An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Cursai Airgid Coisti Oideachais Ghairme Beatha.) Ar Aghaidh (CUID VI. Ceard-Oideachas do chur i bhFeidhm.)

29 1930

ACHT OIDEACHAIS GHAIRME BEATHA, 1930

CUID V.

Oideachas Leanuna do chur i bhFeidhm.

Léiriú na Coda só den Acht so.

59. —(1) Sa Chuid seo den Acht so ní fholuíonn an abairt “duine óg” duine go mbeidh aois a chúig mblian déag slán aige ar no roimh an lá thosnóidh an ceanntar ina gcomhnuíonn sé ar bheith ina cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, agus dá réir sin an méid den Chuid seo den Acht so bhaineann le daoine óga ní bhainfe sé le duine ná foluíonn an abairt sin.

(2) Déanfar tagairtí sa Chuid seo den Acht so don choiste oideachais ghairme beatha do cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so do léiriú mar thagairtí don choiste oideachais ghairme beatha go mbeidh a líomatáiste oideachais ghairme beatha có-theoranta leis an gceanntar san no go mbeidh an ceanntar san laistigh dá líomatáiste oideachais ghairme beatha.

(3) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “coiste talmhaíochta” coiste ar bith a cuireadh no a cuirfear ar bun (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) do réir reachta fén ainm sin chun feidhmeanna bhaineann le crícheanna talmhaíochta agus tuath-cheárdaisí eile d'fheidhmiú.

Ceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

60. —(1) Féadfaidh an tAire, ar iarratas an choiste oideachais ghairme beatha no uaidh féin, ordú do dhéanamh á dhearbhú líomatáiste oideachais ghairme beatha no aon chuid áirithe de líomatáiste oideachais ghairme beatha do bheith, ar an lá agus ón lá luadhfar chuige sin san ordú san, ina cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, agus leis sin beidh an líomatáiste oideachais ghairme beatha san no an chuid áirithe sin de, ar an lá san agus ón lá san, agus faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, ina cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén bhfo-alt san roimhe seo á dhearbhú líomatáiste áirithe do bheith ina cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, agus ná beidh an líomatáiste sin có-theoranta le contae-bhuirg ná le buirg eile luaidhtear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, ná laistigh den chontae-bhuirg ná den bhuirg eile sin, déanfa sé, leis an ordú gcéanna, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, céim agus stáisiún an oifigigh den Ghárda Síochána bheidh mar údarás fheidhmiúcháin don cheanntar san, chun crícheanna na Coda so den Acht so, d'ordú.

(3) Féadfaidh an tAire le hordú, uair ar bith, ordú do rinne sé roimhe sin fé fho-alt (1) den alt so do cheiliúra no do leasú, ach ní dhéanfaidh ordú do rinneadh tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt do cheiliúra ná do leasú gan dul i gcomhairle leis an Aire sin i dtaobh an cheiliúrtha no an leasuithe sin.

(4) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Coistí oideachais ghairme beatha do chur cúrsaí teagaisc ar fáil.

61. —(1) I ngach ceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, déanfaidh coiste oideachais ghairme beatha an cheanntair sin, i ngach bliain airgeadais áitiuil, cúrsaí teagaisc (dá ngairmtear cúrsaí éigeanta san Acht so) i bhfuirm oideachais leanúna do chur ar fáil, pé cinn agus pé méid acu is dó leis an gcoiste sin is gá ag féachaint do riachtanaisí na ndaoine óga chomhnuíonn sa cheanntar san.

(2) Más oiriúnach agus nuair is oiriúnach leis é agus gan dochar don oblagáid a bheidh air cúrsaí éigeanta do chur ar fáil, féadfaidh an coiste oideachais ghairme beatha do cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so cúrsaí teagaisc (dá ngairmtear cúrsaí saordhálacha san Acht so) i bhfuirm oideachais leanúna do chur ar fáil sa cheanntar san in aon bhliain airgeadais áitiuil, pé cúrsaí is dó leis an gcoiste sin is fearr, ag féachaint do staid an cheanntair sin agus na ndaoine óga chomhnuíonn ann.

(3) Tabharfar, le linn gach cúrsa theagaisc a cuirfear ar fáil fén alt so, teagasc ar feadh céad is ochtó uair a' chluig i ngach bliain airgeadais áitiuil más cúrsa éigeanta é no ar feadh céad is ochtó uair a' chluig ar a laighead i ngach bliain airgeadais áitiuil más cúrsa saordhálach é, agus i ngach cás roinnfear an cúrsa san, maidir le trátha agus saosúir, i pé slí is oiriúnaighe do staid an cheanntair ach, i gcás ceanntair ina mbeidh líomatáiste feidhmiúcháin choiste thalmhaíochta no aon chuid dá leithéid, ní déanfar an roinnt sin gan dul i gcomhairle leis an gcoiste sin roimh ré.

(4) Sé cineál teagaisc do bhéarfar i gcúrsa teagaisc a cuirfear ar fáil fén alt so ná pé cineál a dhéanfaidh an coiste oideachais ghairme beatha chuirfidh an cúrsa san ar fáil d'ordú le haontú an Aire.

(5) Gach coiste oideachais ghairme beatha chuirfidh cúrsaí teagaisc ar fáil fén alt so fógróidh sé don phobal, le fógráin no eile, dátaí tosnuithe agus críochnuithe na gcúrsaí sin agus na trátha agus na háiteanna ina dtabharfar an teagasc a tabharfar sna cúrsaí sin.

Cúrsaí ceaduithe agus scoileanna ceaduithe.

62. —(1) Pé uair is deimhin leis an Aire, maidir le cúrsa teagaisc a chuireann éinne seachas coiste oideachais ghairme beatha ar fáil, go dtugtar ann teagasc éifeachtúil i bhfuirm oideachais leanúna nách ísle caighdeán ná na cúrsaí teagaisc a ceangailtear ar choistí oideachais ghairme beatha, leis an gCuid seo den Acht so, do chur ar fáil, féadfaidh an tAire deimhniú sa bhfuirm orduithe do dheona, i dtaobh an chúrsa teagaisc sin, ar an gcúrsa teagaisc sin do bheith ina chúrsa cheaduithe chun crícheanna na Coda so den Acht so.

(2) Pé uair is deimhin leis an Aire oideachas leanúna éifeachtúil do bheith á thabhairt i scoil (nách scoil le n-a mbeidh glactha ag an Aire de thurus na huaire mar mheán-scoil agus nách scoil náisiúnta) féadfaidh an tAire deimhniú sa bhfuirm orduithe do dheona, i dtaobh na scoile sin, ar an scoil sin do bheith ina scoil cheaduithe chun crícheanna na Coda so den Acht so.

(3) Pé uair is deimhin leis an Aire cúrsa teagaisc no scoil gur dheon sé deimhniú ina thaobh fén alt so do bheith tar éis scur de bheith cáilithe chun an deimhnithe sin d'fháil, féadfaidh an tAire an deimhniú san do cheiliúra, agus leis sin déanfar an deimhniú san do thabhairt suas don Aire.

(4) Féadfaidh an tAire pé fiosrú agus iniúcha réasúnta is dó leis is ceart do dhéanamh no a chur fé ndeár san do dhéanamh chun a fháil amach do féin ce'ca tá no ná fuil aon chúrsa teagaisc no scoil áirithe cáilithe chun deimhniú d'fháil fén alt so no ce'ca tá no ná fuil an cúrsa teagaisc no an scoil sin ag leanúint de bheith cáilithe amhlaidh, agus chun an fhiosruithe agus an iniúchta san do dhéanamh féadfaidh cigire gach tráth réasúnta dul isteach in aon áitreabh ina mbeidh cúrsa teagaisc ar siúl gur hiarradh no gur deonadh an deimhniú san ina thaobh, no in aon scoil gur hiarradh no gur deonadh an deimhniú san ina taobh, agus fiosrú do dhéanamh maidir le haon chúrsa teagaisc no scoile den tsórt san agus iniúcha do dhéanamh air.

E do bheith mar oblagáid bheith i láthair chun teagaisc d'fháil.

63. —(1) Mara mbeidh leathscéal réasúnta acu le n-a mhalairt déanfaidh tuismitheoirí gach duine óig a chomhnuíonn i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so a chur fé ndeár an duine óg san do dhéanamh freastail chun teasgaisc d'fháil do réir na Coda so den Acht so.

(2) Chun crícheanna na Coda so den Acht so, isé is freastal chun teagaisc d'fháil do réir na Coda so den Acht so ann ná duine óg do dhéanamh freastail díobh so leanas, agus díobh san amháin, sé sin le rá:—

(a) freastal cúrsa éigeanta theagaisc a chuirfidh coiste oideachais ghairme beatha an cheanntair ina gcomhnuíonn an duine óg ar fáil fén gCuid seo den Acht so;

(b) freastal cúrsa shaordhálaigh theagaisc a chuirfidh coiste oideachais ghairme beatha an cheanntair ina gcomhnuíonn an duine óg ar fáil fén gCuid seo den Acht so;

(c) freastal cúrsa theagaisc gur dheon an tAire ina thaobh, agus nár ceiliúradh, deimhniú gur chúrsa ceaduithe teagaisc é chun crícheanna na Coda so den Acht so;

(d) freastal lán-ama i scoil le n-a mbeidh glactha ag an Aire de thurus na huaire mar mheán-scoil;

(e) freastal lán-ama i scoil náisiúnta;

(f) freastal lán-ama i scoil gur dheon an tAire ina taobh, agus nár ceiliúradh, deimhniú gur scoil cheaduithe í chun crícheanna na Coda so den Acht so.

Leathscéalacha réasúnta le gan bheith i láthair chun teagaisc d'fháil.

64. —Beidh na nithe seo leanas ina leathscéalacha réasúnta le gan freastal chun teagaisc d'fháil do réir na Coda so den Acht so, sé sin le rá:—

(a) nár fhéad an duine óg freastal amhlaidh toisc é bheith breoite;

(b) go bhfuil an duine óg ag fáil teagaisc, atá oiriúnach dá aois agus dá staid, ar shlí seachas tré fhreastal chun teagaisc d'fháil do réir na Coda so den Acht so;

(c) nár chuir coiste oideachais ghairme beatha an cheanntair ina gcomhnuíonn an duine óg aon chúrsa éigeanta teagaisc ar fáil in aon áit laistigh de thrí mhíle o áit chomhnaithe an duine óig agus an trí mhíle sin do thomhas fan na slí is giorra is féidir do do ghabháil go dleathach agus gan ceataí dho féin;

(d) nár fhéad an duine óg freastal amhlaidh toisc leorchúise éigin eile.

An t-údarás feidhmiúcháin.

65. —(1) Chun crícheanna na Coda so den Acht so isé bheidh ina údarás fheidhmiúcháin do cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so ná—

(a) i ngach ceanntar den tsórt san a bheidh có-theoranta le contae-bhuirg no le buirg eile luaidhtear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, no laistigh den chontae-bhuirg no den bhuirg eile sin, coiste oideachais ghairme beatha an cheanntair sin; agus

(b) i ngach ceanntar den tsórt san ná beidh có-theoranta le haon cheann ná laistigh d'aon cheann de sna contaebhuirgí ná de sna buirgí eile sin, an t-oifigeach den Ghárda Síochána bheidh de thurus na huaire i seilbh na céime agus sa stáisiún a hordófar chuige sin leis an ordú dhéanfaidh an tAire fén gCuid seo den Acht so á dhearbhú an ceanntar san do bheith ina cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so.

(2) Beidh sé de dhualgas ar gach údarás feidhmiúcháin na cláir agus na breacacháin a hordófar chun crícheanna na Coda so den Acht so do choinneail agus leigint do chigire na cláir agus na breacacháin sin d'iniúcha gach tráth réasúnta.

(3) Féadfaidh gach oifigeach den Ghárda Síochána bheidh ina údarás fheidhmiúcháin fén gCuid seo den Acht so gach feidhm no aon fheidhm dá mbeidh aige mar údarás fheidhmiúcháin den tsórt san d'fheidhmiú tré aon bhall no baill den Ghárda Síochána bheidh fé n-a cheannas, agus chun crícheanna na Coda so den Acht so beidh gach ball den Ghárda Síochána tré n-a bhfeidhmeofar na feidhmeanna san amhlaidh ina oifigeach fhreastail don údarás fheidhmiúcháin sin.

Tuismitheoirí do thabhairt mion-innste uatha i dtaobh a leanbhaí.

66. —(1) Gach éinne chomhuíonn i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, déanfa sé, má ceangailtear san air le fógra i scríbhinn sa bhfuirm orduithe sheirbheálfaidh údarás feidhmiúcháin an cheanntair sin air no fhágfaidh an t-údarás san do ina áit chomhnaithe, ainmneacha agus aoiseanna na ndaoine óga uile no aon duine óig áirithe dar tuismitheoir do réir bhrí an Achta so é agus fós modh a n-oideachais agus na mion-innste eile bheidh luaidhte sa bhfógra san do thabhairt don údarás san laistigh den aimsir agus sa tslí bheidh luaidhte sa bhfógra san.

(2) Gach éinne chomhnuíonn i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus go dteipfidh air gach mion-innsint no aon mhion-innsint do thabhairt uaidh do réir an ailt seo a ceanglófar go cuibhe air, fén alt so, do thabhairt uaidh amhlaidh no do bhéarfaidh uaidh amhlaidh aon mhion-innste den tsórt san is eol do do bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar fiche scilling do chur air.

Fostóirí do thabhairt mioninnste uatha.

67. —(1) Gach éinne go mbeidh gnó ar siúl aige i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, déanfa sé, má ceangailtear san air le fógra i scríbhinn sa bhfuirm orduithe sheirbheálfaidh údarás feidhmiúcháin an cheanntair sin air no fhágfaidh an t-údarás san do ina áit ghnótha, na mion-innste bheidh luaidhte sa bhfógra san, i dtaobh na ndaoine óga uile no aon duine óig áirithe bheidh ar fostú aige, do thabhairt don údarás san laistigh den aimsir agus sa tslí bheidh luaidhte sa bhfógra san.

(2) Gach éinne go mbeidh gnó ar siúl aige i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus go dteipfidh air gach mion-innsint no aon mhion-innsint do thabhairt uaidh do réir an ailt seo a ceanglófar go cuibhe air, fén alt so, do thabhairt uaidh amhlaidh no do bhéarfaidh uaidh amhlaidh aon mhion-innste den tsórt san is eol do do bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar fiche scilling do chur air.

Eolas do bhéarfaidh Coistí Comhairle um Shóisir uatha.

68. —I dtús gach ráithe dar tosach an 1adh lá d'Eanar, an 1adh lá d'Abrán, an 1adh lá d'Iúl, no an 1adh lá de Dheire Fomhair déanfaidh Rúnaí an Choiste Chomhairle um Shóisir do líomatáiste is ionann agus ceanntar no ina mbeidh ceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so cóipeanna do thabhairt, d'údarás fheidhmiúcháin an cheanntair sin, de sna mion-innste uile bhéarfar do, do réir fo-alt (4) d'alt 15 den Acht Freastal Scoile, 1926 ( Uimh. 17 de 1926 ), i dtaobh ainmneacha agus seolta na ndaoine uile chomhnuíonn sa cheanntar san agus 'na mbeidh aois a cheithre mblian déag slán acu i rith na ráithe sin.

Caoi chun cúrsaí teagaisc do fhreastal.

69. —(1) Beidh sé de dhualgas ar gach fostóir a fhostuíonn duine óg ar a gceangailtear leis an gCuid seo den Acht so freastal chun teagaisc d'fháil agus a dheineann no gur mian leis cúrsa éigeanta teagaisc do cuireadh ar fáil fén gCuid seo den Acht so do fhreastal, am agus saoirse, sa mhéid gur gá san, do thabhairt don duine óg san chun an chúrsa theagaisc sin do fhreastal, agus san gan éinní do bhaint as a phágh ná cur le n-a am oibre ná an t-am san d'áireamh mar am caillte.

(2) Má theipeann ar fhostóir ar bith no má leigeann sé i bhfaillí a gceangailtear air leis an alt so do chólíona beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar fiche scilling do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneail ná raghaidh thar dachad scilling má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.

Cuntaisí o phríomh-oidí.

70. —(1) Bhéarfaidh príomh-oide gach cúrsa teagaisc no scoile, gur freastal chun teagaisc d'fháil do réir na Coda so den Acht so freastal ionta agus go mbeidh aon duine óg, a chomhnuíonn i gceantar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, ar an rolla ionta no á bhfreastal, bhéarfa sé d'údarás fheidhmiúcháin an cheanntair sin, ar na trátha agus sa tslí a hordófar, na mioninnste a hordófar maidir le gach duine óg den tsórt san a bheidh as láthair ón gcúrsa no ón scoil sin agus na mion-innste a hordófar maidir leis na nea-láithreachtaí sin.

(2) Ar n-a éileamh san air tabharfaidh príomh-oide gach cúrsa teagaisc no scoile den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo tabharfa sé, sa bhfuirm a hordófar, d'aon údarás fheidhmiúcháin do cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so aois gach duine no aon duine de sna daoine óga fhreastalann an cúrsa no an scoil sin agus a chomhnuíonn sa cheanntar san, fé mar a bheidh san curtha síos i gcláir an chúrsa no na scoile sin, agus fós na mion-innste a hordófar maidir le n-a mhinicí do bhí gach duine no aon duine de sna daoine óga san i láthair ag an gcúrsa teagaisc no sa scoil sin agus le n-a mhinicí do bhí as láthair uatha.

(3) Nuair a déanfar duine óg a chomhnuíonn i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so do thógaint o aon chúrsa teagaisc no scoil den tsórt a luaidhtear anso roimhe seo, bhéarfaidh príomh-oide an chúrsa theagaisc no na scoile sin do thuismitheoir an duine óig sin, ar n-a éileamh san air, deimhniú sa bhfuirm a hordófar á rá cadé an tréimhse ina raibh an duine óg san ar an gcúrsa teagaisc no ar an scoil sin, cé méid uair do bhí an duine óg san i láthair ag an gcúrsa teagaisc no sa scoil sin agus cé méid uair do bhí as láthair uatha i rith na coda orduithe den tréimhse sin, agus cé méid uair a' chluig do thug i mbun gach abhair léighinn fé leith, agus taisbeánfaidh tuismitheoir an duine óig sin an deimhniú san do phríomh-oide aon chúrsa teagaisc no scoile eile den tsórt san go mbeidh sé a iarraidh go leigfí an duine óg san isteach ann.

E chur d'fhiachaibh ar dhaoine óga freastal chun teagaisc d'fháil.

71. —Beidh sé de dhualgas ar gach údarás feidhmiúcháin do cheanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so gach ní do dhéanamh agus gach imeacht do bhunú is gá chun a chur d'fhiachaibh ar gach duine óg a chomhnuíonn sa cheanntar san freastal chun teagaisc d'fháil do réir na Coda so den Acht so.

An tuismitheoir do chur fáth na nea-láithreachta in úil.

72. —Pé uair a bheidh duine óg, a chomhnuíonn i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, ag freastal aon chúrsa teagaisc no scoile de thurus na huaire chun teagaisc d'fháil do réir na Coda so den Acht so ach go mbeidh sé as láthair ón teagasc no ón scoil sin aon lá no laetheanta ba cheart do, fén gCuid seo den Acht so, bheith á fhreastal, cuirfidh a thuismitheoir fáth na nea-láithreachta san in úil do phríomh-oide an chúrsa teagaisc no na scoile sin i scríbhinn no i bpearsain chó luath agus is féidir é agus, pé scéal é, ar dháta nách déanaí ná seachtain tar éis lá na nea-láithreachta san no tar éis an chéad lae de laetheanta na nealáithreachta san (fé mar bheidh).

Faillí i gcólíona na Coda so den Acht so.

73. —(1) Pé uair a theipfidh ar dhuine óg, a chomhnuíonn i gceanntar le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, no a leigfe sé i bhfaillí freastal chun teagaisc d'fháil do réir na Coda so den Acht so agus gan aon leathscéal réasúnta ann, go bhfios d'údarás fheidhmiúcháin an cheanntair sin, i dtaobh na teipthe no na faillí sin, seirbheálfaidh an t-údarás san ar thuismitheoir an duine óig sin foláramh sa bhfuirm a hordófar—

(a) á cheangal air go ndéanfadh sé, laistigh de sheachtain tar éis na seirbheála san, a chur fé ndeár don duine óg san freastal chun teagaisc d'fháil do réir na Coda so den Acht so, no leathscéal réasúnta do thabhairt don údarás i dtaobh gan san do dhéanamh; agus

(b) á innsint do, mara ndeine sé beart do réir téarmaí na míre sin roimhe seo, go mbunófar imeachta ina choinnibh fén Acht so; agus

(c) á innsint do, má theipeann air arís, laistigh de ráithe tar éis na n-imeacht san, an Chuid seo den Acht so do chólíona, go bhféadfar imeachta do bhunú ina choinnibh arís gan foláramh roimh ré.

(2) Má bhíonn tuismitheoir gan beart do dhéanamh do réir foláraimh do seirbheáladh air go cuibhe fén alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so mara gcuire sé ina luighe ar an gCúirt go ndearna sé gach iarracht réasúnta chun a chur fé ndeár don duine óg, le n-a mbaineann an foláramh san, freastal chun teagaisc d'fháil do réir na Coda so den Acht so agus ar a chiontú sa chionta san ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar fiche scilling do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneail ná raghaidh thar dachad scilling má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin (pe'ca i dtaobh an duine óig chéanna no i dtaobh duine óig eile do rinneadh é).

(3) Pé uair, gan leathscéal réasúnta, a theipfidh ar thuismitheoir, laistigh de ráithe tar éis a chiontuithe i gcionta fén bhfo-alt san roimhe seo, a chur fé ndeár don duine óg gur ina thaobh a ciontuíodh é amhlaidh freastal chun teagaisc d'fháil do réir na Coda so den Acht so, ansan, mara mbeidh an duine óg san tar éis scur de bheith ina dhuine óg, beidh an tuismitheoir sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar dachad scilling do chur air.

Oifigigh fhreastail.

74. —(1) Gach coiste oideachais ghairme beatha is údarás feidhmiúcháin chun crícheanna na Coda so den Acht so déanfaidh, le hordú, pé oifigigh is oiriúnach leis do cheapa chun bheith ina n-oifigigh fhreastail chun crícheanna na Coda so den Acht so.

(2) Le linn dó bheith ag feidhmiú aon údaráis no comhachta fén gCuid seo den Acht so mar oifigeach fhreastail do ceapadh fén alt so, déanfaidh gach oifigeach den tsórt san, ar n-a éileamh san air, an t-ordú le n-ar ceapadh é amhlaidh do thabhairt i láthair agus do thaisbeaint d'éinne go mbeidh sé ag feidhmiú an údaráis no na comhachta san ina thaobh.

(3) Má dheineann duine adeir gur oifigeach freastail é féin scríbhinn do thabhairt i láthair adeir sé is ordú le n-ar ceapadh é mar oifigeach den tsórt san agus más cosúil, ón scríbhinn sin, gurb é an t-ordú san í, beidh an scríbhinn sin ina fianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur oifigeach freastail an duine sin.

Deimhniú ar dhílse foláramh, fógraí, etc.

75. —Is leor mar dheimhniú ar dhílse gach foláraimh, fógra agus scríbhinne eile do bhéarfar amach no seirbheálfar fén gCuid seo den Acht so ag údarás feidhmiúcháin sighniú oifigigh freastail don údarás san do bheith ortha.

Cúisimh ar agru oifigigh fhreastail.

76. —Féadfar cúiseamh i gcionta fén gCuid seo den Acht so do bhunú agus do chur ar aghaidh ar agra oifigigh fhreastail ar bith d'údarás fheidhmiúcháin mar chúisitheoir.

Forálacha ilghnéitheacha i dtaobh cúiseamh.

77. —(1) I gcúiseamh i gcionta fén gCuid seo den Acht so, féadfaidh an chúirt 'na mbeidh an cúiseamh á dhéanamh ina láthair a ordú, ar iarratas ón gcúisitheoir no ón té bheidh á chúiseamh no uaithi féin, go ndéanfaidh tuismitheoir no fostóir an duine óig le n-a mbaineann an cúiseamh an duine óg san do thabhairt i láthair na cúirte am áirithe agus in áit áirithe, agus má theipeann ar an tuismitheoir no ar an bhfostóir sin, gan leathscéal réasúnta aige chuige, an duine óg san do thabhairt i láthair amhlaidh féadfaidh an chúirt fíneail ná raghaidh thar fiche scilling do chur ar an tuismitheoir no ar an bhfostóir sin.

(2) In aon chúiseamh i gcionta fén gCuid seo den Acht so is ar an té cúiseofar a bheidh éinní acu so leanas i dtaobh an duine óig le n-a mbaineann an cúiseamh do chruthú, sé sin le rá:—

(a) aois an duine óig;

(b) go raibh leathscéal réasúnta ann le gan an duine óg do fhreastal chun teagaisc d'fháil do réir na Coda so den Acht so aon lá áirithe no ar feadh aon tréimhse áirithe;

(c) go bhfuil an duine óg ag fáil oideachais atá oiriúnach do dhuine óg ar shlí seachas tré bheith ag freastal chun teagaisc d'fháil do réir na Coda so den Acht so.

(3) In aon chúiseamh fén gCuid seo den Acht so, beidh deimhniú thabharfaidh le tuisgint é bheith sighnithe ag príomhoide cúrsa theagaisc no scoile, gur freastal chun teagaisc d'fháil do réir na Coda so den Acht so é fhreastal, agus ina ndeirtear go bhfuil no ná fuil an duine óg le n-a mbaineann an cúiseamh ag freastal an chúrsa theagaisc no na scoile sin no gur fhreastal no nár fhreastal an duine óg san an cúrsa teagaisc no an scoil sin laetheanta áirithe, beidh sé ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar pé ní de sna nithe roimhráite adeirtear sa deimhniú san.

(4) In aon chúiseamh i gcionta fén gCuid seo den Acht so, beidh deimhniú thabharfaidh le tuisgint é bheith sighnithe ag dochtúir atá cáilithe go cuibhe agus ina ndeirtear go bhfuil no go raibh aon uair áirithe aicíd no lot áirithe cuirp no intinne ar an duine óg le n-a mbaineann an cúiseamh agus go raibh an aicíd no an lot san de shaghas d'fhág an duine óg neamh-iomchuibhe chun cúrsa theagaisc no scoile do fhreastal no go bhfuil no go raibh aicíd no lot áirithe cuirp ar dhuine éigin a chomhnuíonn sa tigh ina gcomhnuíonn an duine óg san, beidh sé ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar pé ceann de sna dátáin roimhráite adeirtear sa deimhniú san.

(5) In aon chúiseamh i gcionta fén gCuid seo den Acht so féadfaidh an chúirt a ordú, maidir leis na costaisí fé n-a ndeaghaidh an cúisitheoir no an té do cúisíodh, i dtaobh an chúisimh sin, go ndéanfaidh an té do cúisíodh no an cúisitheoir (fé mar is gá sa chás) iad d'íoc, agus féadfa sí méid na gcostaisí sin do shocrú.

Costaisí.

78. —Gach costas fé n-a raghaidh coiste oideachais ghairme beatha agus é ag cur na Coda so den Acht so in éifeacht, is amach as ciste oideachais ghairme beatha an choiste sin a híocfar é.