An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Aitreabhacha do Chlaru agus Easportalaithe do Cheadunu.) Ar Aghaidh (CUID IV. Consighneachtai de Phratai do Scrudu.)

26 1931

ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (PRÁTAÍ), 1931

CUID III.

Rialachain i dtaobh Pratai do Ghradu agus do Phacail, Pacaisti de Phratai do Mharcail, agus Pratai d'Iompar.

Rialacháin chun prátaí do ghrádú agus do phacáil.

18. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin (dá ngairmtear san Acht so rialacháin chun prátaí do ghrádú agus do phacáil) do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas:—

(a) gach ní bhaineann leis an modh agus leis an slí chun prátaí do ghrádú;

(b) gach ní bhaineann le cor no le staid na bprátaí le linn a bpacála;

(c) gach ní bhaineann leis an modh agus leis an slí chun prátaí do phacáil agus leis na pacáistí a húsáidfear chun iad do phacáil ionta;

(d) a thoirmeasc go ndéanfaí grádanna no saghsanna áirithe prátaí do phacáil.

Rialacháin chun pacáistí do mharcáil.

19. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin (dá ngairmtear san Acht so rialacháin chun pacáistí do mharcáil) do dhéanamh á ordú cadiad na marcanna cuirfear ar gach pacáiste de phrátaí a bheidh le heasportáil agus a díolfar in aon áitreabh cláruithe no a heasportálfar no consighneofar uaidh, chun gach ní no éinní acu so leanas do thaisbeáint, sé sin le rá:—

(a) grád na bprátaí atá sa phacáiste sin;

(b) an t-áitreabh cláruithe in ar pacáladh na prátaí sin;

(c) easportálaí ceadúnuithe na bprátaí;

(d) an saghas práta atá sa phacáiste sin;

(e) an cineál práta atá sa phacáiste sin;

(f) dáta gráduithe agus pacála na bprátaí;

(g) dath na hithearach in ar fhás na prátaí;

(h) gur i Saorstát Éireann d'fhás na prátaí sin;

(i) éinní eile is dóich leis an Aire ba chóir do thaisbeáint ar an bpacáiste sin.

(2) Ordófar, leis na rialacháin chun pacáistí do mharcáil, conus a cuirfear na marcanna a hordófar leo ar na pacáistí prátaí le n-a mbainid agus féadfar malairt slí d'ordú chun malairt marcanna do chur ar na pacáistí sin.

(3) Chun críche pé méid den alt so bhaineann le n-a thaisbeáint le marcanna cadé an t-áitreabh in ar gráduíodh agus in ar pacáladh prátaí, agus cé hé easportálaí ceadúnuithe na bprátaí féadfaidh an tAire marc fé leith do cheapadh do gach áitreabh cláruithe fé leith agus fós do gach easportálaí ceadúnuithe fé leith, agus leis na rialacháin chun pacáistí do mharcáil féadfa sé a éileamh go ndéanfar na marcanna ceapfar amhlaidh d'úsáid mar mharcanna chun a thaisbeáint cadé an t-áitreabh in ar gráduíodh agus inar pacáladh na prátaí sin agus cé hé easportálaí ceadúnuithe na bprátaí sin.

(4) Pé uair a déanfar leis na rialacháin chun pacáistí do mharcáil marc ar bith d'ordú mar mharc le cur ar phacáistí ina mbeidh prátaí d'aon tsaghas áirithe no prátaí do gráduíodh agus do pacáladh in aon áitreabh áirithe no a easportálfaidh aon easportálaí ceadúnuithe áirithe, tuigfear gur thuairisc thrádála bhréagach do réir bhrí na Merchandise Marks Acts, 1887 to 1911, an marc san do chur ar phasáistí de phrátaí d'aon tsaghas eile no as aon áit gráduithe agus pacála eile no a easportálfaidh aon duine eile agus bainfidh na hAchtanna san, idir fhorálacha peannaideacha agus eile, leis an gcás dá réir sin.

(5) Chun críche an ailt seo, tuigfear gur cuireadh marc ar rud má cuireadh air é do réir bhrí na Merchandise Marks Acts, 1887 to 1911.

(6) San alt so foluíonn an focal “marc” aon fhocal, leitir, figiúir, uimhir, no pátrún, no aon fhocail, leitreacha, figiúirí, uimhreacha, agus pátrúin le chéile no aon cheann no cinn acu.

Toirmeasc ar mharcanna neamhúdaruithe do chur ar phacáistí.

20. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne marc ar bith do chur ar aon phacáiste de phrátaí a heasportálfar o áitreabh cláruithe ach marc is gá do chur ar an bpacáiste sin do réir na rialachán chun pacáistí do mharcáil.

(2) Má dheineann éinne sárú ar an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.

Rialacháin chun prátaí d'iompar.

21. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin (dá ngairmtear san Acht so rialacháin chun prátaí d'iompar) do dhéanamh chun prátaí in aon fheithicil, bhaigín traenach, no luing do chosaint ar thruailliú no ar mheath agus iad ar turus o áitreabh chláruithe go haon áit lasmuich de Shaorstát Éireann.