2 1931


Uimhir 2 de 1931.


ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1931.


ACHT CHUN NA hACHTANNA FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923 GO 1930, DO BHUANÚ. [24adh Márta, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS :—

Buanú ar na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1930.

1. —Leanfaidh na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1930 i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1932, agus raghaid in éag ansan.

Gearr-theideal, léiriú agus luaidh.

2. —(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1931 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1930, agus féadfar na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1931, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.