7 1931


Uimhir 7 de 1931.


ACHT FÓIRITHIN NA mBOCHT (BAILE ÁTHA CLIATH), 1931.


ACHT CHUN ACHT FÓIRITHIN NA mBOCHT (BAILE ÁTHA CLIATH), 1929 , DO BHUANÚ.

[29adh Márta, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS :—

Acht Fóirithin na mBocht (Baile Atha Cliath), 1929 , do bhuanú.

1. —Leanfaidh Acht Fóirithin na mBocht (Baile Atha Cliath), 1929 (Uimh. 40 de 1929) , mar do hatharuíodh é le halt 102 den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 ( Uimh. 27 de 1930 ), i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1936, agus ragha sé in eag ansan.

Gearr-theideal agus léiriú.

2. —(1) Féadfar Acht Fóirithin na mBocht (Baile Atha Cliath), 1931 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin le hAcht Fóirithin na mBocht (Baile Atha Cliath), 1929 , agus féadfar Achtanna Fóirithin na mBocht (Baile Atha Cliath), 1929 agus 1931, do ghairm den Acht san agus den Acht so le chéile.