An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (PRÁTAÍ), 1931) Ar Aghaidh (CUID II. Aitreabhacha do Chlaru agus Easportalaithe do Cheadunu.)

26 1931

ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (PRÁTAÍ), 1931

CUID I.

Roimhraiteach.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Tora Talmhaíochta (Prátaí), 1931 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh pé lá ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

cialluíonn an focal “cigire” éinne dá n-údaróidh an tAire i scríbhinn (go generálta no chun críche speisialta) gach comhacht no aon chomhacht no gach dualgas no aon dualgas dá mbronntar no dá bhforchuirtear leis an Acht so ar chigire d'fheidhmiú no do chólíonadh;

cialluíonn an abairt “prátaí síl” prátaí atá le cur;

cialluíonn an abairt “prátaí bídh” prátaí nách prátaí síl;

foluíonn an focal “pacáiste” aon mhála, sac, bosca, cás, bairille no gléas coinneála eile ina mbeidh prátaí no ina bhféadfadh prátaí bheith;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so.