|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (DARA SCEIDEAL. Toghachain do Stiura.) |
ACHT TOGHACHÁIN (LUCHT CEANNAÍOCHTA BHAILE ÁTHA CLIATH), 1930
| [EN] | ||
| [EN] |
TRIU SCEIDEAL. Comhreamh na Votanna. | |
| [EN] | 1. (1) Nuair a bheidh na páipéirí ballóide measctha do réir na Rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, déanfaidh an ceann comhrimh, tar éis diúltú d'aon chuid acu bheidh nea-dleathach, a chur fé ndeár go ndéanfar beartanna de sna páipéirí ballóide do réir na bpríomh-roghna do breacadh do gach iarrthóir. | |
| [EN] | (2) Déanfaidh an ceann comhrimh ansan an méid páipéirí bheidh i ngach beart do chomhreamh, agus cuirfe sé i leith gach iarrthóra oiread vótanna agus bheidh ann de pháipéirí dleathacha ar ar breacadh príomh-rogha don iarrthóir sin, agus déanfa sé amach uimhir lán-iomlán na bpáipéirí dleathacha go léir. | |
| [EN] | 2. Déanfaidh an ceann comhrimh ansan uimhir lán-iomlán na bpáipéirí dleathacha go léir do roinnt ar uimhir a bheidh aon thar uimhir na bhfolúntaisí bheidh le líona. An uimhir a bheidh aon thar tora na roinne sin, gan aon iarmhar briste do bhac, isí sin uimhir vótanna is leor chun iarrthóir do thogha. An “quota” tugtar ar an uimhir seo anso. | |
| [EN] | 3. Más ionann agus an quota, no más mó ná an quota, an méid vótanna bheidh curtha i leith iarrthóra i ndoire aon chomhrimh, tuigfear an t-iarrthóir sin do bheith toghtha. | |
| [EN] | 4. (1) Más mó ná an quota an méid vótanna bheidh curtha i leith iarrthóra i ndeire aon chomhrimh aistreofar an barrachas do réir forálacha na rialach so chun an iarrthóra leanúnaigh no na n-iarrthóirí leanúnacha a taisbeántar ar na páipéirí ballóide i mbeart no i bhfo-bheart an iarrthóra thoghtha, do réir na gcéad roghna infheadhma eile do breacadh ortha. | |
| [EN] | (2) (a) Más bun-vótanna amháin na vótanna do cuireadh i leith iarrthóra thoghtha scrúdóidh an ceann comhrimh gach páipeur i mbeart an iarrthóra thoghtha 'na mbeidh a bharrachas len’ aistriú agus déanfa sé fo-bheartanna de sna páipéirí ionaistrithe do réir na gcéad roghna infheadhma eile do breacadh ortha. | |
| [EN] | (b) Más bun-vótanna agus vótanna aistrithe, no más vótanna aistrithe amháin, na vótanna do cuireadh i leith iarrthóra thoghtha, scrúdóidh an ceann comhrimh na páipéirí bheidh sa bhfo-bheart is déanaí do fuair an t-iarrthóir toghtha agus, de sna páipéirí ionaistrithe bheidh ann, déanfaidh sé tuille fo-bheartanna do réir na gcéad roghna infheadhma eile do breacadh ortha. | |
| [EN] | (c) I gceachtar de sna cásanna dá dtagartar i míreanna (a) agus (b) den fho-riail seo déanfaidh an ceann comhrimh fo-bheart fé leith de sna páipéirí neamh-ionaistrithe, agus déanfa sé amach an méid páipéirí bheidh i ngach fo-bheart de pháipéirí ionaistrithe, agus sa bhfo-bheart de pháipéirí neamh-ionaistrithe. | |
| [EN] | (3) Más ionann an barrachas agus lán-uimhir na bpáipéirí sna fo-bheartanna de pháipéirí ionaistrithe, no más mó ná san é, aistreoidh an ceann comhrimh gach fo-bheart de pháipéirí ionaistrithe chun an iarrthóra leanúnaigh a taisbeántar ortha mar chéad rogha infheadhma eile ag na vótálaithe: | |
| [EN] | Ach nuair is mó an barrachas ná an lán-uimhir sin déanfar fobheart d'oiread páipéirí neamh-ionaistrithe agus bheidh có-ionann leis an deifríocht idir an lán-uimhir sin agus an barrachas agus cuirfear i leataoibh na páipéirí bheidh sa bhfo-bheart san agus ní bacfar iad a thuille agus chun crícheanna Riail 9 gairmfear páipéirí neamh-ionaistrithe neamh-éifeachtúla dhíobh agus déanfar fo-bheart den fhuigheall de pháipéirí neamh-ionaistrithe, leis, agus cuirfear iad le páipéirí an iarrthóra tuigfear do bheith toghtha. | |
| [EN] | (4) (a) Más lugha an barrachas ná lán-uimhir na bpáipéirí ionaistrithe, aistreoidh an ceann comhrimh, as gach fo-bheart de pháipéirí ionaistrithe, chun an iarrthóra leanúnaigh a taisbeántar ortha mar chéad rogha infheadhma eile ag na vótálaithe, aistreoidh sé an uimhir sin de pháipéirí 'na mbeidh idir í agus an méid páipéirí bheidh sa bhfo-bheart an cothrom céanna bheidh idir an barrachas agus lán-uimhir na bpáipéirí ionaistrithe. | |
| [EN] | (b) Tré uimhir pháipéirí an fho-bhirt d'iomadú fé uimhir an bharrachais agus an tora do roinnt ar lán-uimhir na bpáipéirí ionaistrithe iseadh déanfar amach cé méid páipeur a bheidh len' aistriú as gach fo-bheart. Déanfar nóta de sna hiarmhair, má bhíd ann, i ngach tora roinne déanfar amach i dtaobh gach iarrthóra. | |
| [EN] | (c) Má thagann as a leithéidí sin d'iarmhair do bheith ann gur lugha ná an barrachas an méid páipéirí bheidh len’ aistriú, tógfar do réir ord a méide, ón gceann is mó anuas, oiread de sna hiarmhair seo agus is gá chun an lán-uimhir de pháipéirí bheidh len' aistriú do dhéanamh có-ionann leis an mbarrachas, agus áireofar ina n-aon iad agus geobhfar thar an gcuid eile de sna hiarmhair. | |
| [EN] | Más có-mhéid dhá iarmhar no breis tuigfear an t-iarmhar san eireoidh as an bhfo-bheart is mó, tuigfear é do bheith ar an iarmhar is mó, agus más có-mhéid na fo-bheartanna san, bhéarfar tosaíocht don iarrthóir is mó fuair bun-vótanna. I gcás uimhreacha na mbun-vótanna san do bheith có-mhéid, féachfar cé méid vóta ar fad do cuireadh i leith na n-iarrthóirí sin, sa chéad chomhreamh ina raibh uimhir neamh-ionann de vótanna aca, agus an t-iarmhar do cuireadh i leith an iarrthóra ba líonmhaire vóta sa chomhreamh san tuigfear é do bheith ar an iarmhar is mó. I gcás ionannas vótanna do bheith curtha i leith na n-iarrthóirí sin i ngach comhreamh cinnfidh an ceann comhrimh le crannchur ce'ca iarmhar a tuigfear do bheith ar an iarmhar is mó. | |
| [EN] | (d) Isiad páipéirí áirithe bheidh len’ aistriú as gach fo-bheart ná na cinn is déanaí do cuireadh sa bhfo-bheart agus déanfar gach páipeur a haistreofar amhlaidh do mharcáil, do stampáil no do pholla ar chuma thaisbeánfaidh uimhir an chomhrimh ina ndearnadh an t-aistriú. | |
| [EN] | (5) Déanfar barrachas eireoidh i ndeire comhrimh ar bith d'aistriú roimh bharrachas eireoidh i gcomhreamh ina dhiaidh sin: Ach— | |
| [EN] | (a) ní fhágann san gur gá don cheann chomhrimh barrachas iarrthóra thoghtha d'aistriú nuair is lugha an barrachas san, maraon le haon bharrachas eile neamh-aistrithe, ná an deifríocht idir na vótanna do cuireadh i leith an dá iarrthóir leanúnacha is ísle; | |
| [EN] | (b) barrachas a bheidh chó mór leis an deifríocht no níos mó ná an deifríocht a bheidh idir na vótanna do cuireadh i leith an dá iarrthóir is ísle aistreofar é roimh aon bharrachas is lugha ná an deifríocht san; | |
| [EN] | (c) má bhíonn dhá bharrachas ann no breis, agus gach ceann aca níos lugha ná an deifríocht a bheidh idir na vótanna do cuireadh i leith an dá iarrthóir is ísle, isé an barrachas is mó dhíobh is túisce a haistreofar agus san gan féachaint don chomhreamh as ar eirigh sé. | |
| [EN] | (6) Nuair eireoidh dhá bharrachas no breis as an aon chomhreamh amháin is leis an gceann is mó dhíobh is túlsce deighleálfar agus deighleálfar leis na cinn eile de réir ord a méide. | |
| [EN] | (7) Más ionann barrachas do gach duine de bheirt iarrthóirí no breis agus san ag eirghe as an aon chomhreamh amháin féachfar cé méid bun-vóta fuair gach iarrthóir fé leith, agus is le barrachas an iarrthóra is líonmhaire bun-vóta ina leith is túisce deighleálfar. | |
| [EN] | I gcás ionannas idir na bun-vótanna san, féachfar cé méid vóta ar fad do cuireadh i leith na n-iarrthóirí sin sa chéad chomhreamh ina raibh neamh-ionannas vótanna eatorra, agus is le barrachas an iarrthóra is líonmhaire vóta sa chomhreamh san is túisce deighleálfar. | |
| [EN] | I gcás ionannas vótanna do bheith curtha i leith na n-iarrthóirí sin i ngach comhreamh, cinnfidh an ceann comhrimh le crannchur ce'ca barrachas díobh is túisce le n-a ndeighleálfa sé. | |
| [EN] | 5. (1) Má ráiníonn aon uair gan barrachas do bheith ag aon iarrthóir in aon chor (no, fén Riail seo roimhe seo, gan gá do bheith le barrachas a bheidh ann d'aistriú agus é d'fhanúint gan aistriú) agus go mbeidh folúntas no folúntaisí gan líona, déanfaidh an ceann comhrimh an t-iarrthóir is lugha líon vótanna do chur as agus páipéirí uile an iarrthóra san do scrúdú, agus fobheartanna do dhéanamh de sna páipéirí ionaistrithe do réir na gcéad roghna infheadhma eile do breacadh ortha d'iarrthóirí leanúnacha, agus gach fo-bheart d'aistriú chun an iarrthóra dar breacadh an rogha san, agus fo-bheart fé leith do dhéanamh de sna páipéirí neamh-ionaistrithe. Cuirfear na páipéirí neamhionaistrithe i leataoibh mar pháipéirí 'na bhfuiltear réidh ar fad leo agus chun crícheanna an Dara Sceidil a ghabhann leis an Acht so gairmfear páipéirí neamh-ionaistrithe neamh-éifeachtúla dhíobh. | |
| [EN] | (2) I gcás iomlán vótanna na beirte iarrthóirí no breis is ísle, mar aon le haon bharrachas neamh-aistrithe, do bheith fé bhun an méid vótanna do cuireadh i leith an chéad iarrthóra eile is aoirde, féadfaidh an ceann comhrimh, d'aon iarracht amháin, na hiarrthóirí sin do chur as agus a vótanna d'aistriú do réir na rialach so. | |
| [EN] | (3) Nuair nach foláir fén riail seo iarrthóir do chur as, agus a bheidh beirt iarrthóirí no breis có-líonmhar vótanna agus iad ar deire, féachfar cé méid bun-vóta do cuireadh i leith gach iarrthóra dhíobh san, agus cuirfear as an t-iarrthóir is lugha líon bun-vótanna, agus i gcás ionannas bun-vótanna eatorra, féachfar cé méid vóta ar fad do cuireadh i leith na n-iarrthóirí sin sa chéad chomhreamh ina raibh neamh-ionannas vótanna eatorra agus cuirfear as an t-iarrthóir ba lugha líon vótanna sa chomhreamh san, agus, i gcás ionannas vótanna do bheith curtha i leith na n-iarrthóirí sin i ngach comhreamh, cinnfidh an ceann comhrimh le crannchur ce'ca dhíobh a cuirfear as. | |
| [EN] | 6. (1) Pé uair a déanfar aon aistriú fé aon riail díobh san roimhe seo, déanfar gach fo-bheart de pháipéirí do haistríodh do chur ar bharr an bhirt, má bhíonn ann, de pháipéirí a bheidh ag an iarrthóir go ndearnadh an t-aistriú chuige, agus cuirfear i leith an iarrthóra san oiread vótanna agus do haistríodh chuige de pháipéirí. | |
| [EN] | (2) Má bhíonn barrachas ag iarrthóir tar éis aon aistrithe, deighleálfar leis an mbarrachas san do réir agus fé réim na bhforálacha atá i riail 4 sara gcuirfear aon iarrthóir eile as. | |
| [EN] | 7. (1) Nuair is có-líonmhar na hiarrthóirí leanúnacha agus na folúntaisí fhanfaidh gan líona, tuigfear ansan na hiarrthóirí leanúnacha do bheith toghtha. | |
| [EN] | (2) Nuair ná beidh ach aon fholúntas amháin gan líona, agus a bheidh vótanna aon iarrthóra leanúnaigh amháin éigin níos líonmhaire ná iomlán vótanna uile na n-iarrthóirí leanúnacha eile, maraon le haon bharrachas neamh-aistrithe, tuigfear ansan an t-iarrthóir sin do bheith toghtha. | |
| [EN] | (3) Nuair is féidir na folúntaisí deiridh do líona fén riail seo, ní gá aon aistriú eile vótanna do dhéanamh. | |
| [EN] | 8. (1) I ndeire aon chomhrimh féadfaidh aon iarrthóir no a ghníomhaire a iarraidh ar an gceann comhrimh gach ceann no aon cheann de sna páipéirí le n-ar deighleáladh le linn an chomhrimh sin d'ath-scrúdú agus d'ath-chomhreamh agus déanfaidh an ceann comhrimh dá réir sin na páipéirí do luadhadh leis d'athscrúdú agus d'ath-chomhreamh láithreach gan aon atharú do dhéanamh ar chóiriú na bpáipéirí sna beartanna éagsamhla, ach amháin i gcás a leithéid sin d'atharú do bheith riachtanach de dheascaibh aon earráide do nochtadh san ath-chomhreamh. Féadfaidh an ceann comhrimh, leis, más maith leis é, páipéirí d'ath-chomhreamh aon uair amháin no níos minicí in aon chás ná beidh sé sásta i dtaobh aon chomhreamh áirithe do bheith déanta go cruinn: Ach ní chuirfidh éinní anso d'oblagáid ar an gceann comhrimh an t-aon bheart amháin páipéirí d'ath-chomhreamh níos mó ná aon uair amháin. | |
| [EN] | (2) I gcás achuinghe toghacháin beidh ar chomhacht de chomhachta na Cúirte no an bhinse eile a ordú go ndéanfar na páipéirí ballóide go léir no aon chuid aca d'ath-chomhreamh, agus tora an toghacháin do dhéanamh amach do réir na rialacha so. | |
| [EN] | (3) In aon ath-chomhreamh den tsórt san, geobhaidh gach páipeur an cúrsa céanna do ghaibh sé sa chéad chomhreamh vótanna ach amháin go ndéanfar an gnó fé réim pé atharuithe is gá do dhéanamh de dheascaibh aon orduithe bheidh déanta ag an gCúirt no ag an mbinse eile. | |
| [EN] | 9. (1) Má eiríonn aon cheist i dtaobh aon iarrthóir do chur as fé riail 5 no i dtaobh aon aistriú vótanna, ní bheidh dul thar breith an chinn chomhrimh, pe'ca é féin no a ghníomhartha adéarfaidh an bhreith sin, mara ndéanfaidh aon iarrthóir no a ghníomhaire agóid i scríbhinn agus foras na hagóide ráite inti do thabhairt don cheann chomhrimh roimh fhógairt tora na vótaíochta, agus sa chás san féadfar breith an chinn chomhrimh do chlaochló de dheascaibh achuinghe toghacháin. | |
| [EN] | (2) Má claochluítear amhlaidh aon bhreith dá dtabharfaidh an ceann comhrimh beidh gan bhrí an t-aistriú bheidh i gceist agus gach oibriú do lean é agus féadfaidh an chúirt no an binse eile a ordú cadé an t-aistriú bheidh le déanamh in ionad an aistrithe sin i gceist, agus féadfa sí a chur fé ndeár go ndéanfar na hoibrithe bheidh le déanamh i ndiaidh an aistrithe, agus go ndéanfar amach tora an toghacháin do réir na rialacha so. | |
| [EN] | 10. Sna rialacha so— | |
| [EN] | (1) Cialluíonn an abairt “iarrthóir leanúnach” aon iarrthóir ná tuigfear bheith toghtha agus ná beidh curtha as. | |
| [EN] | (2) Cialluíonn an focal “príomh-rogha” an figiuir “1” ina aonar; cialluíonn an abairt “dara rogha” an figiuir “2” ina aonar i ndiaidh an fhigiúra “1,” agus cialluíonn an abairt “treas rogha” an figiuir “3” ina aonar i ndiaidh na bhfigiuirí “1” agus “2” os coinne ainm aon iarrthóra, agus mar sin de. | |
| [EN] | (3) Cialluíonn an abairt “an chéad rogha infheadhma eile” dara rogha no rogha ina dhiaidh sin do breacadh ar ord leanúnach uimhreach d'iarrthóir leanúnach, gan áird do thabhairt ar an gcéad rogha eile, do réir úird, ar an bpáipeur ballóide d'iarrthóirí tuigfear cheana do bheith toghtha no curtha as. | |
| [EN] | (4) Cialluíonn an abairt “páipeur ionaistrithe” páipeur ballóide ar a mbeidh, tar éis príomh-rogha, dara rogha no rogha ina dhiaidh sin breactha ar ord leanúnach uimhreach d'iarrthóir leanúnach. | |
| [EN] | (5) Cialluíonn an abairt “páipeur neamh-ionaistrithe” páipeur ballóide ná beidh aon dara rogha ná rogha ina dhiaidh sin breactha air d'iarrthóir leanúnach: | |
| [EN] | Ach tuigfear páipeur do bheith iompuithe ina pháipeur neamhionaistrithe— | |
| [EN] | (a) pé uair a bheidh ainmneacha beirt iarrthóirí no breis (pe'ca iarrthóirí leanúnacha iad no nách eadh) marcálta leis an aon uimhir amháin agus gurb iad is túisce arís san ordú roghnachta; no | |
| [EN] | (b) pé uair a bheidh ainm an iarrthóra is túisce arís san ordú roghnachta (pe'ca iarrthóir leanúnach é no nách eadh) marcálta— | |
| [EN] | (i) le huimhir ná leanfaidh go có-leantach i ndiaidh uimhreach éigin eile ar an bpáipeur ballóide; no | |
| [EN] | (ii) le dhá uimhir no breis; no | |
| [EN] | (c) pé uair a bheidh sé gan brí de dheascaibh dabhta. | |
| [EN] | (6) Cialluíonn an focal “bun-vóta,” i dtaobh aon iarrthóra, vóta do fuarthas o pháipeur bhallóide ar ar breacadh príomhrogha don iarrthóir sin. | |
| [EN] | (7) Cialluíonn an abairt “vóta aistrithe,” i dtaobh aon iarrthóra, vóta do fuarthas o pháipeur bhallóide ar ar breacadh dara rogha no rogha ina dhiaidh sin don iarrthóir sin. | |
| [EN] | (8) Cialluíonn an focal “barrachas” an méid thar an quota bheidh líon na vótanna go léir, idir bhun-vótanna agus vótanna aistrithe, a cuirfear i leith aon iarrthóra. | |
| [EN] | (9) Cialluíonn an focal “comhreamh”— | |
| [EN] | (a) gach ní is gá do dhéanamh i gcomhreamh na bpríomhroghna bheidh breactha d'iarrthóirí; no | |
| [EN] | (b) gach ní is gá do dhéanamh chun barrachas iarrthóra thoghtha d'aistriú; no | |
| [EN] | (c) gach ní is gá do dhéanamh chun vótanna iarrthóra bheidh curtha as d'aistriú. | |
| [EN] | (10) Cialluíonn an abairt “tuigfear . . . do bheith toghtha” go dtuigfear . . . do bheith toghtha chun críche an chomhrimh vótanna, ach gan dochar d'fhógairt tora na vótaíochta. | |
| [EN] | (11) Cialluíonn an abairt “cinnfidh . . . le crannchur” cinne do réir na treorach so leanas:—Déanfar ainmneacha na n-iarrthóirí le n-a mbaineann an gnó do scríobh ar bhlúiríocha cosúla páipéir, agus na blúiríocha san d'fhille i dtreo ná haithneofar thar a chéile iad agus iad do mheasca agus do tharrac gan eagar gan ordú, agus ansan déanfar an t-iarrthóir no na hiarrthóirí bheidh le cur as do chur as ar an ordú san ina dtarraiceofar a n-ainmneacha agus, i gcásanna barrachaisí, déanfar na barrachaisí d'aistriú ar an ordú san ina dtarraiceofar na hainmneacha, |