19 1931


Uimhir 19 de 1931.


ACHT RIALTAIS ÁITIÚLA, 1931.


ACHT CHUN NA gCOMHACHT ATÁ AG AN AIRE RIALTAIS ÁITIÚLA AGUS SLÁINTE PUIBLÍ MAIDIR LE hÚDARÁIS ÁITIÚLA SCUIREANN SÉ AGUS MAIDIR LE FO-CHÓLUCHTAI CEAPTAR I bPÁIRT NO GO hIOMLÁN AG NA hÚDARÁIS ÁITIÚLA SAN DO LEATHNÚ AGUS DO MHÍNIÚ AGUS CHUN SOCRUITHE SPEISIALTA DO DHÉANAMH I dTAOBH CHÓ-CHOISTE BAINISTÍ OSPIDÉUL MEABHAR-GHALAR GHRAINSEACH GHORMÁIN. [8adh Iúl, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn an abairt “Acht 1923” an t Acht um Rialtais Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923) ;

cialluíonn an abairt “Acht 1925” an t Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) ;

tá an brí céanna leis an abairt “údarás áitiúil” atá léi in Acht 1925;

cialluíonn an focal “fo-chólucht” corparáid, coiste, bord, no cólucht eile is gá do réir dlí do bheith có-dhéanta i bpáirt no go hiomlán de dhaoine d'ainmneodh údarás áitiúil no dhá údarás áitiúla no níos mó.

(2) I gcás duine i seilbh oifige áirithe in údarás áitiúil no fé do bheith do réir dlí ina bhall d'aon chólucht eile de bhuadh a bheith i seilbh na hoifige sin, tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gur ball den chólucht san d'ainmnigh an t-údarás áitiúil sin an duine sin.

Na comhachta generálta bheidh ag an Aire nuair a scuirfear údarás áitiúil.

2. —Pé uair a scuirfidh an tAire údarás áitiúil fé alt 72 d'Acht 1925 no do scuir sé údarás áitiúil, roimh an Acht so do rith, fén alt san no fé alt 12 d'Acht 1923, féadfaidh an tAire, le hordú, pé socrú do dhéanamh is dóich leis is gá no is ceart chun a chur in áirithe go ndéanfaidh an cólucht, na daoine, no an duine ceapfar fén alt san 72 no fén alt san 12 (pe'ca aca é) chun dualgaisí an údaráis áitiúla san do chólíonadh, comhachta, dualgaisí, agus gnó an údaráis áitiúla san do choimeád ar siúl go héifeachtúil, agus i gcás údaráis áitiúla do scuireadh amhlaidh roimh an Acht so do rith (pe'ca tá an t-údarás áitiúil sin scurtha fós le linn an Achta so do rith no ná fuil) tuigfear go raibh comhacht ag an Aire riamh an socrú san do dhéanamh amhlaidh.

Comhachta maidir le fo-chóluchtaí.

3. —Pé uair a scuirfidh an tAire údarás áitiúil fé alt 72 d'Acht 1925 no do scuir sé údarás áitiúil, roimh an Acht so do rith, fén alt san no fé alt 12 d'Acht 1923, beidh comhacht ag an Aire agus, i gcás údaráis áitiúla do scuireadh amhlaidh roimh an Acht so do rith (pe'ca tá an t-údarás áitiúil sin scurtha fós le linn an Achta so do rith no ná fuil), tuigfear go raibh comhacht ag an Aire riamh chun socruithe do dhéanamh, le hordú, maidir le fo-chólucht ar bith do cheap an t-údarás áitiúil sin i bpáirt no go hiomlán, pé socrú is dóich leis an Aire is gá no is ceart chun a chur in áirithe go ndéanfaidh an fo-chólucht san a chomhachta agus a dhualgaisí d'fheidhmiú agus do chólíonadh go cuibhe d'ainneoin an údaráis áitiúla san do bheith scurtha, agus go háirithe comhacht chun gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh le hordú, sé sin le rá:—

(a) más gá do réir dlí an fo-chólucht san do bheith códhéanta go hiomlán de dhaoine d'ainmneodh an t-údarás áitiúil sin—

(i) comhachta, dualgaisí, agus maoin an fho-chóluchta san d'aistriú chun an chóluchta, na ndaoine, no an duine chun a mbeidh comhachta agus dualgaisí an údaráis áitiúla san aistrithe de thurus na huaire fé cheachtar de sna hailt sin agus socrú do dhéanamh chun go ndéanfadh an cólucht, na daoine, no an duine sin féin na comhachta agus na dualgaisí sin d'fheidhmiú agus do chólíonadh, no

(ii) pé socrú is dóich leis is ceart do dhéanamh chun ball an fho-chóluchta san do cheapadh agus fós chun daoine áirithe do cheapadh chun bheith ina mbaill den tsórt san, chun líon ball agus quorum an fho-chóluchta san do laigheadú, agus chun aon achtacháin reachtúla no eile do chur ar fiunraoi gur gá dá réir baill an fho-chóluchta san do bheith ina mbaill den údarás áitiúil sin; agus

(b) más rud é, do réir dlí, nách gá ach cuid den fho-chólucht san do bheith có-dhéanta de dhaoine d'ainmneodh an t-údarás áitiúil sin, pé socrú is dóich leis is ceart do dhéanamh chun go líonfaí gach ceann no aon cheann de sna hionaid sin imeasc ballra an fho-chóluchta san is gá do réir dlí do líonadh le daoine d'ainmneodh an t-údarás áitiúil sin agus fós chun daoine áirithe do cheapadh chun na n-ionad san do líonadh, chun aon fhorála reachtúla no eile do chur ar fiunraoi gur gá dá réir gach cheann no aon cheann de sna hionaid sin do líonadh le daoine is baill den údarás áitiúil sin, agus chun líon na n-ionad san do laigheadú agus, de dhruim an laigheaduithe sin, líon iomlán ball agus quorum an fho-chóluchta san do laigheadú.

Buird agus coistí áirithe do scur de dheascaibh scurtha eile.

4. —Pé uair a scuirfidh an tAire comhairle chontae fé alt 72 d'Acht 1925 no do scuir sé comhairle chontae, roimh an Acht so do rith, fén alt san no fé alt 12 d'Acht 1923 (pe'ca tá an chomhairle sin scurtha fós le linn an Achta so do rith no ná fuil), ansan, gach bord sláinte puiblí, bord sláinte agus conganta phuiblí agus coiste bainistí óspidéil mheabhar-ghalar seachas có-choiste) gur ghá do réir dlí, mara mbeadh an scur san, go gceapfadh an chomhairle sin iad, scuirfear iad no tuigfear gur scuireadh iad le linn na comhairle sin do scur amhlaidh mara socruighidh no marar shocruigh an tAire a mhalairt agus tuigfear maoin, comhachta, agus dualgaisí an bhuird no an choiste sin do bheith aistrithe chun an chóluchta, na ndaoine, no an duine chun a mbeidh comhachta agus dualgaisí na comhairle sin aistrithe de thurus na huaire fén alt san 12 no fén alt san 72 agus iad do bheith dílsithe ionta no ann, agus fós iad do bheith infheidhmithe acu no aige.

Comhachta ceadmhacha chun coistí do cheapadh.

5. —(1) Pé uair a scuirfidh an tAire údarás áitiúil fé alt 72 d'Acht 1925 no do scuir sé údarás áitiúil, roimh an Acht so do rith, fén alt san no fé alt 12 d'Acht 1923 agus pé uair a tuigfear bord sláinte puiblí no bord sláinte agus conganta phuiblí do bheith scurtha de bhuadh an Achta so, ansan, an cólucht, na daoine, no an duine go mbeidh no go dtuigfear go mbeidh comhachta agus dualgaisí an údaráis áitiúla san no an bhuird sin (pe'ca aca é) aistrithe chucha no chuige de thurus na huaire fé cheachtar de sna hailt sin no de bhuadh an Achta so, beidh gach comhacht ceadmhach acu no aige, agus féadfa siad no sé gach comhacht cheadmhach d'fheidhmiú, chun coiste do cheapadh chun críche ar bith, do bheadh infheidhmithe ag an údarás áitiúil sin no ag an mbord san, pe'ca aca é, mara mbeadh an scur san agus, i gcás scurtha do thárla no a tuigfear do thárlachtaint roimh an Acht so do rith (pe'ca bheidh an t-údarás áitiúil no an bord san scurtha fós le linn an Achta so do rith no ná beidh), tuigfear go raibh na comhachta san riamh acu no aige agus go raibh siad no sé ábalta riamh ar iad d'fheidhmiú.

(2) Pé uair agus faid a bheidh comhacht cheadmhach chun coiste do cheapadh infheidhmithe no a tuigfear go raibh sé infheidhmithe ag aon chólucht, daoine, no duine de bhuadh an ailt seo, scuirfidh aon fhoráil reachtúil no eile le n-a bhforáltar baill uile an choiste sin no cuid acu do bheith ina mbaill d'údarás áitiúil áirithe, scuirfe sí d'éifeacht do bheith aici agus tuigfear go raibh sí riamh gan éífeacht.

Socrú speisialta i dtaobh Coiste Ospideul Meabhar-ghalar Ghráinseach Ghormáin.

6. —(1) Ní oibreoidh éinní san Acht so chun dleathachta ná éifeachta do thabhairt d'aon ghníomh do rinne Có-Choiste Bainistí Ospideul Meabhar-ghalar Ghráinseach Ghormáin (dá ngairmtear an Coiste sin san alt so) agus go dtug Cúirt Bhreithiúnais de bhreith go speisialta air, roimh an Acht so do rith, é do bheith nea-dhleathach no gan éifeacht.

(2) Beidh sé dleathach don Choiste sin gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) íoc do dhéanamh le haon oifigeach don Choiste sin in aon riaráiste tuarastail go dtí an 17adh lá d'Iúl, 1929, agus in airgead eile is iníoctha leis an oifigeach san fé ordú do rinne Cúirt ar bith mar gheall ar bhreith do thug an Chúirt sin no an Chúirt Uachtarach ná raibh éifeacht le rún ón gCoiste sin á thabhairt le tuisgint gur laigheaduigh sé tuarastal an oifigigh sin;

(b) íoc do dhéanamh le haon oifigeach don Choiste sin do bhí ar fostú ag an gCoiste sin ar an 12adh lá d'Iúl, 1925, in aon riaráiste tuarastail go dtí an 17adh lá d'Iúl, 1929, go mbeadh teideal ag an oifigeach san chuige dá mba rún gan éifeacht maidir leis an oifigeach san rún ón gCoiste sin á thabhairt le tuisgint gur laigheaduigh sé a thuarastal, rún gur chinn an Chúirt Uachtarach, roimh an Acht so do rith, é do bheith gan éifeacht maidir le hoifigigh eile don Choiste sin;

(c) íoc do dhéanamh le haon oifigeach don Choiste sin do bhí ar fostú ag an gCoiste sin ar an 12adh lá d'Iúl, 1925, i dtuarastal ón 17adh lá d'Iúl, 1929, amach, do réir an ráta gur dá réir a bheadh an tuarastal san iníoctha dá mba ná rithfí an rún san ón gCoiste sin ag laigheadú an tuarastail sin no á thabhairt le tuisgint gur laigheaduíodh é.

(3) Lasmuich dá n-údaruítear leis an alt so, ní bheidh sé dleathach d'aon oifigeach don Choiste sin aon airgead do ghlacadh ón gCoiste sin ná don Choiste sin aon airgead d'íoc leis adéarfar do bheith ag dul do toisc gur chinn an Chúirt Uachtarach ná raibh éifeacht le rún ón gCoiste sin á thabhairt le tuisgint gur laigheaduíodh tuarastail gach duine no aon duine d'oifigigh an Choiste sin.

(4) Chun crícheanna ailt 68 den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930) , beidh na nithe seo leanas ina gcrícheanna eiscithe do réir bhrí an ailt sin, eadhon, an Coiste sin d'íoc aon airgid do réir orduithe do rinne Cúirt Bhreithiúnais roimh an Acht so do rith agus a bhí bunuithe ar rún ón gCoiste sin á thabhairt le tuisgint gur laigheaduíodh tuarastail aon oifigeach d'oifigigh an Choiste sin do bheith nea-dhleathach no gan éifeacht, agus na costaisí agus na caithteachaisí fé n-a ndeaghaidh an Coiste sin sna himeachta ina ndearnadh aon ordú den tsórt san d'íoc, agus aon íocaíocht eile d'íoc a dearbhuítear leis an alt so do bheith dleathach, agus aisíoc airgid agus íoc úis ar airgead do fuarthas ar iasacht chun íoctha na n-íocaíocht san no aon íocaíochta acu.

(5) Beidh feidhm ag fo-alt (7) d'alt 51 den Local Government (Ireland) Act, 1898, maidir le haon airgead do bhí dlite roimh an 30adh lá de Mheitheamh, 1931, agus go n-údaruítear don Choiste sin leis an alt so é d'íoc, díreach fé is dá mb'ar an 30adh lá de Mheitheamh, 1931, do tháinig an t-airgead san chun bheith dlite agus iníoctha.

Orduithe do cheiliúradh agus do leasú.

7. —Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén Acht so agus gach ordú do rinne sé roimh an Acht so do rith agus atá dleathach agus éifeachtúil de bhuadh an Achta so féadfaidh an tAire é do cheiliúradh no do leasú le hordú ina dhiaidh sin agus tuigfear go bhféadfadh sé san do dhéanamh riamh.

Gearr-theideal.

8. —Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúla, 1931 , do ghairm den Acht so.