|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Foralacha Diombuana.) | Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL. Achtachain go n-Aistritear na Comhachta agus na Dualgaisi Futha leis an Acht so.) |
ACHT TALMHAÍOCHTA, 1931
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID IV. Ilghneitheach. | |
| [EN] |
Éilithe agus iarrataisí áirithe d'fhíorú. |
44. —Féadfaidh an tAire o am go ham rialacháin do dhéanamh i dtaobh an dá ní seo leanas no ceachtar acu, sé sin le rá:— |
| [EN] | (a) á chur mar cheangal go bhfíorófaí le dearbhú reachtúil aon éileamh ar airgead adeirtear do bheith dlite air féin no ar choiste talmhaíochta; | |
| [EN] | (b) á chur mar cheangal go bhfíorófar le dearbhú reachtúil aon iarratas a déanfar air fé aon achtachán agus ná beidh sé ceangailte, do réir an achtacháin sin ná fé, é d'fhíorú ar shlí áirithe; | |
| [EN] | agus pé uair a déanfar aon rialacháin den tsórt san maidir le haon éileamh no iarratas den tsórt san ní tabharfar áird ar an éileamh no ar an iarratas san mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar é d'fhíorú le dearbhú reachtúil. | |
| [EN] |
Talamh d'aistriú o sna Coimisinéirí Foraoiseachta. |
45. —An talamh uile i Saorstát Éireann do bhí, ar an 5adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, dílsithe ar aon tslí sna Coimisinéirí Foraoiseachta do bunuíodh leis an Forestry Act, 1919, agus nár leithlíodh ná nár haistríodh roimh thosach feidhme an Achta so le reacht, le hordú, le dintiuir, ná ar aon tslí eile o sna Coimisinéirí Foraoiseachta san chun aon Aire, búird, údaráis, no duine tiocfa sé chun bheith agus beidh sé, gan aon leithliú do dhéanamh air, dílsithe san Aire díreach i dtosach feidhme an Achta so chun an estáit, an téarma, agus an leasa go léir chun a raibh sé dílsithe amhlaidh sna Coimisinéirí Foraoiseachta. |
| [EN] |
Tuarasgabhála ón Aire. |
46. —(1) Déanfaidh an tAire, chó luath agus is féidir é tar éis gach bliana airgeadais do bheith caithte, tuarasgabháil ar a imeachta fén Acht so i rith na bliana san d'ullamhú agus do thíolaca do gach Tigh den Oireachtas. |
| [EN] | (2) Sa mhéid go mbainfidh tuarasgabháil fén bhfo-alt san roimhe seo le himeachta fé sna Diseases of Animals Acts, 1894 to 1914, isé bheidh inti ná cuntas ina luadhfar imeachta agus caithteachas an Aire fé sna hAchtanna san agus, sa mhéid gur féidir é go réasúnta, imeachta agus caithteachas na n-údarás n-áitiuil go léir fé sna hAchtanna san sa bhliain le n-a mbainfidh an tuarasgabháil sin, agus luadhfar inti an méid ainmhithe coigríche do cuireadh i dtír i Saorstát Éireann agus go bhfuarthas amach galar do bheith ortha an bhliain sin, agus luadhfar inti ina gceann agus ina gceann na saghsanna deifriúla galair do bhí ortha agus na puirt o n-ar heasportáladh agus na puirt in ar cuireadh i dtír na hainmhithe sin agus cad do rinneadh leo, agus beidh pé eolas eile is oiriúnach leis an Aire inti i dtaobh oibriú na nAchtanna san. | |
| [EN] |
Na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1925. |
47. —Déanfar feasta an Mussels, Periwinkles and Cockles (Ireland) Act, 1898, d'áireamh mar cheann de sna hAchtanna gur féidir na hAchtanna Iascaigh, 1842 go 1925, do ghairm díobh. |
| [EN] |
Rialacháin do leaga fé bhráid Tithe an Oireachtais. |
48. —Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leaga fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh fé roimhe sin. |
| [EN] |
Costaisí. |
49. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire no an tAire Tionnscail agus Tráchtála agus é ag cur an Achta so i ngníomh. |
| [EN] |
Athghairm. |
50. —Athghairmtear leis seo na hachtacháin uile agus fé seach a luaidhtear sa cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san. |