An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IX. Comhachta Generalta an Aire.) Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Na Bailecheanntair Sceidealta.)

29 1930

ACHT OIDEACHAIS GHAIRME BEATHA, 1930

CUID X.

Ilghneitheach.

Socrú speisialta i dtaobh Bhaile Atha Cliath agus Chorcaighe.

117. —(1) San alt so—

cialluíonn an abairt “Acht Bhaile Atha Cliath” an t Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) ;

cialluíonn an abairt “Bárdas na Cathrach” Tiarna Méara Ró-onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn an abairt “Bárdas na Buirge” Bárdas Dhún Laoghaire;

cialluíonn an abairt “líomatáiste oideachais ghairme beatha na Cathrach” an líomatáiste oideachais ghairme beatha atá cótheoranta le contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn an abairt “coiste oideachais ghairme beatha na Cathrach” an coiste oideachais ghairme beatha do líomatáiste oideachais ghairme beatha na Cathrach;

cialluíonn an abairt “líomatáiste oideachais ghairme beatha na Buirge” an líomatáiste oideachais ghairme beatha atá cótheoranta le Buirg Dhún Laoghaire;

cialluíonn an abairt “coiste oideachais ghairme beatha na Buirge” an coiste oideachais ghairme beatha do líomatáiste oideachais ghairme beatha na Buirge;

cialluíonn an abairt “líomatáiste oideachais ghairme beatha na Contae” an líomatáiste oideachais ghairme beatha atá cótheoranta le Contae Bhaile Atha Cliath lasmuich de Bhuirg Dhún Laoghaire;

cialluíonn an abairt “coiste oideachais ghairme beatha na Contae” an coiste oideachais ghairme beatha do líomatáiste oideachais ghairme beatha na Contae;

tá ag an abairt “an tuathlíomatáiste có-cheangailte” an bhrí a tugtar di le halt 1 d'Acht Bhaile Atha Cliath.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le feidhmiú an Achta so i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, sé sin le rá:—

(a) na líomatáistí gurb iad bailecheanntar Phembróc agus bailecheanntar Ráth Maonas agus Ráth Garbh iad fé seach le linn an Achta so do rith, tuigfear chun crícheanna an Achta so iad do bheith laistigh agus ina gcuid de chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath o am an Achta so do rith;

(b) do réir Acht Bhaile Atha Cliath tiocfaidh an tuathlíomatáiste có-cheangailte chun bheith laistigh agus beidh ina chuid de chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus ón lá san amach;

(c) le linn tagairtí san Acht so (agus an t-alt so d'áireamh) do chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, pe'ca go sonnrách no mar cheann de sna chontae-bhuirgí i gcoitinne, do léiriú, féachfar d'fhorálacha mír (a) den fho-alt so agus fós do sna forálacha d'Acht Bhaile Atha Cliath tré n-a dtiocfaidh an tuathlíomatáiste cócheangailte chun bheith laistigh agus tré n-a mbeidh ina chuid de chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus ón lá san amach;

(d) le linn na scéime bliantúla do líomatáiste oideachais ghairme beatha na Cathrach do bheith á hullamhú, á breithniú agus á ceadú i gcóir na bliana airgeadais áitiúla dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1931, féachfar don ní seo, eadhon, go mbeidh an tuathlíomatáiste có-cheangailte laistigh de chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath an bhliain sin;

(e) ní bhainfidh alt 24 d'Acht Bhaile Atha Cliath le hoifigeach ar bith, do chomhairle bhailecheanntair Phembróc no do chomhairle bhailecheanntair Ráth Maonas agus Ráth Garbh no do choiste de cheachtar comhairle acu san, a haistreofar, leis an Acht san, chun seirbhíse Bárdais na Cathrach agus a haistreofar ina dhiaidh sin, leis an Acht so, chun seirbhíse coiste oideachais ghairme beatha na Cathrach agus ina ionad san achtuítear leis seo, faid a bheidh gach oifigeach den tsórt san i seirbhís Bhárdais na Cathrach de bhua a aistrithe chuige amhlaidh, go gcolíonfa sé na dualgaisí céanna do chólíonadh sé agus go mbeidh teideal aige chun an luach saothair agus an tsochair oifige chéanna agus chun na gcoiníollacha gcéanna seirbhíse chun a raibh teideal aige, i seirbhís na comhairle no an choiste sin, díreach sarar haistríodh uaithi amhlaidh é;

(f) ar feadh na tréimhse idir an lá is lá ceaptha chun crícheanna Acht Bhaile Atha Cliath agus an lá is lá ceaptha chun crícheanna Cuid VII den Acht so, riarfaidh Bárdas na Cathrach féin, gan idirtheacht aon choiste, na seirbhísí bheidh aistrithe, ar an lá ceaptha deiridh sin a luaidhtear, chun coiste oideachais ghairme beatha na Cathrach de bhua an Achta so;

(g) ní bhainfidh fo-ailt (1) agus (2) d'alt 40 d'Acht Bhaile Atha Cliath le baill choiste oideachais ghairme beatha na Cathrach do thogha;

(h) ag céad chruinniú coiste oideachais ghairme beatha na Cathrach gníomhóidh an té is Bainisteoir Cathrach agus Bailechléireach Bhaile Atha Cliath mar rúnaí don choiste sin.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le feidhmiú an Achta so i mBuirg Dhún Laoghaire, sé sin le rá:—

(a) chun crícheanna an Achta so tuigfear Buirg Dhún Laoghaire do theacht ar bith ar an Acht so do rith;

(b) ní bhainfidh alt 24 d'Acht Bhaile Atha Cliath le hoifigeach ar bith, do chomhairle bhailecheanntair na Carraige Duibhe no do chomhairle bhailecheanntair Dhún Laoghaire no do chomhairle bhailecheanntair Dheilginse no d'aon choiste d'aon chomhairle acu san, a haistreofar, leis an Acht san, chun seirbhíse Bárdais na Buirge agus a haistreofar ina dhiaidh sin, leis an Acht so, chun seirbhíse coiste oideachais ghairme beatha na Buirge agus ina ionad san achtuítear leis seo, faid a bheidh gach oifigeach den tsórt san i seirbhís Bhárdais na Buirge de bhua a aistrithe chuige amhlaidh, go gcólíonfa sé na dualgaisí céanna do chólíonadh sé agus go mbeidh teideal aige chun an luach saothair agus an tsochair oifige chéanna agus chun na gcoiníollacha gcéanna seirbhíse chun a raibh teideal aige, i seirbhís na comhairle no an choiste sin, díreach sarar haistríodh uaithi amhlaidh é;

(c) ar feadh na tréimhse idir an lá is lá ceaptha chun crícheanna Acht Bhaile Atha Cliath agus an lá is lá ceaptha chun crícheanna Cuid VII den Acht so, riarfaidh Bárdas na Buirge féin, gan idirtheacht aon choiste, na seirbhísí i mBuirg Dhún Laoghaire (lasmuich den líomatáiste gurb é bailecheanntar Chill Inghean Léinín agus Bhaile Bhric é le linn an Achta so do rith) a bheidh aistrithe, ar an lá ceaptha deiridh sin a luaidhtear, chun coiste oideachais ghairme beatha na Buirge de bhua an Achta so;

(d) ní bhainfidh alt 48 d'Acht Bhaile Atha Cliath le baill choiste oideachais ghairme beatha na Buirge do thogha;

(e) ag céad chruinniú coiste oideachais ghairme beatha na Buirge gníomhóidh an té is Bainisteoir Buirge agus Bailechléireach Dhún Laoghaire mar rúnaí don choiste sin.

(4) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le feidhmiú an Achta so i gcontae Bhaile Atha Cliath, sé sin le rá:—

(a) ní bhainfidh alt 20 d'Acht Bhaile Atha Cliath le hoifigeach ar bith, do chomhairle chontae Bhaile Atha Cliath no d'aon chó-choiste den chomhairle sin agus de chomhairle bhailecheanntair, a haistreofar leis an Acht so chun seirbhíse coiste oideachais ghairme beatha na Contae;

(b) le linn tagairtí san Acht so (agus an t-alt so d'áireamh) do Chontae Bhaile Atha Cliath pe'ca go sonnrách no mar cheann de sna contaethe i gcoitinne, do léiriú, féachfar do sna forálacha d'Acht Bhaile Atha Cliath tré n-a mbeidh an tuathlíomatáiste có-cheangailte aistrithe o chontae Bhaile Atha Cliath chun contae-bhuirge Baile Atha Cliath an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus ón lá san amach;

(c) le linn na scéime bliantúla do líomatáiste oideachais ghairme beatha na Contae do bheith á hullamhú, á breithniú agus á ceadú i gcóir na bliana airgeadais áitiúla dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1931, féachfar don ní seo, eadhon, ná beidh an tuathlíomatáiste có-cheangailte laistigh de chontae Bhaile Atha Cliath an bhliain sin.

(5) Beidh ag coiste oideachais ghairme beatha na Cathrach, maidir le cúiteamh i gcailliuint fostaíochta do dheona do pé daoine dá bhfostaithe (seachas oifigigh) do bhí ina bhfostaithe ag Bárdas na Cathrach díreach roimh an lá is lá ceaptha chun crícheanna Cuid VII. den Acht so, na comhachta céanna do bheadh ag Bárdas na Cathrach dá bhfanadh na fostaithe sin ar fostú ag an mBárdas agus chuige sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh gach fostaí den tsórt san i dteideal a fhostú ag Bárdas na Cathrach agus fós a fhostú (má bhí ar fostú) ag comhairle bhailecheanntair Phembróc no ag comhairle bhailecheanntair Ráth Maonas agus Ráth Garbh d'áireamh mar fhostú ag coiste oideachais ghairme beatha na Cathrach; agus

(b) bainfidh alt 53 d'Acht 1925, maidir leis na fostaithe sin amháin, le coiste oideachais ghairme beatha na Cathrach fé is dá mba chólucht áitiuil den tsórt a luaidhtear san alt san an coiste sin, ach amháin go ndéanfar tagairtí san alt san d'alt 50 den Acht san do léiriú mar thagairtí do sna forálacha den Acht so a hachtuítear in ionad an ailt sin 50.

(6) Ní bhainfidh fo-ailt (1) agus (2) d'alt 18 d'Acht Bainistí Chathair Chorcaighe, 1929 ( Uimh. 1 de 1929 ) le baill choiste oideachais ghairme beatha an líomatáiste oideachais ghairme beatha atá có-theoranta le contae-bhuirg Chorcaighe do thogha.

Forálacha speisialta i dtaobh Bhailecheanntair Bhrí Chualann.

118. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “Comhairle Bhrí Chualann” comhairle bhailecheanntair Bhrí Chualann,

cialluíonn an abairt “coiste oideachais ghairme beatha Bhrí Chualann” coiste oideachais ghairme beatha an líomatáiste oideachais ghairme beatha atá có-theoranta le bailecheanntair Bhrí Chualann,

cialluíonn an abairt “coiste Chill Mhantáin Thuaidh” an có-choiste do cheap comhairle Chontae Chill Mhantáin agus Comhairle Bhrí Chualann chun crícheanna ceárd-oideachais fé Acht 1899.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le Cuid VII den Acht so do chur i mbaint le coiste Chill Mhantáin Thuaidh, sé sin le rá:—

(a) na feidhmeanna, na comhachta agus na dualgaisí bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, á bhfeidhmiú agus á gcólíona tré choiste Chill Mhantáin Thuaidh no aige, aistreofar iad, le halt 95 den Acht so, chun coiste oideachais ghairme beatha Bhrí Chualann sa mhéid go mbainid le bailecheanntar Bhrí Chualann agus aistreofar iad, leis an alt san 95, chun coiste oideachais ghairme beatha chontae Chill Mhantáin sa mhéid go mbainid le haon chuid eile de líomatáiste fheidhmiúcháin choiste Chill Mhantáin Thuaidh;

(b) chun crícheanna na Coda san VII (lasmuich d'alt 95), tuigfear gurb é coiste oideachais ghairme beatha Bhrí Chualann an coiste oideachais ghairme beatha chun a n-aistrítear leis an alt san 95 na feidhmeanna, na comhachta agus na dualgaisí a feidhmítear agus a cólíontar tré choiste Chill Mhantáin Thuaidh no aige agus beidh éifeacht ag an gCuid sin VII (lasmuich d'alt 95) dá réir sin;

(c) ar feadh na tréimhse dar tosach an lá is lá ceaptha chun crícheanna na Coda san VII agus dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1931, cuirfidh coiste oideachais ghairme beatha Bhrí Chualann ar fáil ar fuaid líomatáiste fheidhmiúcháin choiste Chill Mhantáin Thuaidh na seirbhísí do dhlighfeadh an coiste deiridh sin a luaidhtear do chur ar fáil sa líomatáiste sin dá mba ná rithfí an tAcht so;

(d) ag céad chruinniú coiste oideachais ghairme beatha Bhrí Chualann gníomhóidh bailechléireach Chomhairle Bhrí Chualann mar rúnaí don choiste sin.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas faid a bheidh Comhairle Bhrí Chualann scurtha fé Ordú do rinne an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí roimh an Acht so do rith, sé sin le rá:—

(a) isé chólíonfaidh feidhmeanna Chomhairle Bhrí Chualann maidir le baill de choiste oideachais ghairme beatha Bhrí Chualann do thogha ná an té bheidh de thurus na huaire ag cólíona dualgaisí Chomhairle Bhrí Chualann de bhíthin an orduithe sin;

(b) ní bheidh éifeacht ag an méid sin d'alt 8 den Acht so do cheanglódh ar bhaill ar bith de choiste oideachais ghairme beatha Bhrí Chualann bheith ina mbaill de Chomhairle Bhrí Chualann;

(c) isé chólíonfaidh feidhmeanna fo-choiste meastachán (do réir bhrí alt 45 den Acht so) choiste oideachais ghairme beatha Bhrí Chualann ná an té sin a bheidh de thurus na huaire ag cólíona dualgaisí Chomhairle Bhrí Chualann de bhíthin an orduithe sin.

Fógraí do sheirbheail.

119. —Aon fhógraí no scríbhinní eile gur gá do réir an Achta so no do réir aon rialachán a déanfar fé, iad do sheirbheail no do chur chun siuil féadfar iad do sheirbheail no do chur chun siuil tríd an bpost.

Cláir de bheireataisí agus de bhásanna d'iniúcha agus cóipeanna dhéanamh díobh.

120. —(1) Gach ceann-chlárathóir no clárathóir beireataisí no básanna no duine eile ar a mbeidh cúram na clár-leabhar a cimeádtar do réir na Births and Deaths Registration Acts (Ireland), 1863 to 1880, leigfe sé d'oifigeach freastail ar bith fé Chuid V den Acht so no fé Chuid VI den Acht so, gach tráth réasúnta, na clár-leabhair fé chúram an cheann-chlárathóra, an chlárathóra no an duine eile sin d'iniúcha gan táille ná aon íocaíocht eile d'íoc agus pé cóipeanna no nótaí do dhéanamh d'iontrála sna leabhair sin is dó leis is gá chun a dhualgaisí do chólíona mar oifigeach freastail den tsórt san.

(2) Pé uair—

(a) a theastóidh o éinne aois duine óig a chomhnuíonn i gceanntar le n-a mbaineann Cuid V den Acht so d'fháil amach no do chruthú chun críche ar bith a bhaineann leis an gCuid sin; no

(b) a theastóidh o éinne aois duine le n-a mbaineann Cuid VI den Acht so agus atá ar fostú i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid sin d'fháil amach no do chruthú chun críche ar bith a bhaineann leis an gCuid sin;

beidh teideal ag an duine sin chun iarratais sa bhfuirm orduithe ar chóip dheimhnithe d'iontráil bhreithe an duine óig sin no an duine sin le n-a mbaineann Cuid VI. den Acht so (pe'ca aca é) d'fháil o údarás fheidhmiúcháin an cheanntair sin agus nuair a thíolacfa sé an t-iarratas san, agus é líonta agus sighnithe go cuibhe, maraon le táille reulach, in oifig an cheann-chlárathóra no an chlárathóra chirt bheireataisí agus bhásanna, beidh teideal aige chun cóipe den iontráil, sna clár-leabhair a cimeádtar fé sna Births and Deaths Registration Acts (Ireland), 1863 to 1880, ar bhreith an duine óig sin no an duine sin, d'fháil ón gceannchlárathóir no ón gclárathóir sin, agus í deimhnithe go cuibhe fé sna hAchtanna san.

(3) Déanfaidh gach ceann-chlárathóir no clárathóir beireataisí agus básanna, fé mar agus nuair a cheanglóidh údarás feidhmiúcháin san air fé Chuid V den Acht so, cuntas sa bhfuirm orduithe (más ann do) do thabhairt don údarás san ar pé cinn a luadhfaidh an t-údarás san de mhion-innste a mbeidh cláruithe ag an gclárathóir sin de bheireataisí agus de bhásanna daoine óga.

(4) Déanfaidh gach ceann-chlárathóir no clárathóir beireataisí agus básanna, fé mar agus nuair a cheanglóidh údarás feidhmiúcháin san air fé Chuid VI. den Acht so, cuntas sa bhfuirm orduithe (más ann do) do thabhairt don údarás san ar pé cinn a luadhfaidh an t-údarás san de mhion-innste a mbeidh cláruithe ag an gclárathóir sin de bheireataisí agus de bhásanna daoine le n-a mbaineann Cuid VI. den Acht so.

Ciontaí maidir le deimhnithe.

121. —(1) Gach duine dhéanfaidh samhail fhallsa no bhréagach d'aon deimhniú no d'aon tsighniú ar deimhniú do bheadh, dá mbeadh san dílis, ina dheimhniú ar n-a thabhairt no ar n-a dhéanamh fé Chuid V den Acht so no fé Chuid VI den Acht so no chun críche ceachtair Coda acu san, beidh sé ciontach i mí-iompar agus ar a chiontú ann dlighfear príosúntacht do chur air ar feadh téarma ar bith nách sia ná dhá bhliain.

(2) Gach duine shighneoidh, do bhéarfaidh uaidh, no a dhéanfaidh deimhniú ar bith a dheabhróidh bheith ina dheimhniú fé Chuid V den Acht so no fé Chuid VI den Acht so no chun críche ceachtair Coda acu san agus is eol do do bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, no a bhainfidh feidhm as deimhniú ar bith a dheabhróidh bheith ina dheimhniú fé Chuid V den Acht so no fé Chuid VI den Acht so no chun críche ceachtair Coda acu san agus is eol do do bheith ina shamhail fhallsa no bhréagach no a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, no as aon tsighniú is eol do do bheith ina shamhail fhallsa no bhréagach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí.

Saoirse o dhí-cháilíochta áirithe.

122. —D'ainneoin éinní áta i mír (e) d'fho-airtiogal (4) d'Airtiogal 12 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, má bhíonn duine cáilithe ar gach slí eile ní bheidh sé dí-cháilithe chun a thoghtha mar bhall ná chun bheith ina bhall d'aon choiste oideachais ghairme beatha no d'aon fho-choiste dá leithéid, no d'aon chomhairle, cólucht, no coiste is údarás áitiuil do réir bhrí Acht 1925, toisc go bhfuair sé féin no a pháirtnéir no go ndearna ceachtar acu connra tré n-a bhfaghadh aon tairbhe no buntáiste, i bhfuirm oideachais leanúna agus ceárd-oideachais, do thairg coiste oideachais ghairme beatha don phuiblíocht.

Cosaint do scoileanna saothair no ceartúcháin.

123. —Ní léireofar éinní san Acht so i slí dhéanfadh deifir no dochar d'aon scoil saothair dheimhnithe no scoil cheartúcháin deimhnithe.

Costaisí an Achta so.

124. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh Aire is ceann ar Roinn Stáit agus é ag cur an Achta so i ngníomh.

Rialacháin.

125. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a)  rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú no ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud a bheidh orduithe no le hordú le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so;

(b)  rialacháin do dhéanamh i dtaobh cuntaisí coistí oideachais ghairme beatha agus iniúchta na gcuntaisí sin;

(c) rialacháin do dhéanamh i dtaobh nós-imeachta coistí oideachais ghairme beatha maidir leis an ngnó cuirtear ortha no a haistrítear chúcha leis an Acht so.

(2) Má bhaineann agus sa mhéid go mbainfidh rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén alt so le héinní dá dtagartar in alt 120 den Acht so (alt a bhaineann le cláir de bheireataisí agus de bhásanna d'iniúcha agus cóipeanna dhéanamh díobh) mar ní atá orduithe no le cuntaisí no le hiniúcha cuntaisí oideachais ghairme beatha ní déanfar iad ach tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

(3) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leaga fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí da réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh fé roimhe sin.

Athghairm.

126. —Athghairmtear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san, agus beid athghairmthe an 1adh lá d'Abrán, 1931, agus ón lá san amach.