An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT TOGHACHÁIN (LUCHT CEANNAÍOCHTA BHAILE ÁTHA CLIATH), 1930) Ar Aghaidh (DARA SCEIDEAL. Toghachain do Stiura.)

28 1930

ACHT TOGHACHÁIN (LUCHT CEANNAÍOCHTA BHAILE ÁTHA CLIATH), 1930

CEAD SCEIDEAL.

Toghthoiri do Chlaru.

Mínithe.

1. Sa Sceideal so—

cialluíonn an abairt “toghachán Cathrach” toghachán do bhaill de Chomhairle na Cathrach;

cialluíonn an abairt “an chéad toghachán Cathrach” an chéad toghachán Cathrach a comórfar tar éis an Achta so do rith;

cialluíonn an focal “clár” clár de thoghthóirí ceannaíochta ar n-a ullamhú fén Acht so;

cialluíonn an abairt “an chéad chlár” an chéad chlár a hullamhófar tar éis an Achta so do rith;

léireofar tagairtí d'oifig an oifigigh chlárathachta mar thagairtí don chuid sin d'oifigí Bhainisteoir Cathrach agus Bhaile-Chléireach Bhaile Atha Cliath a bheidh curtha in áirithe aige sin de thurus na huaire chun gnó an oifigigh chlárathachta fén Acht so do dhéanamh inti;

cialluíonn an abairt “am gnótha” maidir le hoifig an oifigigh chlárathachta am ar bith ina mbeidh an oifig sin ar oscailt chun gnótha do dhéanamh inti.

Ord na n-ainmneacha sa chlár.

2. (1) Cuirfear gach clár le chéile ina aon iomlán amháin gan roinnt agus déanfar na hainmneacha in aon chlár den tsórt san do chur in ord aibítre ann, fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfar daoine den aon-tsloinne do shocrú leo féin in ord aibítre a gcéad ainmneacha agus, más gá é, in ord aibítre a ndara ainmneacha agus a n-ainmneacha eile; agus

(b) déanfar páirtnéireachtaí den aon ainm thosaigh amháin do shocrú leo féin in ord aibítre a n-ainmneacha eile; agus

(c) déanfar páirtnéireachtaí go leitir léi féin, no go n-ainm nách sloinne, i dtosach a n-ainmneacha do chur san ord aibítre is oiriúnach don chéad tsloinne agus, más gá é, don dara sloinne agus do sna sloinnte eile ina n-ainmneacha; agus

(d) maidir le páirtnéireachtaí, comhlachais neamh-ionchorparuithe, agus cóluchtaí corparáideacha gus an alt i dtosach a n-ainmneacha, gabhfar thar an alt san chun n-ionad sa chlár do réir na haibítre do shocrú.

(2) Má deintear earráid ar bith i socrú na n-ainmneacha sa chlár no má bhíonn teip ar bith ann maidir le hainm do chur ina ionad cheart do réir na haibítre ní bheidh an clár, ná fós clárú na hainme do mí-shuidheadh amhlaidh, nea-dhleathach dá dheascaibh.

Fuirm an chláir.

3. (1) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach clár agus na nithe seo leanas ann i dtaobh gach duine bheidh cláruithe ann agus fós pé nithe eile a hordófar, sé sin le rá:—

(a) ainm agus seola an duine sin ina n-iomláine; agus

(b) ce'ca duine, páirtnéireacht, comhlachas neamh-ionchorparuithe, no cólucht corparáideach an duine sin; agus

(c) an t-áitreabh no na háitreibh uile agus fé seach gur ina thaobh no ina dtaobh a bheidh an duine sin cláruithe; agus

(d) luach an áitreibh no luacha fé seach na n-áitreabh uile agus fé seach, do réir bhrí ailt 35 den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) , gur ina thaobh no ina dtaobh a bheidh an duine sin cláruithe; agus

(e) an méid vótanna chun a mbeidh teideal ag an duine sin.

(2) Chun crícheanna na rialach so, isé bheidh mar sheola ag duine bheidh cláruithe sa chlár i dtaobh aon áitreibh amháin ná seola puist an áitreibh sin agus isé bheidh mar sheola ag duine bheidh cláruithe amhlaidh i dtaobh dhá áitreabh no níos mó ná seola puist pé áitreabh acu san a chuirfidh an duine sin in úil don oifigeach chlárathachta no, mara ndeintear san, seola puist pé áitreabh acu is dó leis an oifigeach clárathachta is caothúla.

Fiosrú o thigh go tigh.

4. Beidh sé de dhualgas ar an oifigeach clárathachta, pé uair is gá dho, do réir an Achta so, clár (seachas an chéad chlár) d'ullamhú, a chur fé ndeár fiosrú o thigh go tigh no leorfhiosrú eile do dhéanamh d'fhonn go bhfaigheadh sé amach cé hiad na daoine dheabhruíonn bheith i dteideal a gcláruithe sa chlár san agus fós na mion-innste is gá, do réir an Achta so no fé, do chur síos sa chlár san i dtaobh gach duine acu san.

Oblagáid ar an sealbhaire eolas do thabhairt uaidh.

5. (1) Féadfaidh an t-oifigeach clárathachta, le fógra sa bhfuirm orduithe, ar n-a chur tríd an bpost no ar aon tslí eile, a cheangal ar éinne i seilbh áitreibh sa Chathair eolas ar bith ina sheilbh a theastóidh ón oifigeach clárathachta chun na gcrícheanna bhaineann le hullamhú cláir ar bith do thabhairt uaidh sa bhfuirm orduithe agus beidh sé de dhualgas ar an duine sin an t-eolas san do thabhairt uaidh dá réir sin.

(2) Gach duine go dteipfidh air eolas ar bith do thabhairt uaidh a cheanglóidh an t-oifigeach clárathachta air do thabhairt uaidh fén riail seo no do bhéarfaidh uaidh eolas ar bith den tsórt san agus é bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach beidh sé ciontach i gcionta fén riail seo agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

Fógra um éilithe i gcóir an chéad chláir.

6. (1) Chun na gcrícheanna bhaineann leis an gcéad chlár d'ullamhú, beidh sé de dhualgas ar an oifigeach clárathachta fógra sa bhfuirm orduithe d'fhoillsiú san am orduithe agus do chimeád foillsithe ar feadh na tréimhse orduithe á rá go bhfuil an clár san á ullamhú agus ag tabhairt cuire do dhaoine adeir go bhfuilid i dteideal a gcláruithe sa chlár san fógra i dtaobh an éilimh sin do chur chun an oifigigh chlárathachta ar dháta áirithe no roimhe sin agus á rá cadé an fhuirm nách foláir do bheith ar an éileamh san agus cadiad na mion-innste nách foláir do luadh ann.

(2) Isé dáta luadhfar sa bhfógra san a foillseofar fén riail seo mar lá gur air no roimhe a cuirfear éilithe chun an oifigigh chlárathachta ná pé dáta a hordófar chuige sin.

(3) Ullamhóidh agus foillseoidh an t-oifigeach clárathachta san am orduithe, agus eimeádfaidh foillsithe ar feadh na tréimhse orduithe, liost (dá ngairmtear sa Sceideal so liost d'éilitheoirí agus fós an chéad liost den tsórt san) de sna daoine uile go ndéanfar éilithe ar a gclárú do chur chuige do réir an fhógra fhoillseoidh sé fén riail seo agus laistigh den aimsir a ceapfar sa bhfógra san.

Liostaí de thoghthóirí d'fhoillsiú.

7. (1) Ar no roimh an 29adh lá d'Eanar roimh gach toghachán Cathrach seachas an chéad toghachán Cathrach, ullamhóidh agus foillseoidh an t-oifigeach clárathachta liost (dá ngairmtear liost de thoghthóirí sa Sceideal so) de sna daoine uile a dheabhróidh do bheith i dteideal a gcláruithe sa chlár a hullamhófar fén Acht so don toghachán san agus cimeádfaidh an liost san foillsithe go dtí an chéad 27adh lá d'Fheabhra ina dhiaidh sin.

(2) Beidh i ngach liost de thoghthóirí, i dtaobh gach duine go mbeidh a ainm ann, mion-innste den tsórt chéanna is gá, do réir an Achta so no fé, do bheith sa chlár san i dtaobh daoine bheidh cláruithe ann.

(3) Pé uair fhoillseoidh an t-oifigeach clárathachta liost de thoghthóirí déanfa sé san am gcéanna agus i gcóir na tréimhse céanna fógra d'fhoillsiú ina luadhfar an tslí ina bhféadfar agus an aimsir gur laistigh di féadfar éilimh agus agóidí i dtaobh an liosta san de thoghthóirí do dhéanamh fé sna rialacha so.

(4) Pé uair fhoillseoidh an t-oifigeach clárathachta liost de thoghthóirí déanfa sé, ar feadh na tréimhse gur gá do réir na rialach so an liost san de thoghthóirí do chimeád foillsithe, cóip den liost san de thoghthóirí do chimeád ina oifig agus a cheadú d'éinne an liost san de thoghthóirí d'iniúcha in aisce san oifig sin aon uair le linn ama ghnótha agus bhéarfaidh do dhuine ar bith, ar íoc na táille orduithe, cóip den liost san do thoghthóirí no d'aon chuid no coda dhe iarrfaidh an duine sin.

Eilithe maidir le liostaí de thoghthóirí.

8. (1) Duine ar bith adéarfaidh go bhfuil sé i dteideal a chláruithe i gclár (lasmuich den chéad chlár) agus ná beidh a ainm sa liost de thoghthóirí foillseofar maidir leis an gclár san, féadfaidh, ar no roimh an gcéad 26adh lá d'Fheabhra tar éis foillsiú an liosta san de thoghthóirí do thosnú, éileamh ar a chlárú sa chlár san, agus é sa bhfuirm orduithe agus na mion-innste orduithe ann, do chur chun an oifigigh chlárathachta.

(2) Ar no roimh an gcéad 12adh lá de Mhárta tar éis liost de thoghthóirí d'fhoillsiú, ullamhóidh agus foillseoidh an t-oifigeach clárathachta liost (dá ngairmtear liost d'éilitheoirí sa Sceideal so), sa bhfuirm orduithe, d'ainmneacha na ndaoine uile do rinne go cuibhe do réir na fo-rialach san roimhe seo éileamh ar a gclárú.

(3) Déanfar gach liost d'éilitheoirí do chimeád foillsithe go dtí an chéad 27adh lá de Mhárta tar éis a fhoillsiú do thosnú.

Agóidí i gcoinnibh liostaí de thoghthóirí.

9. (1) Duine ar bith adéarfaidh go bhfuil aon ráiteas atá i liost de thoghthóirí ina thaobh féin no i dtaobh éinne eile mí-cheart no neamh-iomlán no go bhfuil duine ar bith (agus é féin d'áireamh) ’na bhfuil a ainm i liost de thoghthóirí gan bheith i dteideal a chláruithe sa chlár gur maidir leis a hullamhuiodh an liost san de thoghthóirí, féadfaidh agóid i gcoinnibh an liosta san de thoghthóirí, agus í sa bhfuirm orduithe agus na mion-innste orduithe inti, do chur chun an oifigigh chlárathachta ar no roimh an gcéad 19adh lá d'Fheabhra tar éis foillsiú an liosta san de thoghthóirí do thosnú.

(2) Ar no roimh an gcéad 5adh lá de Mhárta tar éis liost de thoghthóirí d'fhoillsiú ullamhóidh agus foillseoidh an t-oifigeach clárathachta liost sa bhfuirm orduithe de sna hagóidí uile, i gcoinnibh an liosta san de thoghthóirí, a cuirfear chuige go cuibhe fén bhfo-riail sin roimhe seo, agus déanfaidh an liost san do chimeád foillsithe go dtí an chéad 27adh lá de Mhárta tar éis a chéad fhoillsithe.

Agóidí i gcoinnibh liostaí d'éilitheoirí.

10. (1) Duine ar bith adéarfaidh, i dtaobh éinne eile 'na mbeidh a ainm i liost d'éilitheoirí, go bhfuil sé gan bheith i dteideal a chláruithe sa chlár le n-a mbaineann an liost san, féadfaidh agóid i gcoinnibh an liosta san, agus í sa bhfuirm orduithe agus na mion-innste orduithe inti, do chur chun an oifigigh chlárathachta, i gcás an chéad liosta d'éilitheoirí, ar no roimh an lá orduithe agus, i gcás gach liosta d'éilitheoirí ina dhiaidh sin, ar no roimh an gcéad 26adh lá de Mhárta tar éis céad fhoillsiú an liosta san.

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis gach lá is lá deiridh chun agóidí i gcoinnibh liosta d'éilitheoirí do chur chun an oifigigh chlárathachta, ullamhóidh agus foillseoidh an t-oifigeach clárathachta liost sa bhfuirm orduithe de sna hagóidí uile, i gcoinnibh an liosta san d'éilitheoirí, a cuirfear chuige go cuibhe fén bhforiail sin roimhe seo agus déanfaidh an liost san d'agóidí do chimeád foillsithe go ceann ceithre lá déag tar éis a fhoillsiú do thosnú.

Fógra do dhaoine go gcuirfear agóid ina gcoinnibh.

11. Ní bhreithneoidh an t-oifigeach clárathachta agóid ar bith (seachas agóid ón oifigeach clárathachta féin) i gcoinnibh liosta de thoghthóirí ná i gcionnibh liosta d'éilitheoirí mara ndeinidh neach déanta na hagóide sin cóip den agóid sin do chur tríd an bpost cláruithe, chun an té le n-a mbaineann an agóid sin, laistigh den aimsir a ceapfar chun na hagóide sin do dhéanamh.

Agóidí ón oifigeach clárathachta.

12. (1) Féadfaidh an t-oifigeach clárathachta féin uair ar bith agóid do dhéanamh i gcoinnibh duine ar bith, 'na mbeidh a ainm i liost de thoghthóirí no i liost d'éilitheoirí, do chlárú agus, mara mbeidh an téarma chuige istigh agus é ag déanamh na hagóide sin, cuirfe sé an agóid sin sa liost d'agóidí i gcoinnibh an liosta san de thoghthóirí no an liosta san d'éilitheoirí (pe'ca aca é) a foillseofar fé sna rialacha so.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an t-oifigeach clárathachta agóid fén riail seo cuirfidh an t-oifigeach clárathachta fógra i dtaobh na hagóide sin, tríd an bpost no ar aon tslí eile, chun an té le n-a mbaineann an agóid sin.

(3) Féadfaidh an t-oifigeach clárathachta pé fiosrú is dó leis is gá do dhéanamh i dtaobh ainme no ráitis ar bith i liost de thoghthóirí no i liost d'éilitheoirí.

Eilithe agus agóidí do bhreithniú agus rialú ina dtaobh.

13. (1) Chó luath agus is féidir é tar éis an lae bheidh orduithe mar lá deiridh chun agóidí i gcoinnibh an chéad liosta d'éilitheoirí do chur chun an oifigigh chlárathachta, breithneoidh an t-oifigeach clárathachta gach éileamh, ar chlárú sa chéad chlár, a cuirfear chuige do réir na rialacha so agus gach agóid a cuirfear chuige do réir na rialacha so no a dhéanfa sé féin fé sna rialacha so i gcoinnibh an chéad liosta d'éilitheoirí agus rialóidh i dtaobh gach éilimh no agóide acu san.

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis an chéad 26adh lá de Mhárta tar éis liost de thoghthóirí d'fhoillsiú breithneoidh an t-oifigeach clárathachta gach éileamh agus agóid a cuirfear chuige do réir na rialacha so i dtaobh an liosta san de thoghthóirí agus gach agóid a cuirfear chuige do réir na rialacha so i gcoinnibh an liosta d'éilitheoirí bhaineann leis an liost san de thoghthóirí agus gach agóid a dhéanfa sé féin i gcoinnibh an liosta san de thoghthóirí no an liosta san d'éilitheoirí, agus rialóidh i dtaobh gach éilimh no agóide acu san agus déanfaidh pé ceartú (más ann do) sa liost san de thoghthóirí do chífear do bheith riachtanach de dhruim an rialuithe sin.

(3) Nuair a bheidh sé ag breithniú éilimh no agóide agus ag rialú i dtaobh éilimh no agóide bhaineann le duine gur chun aon ghnó, gairm, trádáil, déantóireacht no slí bheatha eile cheannaíochta no tionnscail do dhéanamh no do chleachta inti bheidh sé no adéarfa sé no go n-abrófar ina thaobh go bhfuil sé i seilbh coda d'áitreabh, breithneoidh an t-oifigeach clárathachta cadé an cion, de luacháil an áitreibh sin fé sna hAchtanna Luachála, is ionchurtha le cothrom i leith na coda dhe bheidh ar seilbh ag an duine sin chun na críche sin agus, nuair is gá é, rialóidh i dtaobh na ceana san.

(4) Sara rialóidh an t-oifigeach clárathachta i dtaobh éilimh no agóide ar bith, bhéarfaidh, más dó leis agus pé uair is dó leis gur gá no gur fearr san, don té do rinne an t-éileamh san no an agóid sin (marab agóid í do rinne an t-oifigeach clárathachta féin) agus, i gcás agóide (agus agóid do rinne an t-oifigeach clárathachta féin d'áireamh), don té le n-a mbaineann an agóid sin caoi ar éisteacht d'fháil i dtaobh an éilimh no na hagóide sin (pe'ca aca é) agus éistfidh agus breithneoidh pé ní bheidh le rá ag aon duine den tsórt san leis.

(5) Féadfaidh an t-oifigeach clárathachta pé fiosrú is dó leis is ceart do dhéanamh i dtaobh éilimh no agóide ar bith a cuirfear chuige fé sna rialacha so agus a bhaineann leis an gcéad chlár no le haon liost de thoghthóirí.

Athchomhairc i gcoinnibh rialuithe an oifigigh chlárathachta.

14. (1) Pé uair a rialóidh an t-oifigeach clárathachta i dtaobh éilimh no agóide déanfaidh, laistigh de thrí lá tar éis an rialuithe do dhéanamh, más rialú bhaineann leis an gcéad chlár é no, más aon rialú eile é, laistigh de sheacht lá tar éis a dhéanta, fógra sa bhfuirm orduithe i dtaobh an rialuithe sin do thabhairt don té do rinne an t-éileamh san no an agóid sin (marab agóid í do rinne an t-oifigeach clárathachta féin) agus más rialú i bhfabhar agóide é (ar a n-áirítear agóid do rinne an t-oifigeach clárathachta féin), bhéarfaidh an fógra san don té le n-a mbaineann an agóid sin.

(2) Duine gur mian leis athchomharc i gcoinnibh rialuithe do rinne an t-oifigeach clárathachta i dtaobh éilimh no agóide, bhéarfaidh don oifigeach chlárathachta, laistigh de chúig lá tar éis an fhógra san i dtaobh an rialuithe sin d'fháil do, fógra (dá ngairmtear fógra athchomhairc sa riail seo) sa bhfuirm orduithe á cheangal ar an oifigeach clárathachta cás d'aithris chun barúil na Cúirte Cuarda d'fháil ar an rialú san agus ag luadh na nithe gur gá barúil na Cúirte sin d'fháil ortha.

(3) Duine ar bith do bhéarfaidh don oifigeach chlárathachta fógra athchomhaire fén riail seo i gcoinnibh rialuithe i dtaobh agóide, déanfaidh san am gcéanna cóip den fhógra san do thabhairt don té do rinne an agóid sin no le n-a mbaineann an agóid sin (pe'ca aca is gá sa chás).

(4) Pé uair do gheobhaidh an t-oifigeach clárathachta fógra athchomhairc fén riail seo déanfaidh, chó luath is bheidh san caothúil, cás d'aithris agus do chur chun an chlárathóra chontae don Chathair chun barúil na Cúirte Cuarda d'fháil air agus na dátáin a bhaineann leis an scéal curtha síos ann fé mar a bheid cruthuithe chun a shástachta agus na nithe gur mian barúil na Cúirte sin d'fháil ortha luaidhte ann do réir an fhógra athchomhairc sin.

(5) Nuair a bheidh an t-oifigeach clárathachta ag cur cáis aithriste fén riail seo chun an chlárathóra chontae don Chathair cuirfidh chun an chlárathóra san i dteanta an cháis sin na bunscríbhinní go léir a bhaineann leis an scéal no cóipeanna dhíobh (pe'ca aca is gá sa chás).

An clár do chríochnú agus d'fhoillsiú.

15. (1) Ar no roimh an lá orduithe déanfaidh an t-oifigeach clárathachta an chéad chlár d'ullamhú agus do chríochnú as an gcéad liost d'éilitheoirí, as na hagóidí do cuireadh chuige i gcoinnibh an liosta san do réir na rialacha so, as na hagóidí do rinne sé féin i gcoinnibh an liosta san fé sna rialacha so, agus as na rialuithe do rinne sé i dtaobh na n-éilithe sa liost san agus na n-agóidí sin, agus foillseoidh an clár san.

(2) Ar no roimh an 1adh lá de Mheitheamh roimh thoghachán Chathrach (seachas an chéad toghachán Cathrach) críochnóidh an t-oifigeach clárathachta obair cheartuithe an liosta de thoghthóirí do hullamhuíodh i gcóir an chláir don toghachán san agus déanfa sé clár don toghachán san den liost san agus foillseoidh an clár san.

Foillsiú an chláir.

16. (1) Déanfar clár d'fhoillsiú chun crícheanna na rialacha so tré fhógra d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil á rá go bhfuil cóip den chlár san le feiscint chun a iniúchta le linn ama ghnótha in oifig an oifigigh chlárathachta agus tré n-a leithéid chéanna d'fhógra do chur in áirde lasmuich, ar dhoras na hoifige sin no comhgarach do.

(2) Déanfaidh an t-oifigeach clárathachta cóip de gach clár a foillseofar fé sna rialacha so do chur chun an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí díreach tar éis a fhoillsithe agus déanfaidh ina dhiaidh sin achmaireacht ar a mbeidh sa chlár san do chur chun an Aire sin i pé tráthanna agus i pé fuirm agus pé mion-innste inti ordóidh an tAire.

(3) Cimeádfadh an t-oifigeach clárathachta ina oifig ar feadh na tréimhse orduithe cóip den chlár a bheidh de thurus na huaire ar an gclár is déanaí do foillsíodh fén Acht so agus i rith na tréimhse sin ceadóidh d'éinne an chóip sin d'iniúcha in aisce san oifig sin le linn ama ghnótha agus bhéarfaidh do dhuine ar bith, ar íoc na táille orduithe, cóip den chlár san no d'aon chuid no coda dhe iarrfaidh an duine sin.

Foillsiú scríbhinní.

17. (1) Nuair a ceangailtear ar an oifigeach clárathachta leis na rialacha so scríbhinn ar bith d'fhoillsiú agus gan aon fhoráil áirithe do bheith leagtha amach i dtaobh na slí ina bhfoillseofar í, foillseoidh sé an scríbhinn tré chóipeanna dhi do chur ar fáil ina oifig chun a n-iniúchta agus, más oiriúnach leis é, in aon tslí eile is dó leis do bheadh go maith chun na scríbhinne do thabhairt fé shúil na ndaoine le n-a mbaineann.

(2) Má deintear faillí ar bith i scríbhinn d'fhoillsiú do réir na rialacha so ní bheidh an scríbhinn nea-dhleathach dá dheascaibh sin, ach ní shaorfaidh an fhoráil seo an t-oifigeach clárathachta o phionós ar bith a ghabhann leis an bhfaillí sin.

Fuirmeacha éilimh agus agóide.

18. Bhéarfaidh an t-oifigeach clárathachta fuirmeacha éilimh agus fuirmeacha agóide in aisce do dhuine ar bith iarrfaidh air iad.

An tslí chun fógraí, etc., do chur isteach.

19. (1) Aon fhógra, éileamh, agóid, no scríbhinn eile éilíonn no údaruíonn na rialacha so do thabhairt don oifigeach chlárathachta no do chur chuige féadfar a thabhairt do no a chur chuige tré n-a chur tríd an bpost roimh-íoctha fé sheola an oifigigh chlárathachta ina oifig.

(2) Aon fhógra no scríbhinn eile go n-éilítear ar an oifigeach clárathachta no go n-údaruítear do, leis na rialacha so, é do chur chun éinne no do thabhairt d'éinne, féadfar a chur chun an duine sin no a thabhairt do tré n-a chur tríd an bpost roimh-íoctha fé sheola an duine sin san áit chomhnaithe no san áit ghnótha is déanaí is eol don oifigeach chlárathachta do bheith aige.