Ar Aghaidh (CUID I. An Priomh-Acht do Leasu.)

36 1930


Uimhir 36 de 1930.


ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (UIBHE), 1930.


ACHT CHUN AN tACHT TORA TALMHAÍOCHTA (UIBHE), 1924 , DO LEASÚ, CHUN SOCRÚ BREISE AGUS FEABHASA DO DHÉANAMH I dTAOBH ÁITREABHACHA INA LEASUÍTEAR UIBHE, AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LE hUIBHE DO DHÍOL. [23adh Mí na Nodlag, 1930.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Roimhra.

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Tora Talmhaíochta (Uibhe), 1924 (Uimh. 35 de 1924) :

cialluíonn an abairt “stóráil cheimiciuil” stóráil chun uibhe do leasú ar shlí ar bith ná hatharuíonn cumasc na bplaosc agus foluíonn sí stóráil in aon gheas, gal no meascán geas;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén bPríomh-Acht no fén Acht so.

An Príomh-Acht agus an tAcht so do léiriú.

2. —Léighfear agus léireofar an Príomh-Acht agus an tAcht so mar aon Acht amháin, agus dá réir sin ciallóidh an abairt “an tAcht so,” i ngach áit ina bhfuil sé sa Phríomh-Acht, an Príomh-Acht agus an tAcht so á léiriú mar aon Acht amháin, agus (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so) tá le habairtí agus le focail a húsáidtear san Acht so agus a húsáidtear, leis, sa Phríomh-Acht na brigheanna céanna san Acht so atá leo, fé seach, sa Phríomh-Acht.