31 1930


Uimhir 31 de 1930.


ACHT UM CHOIMISIÚN NA nDLEACHT (LEASÚ), 1930.


ACHT CHUN AN ACHTA UM CHOIMISIÚN NA nDLEACHT, 1926 , DO LEASÚ TRÉ CHOMHACHT DO BHRONNA AR AN ARD-CHOMHAIRLE NITHE AGUS CEISTEANNA BHAINEANN LE DIÚITÉTHE CUSTUM DO CHUR FÉ BHRÁID CHOIMISIÚN NA nDLEACHT AGUS TRÉ N-A ORDÚ GUR DON ARD-CHOMHAIRLE DO BHÉARFAR TUARASGABHÁLA UILE AN CHOIMISIÚIN SIN, AGUS FÓS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN NA NITHE DO BHÍ AR FEITHEAMH OS CÓIR NA mBALL DE CHOIMISIÚN NA nDLEACHT D'EIRIGH LE DÉANAÍ AS BHEITH INA mBAILL AMHLAIDH DO CHRÍOCHNÚ.

[23adh Mí na Nodlag, 1930.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so,

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Choimisiún na nDleacht, 1926 (Uimh. 40 de 1926) ;

cialluíonn an abairt “an Coimisiún” Coimisiún na nDleacht.

An Ard-Chomhairle do chur ceisteanna fé bhráid an Choimisiuin.

2. —Féadfaidh an Ard-Chomhairle, más oiriúnach agus pé uair is oiriúnach leo é, ní no ceist ar bith, a bhaineann le diuité custum d'fhorchur no d'atharú no deire do chur leis no é d'athnuachaint, do chur fé bhráid an Choimisiuin fé alt 2 den Phríomh-Acht, agus déanfaidh an Coimisiún gach ní no ceist a cuirfear fé n-a mbráid amhlaidh do bhreithniú agus tuarasgabháil do thabhairt air fé is dá mba iarratas é do chuirfeadh an tAire Airgid fé n-a mbráid fén bPríomh-Acht.

Tuarasgabhála an Choimisiuin.

3. —D'ainneoin éinní atá sa Phríomh-Acht is don Ard-Chomhairle do bhéarfar na tuarasgabhála uile do bhéarfaidh an Coimisiún uatha, pe'ca ar iarratas do chuir an tAire Airgid fé n-a mbráid fén bPríomh-Acht no ar ní no ar cheist do chuir an Ard-Chomhairle fé n-a mbráid fén Acht so do bhéarfar san.

Nithe áirithe atá ar feitheamh do chríochnú.

4. —(1) Na baill den Choimisiún d'eirigh le déanaí as bheith ina mbaill amhlaidh déanfaid, d'ainneoin an eirithe-as san, a dtuarasgabháil do thabhairt uatha do réir an Phríomh-Achta ar na hiarrataisí uile agus fé seach gur éisteadar fianaise ina dtaobh ach nár thugadar aon tuarasgabháil ortha roimh an eirghe-as san.

(2) D'ainneoin éinní atá san Acht so is don Aire Airgid a bhéarfar tuarasgabháil do bhéarfaidh na baill sin den Choimisiún uatha fén alt so agus, chun gach críche, áireofar an tuarasgabháil sin mar thuarasgabháil do thug an Coimisiún uatha fén bPríomh-Acht.

(3) Tuigfear an t-alt so do theacht i ngníomh an cúigiú lá déag de Mhí na Samhna, 1930, sé sin, an lá d'eirigh na baill sin den Choimisiún as bheith ina mbaill amhlaidh, agus beidh sé mar bheadh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach.

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

5. —Féadfar an tAcht um Choimisiún na nDleacht (Leasú), 1930 , do ghairm den Acht so, agus léireofar é mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht, agus féadfar na hAchtanna um Choimisiún na nDleacht, 1926 agus 1930, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.