1 1931


Uimhir 1 de 1931.


ACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1931.


ACHT CHUN NA hAOISE CHUN BREITHIÚIN DEN CHÚIRT CHUARDA DO DHUL AS OIFIG D'ARDÚ GO dTÍ DHÁ BHLIAIN SHEACHTÓD AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN BREITHIÚIN DEN CHÚIRT SIN DO CHUAIDH AS OIFIG CHEANA FÉIN MAR GHEALL AR AN TEORA AOISE ATÁ ANN FÉ LÁTHAIR D'ATHCHEAPA. [20adh Márta, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) .

Aois chun Breithiuin den Chúirt Chuarda do dhul as oifig.

2. —Léireofar alt 40 den Phríomh-Acht (alt a bhaineann leis an aois chun Breithiuin den Chúirt Chuarda do dhul as oifig), agus beidh éifeacht aige, fé is dá leasuítí an t-alt san tré sna focail “dhá bhliain sheachtód” do chur isteach ann in ionad na bhfigiuirí agus an fhocail “70 mbliana” atá anois ann.

Breithiuin áirithe do chuaidh as oifig d'athcheapa.

3. —(1) Má rinne duine ba Bhreitheamh den Chúirt Chuarda an oifig a bhí aige mar Bhreitheamh den tsórt san d'fhágaint roimh an Acht so do rith, toisc aois a sheachtó bliain do bheith slán aige, agus go bhfuil an duine sin fé bhun dhá bhlian seachtód d'aois le linn an Achta so do rith, beidh an duine sin, d'ainneoin éinní atá in alt 43 den Phríomh-Acht (alt a bhaineann le cáilíocht chun Breithiuin den Chúirt Chuarda do cheapa), cáilithe chun a cheaptha mar Bhreitheamh den Chúirt Chuarda.

(2) Má deintear duine atá cáilithe de bhua an fho-ailt sin roimhe seo chun a cheaptha mar Bhreitheamh den Chúirt Chuarda do cheapa, tar éis an Achta so do rith, chun bheith ina Bhreitheamh den Chúirt Chuarda, beidh éifeacht ag an bhforáil seo leanas, sé sin le rá, chun a shocrú cadé ceart an duine sin chun pinsin d'fháil fé alt 41 den Phríomh-Acht (alt a bhaineann le tuarastail agus le pinsin Bhreithiún den Chúirt Chuarda) ar an oifig do bhí aige mar Bhreitheamh den tsórt san d'fhágaint do uair ar bith tar éis a cheaptha amhlaidh agus chun méid an phinsin sin (más ann do) do dhéanamh amach áireofar mar thréimhse leanúnach sheirbhíse ag an duine sin mar Bhreitheamh den Chúirt Chuarda an tréimhse sheirbhíse thug an duine sin mar Bhreitheamh den tsórt san roimh aois seachtó blian do bheith slán aige agus an tréimhse sheirbhíse thug sé mar Bhreitheamh den tsórt san o dháta a cheaptha amhlaidh.

Gearr-theideal agus luadh.

4. —(1) Féadfar an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1931 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1931, do ghairm de sna hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1929, agus den Acht so le chéile.