|
|||||
|
ACHT OIDEACHAIS GHAIRME BEATHA, 1930
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID VII. Foralacha Diombuana Maidir le Coisti Ceard-Oideachais. | |
| [EN] |
An lá ceaptha. |
94. —Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá ceapfar fé Chuid II. den Acht so don chéad chruinniú de choistí oideachais ghairme beatha no, má ceaptar laetheanta deifriúla amhlaidh maidir le coistí deifriúla den tsórt san, cialluíonn sí, maidir le gach coiste fé leith acu san, an lá ceapfar amhlaidh do chéad chruinniú an choiste sin. |
| [EN] |
Feidhmeanna, etc., d'aistriú chun coistí oideachais ghairme beatha. |
95. —(1) I ngach líomatáiste oideachais ghairme beatha tiocfaidh gach feidhm, comhacht, agus dualgas, fé Acht 1889, fé Acht 1891 agus fé Acht 1899 no fé aon Acht acu san, a bhaineann le ceárd-oideachas sa líomatáiste sin no in aon chuid áirithe dhe agus a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe san údarás áitiuil don líomatáiste sin no don chuid áirithe sin de, no forchurtha air, agus gur tré choiste do ceapadh i bpáirt no go hiomlán ag an údarás áitiuil sin fheidhmíonn agus a chólíonann an t-údarás san iad, tiocfaid chun bheith agus beid, ar an lá ceaptha, aistrithe chun an choiste oideachais ghairme beatha don líomatáiste sin agus dílsithe ann no forchurtha air. |
| [EN] | (2) Ar an lá ceaptha agus as san amach, scuirfidh fo-alt (2) d'alt 1 d'Acht 1889 agus alt 14 d'Acht 1899 d'éifeacht do bheith acu sa mhéid go mbainid fé seach le feidhmeanna, comhachta, no dualgaisí a haistrítear leis an alt so chun coiste oideachais ghairme beatha. | |
| [EN] | (3) Ní oibreoidh éinní san alt so chun aon chomhachta, bheidh dílsithe in údarás áitiuil chun rátú do dhéanamh no chun iasachtaí d'fháil, d'aistriú chun coiste oideachais ghairme beatha. | |
| [EN] |
Maoin d'aistriú chun coistí oideachais ghairme beatha. |
96. —(1) Gach maoin, réalta no pearsanta (agus rudaí-ar-fiunraoi d'áireamh), a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe in údarás áitiuil, no i gcoiste do cheap údarás áitiuil no do cheap dhá údarás áitiúla no níos mó le chéile, fé Acht 1889 agus fé Acht 1899 no fé cheachtar den dá Acht san, agus a bheidh dílsithe amhlaidh i dtaobh no i gcóir feidhmeanna, comhacht, agus dualgas a haistrítear leis an gCuid seo den Acht so no ar no fé iontaobhas a bhaineann le ceárd-oideachas, tiocfa sí chun bheith agus beidh sí, ar an lá ceaptha, dílsithe sa choiste oideachais ghairme beatha chun a n-aistrítear na feidhmeanna, na comhachta, agus na dualgaisí sin amhlaidh agus san gan leithliú ná sanna ar bith do dhéanamh uirthe ach go ndéanfar, i gcás in ar gá é, í d'aistriú i leabhair aon bhainc, corparáide, no cuideachtan. |
| [EN] | (2) Más airgead, stoc, scaireanna, no urrúis i leabhair bhainc, chorparáide, no chuideachtan a bheidh i maoin ar bith a haistrítear leis an alt so, ansan, ar iarratas an choiste oideachais ghairme beatha chun a n-aistrítear an t-airgead, an stoc, na scaireanna agus na hurrúis sin leis an alt so, déanfaidh an banc, an chorparáid, no an chuideachta san an céanna d'aistriú chun ainm an choiste sin. | |
| [EN] | (3) Gach rud-ar-fiunraoi a haistrítear leis an alt so féadfaidh an coiste oideachais ghairme beatha chun a n-aistrítear amhlaidh é dul chun dlí mar gheall air no é do bhaint amach no do chur i bhfeidhm ina n-ainm féin agus ní gá don choiste sin fógra i dtaobh an aistrithe deintear leis an alt so do thabhairt don té ar a mbeidh an rud-ar-fiunraoi sin ina cheangal. | |
| [EN] | (4) Gach airgead do cruinníodh tré ráta do bhuail údarás áitiuil chun seirbhíse na bliana dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1930, agus do híocfaí, mara mbeadh an tAcht so, le coiste do ceapadh i bpáirt no go hiomlán ag an údarás áitiuil sin chun feidhmeanna, comhacht, agus dualgas, a haistrítear leis an gCuid seo den Acht so chun coiste oideachais ghairme beatha, d'fheidhmiú agus do chólíona agus do bheadh, mara mbeadh an tAcht so, ionchurtha, ag an gcéad choiste sin a luaidhtear, chun crícheanna na bhfeidhmeanna, na gcomhacht, agus na ndualgas san, íocfaidh an t-údarás áitiuil sin é leis an gcoiste oideachais ghairme beatha san (sa mhéid ná beidh an t-airgead san íoctha leis an gcoiste sin roimh an lá ceaptha). | |
| [EN] |
Fiacha agus fiachaisí d'aistriú chun coistí oideachais ghairme beatha. |
97. —(1) Na fiacha agus na fiachaisí eile go léir (ar a n-áirítear fiachaisí nea-shocruithe tháinig as tort no as sáruithe connartha) a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, dlite ar údarás áitiuil, no ar choiste do cheap údarás áitiuil no do cheap dhá údarás áitiúla no níos mó le chéile fé Acht 1889 agus fé Acht 1899 no fé cheachtar den dá Acht san, no fé n-a ndeaghaidh an céanna, agus a bheidh gan íoc no gan glana ag an údarás no ag an gcoiste sin, agus a bheidh dlite air no fé n-a ndeaghaidh sé amhlaidh i dtaobh no i gcóir feidhmeanna, comhacht, agus dualgas a haistrítear leis an gCuid seo den Acht so, tiocfaid chun bheith agus beid, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo, ina bhfiacha no ina bhfiachas, ar an lá ceaptha, ar an gcoiste oideachais ghairme beatha chun a n-aistrítear na feidhmeanna, na comhachta, agus na dualgaisí sin amhlaidh, agus déanfaidh an coiste sin iad d'íoc no do ghlana agus féadfar a mbaint de no a gcur i bhfeidhm ina aghaidh dá réir sin. |
| [EN] | (2) In ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san roimhe seo, gach pinsean, aois-liúntas, no aisce bheidh no thiocfaidh chun bheith iníoctha, díreach roimh an lá ceaptha, ag údarás áitiuil no ag dhá údarás áitiúla no níos mó le chéile le duine, toisc gurbh oifigeach é don údarás áitiuil no do sna húdaráis áitiúla san no do choiste do cheap an t-údarás áitiuil no na húdaráis áitiúla san fé Acht 1889 agus fé Acht 1899 no fé cheachtar den dá Acht san, agus toisc go raibh sé ar fostú ag an údarás, ag na húdaráis, no ag an gcoiste sin in obair do bhaineadh i bpáirt no go hiomlán le feidhmeanna, comhachta, no dualgaisí a haistrítear leis an gCuid seo den Acht so, déanfaidh an t-údarás áitiuil no na húdaráis áitiúla céanna, ar an lá ceaptha agus dá éis sin, é do chruinniú agus d'íoc sa tslí chéanna inar ghá é do chruinniú agus d'íoc dá mba ná rithfí an tAcht so. | |
| [EN] |
Nithe ar feitheamh do chimeád ar siúl. |
98. —Gach gníomh, ní, no rud do thosnuigh údarás áitiuil, no coiste do cheap údarás áitiuil no do cheap dhá údarás áitiúla no níos mó le chéile fé Acht 1889 agus fé Acht 1899 no fé cheachtar den dá Acht san, no do tosnuíodh i gcoinnibh údaráis áitiúla no coiste do ceapadh amhlaidh, ar an lá ceaptha, agus a bheidh ar feitheamh no nea-chríochnuithe ar an lá ceaptha agus gur le linn bheith ag feidhmiú no ag cólíona no maidir le feidhmiú no cólíona feidhmeanna, comhacht, no dualgas a haistrítear leis an gCuid seo den Acht so do tosnuíodh amhlaidh é, féadfaidh an coiste oideachais ghairme beatha chun a n-aistrítear na feidhmeanna, na dualgaisí, agus na comhachta san amhlaidh é do chimeád ar siúl agus do chríochnú no féadfar é do chimeád ar siúl agus do chríochnú i gcoinnibh an choiste sin, agus chuige sin— |
| [EN] | (a) i ngach imeacht dlí dar páirtí aon údarás áitiuil den tsórt san no aon choiste do ceapadh mar adubhradh agus a bhaineann leis na feidhmeanna, na comhachta, no na dualgaisí sin d'fheidhmiú no do chólíona agus a bheidh ar feitheamh ar an lá ceaptha, féadfar an coiste oideachais ghairme beatha san do chur mar pháirtí in ionad an údaráis áitiúla no an choiste sin; agus | |
| [EN] | (b) gach connra agus có-aontú dar páirtí aon údarás áitiuil den tsórt san no aon choiste do ceapadh mar adubhradh agus a bhaineann leis na feidhmeanna, na comhachta, agus na dualgaisí sin agus ná beidh críochnuithe ar fad ar an lá ceaptha, beidh éifeacht acu ar an lá ceaptha agus dá éis sin fé is dá n-ainmnítí an choiste oideachais ghairme beatha san mar pháirtí dhóibh in ionad an údaráis áitiúla no an choiste sin. | |
| [EN] |
Oifigigh d'aistriú chun coistí oideachais ghairme beatha. |
99. —(1) Gach duine bheidh, ar an lá roimh an lá ceaptha, ina oifigeach d'údarás áitiuil, no do choiste do cheap údarás áitiuil no do cheap dhá údarás áitiúla no níos mó le chéile fé Acht 1889 agus fé Acht 1899 no fé cheachtar den dá Acht san, agus a bheidh ar fostú ag an údarás no ag an gcoiste sin chun dualgaisí do chólíona a bhaineann i bpáirt no go hiomlán le feidhmeanna, comhachta, agus dualgaisí a haistrítear ón údarás no ón gcoiste sin leis an gCuid seo den Acht so, aistreofar é chun an choiste oideachais ghairme beatha chun a n-aistrítear na feidhmeanna, na comhachta, agus na dualgaisí sin amhlaidh, agus tiocfaidh chun bheith agus beidh ina oifigeach don choiste sin, ar an lá ceaptha agus fé réir forálacha an ailt seo. |
| [EN] | (2) Gach oifigeach a haistrítear leis an alt so cólíonfa sé, fé réir forálacha an ailt seo agus i seirbhís an choiste oideachais ghairme beatha chun a n-aistrítear amhlaidh é, dualgaisí den tsórt do chólíonadh sé sa tseirbhís o n-a n-aistrítear amhlaidh é. | |
| [EN] | (3) Gach oifigeach a haistrítear leis an alt so, ní bhfagha sé, i seirbhís an choiste oideachais ghairme beatha chun a n-aistrítear amhlaidh é, luach saothair is lugha ná an luach saothair chun a raibh teideal aige sa tseirbhís o n-a n-aistrítear amhlaidh é ná, fé réir forálacha an ailt seo, ní bheidh sé fé choiníollacha seirbhíse is lugha tairbhe ná na coiníollacha seirbhíse fé n-a raibh sé sa tseirbhís sin. | |
| [EN] | (4) Féadfaidh coiste oideachais ghairme beatha, le haontú an Aire, na dualgaisí bheidh le cólíona ag oifigigh a haistrítear chuige leis an alt so d'ath-roinnt no d'ath-shocrú agus beidh ar gach oifigeach den tsórt san na dualgaisí leagfar amach do de dhruim aon ath-roinnte no ath-shocruithe den tsórt san do chólíona, agus, chun crícheanna na n-achtachán a bhaineann le haois-liúntas agus le cúiteamh i gcailliuint oifige ní tuigfear gurb ionann aon ath-roinnt no ath-shocrú den tsórt san agus oifigeach do chur as oifig no deire do chur le n-a oifig. | |
| [EN] | (5) Féadfaidh coiste oideachais ghairme beatha, le ceadú an Aire, agus déanfaidh, nuair ordóidh an tAire dho é, deire do chur le hoifig oifigigh ar bith a haistrítear chun an choiste sin leis an alt so agus, chun críche na n-achtachán a bhaineann le haois-liúntas agus le cúiteamh i gcailliuint oifige, tuigfear gach oifigeach den tsórt san go gcuirfear deire le n-a oifig amhlaidh do bheith curtha as oifig ag an gcoiste sin ar chúis seachas mí-iompar no mí-chumas. | |
| [EN] | (6) Nuair a bheidh oifigeach a haistrítear leis an alt so ar fostú, díreach roimh an lá ceaptha, ag coiste go n-aistrítear a chuid feidhmeanna, comhacht agus dualgas leis an gCuid seo den Acht so, agus é san am gcéanna ar fostú ag coiste ná haistrítear a chuid feidhmeanna, comhacht agus dualgas amhlaidh, ní bheidh baint ná éifeacht ag an aistriú dheineann an t-alt so ar an oifigeach san ach maidir le n-a fhostú ag an gcéad choiste sin a luaidhtear. | |
| [EN] | (7) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach oifigeach a haistrítear leis an alt so agus a bheidh díreach roimh an lá ceaptha ar fostú, ag an údarás áitiuil no ag an gcoiste go n-aistrítear o n-a sheirbhís amhlaidh é, chun dualgaisí do chólíona bhaineann i bpáirt le feidhmeanna, comhachta, no dualgaisí a haistrítear leis an gCuid seo den Acht so agus i bpáirt le feidhmeanna, comhachta, no dualgaisí eile, sé sin le rá:— | |
| [EN] | (a) ní bhainfidh an t-aistriú dheineann an t-alt so ar an oifigeach san ach le pé cinn dá dhualgaisí (dá ngairmtear dualgaisí aistrithe san alt so) a bhaineann le feidhmeanna, comhachta, agus dualgaisí a haistrítear leis an gCuid seo den Acht so, agus maidir le gach dualgas eile bheidh air leanfa sé de bheith ina oifigeach don údarás áitiuil no don choiste darbh oifigeach é an lá roimh an lá ceaptha; | |
| [EN] | (b) chun crícheanna na bhforálacha den alt so bhaineann leis na dualgaisí bheidh aige le cólíona tar éis an aistrithe sin, tuigfear gurb iad a dhualgaisí aistrithe amháin na dualgaisí do bhí air roimh an aistriú san; | |
| [EN] | (c) déanfar an luach saothair do bhí dho díreach roimh an aistriú san do roinnt idir a dhualgaisí aistrithe agus a dhualgaisí eile agus, chun crícheanna na bhforálacha den alt so bhaineann leis an luach saothair a bheidh do tar éis an aistrithe sin agus le deire do chur le n-a oifig, tuigfear ná raibh sa luach saothair do bhí dho roimh an aistriú san ach pé méid den luach saothair sin a cuirfear i leith a dhualgaisí aistrithe ar an roinnt sin do dhéanamh; | |
| [EN] | (d) déanfar gach ceist no aighneas eireoidh as forálacha an fho-ailt seo do chur i mbaint le cás aon oifigigh áirithe do shocrú tré chó-aontú idir an t-oifigeach san, an t-údarás áitiuil no an coiste o n-a n-aistrítear é, agus an coiste oideachais ghairme beatha chun a n-aistrítear é, agus mara ndeintear an có-aontú san isiad an tAire agus an tAire Talmhaíochta le chéile shocróidh an cheist no an t-aighneas san agus ní bheidh dul thar breith na nAirí sin. |