3 1931


Uimhir 3 de 1931.


ACHT SLÁINTE PUIBLÍ (COSTAISÍ SPEISIALTA), 1931.


ACHT CHUN A CHUR AR CHUMAS COMHAIRLÍ CONTAE CUID DE CHOSTAS SAGHSANNA ÁIRITHE OIBREACHA DHEINEANN BUIRD SLÁINTE PUIBLÍ AGUS BUIRD SLÁINTE AGUS CHONGANTA PHUIBLÍ D'ÍOC AGUS CHUN LEASUITHE DO DHÉANAMH AR AN DLÍ BHAINEANN LE LÍOMATÁISTÍ MUIRIR CHOSTAISÍ SPEISIALTA FÉ N-A dTÉIGHEANN NA BUIRD SIN. [24adh Márta, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

foluíonn an abairt “bórd sláinte” bórd sláinte puiblí agus bord sláinte agus conganta phuiblí;

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

Comhairle chontae do dhéanamh rann-íocanna i gcóir costais oibreacha.

2. —(1) Féadfaidh comhairle chontae có-aontú leis an mbord sláinte do cheanntar sláinte contae atá suidhte sa chontae sin suim bhliantúil d'íoc leis an mbord san go ceann pé tréimhse blian ar a gcó-aontófar idir an chomhairle sin agus an bord san mar ranníoc i gcóir na gcostaisí fé n-a ndeaghaidh no fé n-a raghaidh an bord san (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) i ndéanamh oibre le n-a mbaineann an t-alt so, agus leis sin íocfaidh an chomhairle sin an tsuim bhliantúil sin leis an mbord san dá réir sin.

(2) Gach suim bhliantúil a bheidh iníoctha ag comhairle chontae le bord sláinte fén alt so déanfaidh an chomhairle sin í do chruinniú go cothrom tríd an ráta dealbhais ar fuaid líomatáiste cheanntair shláinte contae an bhuird sin.

(3) Ní raghaidh an méid iomlán a bheidh iníoctha fén alt so ag comhairle chontae le bord sláinte ar bith i mbliain airgeadais áitiuil ar bith thar pé suim de sna suimeanna so leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:—

(a) le haontú an Aire, suim is ionann agus an méid a thiocfaidh as ráta trí pingne fén bpúnt ar luacháil na maoine ionrátuithe i gceanntar shláinte contae an bhuird sin fé sna hAchtanna Luachála, no

(b) gan aontú an Aire, suim is ionann agus an méid a thiocfaidh as ráta trí leath-phingne fén bpúnt ar an luacháil sin.

(4) Ní bhaineann an t-alt so ach le hoibreacha a bheidh do réir an dá choinníoll so leanas, sé sin le rá:—

(a) gurb é rud a bheidh san obair ná camraí no slí chun deighleail le camraíocht do chur ar fáil no d'fheabhsú no soláthar uisce do chur ar fáil no d'fheabhsú d'áit atá suidhte laistigh de cheanntar sláinte contae an bhuird shláint a bheidh ag déanamh na hoibre; agus

(b) gur amach as airgead a fuarthas ar iasacht a híocfar pé méid de chostas caipitiuil na hoibre a íocfaidh bord sláinte agus go mbeidh costaisí aisíoctha an airgid sin ionchruinnithe mar chostaisí speisialta fé sna Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, fé mar atáid leasuithe leis na hAchtanna Rialtais Áitiúla, 1925 agus 1927, i líomatáiste is lugha ná ceanntar sláinte contae.

Costaisí speisialta do roinnt.

3. —(1) Nuair a shocróidh an tAire fé alt 232 den Public Health (Ireland) Act, 1878, fé mar atá sé leasuithe le halt 14 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), agus leis an Acht so, an líomatáiste muirir ar a mbeidh ionmhuirir aon chostaisí speisialta fé n-a ndeaghaidh no fé n-a raghaidh bord sláinte, féadfaidh an tAire a shocrú go mbeidh na costaisí sin ionmhuirir, idir áit cháiníocach agus aon fho-áit cháiníocach no aon fho-áiteacha cáiníocacha atá suidhte san áit cháiníocaigh sin, i pé cionúireachtaí is dóich leis an Aire is ceart do luadh chuige sin.

(2) An chionúireacht d'aon chostaisí speisialta a cuirfear fén alt so ar áit cháiníocaigh no ar fho-áit cháiníocaigh tuigfear gur costaisí speisialta í fé n-a ndeaghthas san áit cháiníocaigh sin no maidir léi no san fho-áit cháiníocaigh sin no maidir léi, do réir mar bheidh.

(3) San alt so tá an bhrí chéanna leis an abairt “áit cháiníocach” atá leis an abairt “contributory place” in alt 232 den Public Health (Ireland) Act, 1878, fé mar atá sé leasuithe le halt 14 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), agus leis an Acht so, agus cialluíonn an abairt “fo-áit cháiníocach” áit cháiníocach atá suidhte laistigh agus atá ina cuid d'áit cháiníocaigh is mó ná í féin.

Aiteacha cáiníocacha.

4. —Beidh togha-roinn cheanntair ina háit cháiníocaigh chun crícheanna an Public Health (Ireland) Act, 1878, i dteanta na líomatáistí luaidhtear chuige sin i bhfo-alt (4) d'alt 14 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ).

Gearr-theideal agus luadh.

5. —(1) Féadfar an tAcht Sláinte Puiblí (Costaisí Speisialta), 1931 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, do ghairm de sna Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, Cuid II den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) , an méid den Acht Rialtais Áitiúla, 1927 (Uimh. 3 de 1927) , a bhaineann le sláinte puiblí, agus den Acht so le chéile.