An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Pratai d'Easportail.)

26 1931

ACHT TORA TALMHAÍOCHTA (PRÁTAÍ), 1931

CUID VI.

Ilghneitheach agus Generalta.

Seilbh neadhleathach ar shéalaí, ar cheangail, agus ar dheimhnithe.

31. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne séala oifigiúil ná aithris dheallrathach ar a leithéid, ná ceangal oifigiúil ná aithris dheallrathach ar a leithéid, ná fuirm orduithe de dheimhniú oiriúnachta ná aithris dheallrathach ar a leithéid, ná fuirm orduithe de dheimhniú chonsighneachta ná aithris dheallrathach ar a leithéid, do dhéanamh, d'ordú, do cheannach, d'iomportáil, ná do bheith ina sheilbh aige.

(2) Ní bheidh sé nea-dhleathach d'éinne, de dhruim éinní san alt so, séala oifigiúil no ceangal oifigiúil le n-ar shéaluigh no le n-ar cheangail cigire pacáiste de phrátaí fén Acht so do bheith ina sheilbh aige.

(3) Ní bheidh sé nea-dhleathach, de dhruim éinní san alt so, d'oifigeach don Stát agus é i mbun a dhualgais mar oifigeach den tsórt san séala oifigiúil no ceangal oifigiúil d'ordú, do cheannach, d'iomportáil, no do bheith ina sheilbh aige, no fuirm orduithe de dheimhniú chonsighneachta no de dheimhniú oiriúnachta d'ordú, do cheannach, d'iomportáil no do bheith ina sheilbh aige, ná d'éinne aon tséala, ceangal, no fuirm den tsórt san do dhéanamh, d'iomportáil, no do bheith ina sheilbh aige do réir orduithe thug aon oifigeach den tsórt san go dleathach no do réir connartha do rinne sé go dleathach.

(4) Gach duine a dhéanfaidh, a ordóidh, a cheannóidh, a iomportálfaidh no go mbeidh ina sheilbh aige, contrárdha don alt so, séala oifigiúil no aithris dheallrathach ar a leithéid no ceangal oifigiúil no aithris dheallrathach ar a leithéid no fuirm orduithe de dheimhniú chonsighneachta no aithris dheallrathach ar a leithéid no fuirm orduithe de dheimhniú oiriúnachta no aithris dheallrathach ar a leithéid, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig puint fhichead do chur air, no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe.

Séalaí agus ceangail d'úsáid go neadhleathach.

32. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne (nách cigire) aon phacáiste de phrátaí do shéalú le séala oifigiúil ná aon phacáiste de phrátaí do cheangal le ceangal oifigiúil.

(2) Gach éinne sháróidh an t-alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig puint fhichead do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe.

Cosaint do sna comhachta atá ag an Aire fé Achtanna eile.

33. —Na comhachta bronntar ar an Aire leis an Acht so beid gan dochar agus feidhmeofar iad gan dochar don Aire agus d'údaráis áitiúla d'fheidhmiú na gcomhacht a bronntar ortha fé seach le hAchtanna na bhFeathaid agus na bPiast Loitbheartacha, 1877 go 1929.

Ciontaí.

34. —Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, gach cionta fé aon fhoráil den Acht so do chúiseamh.

Rialacháin ghenerálta.

35. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no á ordú no le hordú.

(2) Féadfaidh aon rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so baint do bheith acu leis na nithe iomdha go mbronntar le hailt deifriúla den Acht so comhacht chun rialacháin do dhéanamh ina dtaobh.

(3) Aon rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so i dtaobh táillí beid fé réir ceadú ón Aire Airgid.

(4) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar de dhá Thigh an Oireachtais, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Cad déanfar le táillí do gheobhaidh an tAire.

36. —Na táillí uile do gheobhaidh an tAire fén Acht so íocfar isteach iad sa Stát-Chiste no cuirfear iad chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Costaisí.

37. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas o am go ham a híocfar gach costas a bhainfidh leis an Acht so do chur in éifeacht.