|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Consighneachtai de Phratai do Scrudu.) | Ar Aghaidh (CUID VI. Ilghneitheach agus Generalta.) |
ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (PRÁTAÍ), 1931
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID V. Pratai d'Easportail. | |
| [EN] |
Tréimhse shaoirse. |
26. —(1) Féadfaidh an tAire o am go ham, le hordú, a dhearbhú gur am saoirse chun crícheanna na Coda so den Acht so, i pé bliain no blianta luadhfar san ordú san, an tréimhse idir an 20 adh lá de Bhealtaine agus an 31adh lá de Lúnasa agus an dá lá san d'áireamh, no pé cuid den tréimhse sin a luadhfar san ordú san, agus pé uair a déanfar a leithéid sin d'ordú agus a bheidh sé i bhfeidhm is am saoirse chun crícheanna na Coda so den Acht so i ngach bliain a luadhfar san ordú san an tréimhse go ndearbhófar leis an ordú san gur am saoirse í chun crícheanna na Coda so den Acht so. |
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire aon uair, le hordú, ordú do rinneadh fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so do cheiliúradh no do leasú. | |
| [EN] | (3) Gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh fén ordú san roimhe sin. | |
| [EN] |
Prátaí d'easportáil. |
27. —(1) Lasmuich de sna heisceachtaí luaidhtear san alt so, na prátaí go léir a heasportálfar as Saorstát Éireann beid do réir na gcoinníoll so leanas, sé sin le rá:— |
| [EN] | (a) is easportálaí ceadúnuithe easportálfaidh na prátaí sin; agus | |
| [EN] | (b) más easportálaí (fásóir) ceadúnuithe easportálfaidh na prátaí sin, is díreach ón áitreabh cláruithe dar dílseánach cláruithe an t-easportálaí (fásóir) ceadúnuithe sin a heasportálfar iad; agus | |
| [EN] | (c) más easportálaí (generálta) ceadúnuithe easportálfaidh na prátaí sin, is díreach o áitreabh chláruithe a heasportálfar iad; agus | |
| [EN] | (d) beidh na prátaí sin do réir na rialachán a bhaineann le prátaí do ghrádú agus do phacáil agus beid ar n-a ngrádú agus ar n-a bpacáil san áitreabh cláruithe o n-a mbeid á n-easportáil; agus | |
| [EN] | (e) beidh na prátaí sin gan tógaint, ach amháin ag cigire, as na pacáistí in ar pacáladh amhlaidh iad; agus | |
| [EN] | (f) beidh na prátaí sin i bpacáistí ar a mbeidh na marcanna a hordófar le rialacháin chun pacáistí de phrátaí do mharcáil; agus | |
| [EN] | (g) más prátaí síl na prátaí sin, is i bpacáistí bheidh séaluithe leis an séala oifigiúil a bheid; agus | |
| [EN] | (h) más prátaí bídh na prátaí sin, is i bpacáistí bheidh ceangailte leis an gceangal oifigiúil a bheid; agus | |
| [EN] | (i) maran prátaí luatha á n-easportáil i mbairillí na prátaí sin, beid i bpacáistí ná beidh in aon cheann acu nuair a bheidh sé lán níos lugha ná an meáchan orduithe de phrátaí lasmuich de mheáchan an phacáiste féin agus d'aon abhar deoranta bheidh ann; agus | |
| [EN] | (j) beidh deimhniú consighneachta i dteanta na bprátaí sin. | |
| [EN] | (2) Lasmuich de sna heisceachtaí luaidhtear san alt so, gach éinne easportálfaidh aon phrátaí no dhéanfaidh iarracht no chuirfidh fé ndeár iad d'easportáil agus gan iad do réir na gcoinníoll uile bhaineann leo agus a horduítear leis an bhfo-alt san roimhe seo, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so. | |
| [EN] | (3) Gach éinne iompróidh ar luach saothair aon phrátaí bheidh á n-easportáil no le heasportáil contrárdha d'fho-alt (1) den alt so, más le linn na bprátaí sin do bheith á n-easportáil no chun iad d'easportáil a déanfar an t-iompar san beidh sé ciontach i gcionta fén alt so mara gcruthuighe sé ná raibh a fhios aige agus ná luigheann sé le réasún go bhféadfadh sé a fhios a bheith aige go raibh na prátaí sin á n-easportáil contrárdha don alt so. | |
| [EN] | (4) Gach éinne iompróidh ar luach saothair aon phrátaí bheidh á n-easportáil agus go dteipfidh air no go leigfe sé i bhfaillí, maidir leis na prátaí sin, na rialacháin chun prátaí d'iompar do chólíonadh, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so. | |
| [EN] | (5) Gach duine bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneáil ná raghaidh thar caoga punt má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil agus an phríosúntacht san le chéile. | |
| [EN] | (6) Ní bainfidh an t-alt so— | |
| [EN] | (a) le haon phrátaí— | |
| [EN] | (i) a heasportálfar in aon chonsighneacht amháin, agus | |
| [EN] | (ii) nách truime ná cúig céad meáchain agus na pacáistí (más aon cheann é) ina mbeid do chur leo, agus | |
| [EN] | (iii) más i bpacáistí dhóibh, a bheidh i bpacáistí ná beidh marcálta le haon mharc dá n-ordófar leis na rialacháin chun pacáistí de phrátaí do mharcáil agus ná beidh séaluithe leis an séala oifigiúil ná ceangailte leis an gceangal oifigiúil, ná | |
| [EN] | (b) le haon phrátaí a heasportálfar fé cheadúnas speisialta deonfar fén Acht so agus do réir an cheadúnais sin, ná | |
| [EN] | (c) le haon phrátaí— | |
| [EN] | (i) a heasportálfar in aon chonsighneacht amháin isteach i dTuaisceart Éireann agus gurb é an té d'fhás iad a dhéanfaidh amhlaidh ina fheithicil féin, agus | |
| [EN] | (ii) nách truime ná tonna meáchain agus na pacáistí (más aon cheann é) ina mbeid do chur leo, agus | |
| [EN] | (iii) más i bpacáistí dhóibh, a bheidh i bpacáistí ná beidh marcálta le haon mharc dá n-ordófar leis na rialacháin chun pacáistí de phrátaí do mharcáil agus ná beidh séaluithe leis an séala oifigiúil ná ceangailte leis an gceangal oifigiúil, ná | |
| [EN] | (d) le haon phrátaí a heasportálfar i bpacáiste a consighneofar agus a cuirfear ar aghaidh tré Shaorstát Éireann o aon áit lasmuich de Shaorstát Éireann go háit eile den tsórt san ach ná deighleálfar leis ar aon tslí eile i Saorstát Éireann, ná | |
| [EN] | (e) le haon phrátaí a heasportálfar i rith tréimhse is am saoirse chun crícheanna na Coda so den Acht so, ná | |
| [EN] | (f) le haon phrátaí easportálfaidh an tAire. | |
| [EN] |
Ceadúnas speisialta chun prátaí d'easportáil. |
28. —(1) Ar iarratas éinne gur mian leis consighneacht áirithe de phrátaí d'fhás sé féin d'easportáil agus ar íoc na táille is inéilithe fén alt so leis an Aire don duine sin agus tar éis do chigire an chonsighneacht san d'iniúchadh féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas speisialta sa Chuid seo den Acht so) sa bhfuirm orduithe do dheonadh don duine sin chun na consighneachta san d'easportáil fé réir pé coinníollacha fhorchuirfidh an tAire agus a luadhfar sa cheadúnas san. |
| [EN] | (2) Eileofar fén alt so, ar gach ceadúnas speisialta deonfar fén alt so, táille a háireofar do réir an méid tonna prátaí sa chonsighneacht le n-a mbaineann an ceadúnas san agus do réir pé ráta (nách mó ná sé scillinge an tonna) a hordófar. | |
| [EN] | (3) Déanfaidh ceadúnas speisialta deonfar fén alt so a údarú don té dá ndeonfar é an chonsighneacht de phrátaí bheidh luaidhte ann d'easportáil do réir téarmaí an cheadúnais sin. | |
| [EN] | (4) Aon uair sara ndéanfar consighneacht de phrátaí bheidh luaidhte i gceadúnas speisialta d'easportáil féadfaidh an tAire, gan cúis do thabhairt leis, an ceadúnas speisialta bhaineann leis an gconsighneacht san do cheiliúradh agus an táille do híocadh ar an gceadúnas san d'iarraidh do thabhairt thar n-ais. | |
| [EN] | (5) Chun méid aon táille is inéilithe fén alt so ar son ceadúnais speisialta do dheonadh d'áireamh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— | |
| [EN] | (a) tuigfear i dtaobh tagartha ar bith san alt so do mheáchaint phrátaí gur tagairt í do mheáchaint na bprátaí sin agus na bpacáistí ina mbeid; | |
| [EN] | (b) más lugha ná tonna meáchaint na bprátaí i gconsighneacht ar bith tuigfear gur tonna meáchaint na bprátaí sin; | |
| [EN] | (c) más mó ná tonna meáchaint na bprátaí i gconsighneacht ar bith no más mó ná aon líon de thonnaí iomlána é tuigfear gur tonna an bhreis sin. | |
| [EN] | (6) Gach duine dá ndeonfar ceadúnas speisialta fén alt so agus a sháróidh aon téarma no coinníoll dá mbeidh sa cheadúnas san, agus gach duine (pe'ca bheidh ceadúnas speisialta aige no ná beidh) do bhéarfaidh le tuisgint, go bréagach, le marc ar aon chonsighneacht de phrátaí, gur fé cheadúnas speisialta do deonadh fén alt so atá an chonsighneacht san de phrátaí á heasportáil, beid ciontach i gcionta fén alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur ortha. | |
| [EN] |
Prátaí d'iniúchadh, etc. |
29. —(1) Beidh teideal ag cigire ar bith gach tráth réasúnta dul isteach agus saorchead do bheith aige istigh— |
| [EN] | (a) in aon áitreabh cláruithe; no | |
| [EN] | (b) in áitreabh éinne dheineann earraí d'iompar ar luach saothair; no | |
| [EN] | (c) in aon stóras no áitreabh eile le héinne stórálann earraí atá le heasportáil no á n-easportáil; no | |
| [EN] | (d) ar aon phiara, céibh, caladh, fánán no dug, no in aon áitreabh duga; no | |
| [EN] | (e) in aon luing, bád, bhaigín traenach, laraí mótair, trucail, no árthach no feithicil eile a húsáidtear chun earraí d'iompar. | |
| [EN] | (2) Féadfaidh cigire ar bith iniúchadh do dhéanamh ar aon phrátaí no ar aon phacáiste do gheobhfar in aon áit go mbeidh aige fén alt so teideal chun dul isteach ann no saorchead istigh no ar no in aon áit phuiblí agus féadfa sé aon phacáiste den tsórt san d'oscailt go gcreideann sé le réasún no go bhfuil amhras réasúnta aige prátaí atá le heasportáil do bheith ann agus féadfa sé na nithe seo leanas do thógaint agus do bhreith leis gan íoc asta— | |
| [EN] | (a) samplaí réasúnta de phrátaí ar bith do gheobhfar in aon áit den tsórt san pe'ca i bpacáiste do sna prátaí sin no nách eadh; agus | |
| [EN] | (b) aon phacáiste áirithe is cuid de chonsighneacht de phrátaí do gheobhfar in aon áit den tsórt san. | |
| [EN] | (3) Má dheineann éinne— | |
| [EN] | (a) cosc no bac do chur ar chigire ar bith agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so; no | |
| [EN] | (b) agus a fhios aige cad is ainm do chonsighneoir, do chonsighné no d'únaer prátaí ar bith no pacáiste ar bith go bhfuil cigire i dteideal a n-iniúchta fén alt so, no eolas aige ar nithe eile i dtaobh éinne acu, diúltadh don ainm sin no do sna nithe eile sin d'innsint don chigire sin; no | |
| [EN] | (c) aon ainm no eolas eile, bréagach no mí-threorach, ar aon chonsighneoir, consighné, no únaer den tsórt san do thabhairt don chigire sin go toiliúil no ar nós cumaliom; | |
| [EN] | beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear pionós ná raghaidh thar cúig puint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus pionós ná raghaidh thar deich bpuint má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin. | |
| [EN] | (4) Má thógann cigire pacáiste ar bith fén alt so in aon áit (seachas áitreabh cláruithe) beidh sé de dhualgas ar an gcigire sin a chur in úil don únaer no don chonsighneoir agus don chonsighné (más rud é agus sa mhéid go bhfuil fios a n-ainmneacha agus a seolta aige no gur féidir do go réasúnta iad d'fháil amach) gur thóg sé an sampla no an pacáiste sin. | |
| [EN] | (5) Má chítear don Aire, ar phacáiste ar bith a tógfar fén alt so do scrúdú, go ndearnadh no gur tugadh fé aon cheann d'fhorálacha an Achta so no aon rialacháin do rinneadh fé do shárú maidir leis an gconsighneacht as ar tógadh an pacáiste féadfar an pacáiste do gheallbhruideadh don Aire, agus, in aon chás eile, deighléalfar leis an bpacáiste do réir orduithe an chonsighneora no, mara dtuga sé orduithe uaidh, díolfar an pacáiste agus íocfar sochar glan a dhíolta leis an gconsighneoir. | |
| [EN] | (6) Ní bheidh an tAire ná cigire ar bith freagarthach in aon chailliúint ná damáiste thiocfaidh as cigire d'fheidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so, agus ní luighfidh aon aicsean i gcoinnibh an chonsighneora ná éinne eile i dtaobh ná alos aon chailliúna ná damáiste den tsórt san roimhráite. | |
| [EN] | (7) Le linn cigire do bheith ag feidhmiú na gcomhacht a bronntar air leis an alt so, in no ar áitreabh aon chuideachtan bóthair iarainn no loingis, déanfa sé do réir pé éilithe réasúnta ón gcuideachtain sin is gá chun ná déanfaí cosc ná cur isteach ar oibriú an tráchta san áitreabh san. | |
| [EN] |
Comhachta oifigeacha Custum agus Máil. |
30. —Beidh ag oifigigh chustum agus máil, maidir le haon phrátaí agus pacáistí go dtoirmeascthar no go sriantar leis an Acht so iad d'easportáil, na comhachta céanna atá ag na hoifigigh sin do réir dlí maidir le hearraí eile go dtoirmeascthar no go sriantar le dlí iad d'easportáil. |