|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Rialachain i dtaobh Pratai do Ghradu agus do Phacail, Pacaisti de Phratai do Mharcail, agus Pratai d'Iompar.) | Ar Aghaidh (CUID V. Pratai d'Easportail.) |
ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (PRÁTAÍ), 1931
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID IV. Consighneachtai de Phratai do Scrudu. | |
| [EN] |
Barra prátaí síl d'iniúchadh. |
22. —(1) Einne gur mian leis barra prátaí no cuid ar bith de bharra prátaí bheidh ag fás aige do dhíol mar phrátaí síl féadfaidh a iarraidh ar an Aire an barra san do chur fé iniúchadh le linn é bheith ag fás agus ar a iarraidh sin air féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, cigire do chur ag iniúchadh an bharra san. |
| [EN] | (2) Más rud é, ar iniúchadh aon bharra prátaí fén bhfo-alt san roimhe seo dho, go mbeidh an cigire sásta go bhfuil na prátaí sin no cuid acu oiriúnach mar phrátaí síl, déanfaidh an cigire sin deimhniú (dá ngairmtear deimhniú oiriúnachta san Acht so) sa bhfuirm orduithe do thabhairt amach ar an mbarra san no ar an gcuid sin de luadhfar sa deimhniú san do bheith oiriúnach mar phrátaí síl. | |
| [EN] |
Rialacháin scrúdúcháin. |
23. —Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, rialacháin (dá ngairmtear rialacháin scrúdúcháin san Acht so) do dhéanamh i dtaobh na nithe seo leanas, sé sin le rá:— |
| [EN] | (a) an tslí ina scrúdóidh cigirí consighneachtaí de phrátaí thaisbeánfaidh easportálaithe ceadúnuithe do sna cigirí sin chun a scrúduithe; | |
| [EN] | (b) na coinníollacha (dá ngairmtear na coinníollacha oiriúnachta san Acht so) nách foláir na consighneachtaí sin bheith dá réir chun na gcigirí sin do bheith sásta gur consighneachtaí iad atá oiriúnach chun a gconsighnithe; | |
| [EN] | (c) fuirm, pátrún agus abhar an tséala (dá ngairmtear an séala oifigiúil san Acht so) a bheidh le cur ar gach pacáiste ina mbeidh prátaí síl agus a bheidh i gconsighneacht le n-a rabhthas sásta amhlaidh gur consighneacht í do bhí oiriúnach chun a consighnithe agus an tslí ina gcuirfear an séala san ar an bpacáiste sin; | |
| [EN] | (d) fuirm, pátrún agus abhar an cheangail (dá ngairmtear an ceangal oifigiúil san Acht so) a bheidh le ceangal de gach pacáiste ina mbeidh prátaí bídh agus a bheidh i gconsighneacht le n-a rabhthas sásta amhlaidh gur chonsighneacht í do bhí oiriúnach chun a consighnithe agus an tslí ina gceanglófar an ceangal san den phacáiste sin. | |
| [EN] |
Consighneachtaí de phrátaí do scrúdú. |
24. —(1) Féadfaidh an tAire a shocrú go ndéanfaidh cigirí consighneachtaí de phrátaí do scrúdú i pé áiteanna agus ar pé laetheanta agus uaire chinnfe sé o am go ham. |
| [EN] | (2) Pé uair a taisbeánfar consighneacht de phrátaí do chigire chun a scrúduithe scrúdóidh an cigire sin an chonsighneacht san mara ndeintear leis an alt so a thoirmeasc air an scrúdú san do dhéanamh agus is sa tslí a hordófar leis na rialacháin scrúdúcháin a dhéanfa sé an scrúdú san agus má bhíonn sé sásta tar éis an scrúduithe sin go bhfuil an chonsighneacht san do réir na gcoinníollacha oiriúnachta, ach ní hin aon chás eile, déanfa sé— | |
| [EN] | (a) gach pacáiste sa chonsighneacht san do shéalú leis an séala oifigiúil más prátaí síl na prátaí sa chonsighneacht san; | |
| [EN] | (b) gach pacáiste sa chonsighneacht san do cheangal leis an gceangal oifigiúil más prátaí bídh na prátaí sa chonsighneacht san. | |
| [EN] | (3) Ní scrúdóidh cigire aon chonsighneacht de phrátaí síl a taisbeánfar do chun a scrúduithe fén alt so mara dtaisbeántar do le linn an taisbeánta san deimhniú oiriúnachta i dtaobh na bprátaí sa chonsighneacht san. | |
| [EN] | (4) Ní tuigfear séala oifigiúil a cuirfear ar phacáiste de phrátaí ná ceangal oifigiúil a ceanglófar de phacáiste de phrátaí do bheith ina urrús ná ní léireofar san in aon tslí mar urrús ar na prátaí sin ná ní bheidh aon fhreagarthacht ar an Aire mar gheall ar aon tséala ná ceangal den tsórt san. | |
| [EN] |
Deimhnithe consighneachta. |
25. —(1) Pé uair a bheidh easportálaí ceadúnuithe chun líon áirithe de phacáistí de phrátaí síl do shéaluigh cigire leis an séala oifigiúil d'easportáil in aon chonsighneacht amháin agus a chuirfe sé san in úil don chigire sin, déanfaidh an cigire sin, ar iarratas an easportálaí cheadúnuithe sin, deimhniú (dá ngairmtear deimhniú consighneachta san Acht so) do thabhairt amach i dtaobh na consighneachta san á dheimhniú cé méid pacáiste de phrátaí síl (méid a luadhfar sa deimhniú) sa chonsighneacht san do séaluíodh leis an séala san. |
| [EN] | (2) Pé uair a bheidh easportálaí ceadúnuithe chun líon áirithe de phacáistí de phrátaí bídh do cheangail cigire leis an gceangal oifigiúil d'easportáil in aon chonsighneacht amháin agus a chuirfe sé san in úil don chigire sin, déanfaidh an cigire sin, ar iarratas an easportálaí cheadúnuithe sin, deimhniú (agus gairmtear deimhniú consighneachta de sin freisin san Acht so) do thabhairt amach i dtaobh na consighneachta san á dheimhniú cé méid pacáiste de phrátaí bídh (méid a luadhfar sa deimhniú) sa chonsighneacht san do ceangladh leis an gceangal san. |