoinnibh sin agus socróid ag an gcruinniú san gan an leasú san do dhéanamh no cuirfid ar athló an leasú san do bhreithniú tuille.

(7) Nuair a cuirfear ar athló fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so leasú ar mheastachán ar chostaisí do bhreithniú tuille, ansan, tar éis gach gnó do dhéanamh is féidir do dhéanamh ag an ráta-chruinniú go dleathach agus go caothúil gan an rátachruinniú do chur ar athló, cuirfear an ráta-chruinniú ar athló go ceann ceithre lá déag ar a laighead, agus ar ath-chomóra an chruinnithe sin breithneofar agus socrófar an leasú no na leasuithe fé ndeár an cur-ar-athló (go n-atharú ar bith, no gan san, air no orthu ach ní breithneofar ná ní socrófar aon leasú eile ar an meastachán san ar chostaisí agus críochnófar gnó an rátachruinnithe.

Có-choiste réitigh do cheapa agus nithe do chur fé n-a mbráid.

78. —(1) Pé uair is dó le Comhairle na Cathrach no le Comhairle na Buirge go bhfuil sé oiriúnach go gcuirfí fé bhráid choiste agus go bpléidhfeadh coiste (dá ngairmtear có-choiste breithnithe san alt so) ar n-a cheapa fén alt so éinní áirithe bhaineann le riara na Cathrach no le riara na Buirge no le riara na Cathrach agus na Buirge, féadfaidh an Chomhairle sin a bheartú le rún go gcuirfear an ní sin fé bhráid an choiste sin dá réir sin.

(2) Beidh có-choiste breithnithe có-dhéanta—

(a) de pé méid (nách mó ná triúr) ball de Chomhairle na Cathrach ainmneoidh an Chomhairle sin chuige sin, agus

(b) de pé méid (nách mó ná triúr) ball de Chomhairle na Buirge ainmneoidh an Chomhairle sin chuige sin.

(3) Pé uair a bheartóidh Comhairle na Cathrach no Comhairle na Buirge le rún go gcuirfear ní fé bhráid chó-choiste bhreithnithe, déanfaidh na Comhairlí sin fé seach na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) ainmneoidh an Chomhairle do rith an rún san pé baill den choiste sin go mbeidh sí i dteideal iad d'ainmniú agus is oiriúnach léi d'ainmniú, agus

(b) déanfaidh an Chomhairle dheiridh sin a luaidhtear an rún agus an t-ainmniú san do chur in úil don cheann eile de sna Comhairlí sin, agus

(c) déanfaidh an Chomhairle eile sin, ag an gcéad chruinniú eile tar éis an scéil sin d'fháil di, pé baill den choiste sin d'ainmniú go mbeidh sí i dteideal iad d'ainmniú agus is oiriúnach léi d'ainmniú.

(4) Nuair a bheartóidh Comhairle na Cathrach no Comhairle na Buirge le rún go gcuirfear ní áirithe fé bhráid chó-choiste bhreithnithe agus a déanfar na nithe uile agus fé seach a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, tuigfear go ndearnadh go cuibhe an ní sin do chur fé bhráid an chó-choiste bhreithnithe do hainmníodh do réir an fho-ailt sin, agus, chó luath agus bheidh caoi ann chuige, tiocfaidh an coiste sin le chéile agus pléidhfid an ní sin agus tuairisceoid tora an phléidhte sin do sna Comhairlí sin fé seach.

(5) Is i Halla na Cathrach no in áit chaothúil eile chuirfidh Bainisteoir na Cathrach ar fáil a comórfar gach cruinniú de chóchoiste bhreithnithe.

(6) Beidh sé de dhualgas ar Bhainisteoir na Cathrach oifigigh de chuid Bhárdais na Cathrach do chur ar fáil chun gach congnamh rúnaíochta do thabhairt a theastóidh o chó-choiste bhreithnithe ar bith.

(7) Pé uair a cheanglóidh có-choiste breithnithe ortha é beidh Bainisteoir na Cathrach agus Bainisteoir na Buirge fé seach i láthair ag cruinnithe an choiste sin, agus beidh gach Bainisteoir acu san i dteideal bheith i láthair ag cruinnithe de chó-choiste bhreithnithe (pe'ca cheanglóidh an coiste sin air é no ná ceanglóidh) agus páirt do thógaint sna díospóireachtaí ag na cruinnithe sin.

(8) Isé Bárdas na Cathrach íocfaidh sa chéad dul síos gach costas (ach amháin an costas a bhainfidh le háit chruinnithe agus congnamh rúnaíochta do chur ar fáil) fé n-a raghaidh có-choiste breithnithe agus roinnfear an costas san ina dhiaidh sin ar Bhárdas na Cathrach agus ar Bhárdas na Buirge do réir luacháil ionrátuithe na Cathrach agus na Buirge fé seach, agus pé méid den chostas san a cuirfear do réir na roinnte sin ar Bhárdas na Buirge íocfaidh an Bárdas san le Bárdas na Cathrach é ar a éileamh san dóibh.

Leas-bhainisteoir.

79. —(1) Má bhíonn agus pé uair a bheidh an bainisteoir ar saoire no a bheidh sé, toisc é bheith breoite, no as láthair ón gCathair no ón mBuirg no curtha ar fiunraoi o chólíona a dhualgas, gan bheith ábalta, go sealadach, ar na comhachta agus na feidhmeanna a bronntar air leis an Acht so d'fheidhmiú agus ar na dualgaisí a cuirtear air leis an Acht so do chólíona, féadfar leas-bhainisteoir do cheapa fén alt so go dtí go mbeidh deire leis an saoire no leis an neamh-ábaltacht san, ach le haontú an Aire féadfar é do chur as oifig fén alt so aon uair le linn na saoire no na neamh-ábaltachta san.

(2) Má bhíonn an bainisteoir ar saoire agus fós má bhíonn an bainisteoir neamh-ábalta amhlaidh mar adubhradh agus gurb é bheith as láthair ón gCathair no ón mBuirg fé ndeár an neamhábaltacht san féadfaidh an bainisteoir comhacht ceaptha an leasbhainisteora fén alt so d'fheidhmiú, tar éis do dul i gcomhairle leis an Tiarna Méara no leis an gCathaoirleach (pe'ca aca é), roimh an saoire no an neamh-ábaltacht san (pe'ca aca é) agus ag coinne léi dho, ach i ngach cás eile, sé sin le rá, más breoiteacht no curar-fiunraoi fé ndeár an bainisteoir do bheith neamh-ábalta amhlaidh mar adubhradh agus fós má bhíonn an bainisteoir ar saoire no más é bheith as láthair on gCathair no ón mBuirg fé ndeár é bheith neamh-ábalta amhlaidh mar adubhradh agus ná ceapfar leas-bhainisteoir fén alt so roimh an saoire no an neamhábaltacht san no, ar bheith ceaptha amhlaidh do, go gcuirfear as oifig fén alt so é le linn na saoire no na neamh-ábaltachta san féadfaidh an Tiarna Méara no an Cathaoirleach (pe'ca aca é) ach ní fhéadfaidh éinne eile comhacht ceaptha an leas-bhainisteora fén alt so d'fheidhmiú aon uair le linn na saoire no na neamh-ábaltachta san.

(3) I ngach cás féadfaidh an Tiarna Méara no an Cathaoirleach (pe'ca aca é) agus ní fhéadfaidh éinne eile comhacht curtha an leas-bhainisteora as oifig fén alt so d'fheidhmiú.

(4) Beidh ag an leas-bhainisteoir, faid a leanfaidh an tsaoire no an neamh-ábaltacht gur dá druim a ceapadh é no go dtí go gcuirfear as oifig níos túisce ná san fén alt so é, comhachta uile an bhainisteora agus feidhmeoidh agus cólíonfa sé feidhmeanna agus dualgaisí uile an bhainisteora agus chuige sin léireofar mar thagairt fholuíonn an leas-bhainisteoir gach tagairt san Acht so don bhainisteoir (lasmuich de sna tagairtí don bhainisteoir san alt so agus de sna tagairtí san Acht so do cheapa, do shealbhaíocht oifige agus do luach saothair an bhainisteora).

(5) Íocfaidh an Bárdas leis an leas-bhainisteoir pé luach saothair (más ann do) a shocróidh an Chomhairle le haontú an Aire.

Imeachta dlí.

80. —I ngach aicsean no imeacht eile dlí, síbhialta no coiriuil, a bhunóidh an Bárdas no a bunófar ina choinnibh in aon chúirt dlí no chothruim gníomhóidh an bainisteoir ar son agus thar ceann an Bhárdais agus féadfa sé gach gníomh, ní no rud do dhéanamh is gá dar leis chun an t-aicsean no an t-imeacht eile sin d'ullamhú agus do chur ar aghaidh no do chosaint ar gach slí díreach fé is dá mb'é féin an gearánaí no an cúisitheoir no an cosantóir (pe'ca aca is gá sa chás) ann agus má bhaineann aon aicsean no imeacht eile den tsórt san leis an gComhairle d'fheidhmiú no do chólíona aon cheann de sna feidhmeanna forchimeádtha gníomhóidh an bainisteoir le húdarás ráite na Comhairle agus é ag déanamh aon ghnímh, ní no ruda den tsórt san roimhráite agus tuigfear gur tugadh an t-údarás san do mara gcruthuítear agus go dtí go gcruthófar a mhalairt.