|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (UIBHE), 1930) | Ar Aghaidh (CUID II. Clar na Leasuitheoiri.) |
ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (UIBHE), 1930
|
CUID I. An Priomh-Acht do Leasu. | ||
| [EN] |
Alt 3 den Phríomh-Acht do leasú. |
3. —Ní bhainfidh alt 3 den Phríomh-Acht le huibhe do bhéarfaidh no iompróidh feirmeoir no a shearbhóntaí o Shaorstát Éireann go Tuaisceart Éireann agus é ag déanamh a ghnótha mar fheirmeoir. |
| [EN] |
Alt 4 den Phríomh-Acht do leasú. |
4. —(1) Cigire bheidh ag scrúdú aon uibhe no aon phacáiste in aon áit, fé alt 4 den Phríomh-Acht, féadfa sé, i dteanta no in ionad gach ní no éinní dá n-údaruíonn an t-alt san do, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:— |
| [EN] | (a) aon uibhe do gheobhaidh sé i bpacáiste osclóidh sé fén alt san do scrúdú, agus | |
| [EN] | (b) an pacáiste a hosclófar amhlaidh do choinneail chó fada agus is gá, go réasúnta, chun an scrúduithe sin do dhéanamh agus fós gach pacáiste no aon phacáiste eile (más ann do) a bheidh ina theanta san chonsighneacht chéanna, agus | |
| [EN] | (c) ordú i scríbhinn do thabhairt don iompróir, ag toirmeasc gach pacáiste bheidh á choinneail amhlaidh d'easportáil más léir don chigire sin, ar dhéanamh an scrúduithe sin, go ndearnadh sárú no gur tugadh fé shárú do dhéanamh, maidir leis an gconsighneacht san, ar an bPríomh-Acht mar a leasuítear leis an Acht so é no ar an Acht so no ar aon rialachán do rinneadh fé na hAchtanna san no fé cheachtar acu agus, mara mbeidh thar fiche pacáiste sa chonsighneacht san, go mbaineann an sárú san, no an sárú san fé n-ar tugadh, le ceann no níos mó no le gach ceann de sna pacáistí sin no, má bhíonn thar fiche pacáiste sa chonsighneacht san, go mbaineann sé le cúig per cent. ar a laighead de sna pacáistí sa chonsighneacht san. | |
| [EN] | (2) Pé uair do bhéarfaidh cigire don iompróir fén alt so ordú ag toirmeasc aon phacáiste áirithe ubh d'easportáil, beidh sé de dhualgas ar an gcigire sin, maran leis an iompróir sin an pacáiste sin, a chur in úil do chonsighneoir an phacáiste sin gur tugadh an t-ordú san. | |
| [EN] | (3) Gach duine dhéanfaidh no do bhéarfaidh iarracht ar aon phacáiste ubh d'easportáil go mbeidh ordú tugtha uaidh ina thaobh ag cigire fén alt so ag toirmease an phacáiste sin d'easportáil, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a thiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneail ná raghaidh thar fiche púnt do chur air. | |
| [EN] | (4) Pé uair do bhéarfar don iompróir fén alt so ordú ag toirmease pacáiste ubh d'easportáil agus a bheidh an pacáiste sin curtha ar bord luinge i bport i Saorstát Éireann le linn an orduithe sin do thabhairt, ní tuigfear chun críche an ailt seo gurb ionann an pacáiste sin d'iompar ar an luing sin agus an pacáiste sin d'easportáil má chruthuíonn an t-iompróir sin go ndearna sé ina dhiaidh sin, an túisce go raibh caoi aige chuige, an pacáiste sin do thabhairt thar n-ais go dtí an port céanna i Saorstát Éireann agus do chur i dtír ag an bport san agus gur fé chúram an iompróra san amháin a bhí an pacáiste sin agus nár hoscladh é ná nár baineadh leis in aon tslí idir an t-am d'fhág an pacáiste sin an port san agus an t-am do cuireadh i dtír ag an bport san é. | |
| [EN] | (5) Léireofar alt 4 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí— | |
| [EN] | (a) na focail “is consighneacht ubh no” do chur isteach tar éis an fhocail “áirithe” i mír (c) d'fho-alt (2) de; agus | |
| [EN] | (b) na focail “ná moill réasúnta” do chur isteach i bhfo-alt (6) de tar éis an fhocail “damáiste” i ngach áit ina bhfuil an focal san sa bhfo-alt san. | |
| [EN] | (6) Le linn na gcomhacht a bronntar air leis an alt so do bheith á bhfeidhmiú aige in áitreabh aon chuideachtan bóthair iarainn no loingseoireachta, déanfaidh cigire pé nithe réasúnta iarrfaidh an chuideachta san air agus is gá chun ná cuirfí cosc ar oibriú an tráchta san áitreabh san ná ná déanfaí cur-isteach air. | |
| [EN] | (7) I ngach áit ina bhfuil an abairt “alt so” in alt 4 den Phríomh-Acht, ciallóidh sé an t-alt san 4 mar a leasúitear é leis an alt so agus chun na críche sin tuigfear gur leasú ar an alt san 4 gach foráil den alt so. | |
| [EN] |
Coiníoll breise bhainfidh le clárú i gclár na n-easportálaithe. |
5. —(1) Sara ndéanfaidh an tAire aon áitreabh do chlárú i gclár na n-easportálaithe déanfa sé deimhin de (maraon le deimhin do dhéanamh de sna nithe luaidhtear i bhfo-alt (3) d'alt 7 den Phríomh-Acht) go bhfuil an té atá á iarraidh go gclárófaí an t-áitreabh san, no duine amháin ar a laighead atá ar fostú aige san áitreabh san, oilte ar uibhe do thástáil, do ghrádáil, agus do phacáil do réir an Phríomh-Achta agus do réir rialachán fén Acht san. |
| [EN] | (2) Go ceann tréimhse bhliana ón Acht so do rith ní tuigfear, chun crícheanna ailt 10 den Phríomh-Acht, áitreabhacha atá cláruithe i gclár na n-easportálaithe le linn an Achta so do rith agus a leanfaidh de bheith cláruithe amhlaidh do scur de bheith ionchláruithe i gclár na n-easportálaithe toisc gan únaer cláruithe an aitreibh sin ná éinne ar fostú aige san áitreabh san do bheith oilte ar uibhe do thástáil, do ghrádáil, agus do phacáil do réir an Phríomh-Achta agus do réir rialachán fén Acht san. | |
| [EN] |
Réasúin chun diúlta d'áitreabh do chlárú. |
6. —Gan dochar d'aon réasún eile chun diúltuithe eireoidh fén bPríomh-Acht no fén Acht so, is réasún maith ceachtar réasún acu so leanas chun an tAire do dhiúlta d'iarratas ar áitreabh do chlárú i gclár na n-easportálaithe no i gclár na leasuitheoirí, sé sin le rá:— |
| [EN] | (a) gur deineadh an t-áitreabh san do chlárú amhlaidh roimhe sin agus gur chuir an tAire an clárú san i nea-mbrí, fén bPríomh-Acht no fén Acht so, no | |
| [EN] | (b) go raibh an té bheidh ag iarraidh an chláruithe sin ina únaer chláruithe roimhe sin ar áitreabh eile do cláruíodh amhlaidh, agus le linn é do bheith ina únaer chláruithe amhlaidh gur chuir an tAire clárú an áitreibh eile sin i nea-mbrí fén bPríomh-Acht no fén Acht so. | |
| [EN] |
Alt 9 den Phríomh-Acht do leasú. |
7. —Léireofar fo-alt (8) d'alt 9 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige agus tuigfear go raibh éifeacht riamh aige fé is dá gcuirtí na focail “sa chéad bhliain eile tar éis na bliana” isteach ann in ionad na bhfocal “na bliana.” |
| [EN] |
Clárú áitreibh do chur ar neambrí tar éis gnó-bhrise. |
8. —Pé uair do bhéarfar an bhreith gur duine gnó-bhriste únaer cláruithe aon áitreibh a bheidh cláruithe fén bPríomh-Acht no fén Acht san mar a leasuítear é leis an Acht so, féadfaidh an tAire clárú an áitreibh sin do chur ar nea-mbrí. |
| [EN] |
Fógra go bhfuiltear chun clárú áitreibh do chur ar neambri. |
9. —(1) Roimh atharú no nea-mbríochaint do dhéanamh (ar aon tslí seachas do réir iarratais a déanfar chuige sin fé alt 10 den Príomh-Acht) ar chlárú aon áitreibh fén bPríomh-Acht no fén Acht so, bhéarfaidh an tAire, i scríbhinn, d'únaer chláruithe an áitreibh sin no dá ionadaí phearsanta (más ann do) no do shocruitheoir an áitreibh sin (pe'ca aca é) fógra coicíse ar a laighead go bhfuil sé chun an chláruithe sin d'atharú no do chur ar nea-mbrí amhlaidh agus breithneoidh aon aithris chúise dhéanfaidh an t-únaer cláruithe no an t-ionadaí pearsanta no an socruitheoir sin (pe'ca aca é) sara mbeidh téarma an fhógra san istigh agus féadfaidh, más oiriúnach leis é, a chur fé ndeár go gcomórfar fiosrúchán i dtaobh an scéil. |
| [EN] | (2) Féadfar fógra go bhfuil an tAire chun clárú áitreibh fén bPríomh-Acht no fén Acht so d'atharú no do chur ar nea-mbrí do sheirbheáil tré n-a sheachada don té chun a mbeidh sé dírithe no tré n-a fhágaint do le duine os cionn sé mblian déag d'aois san áitreabh le n-a mbaineann sé no tré n-a chur tríd an bpost chun an té chun a mbeidh sé dírithe go dtí an áit chomhnaithe is déanaí is eol a bheith aige. | |
| [EN] | (3) Athghairmtear leis seo fo-alt (4) d'alt 10 den Phríomh-Acht. | |
| [EN] |
Srian le marcanna orduithe d'úsáid. |
10. —(1) Ní dhéanfaidh éinne marc a bheidh orduithe no ceaptha fé alt 15 den Phríomh-Acht chun a thaisbeaint cadé an t-áitreabh in ar pacáladh uibhe d'úsáid ná do chur ar uibhe ná ar phacáistí ubh ach na daoine seo leanas, sé sin le rá, an té is únaer cláruithe de thurus na huaire ar an áitreabh cláruithe dá mbeidh an marc san orduithe no ceaptha no duine éigin ar fostú ag an únaer san chun na críche sin agus ní bheidh sé dleathach d'éinne eile an marc san d'úsáid ná an marc san do chur ar aon uibhe ná pacáistí ubh. |
| [EN] | (2) Ní dhéanfaidh éinne marc a bheidh orduithe fé alt 15 den Phríomh-Acht le cur ar phacáistí ubh chun a thaisbeaint gur i Saorstát Éireann do rugadh na huibhe sin d'úsáid ná do chur ar phacáistí ubh ach na daoine seo leanas, sé sin le rá, an té is únaer cláruithe de thurus na huaire ar áitreabh a bheidh cláruithe i gclár na n-easportálaithe no duine éigin ar fostú ag an únaer san chun na críche sin agus ní bheidh sé dleathach d'éinne eile an marc san d'úsáid ná an marc san do chur ar aon phacáistí ubh. | |
| [EN] | (3) Gach éinne úsáidfidh no chuirfidh ar aon uibhe no pacáistí ubh, contrárdha don alt so, aon mharc a bheidh orduithe no ceaptha fé alt 15 den Phríomh-Acht, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar deich bpúint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneail ná raghaidh thar fiche púnt má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná ráithe no an fhíneail sin agus an phríosúntacht san le chéile. | |
| [EN] |
Meáchaint na n-ubh do mharcáil ar na pacáistí. |
11. —(1) Má deintear pacáiste ina mbeidh uibhe do mharcáil le marc (dá ngairmtear an marc gráda san alt so) ar n-a ordú le rialacháin fén bPríomh-Acht mar mharc d'uibhe de ghrád áirithe agus go marcálfar ar an bpacáiste sin, leis, marc (dá ngairmtear an marc meáchainte san alt so) a bheidh ceaptha chun a thaisbeaint no a chur i dtuisgint go bhfuil gach céad ubh sa phacáiste sin níos mó meáchaint ná an mheáchaint a bheidh orduithe mar mheáchaint mhinimum do chéad ubh a bhaineann leis an ngrád a taisbeántar leis an marc gráda, ní bheidh sé dleathach d'únaer chláruithe an pacáiste sin d'easportáil mara mbeidh gach céad ubh sa phacáiste sin chó mór meáchaint ar a laighead leis an meáchaint a thaisbeánann an marc meáchainte. |
| [EN] | (2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar deich bpúint do chur air má sé an chéad chionta aige é, no fíneail ná raghaidh thar fiche púnt má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneail sin agus an phríosúntacht san le chéile. | |
| [EN] | (3) San alt so, cialluíonn an abairt “céad ubh” céad agus fiche ubh. | |
| [EN] |
Alt 17 den Phríomh-Acht do leasú. |
12. —(1) I dteanta na gcomhacht a bronntar ar chigire le fo-alt (1) d'alt 17 den Phríomh-Acht, beidh teideal ag cigire chun dul isteach ar gach tráth réasúnta in aon áitreabh a bheidh cláruithe i gclár na n-easportálaithe no go mbeifear tar éis iarratais do dhéanamh chun é chlárú sa chlár san, agus gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh ann, sé sin le rá:— |
| [EN] | (a) uibhe do chuardach san áitreabh san; | |
| [EN] | (b) a cheangal ar an únaer cláruithe no ar aon duine ar fostú ag an únaer cláruithe sin san áitreabh san pé eolas is dó leis an gcigire sin is gá chun crícheanna riartha an Phríomh-Achta agus an Achta so i dtaobh ainm agus seola duine ar bith do thabhairt don chigire sin. | |
| [EN] | (2) I dteanta na gcomhacht a bronntar ar chigire le fo-alt (2) d'alt 17 den Phríomh-Acht, beidh teideal ag cigire chun dul isteach ar gach tráth réasúnta in aon áitreabh a bheidh cláruithe i gclár na leasuitheoirí no go mbeifear tar éis iarratais do dhéanamh chun é chlárú sa chlár san, agus gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh ann, sé sin le rá:— | |
| [EN] | (a) uibhe do chuardach agus do scrúdú san áitreabh san; | |
| [EN] | (b) a cheangal ar an únaer cláruithe no ar aon duine ar fostú ag an únaer cláruithe sin san áitreabh san pé eolas is dó leis an gcigire sin is gá chun crícheanna riartha an Phríomh-Achta agus an Achta so i dtaobh ainm agus seola duine ar bith do thabhairt don chigire sin. | |
| [EN] | (3) Gach n-aon a chuirfidh cosc no bac le haon chigire agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so no go dteipfidh air no dhiúltóidh eolas ar bith do thabhairt do chigire ar bith ar n-a éileamh san air, eolas go mbeidh teideal ag an gcigire sin a éileamh fén alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar cúig púint do chur air. | |
| [EN] |
Alt 18 den Phríomh-Acht do leasú. |
13. —Léireofar alt 18 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an fo-alt so leanas isteach ann in ionad fo-ailt (1) atá ann anois, sé sin le rá:— |
| [EN] | “(1) Einne— | |
| [EN] | (a) a dhéanfaidh aon uibhe bheidh salach ar an taobh amuich no bheidh neamh-oiriúnach mar bhia don duine do dhíol, do mhargáil no do mhalairtiú, no iad do thairisgint no do thaisbeaint chun a ndíolta, a margála no a malairtithe, pe' ca déanfar an díol, an mhargáil no an malairtiú san ar choiníoll go seasóidh na huibhe tástáil áirithe no ná déanfar; no | |
| [EN] | (b) is ceannaí ubh, agus a cheannóidh uibhe ar bith bheidh salach ar an taobh amuich no bheidh neamh-oiriúnach mar bhia don duine no go mbeidh a leithéidí ar seilbh aige in áitreabh ina ndeineann sé an cheannaíocht san; no | |
| [EN] | (c) is ceannaí ubh, agus a fhágfaidh síos in aon áit aon uibhe bheidh salach ar an taobh amuich no bheidh neamhoiriúnach mar bhia don duine; no | |
| [EN] | (d) a chonsighneoidh chun a ndíolta ar coimisiún no ar aon tslí eile uibhe bheidh salach ar an taobh amuich no bheidh neamh-oiriúnach mar bhia don duine; | |
| [EN] | beidh sé ciontach i gcionta fén alt so, agus féadfar pionós do chur air dá réir sin.” | |
| [EN] |
Atharú déanmhais ar áitreabh cláruithe. |
14. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne, gan cead roimh ré ón Aire, aon atharú déanmhais do dhéanamh ar aon áitreabh a bheidh cláruithe i gclár na n-easportálaithe no i gclár na leasuitheoirí. |
| [EN] | (2) Gach n-aon a dhéanfaidh aon atharú déanmhais ar aon áitreabh contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneail ná raghaidh thar deich bpúint do chur air. |