Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.)

27 1931


Uimhir 27 de 1931.


ACHT UM GHEALL-CHUR, 1931.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN GUR FEARRDE A RIALÁLFAR AGUS A SRIANFAR DAOINE DAR GNÓ GEALLTA DO GHLACA AGUS CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH, CHUN NA CRÍCHE SIN AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE, AR AN DLÍ BHAINEAS LE GEALL-CHUR AGUS LE TITHE GEALL.

[23adh Iúl, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgid;

cialluíonn an abairt “geall-ghlacadóir ceadúnuithe” duine (nách cólucht corparáideach ná cólucht neamh-ionchorparuithe de dhaoine) a bheidh ina shealbhóir ar cheadúnas geall-ghlacadóra a tugadh amach do no tuigfear a bheith tugtha amach do fén Acht so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire;

cialluíonn an focal “áitreabh” aon tigh no foirgint eile agus foluíonn sé cuid teoranta de thigh no d'fhoirgint eile;

cialluíonn an abairt “áitreabh cláruithe” áitreabh a bheidh cláruithe de thurus na huaire sa chlár d'oifigí glactha geall a bheidh á choimeád ag na Coimisinéirí Ioncuim fén Acht so;

cialluíonn an focal “dílseánach” an té bheidh i dteideal aontseilbhe an áitreibh go n-úsáidtear an focal ina thaobh, agus, i ngach áit ina gceaduíonn an có-théacs é, foluíonn sé roinnt daoine i gcó-theideal na seilbhe sin;

cialluíonn an abairt “dílseánach cláruithe” duine bheidh iontrálta de thurus na huaire sa chlár san d'oifigí glactha geall mar dhílseánach ar áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár san, agus i ngach áit ina gceaduíonn an có-théacs é, foluíonn an abairt sin roinnt daoine bheidh iontrálta sa chlár san mar chó-dhílseánaigh ar áitreabh a bheidh cláruithe amhlaidh;

foluíonn an focal “geall” stáca, agus léireofar dá réir sin focail atá gaolmhar do;

nuair a húsáidtear an focal “orduithe” maidir leis an gCúirt Dúithche no le ball den Ghárda Síochána no leis an Aire Dlí agus Cirt cialluíonn sé orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire Dlí agus Cirt fén Acht so agus i ngach cás eile cialluíonn sé orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire Airgid fén Acht so.

Toirmeasc ar ghníomhú mar gheallghlacadóir gan ceadúnas.

2. —(1) Ní dhéanfaidh éinne gnó ná gníomhú mar gheallghlacadóir ná a thabhairt le tuisgint ná a chur in úil gur geallghlacadóir no geall-ghlacadóir ceadúnuithe é mara mbeidh ceadúnas geall-ghlacadóra aige a tugadh amach do no a tuigfear a tugadh amach do fén Acht so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(2) Gach éinne a dhéanfaidh gnó no a ghníomhóidh mar gheallghlacadóir contrárdha don alt so agus gach éinne do bhéarfaidh le tuisgint no a chuirfidh in úil contrárdha don alt so gur geallghlacadóir no geall-ghlacadóir ceadúnuithe é beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear pionós máil de chúig céad punt do chur air.

Seanacheadúnaisí do bhuanú.

3. —(1) Gach ceadúnas do tugadh amach fén Acht um Gheall-Chur, 1926, á údarú do dhuine gníomhú agus gnó do dhéanamh mar gheall-ghlacadóir agus a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme an Achta so tuigfear gur ceadúnas geall-ghlacadóra é do tugadh amach fén Acht so agus beidh feidhm ag forálacha an Achta so (seachas na forálacha bhaineann le buaine cheadúnais gheallghlacadóra) dá réir sin.

(2) Gach ceadúnas a tuigfear leis an alt so do bheith ina cheadúnas gheall-ghlacadóra do tugadh amach fén Acht so leanfa sé, mara ndeintear agus go dtí go ndéanfar é cheiliúra fén Acht so, i bhfeidhm ar feadh na tréimhse luaidhtear chuige sin sa cheadúnas san agus ní níos sia ná san, ach má thagann deireadh na tréimhse sin i rith no i ndeireadh an chéad mhí Dheire Fomhair no i rith an chéad mhí na Samhna tar éis tosach feidhme an Achta so leanfaidh an ceadúnas san i bhfeidhm go dtí meán oíche ar an 30adh lá den chéad Shamhain tar éis an tosach feidhme sin.

Deimhniú oiriúnachta pearsanta duine chomhnuíonn i Saorstát Éireann.

4. —(1) Einne (nách cólucht corparáideach ná cólucht neamhionchorparuithe de dhaoine) a chomhnuíonn do ghnáth i Saorstát Éireann agus gur mian leis ceadúnas geall-ghlacadóra d'fháil féadfa sé, tar éis an fhógra luaidhtear anso ina dhiaidh seo d'fhoillsiú, deimhniú (dá ngairmtear deimhniú oiriúnachta pearsanta san Acht so) gur duine ceart oiriúnach é chun ceadúnais gheall-ghlacadóra do bheith aige d'iarraidh do réir an ailt seo ar cheannphort Ghárda Síochána an cheanntair ina bhfuil oifig aige atá cláruithe fén Acht so no ina bhfuil sé ar aigne a leithéid do bheith aige no, mara bhfuil aon oifig den tsórt san aige agus ná fuil sé ar aigne a leithéid do bheith aige, ar cheannphort Ghárda Síochána an cheanntair ina bhfuil gnáth-chomhnaí air.

(2) Gach éinne tá ar aigne deimhniú oiriúnachta pearsanta d'iarraidh fén alt so déanfa sé, coicíos ar a laighead no mí ar a mhéid roimh an iarratas san do dhéanamh, fógra go bhfuil sé ar aigne an t-iarratas san do dhéanamh d'fhoillsiú, uair amháin ar a laighead, i ngach ceann de dhá pháipéar nuachta léightear i gceanntar an cheannphuirt go bhfuil sé ar aigne aige an deimhniú san d'iarraidh air.

(3) Is sa tslí orduithe agus sa bhfuirm orduithe déanfar gach iarratas fén alt so ar dheimhniú oiriúnachta pearsanta agus ní foláir beirt Fheadhmannach Síochána i gceanntar an cheannphuirt dá ndéanfar an t-iarratas d'aontú leis agus é do shighniú.

(4) Aon cheannphort den Ghárda Síochána ar a n-iarrfar deimhniú oiriúnachta pearsanta go cuibhe fén alt so, déanfa sé ceachtar den dá ní seo leanas laistigh de cheithre lá déag tar éis an iarratais sin d'fháil, pé ní acu is dóich leis ina aigne féin is ceart, sé sin le rá, deimhniú do thabhairt don iarratasóir, sa bhfuirm orduithe, gur duine ceart oiriúnach é chun ceadúnais gheall-ghlacadóra do bheith aige no, ar aon scór no scóranna dá n-údaruítear ina dhiaidh seo anso, diúltú don deimhniú san do thabhairt uaidh.

Deimhniú oiriúnachta pearsanta duine chomhnuíonn lasmuich de Shaorstát Éireann.

5. —(1) Einne (nách cólucht corparáideach ná cólucht neamhionchorparuithe de dhaoine) a chomhnuíonn de gnáth lasmuich de Shaorstát Éireann agus gur mian leis ceadúnas geall-ghlacadóra d'fháil féadfa sé, tar éis an fhógra luaidhtear anso ina dhiaidh seo d'fhoillsiú, deimhniú (a foluítear sna tagairtí san Acht so do dheimhniú oiriúnachta pearsanta) gur duine ceart oiriúnach é chun ceadúnais gheall-ghlacadóra do bheith aige d'iarriadh ar an Aire Dlí agus Cirt sa tslí agus sa bhfuirm orduithe.

(2) Gach éinne tá ar aigne deimhniú oiriúnachta pearsanta d'iarraidh fén alt so déanfa sé, coicíos ar a laighead no mí ar a mhéid roimh an iarratas san do dhéanamh, fógra go bhfuil sé ar aigne an t-iarratas san do dhéanamh d'fhoillsiú, uair amháin ar a laighead, i bpáipéar nuachta laethiúil a foillsítear agus a léightear i gCathair Bhaile Atha Cliath.

(3) Ar fháil iarratais do fén alt so ar dheimhniú oiriúnachta pearsanta féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt pé ní acu so do dhéanamh is dóich leis féin is ceart, eadhon, deimhniú do thabhairt don iarratasóir, sa bhfuirim orduithe, gur duine ceart oiriúnach an t-iarratasóir chun ceadúnais gheall-ghlacadóra do bheith aige, no ar aon scór agus gan an scór do luadh diúltú don deimhniú san do thabhairt uaidh.

Scóranna ar ar féidir deimhniú oiriúnachta pearsanta do dhiúltú.

6. —Féadfaidh ceannphort den Ghárda Síochána diúltú do ghéille d'iarratas ar dheimhniú oiriúnachta pearsanta ar aon scór no scóranna acu so leanas agus ní har aon scór eile in aon chor, sé sin le rá:—

(a) go bhfuil dlite ar an iarratasóir, le linn iarrtha an deimhnithe dho, riaráiste aon diúité is iníoctha de thurus na huaire ar gheallta no ina dtaobh;

(b) gur ciontuíodh an t-iarratasóir roimhe sin i gcoir no i gcionta fén Acht so no fén Acht um Gheall-Chur, 1926 , no i gcionta bhaineann leis an diúité ar gheallta no gur ciontuíodh é, o thosach feidhme an Achta um Gheall-Chur, 1926 , i gcionta fé aon Acht a bhaineann le cearrbhachas no le tithe cearrbhachais no le geallchur (seachas an Ready Money Football Betting Act, 1920) no gur deineadh dhá uair no níos mó o thosach feidhme an Achta um Gheall-Chur, 1926 , é do chiontú i gcionta fén Ready Money Football Betting Act, 1920;

(c) gur ceiliúradh ceadúnas geall-ghlacadóra do bhí ag an iarratasóir fén Acht so no fén Acht um Gheall-Chur, 1926 ;

(d) gur daingníodh, de bharr ath-chomhairc chun na Cúirte Dúithche, diúltú do rinne ceannphort den Ghárda Síochána roimhe seo do dheimhniú oiriúnachta pearsanta do thabhairt uaidh fén Acht so no fén Acht um Gheall-Chur, 1926 ;

(e) mar gheall ar a charachtar ghenerálta no ar a bhéasa aitheanta nách duine oiriúnach chun ceadúnais gheallghlacadóra do bheith aige an t-iarratasóir;

(f) ná fuil cúrsaí airgid an iarratasóra i slí d'fhágfadh gur dhuine oiriúnach é chun ceadúnais gheall-ghlacadóra do bheith aige;

(g) i gcás iarratasóra go raibh ceadúnas geall-ghlacadóra aige roimhe sin fén Acht so no fén Acht um Gheall-Chur, 1926 , gur theip air no gur dhiúltuigh sé, gan chúis réasúnta chuige, suimeanna d'íoc do bhí iníoctha le daoine do bhuaidh geallta do chuireadar leis;

(h) ná raibh gnáth-chomhnaí ar an iarratasóir i Saorstát Éireann ach ar feadh níos lugha ná bliain roimh an iarratas do dhéanamh;

(i) i gcás iarratasóra ag a raibh ceadúnas geall-ghlacadóra roimhe sin fén Acht so no fén Acht um Gheall-Chur, 1926 , go ndearna sé gnó glactha na ngeall i slí mhíordúil no i slí do chuir fé ndeár daoine bheith ag cruinniú agus ag leadránacht san áitreabh ina raibh an gnó san á dhéanamh no lasmuich de no do mheall iad chuige sin no gur cheaduigh sé do dhaoine bheith ag leadránacht san áitreabh san;

(j) go bhfuil an t-iarratasóir ag gníomhú mar ghníomhaire do dhuine go ndiúltfaí dá iarratas ar scór éigin de sna scóranna luaidhtear sna míreanna san roimhe seo den alt so;

(k) ach amháin i gcás iarratasóra atá le linn an Achta so do rith ina shealbhóir ar cheadúnas geall-ghlacadóra tugadh amach fén Acht um Gheall-Chur, 1926 , agus atá ar feadh an ama go léir o dháta an Achta so do rith go dtí am déanta an iarratais sin agus le linn a dhéanta ina shealbhóir ar cheadúnas geall-ghlacadóra tugadh amach fén Acht um Gheall-Chur, 1926 , no fén Acht so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, gur sealbhóir ar cheadúnas geall-bhrócaera no gur iasachtaí airgid cláruithe an t-iarratasóir sin.

Ceadúnaisí geallghlacadóirí do thabhairt amach.

7. —(1) Einne dá dtabharfar deimhniú oiriúnachta pearsanta féadfa sé, laistigh de lá is fiche tar éis tabhairt-amach an deimhnithe sin, ceadúnas geall-ghlacadóra d'iarraidh i scríbhinn sa bhfuirm orduithe ar na Coimisinéirí Ioncuim, ceadúnas ag tosnú ar pé dáta (sé sin, an 1adh lá den chéad Mhí na Nodlag ina dhiaidh sin no lá nách déanaí ná coicíos tar éis dáta an iarratais) a luadhfa sé san iarratas.

(2) Beidh griandealbh den iarratasóir ag gabháil le gach iarratas fén alt so ar cheadúnas geall-ghlacadóra, griandealbh a bheidh den tsaghas agus den tuise orduithe agus a tógadh ar dháta nach luatha ná bliain roimh dháta an iarratais.

(3) Nuair a seachadfar do sna Coimisinéirí Ioncuim iarratas fén alt so ar cheadúnas geall-ghlacadóra agus a íocfaidh an t-iarratasóir leis na Coimisinéirí Ioncuim an diúité máil is gá do réir dlí d'íoc ag daoine thógann amach ceadúnas den tsaghas a bheidh luaidhte san iarratas san, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim ceadúnas geall-ghlacadóra do réir an ailt seo do thabhairt amach don iarratasóir.

(4) Beidh gach ceadúnas geall-ghlacadóra sa bhfuirm orduithe agus beidh ainm agus áit chomhnuithe an té dá dtabharfar amach é luaidhte ann agus beidh greamuithe dhe an ghriandealbh den duine sin gur gá do réir an ailt seo go ndéanfadh an duine sin í chur isteach i dteanta an iarratais ar an gceadúnas san, agus déarfaidh agus déanfaidh údarás do thabhairt don duine sin gníomhú agus gnó do dhéanamh mar gheall-ghlacadóir ar feadh na tréimhse dar tosach an dáta luadhfar ann (sé sin an dáta luadhfar chuige sin san iarratas ar an gceadúnas san) agus dar críoch meán oíche an chéad 30adh lá de Mhí na Samhna ina dhiaidh sin, ach san fé réir gach ceann agus gan dochar d'aon cheann de sna sriantachta agus de sna toirmisc uile bheidh forchurtha de thurus na huaire do réir dlí maidir leis na háiteanna in a bhféadfar gnó glactha na ngeall do dhéanamh.

An clár d'oifigí glactha geall.

8. —(1) Leanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim den chlár (dá ngairmtear san Acht so an clár d'oifigí glactha geall) d'áitreabhacha ina ndeintear gnó glactha na ngeall do bhunuíodar agus do choimeádadar go dtí so fén Acht um Gheall-Chur, 1926 , do choimeád sa bhfuirm orduithe agus cláróid sa chlár san gach áitreabh go mbeidh sé ceangailte ortha de bhua an Achta so é do chlárú ann.

(2) Iontrálfar sa chlár d'oifigí glactha geall, maidir le gach áitreabh a bheidh cláruithe ann, ainm a dhílseánaigh, tuairisc chruinn ar an áitreabh, agus pé mion-innste eile bheidh orduithe.

Clárú áitreabh atá ann anois do bhuanú.

9. —(1) Gach áitreabh a bheidh, díreach roimh thosach feidhme an Achta so, cláruithe sa chlár d'oifigí glactha geall a coimeádtar fén Acht um Gheall-Chur, 1926 , leanfa sé de bheith cláruithe sa chlár san ón tosach feidhme sin amach ar feadh na tréimhse luaidhtear anso ina dhiaidh seo agus tuigfear é bheith cláruithe amhlaidh fén Acht so agus beidh feidhm ag an Acht so dá réir sin.

(2) Mara ndeintear agus go dtí go ndéanfar é scriosadh amach as an gclár d'oifigí glactha geall fén Acht so, leanfaidh áitreabh ’na mbuanófar a chlárú sa chlár san fén alt so do bheith cláruithe amhlaidh go meán oíche an chéad 30adh lá de Mhí na Samhna tar éis tosach feidhme an Achta so agus scriosfar amach as an gclár san ansan é (marar hathnuadhadh an clárú san fén Acht so).

Deimhniú oiriúnachta áitreibh.

10. —(1) Einne gur mian leis aon áitreabh dar dílseánach é do chlárú no a chlárú d'athnuachaint sa chlár d'oifigí glactha geall féadfa sé, tar éis an fhógra luaidhtear anso ina dhiaidh seo d'fhoillsiú, deimhniú (dá ngairmtear deimhniú oiriúnachta áitreibh san Acht so) go bhfuil an t-áitreabh san oiriúnach chun a chláruithe sa chlár d'oifigí glactha geall d'iarraidh do réir an ailt seo ar cheannphort Ghárda Síochána an cheanntair ina bhfuil an t-áitreabh san suidhte.

(2) Gach éinne atá ar aigne deimhniú oiriúnachta áitreibh d'iarraidh fén alt so déanfa sé, coicíos ar a laighead no mí ar a mhéid roimh an iarratas san do dhéanamh, fógra go bhfuil sé ar aigne an t-iarratas san do dhéanamh d'fhoillsiú, uair amháin ar a laighead, i ngach ceann de dhá pháipéar nuachta léightear sa cheanntar ina bhfuil an t-áitreabh suidhte le n-a mbaineann an t-iarratas san atá sé ar aigne a dhéanamh.

(3) Is sa tslí orduithe agus sa bhfuirm orduithe déanfar gach iarratas fén alt so ar dheimhniú oiriúnachta áitreibh agus ní foláir beirt Fheadhmannach Síochána don cheanntar ina mbeidh an t-áitreabh le n-a mbaineann an t-iarratas suidhte d'aontú leis agus é do shighniú.

(4) Aon cheannphort den Ghárda Síochána ar a n-iarrfar deimhniú oiriúnachta áitreibh go cuibhe fén alt so, más deimhin leis gur geall-ghlacadóir ceadúnuithe an t-iarratasóir no gur sealbhóir é ar dheimhniú oiriúnachta pearsanta tugadh amach tar éis dáta an iarratais no seacht lá ar a mhéid roimhe sin, déanfa sé ceachtar den dá ní seo leanas laistigh de cheithre lá déag tar éis do an t-iarratas san d'fháil, pé ní acu is dóich leis ina aigne féin is ceart, sé sin le rá, deimhniú do thabhairt don iarratasóir, sa bhfuirm orduithe, go bhfuil an t-áitreabh le n-a mbaineann an t-iarratas oiriúnach chun a chláruithe sa chlár d'oifigí glactha geall no, ar aon scór no scóranna dá n-údaruítear ina dhiaidh seo anso, diúltú don deimhniú san do thabhairt uaidh.

Scóranna ar ar féidir deimhniú oiriúnachta áitreibh do dhiúltú.

11. —(1) Féadfar deimhniú oiriúnachta áitreibh do dhiúltú ar aon scór no scóranna acu so leanas agus ní har aon scór eile in aon chor, sé sin le rá:—

(a) nách geall-ghlacadóir ceadúnuithe ná sealbhóir deimhniú oiriúnachta pearsanta an t-iarratasóir;

(b) nách é an t-iarratasóir dílseánach an áitreibh;

(c) go bhfuil an t-áitreabh ana-chomhgarach d'áit adhartha Dé, d'fhundúireacht chreidimh, do scoil, do bhureau fostaíochta, do mhonarchain no d'oibreacha, no d'áit eile den tsórt san go gcruinníonn sluaite móra daoine ann no in aice leis, no go bhfuil an t-áitreabh i líomatáiste chomhnuithe;

(d) go bhfuil an t-áitreabh ana-chomhgarach d'áitreabh is eol a bheith á ghnáthú ag lucht droch-fhuadair;

(e) go bhfuil slí isteach san áitreabh chun áitreibh eile;

(f) go raibh an t-áitreabh cláruithe roimhe sin sa chlár d'oifigí glactha geall atá no do bhí á choimeád fén Acht so no fén Acht um Gheall-Chur, 1926 , agus gur scriosadh amach as an gclár san é do réir ordú ón gcúirt;

(g) go bhfuil an t-áitreabh cláruithe sa chlár d'oifigí glactha geall agus le linn a bheith cláruithe amhlaidh no le linn an áitreibh sin do bheith cláruithe sa chlár d'oifigí glactha geall a bhí á choimeád fén Acht um Gheall-Chur, 1926, gur thárla nea-rialtachtaí de dheascaibh an áitreibh do bheith ana-chomhgarach d'áitreabh fé cheadúnas chun deocha meisciúla do dhíol;

(h) gur ciontuíodh an t-iarratasóir roimhe sin i gcionta fén Acht so no fén Acht um Gheall-Chur, 1926 , no fé aon Acht eile maidir leis an áitreabh no maidir le haon áitreabh cláruithe eile dar dhílseánach cláruithe é nuair do rinneadh an cionta;

(i) má bhíonn an t-áitreabh no má bhí sé roimhe sin cláruithe sa chlár d'oifigí glactha geall atá no a bhí á choimeád fén Acht so no fén Acht um Gheall-Chur, 1926, gur thárla uair éigin le linn don iarratasóir bheith ina dhílseánach chláruithe ar an áitreabh go ndearnadh gnó glactha na ngeall ann i slí mhí-ordúil no i slí do chuir fé ndeár daoine bheith ag cruinniú agus ag leadránacht san áitreabh no lasmuich de no do mheall iad chuige sin no le linn don iarratasóir bheith ina dhílseánach chláruithe amhlaidh gur cheaduigh sé do dhaoine bheith ag leadránacht san áitreabh san;

(j) go bhfuil an t-iarratasóir ina dhílseánach chláruithe ar áitreabh chláruithe eile no go raibh roimhe sin agus go bhfuil no, le linn don iarratasóir bheith ina dhílseánach chláruithe amhlaidh, go raibh gnó glactha na ngeall á dhéanamh san áitreabh san i slí mhí-ordúil no i slí a chur fé ndeár daoine bheith ag cruinniú agus ag leadránacht san áitreabh no lasmuich de no do mheall iad chuige sin;

(k) más le háitreabh nách áitreabh cláruithe le linn an iarratais do dhéanamh a bhaineann an t-iarratas go bhfuil an iomarca áitreabhacha cláruithe cheana sa cheanntar ina bhfuil an t-áitreabh le n-a mbaineann an t-iarratas suidhte;

(l) nuair is le háitreabh ná raibh roimh an 28adh lá d'Iúl, 1926, ina chuid d'áitreabh fé cheadúnas chun deocha meisciúla do dhíol a bhaineann an t-iarratas go bhfuil an t-iarratasóir ina shealbhóir ar cheadúnas chun deocha meiscúla do dhíol;

(m) más le háitreabh nách áitreabh cláruithe le linn an iarratais do dhéanamh a bhaineann an t-iarratas, go bhfuil luach bliantúil an áitreibh sin fé sna hAchtanna Luachála níos lugha ná cúig puint déag más áitreabh é atá suidhte i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, no níos lugha ná deich bpuint más áitreabh é atá suidhte in aon chontae-bhuirg eile no i mbuirg Dhún Laoghaire, no níos lugha ná cúig puint más áitreabh é atá suidhte in aon áit eile;

(n) ach amháin i gcás iarratasóra is dílseánach cláruithe ar an áitreabh fén Acht um Gheall-Chur, 1926 , le linn an Achta so do rith agus is dílseánach cláruithe ar an áitreabh fén Acht um Gheall-Chur, 1926 , no fén Acht so, riamh is i gcomhnaí o dháta an rithte sin go dtí am an iarratais do dhéanamh agus an t-am san féin d'áireamh, gur sealbhóir ceadúnais gheall-bhrócaera no gur iasachtaí airgid cláruithe an t-iarratasóir sin.

(2) Más alos áitreibh ná dearnadh luacháil ar leithligh air fé sna hAchtanna Luachála bheidh deimhniú oiriúnachta áitreibh á iarraidh no a beifear ar aigne é d'iarraidh, féadfaidh an Coimisinéir Luachála agus an Suirbhéir Teorann, ar a iarraidh sin don té bheidh ag déanamh an iarratais sin no ar aigne a dhéanta, luacháil na hionoighreachta no an tionontacháin gur cuid de an t-áitreabh san do roinnt agus luach ar leithligh do chur ar gach ceann de sna coda sa tslí foráltar leis na hAchtanna Luachála agus déanfaidh an té gur ar a iarratas do rinneadh an roinnt sin an táille orduithe d'íoc leis an gCoimisinéir sin as an roinnt sin do dhéanamh.

(3) Déanfaidh an Coimisinéir Luachála agus an Suirbhéir Teorann gach táille a híocfar leis fén bhfo-alt san roimhe seo d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe dho i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Clárú sa chlár d'oifigí glactha geall.

12. —(1) Aon gheall-ghlacadóir ceadúnuithe dar tugadh deimhniú oiriúnachta áitreibh i dtaobh aon áitreibh dar dílseánach é féadfa sé, laistigh de lá is fiche tar éis tabhairt-amach an deimhnithe sin agus (i gcás iarratais ar chlárú d'athnuachaint) laistigh den tréimhse luaidhtear anso ina dhiaidh seo, a iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncuim i scríbhinn sa bhfuirm orduithe an t-áitreabh a luaidhtear sa deimhniú san do chlárú no a chlárú d'athnuachaint sa chlár d'oifigí glactha geall agus, nuair a seachadfar an t-iarratas san do sna Coimisinéirí Ioncuim agus a íocfaidh an t-iarratasóir leis na Coimisinéirí Ioncuim an diúité máil is gá do réir dlí de thurus na huaire a íoc nuair a cláruítear áitreabh no a hathnuaitear clárú áitreibh sa chlár d'oifigí glactha geall, cláróidh na Coimisinéirí Ioncuim an t-áitreabh san no athnuafaid a chlárú sa chlár d'oifigí glactha geall agus bhéarfaid amach don iarratasóir deimhniú sa bhfuirm orduithe ar an gclárú san no ar an athnuachaint sin ar chlárú.

(2) Mara ndeintear agus do dtí go ndéanfar é scriosadh amach as an gclár fén Acht so no dá bhua, leanfaidh aon áitreabh a clárófar sa chlár d'oifigí glactha geall de bheith cláruithe amhlaidh go meán oíche an chéad 30adh lá de Mhí na Samhna tar éis a chláruithe agus scriosfar amach as an gclár san ansan é (marar hathnuadhadh an clárú fén Acht so).

(3) Gach athnuachaint ar chlárú aon áitreibh sa chlár d'oifigí glactha geall tosnóidh sí agus raghaidh sí in éifeacht o dhul in éag do chlárú an áitreibh sin no don athnuachaint is déanaí do rinneadh ar an gclárú san (pe'ca aca is gá sa chás) sa chlár san agus mara ndeintear agus go dtí go ndéanfar é scriosadh amach as an gclár fén Acht so no dá bhua, leanfaidh an t-áitreabh san de bheith cláruithe amhlaidh go meán oíche an chéad 30adh lá de Mhí na Samhna tar éis tosach feidhme na hathnuachainte sin agus scriosfar amach as an gclár san ansan é (mara n-athnuaitear an clárú fén Acht so).

(4) Isé am ina n-iarrfar go n-athnuaifí clárú aon áitreibh sa chlár d'oifigí glactha geall ná roimh dhul in éag ach ní níos luatha ná ceithre lá déag roimh dhul in éag do chlárú no don athnuachaint is déanaí do rinneadh ar chlárú an áitreibh sin sa chlár san.

Athchomharc i gcoinnibh deimhniú do dhiúltú.

13. —(1) Pé uair a dhiúltóidh ceannphort den Ghárda Síochána do dheimhniú oiriúnachta pearsanta no deimhniú oiriúnachta áitreibh do thabhairt uaidh, ansan, ar a éileamh san don té d'iarr an deimhniú laistigh de shé lá tar éis an diúltuithe, déanfa sé ráiteas i scríbhinn do thabhairt don iarratasóir sin sa bhfuirm orduithe i dtaobh na scóranna ar ar dhiúltuigh sé don deimhniú do thabhairt uaidh.

(2) Einne dar dhiúltuigh ceannphort den Ghárda Síochána deimhniú oiriúnachta pearsanta no deimhniú oiriúnachta áitreibh, féadfa sé athchomharc do dhéanamh sa tslí orduithe chun na Cúirte Dúithche i gcoinnibh an diúltuithe sin laistigh de cheithre lá déag tar éis ráitis i scríbhinn d'fháil ón gceannphort san i dtaobh na scóranna ar a ndearnadh an diúltú san.

(3) Gach éinne a dhéanfaidh athchomharc chun na Cúirte Dúithche fén alt so déanfa sé, sa tslí orduithe agus laistigh den aimsir orduithe, fógra i dtaobh an athchomhairc sin do thabhairt don cheannphort san den Ghárda Síochána agus fós do sna Coimisinéirí Ioncuim.

(4) Ar éisteacht aon athchomhairc den tsórt san féadfaidh an Chúirt Dúithche diúltú an deimhnithe do dhaingniú no do nealomháil, agus pé uair a nea-lomhálfaidh an Chúirt Dúithche amhlaidh diúltú do rinneadh ar an deimhniú, déanfaidh an ceannphort san den Ghárda Síochána deimhniú oiriúnachta pearsanta no deimhniú oiriúnachta áitreibh, pe'ca aca is gá sa chás, do thabhairt don athchomharcóir laistigh de thrí lá tar éis na nealomhála san.

(5) Bainfidh na forálacha so leanas le gach athchomharc fén alt so, sé sin le rá:—

(a) ní bheidh éinne i dteideal a éistithe ná i dteideal fianaise do thairisgint i gcoinnibh an athchomhairc ach ceannphort an Ghárda Síochána agus na Coimisinéirí Ioncuim;

(b) bainfidh alt 27 den Inland Revenue Regulation Act, 1890, leis an athchomharc sa tslí chéanna ina mbaineann sé le himeachta i dtaobh ioncuim dhúithche;

(c) féadfar aon scór chun diúltuithe luaidhtear sa ráiteas scríbhte i dtaobh scóranna chun diúltuithe agus ní féadfar aon scór eile do chur i gcoinnibh an athchomhaire;

(d) pé uair a daingneofar an diúltú féadfaidh an Chúirt a ordú don athchomharcóir costaisí cheannphort an Ghárda Síochána d'íoc agus féadfa sí méid na gcostaisí sin do mheas;

(e) ní luighfidh aon athchomharc chun na Cúirte Cuarda fé alt 84 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ).

Ceadúnas sealadach agus clárú sealadach go breith ar athchomharc.

14. —(1) Pé uair a dhiúltóidh ceannphort den Ghárda Síochána do ghéille d'iarratas ar dheimhniú oiriúnachta pearsanta agus a lóisteálfar athchomharc chun na Cúirte Dúithche i gcoinnibh an diúltuithe sin, ansan, má ba gheall-ghlacadóir ceadúnuithe an t-iarratasóir le linn an iarratais do dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, gan aon diúité d'íoc ach fé réir pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, ceadúnas sealadach geall-ghlacadóra do thabhairt amach don iarratasóir sin i gcóir pé tréimhse is oiriúnach leo ach gan í dhul thar deire seacht lá tar éis breith do bheith tugtha ar an athchomharc san agus faid a bheidh gach ceadúnas sealadach geall-ghlacadóra den tsórt san i bhfeidhm beidh sé ina cheadúnas gheall-ghlacadóra do réir bhrí an Achta so.

(2) Pé uair a dhiúltóidh ceannphort den Ghárda Síochána do ghéille d'iarratas ar dheimhniú oiriúnachta áitreibh i dtaobh áitreibh is áitreabh cláruithe ar dháta an iarratais sin, agus a lóisteálfar athchomharc chun na Cúirte Dúithche i gcoinnibh an diúltuithe sin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, gan aon diúité d'íoc ach fé réir pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, an t-áitreabh san do choinneáil ar an gclár d'oifigí glactha geall go dtí go dtabharfar breith ar an athchomharc san.

Féadfaidh an Chúirt ceadúnas no clárú do cheiliúradh.

15. —(1) Pé uair a ciontófar geall-ghlacadóir ceadúnuithe in aon choir no in aon chionta fén Acht so no fé aon Acht eile agus is dóich leis an gCúirt a chiontóidh no gur ina láthair a ciontófar an geall-ghlacadóir sin amhlaidh, maidir leis an gcoir no leis an gcionta san, gur ní é de shaghas no de charachtar no do rinneadh ina leithéid de chás go mbeadh an geall-ghlacadóir do rinne é ina dhuine neamh-oiriúnach chun leanúint i seilbh cheadúnais gheallghlacadóra, féadfaidh an Chúirt sin an ceadúnas geall-ghlacadóra do bhí ag an ngeall-ghlacadóir sin do cheiliúradh nuair a bheidh sí ag tabhairt breithe air.

(2) Pé uair a ciontófar dílseánach cláruithe aon áitreibh chláruithe i gcionta fé aon alt den Acht so maidir leis an áitreabh san no le haon áitreabh eile agus, mar gheall ar shaghas agus ar charachtar an chionta agus mar gheall ar an gcás in a ndearnadh é, is dóich leis an gCúirt a chiontóidh no gur ina láthair a ciontófar an dílseánach san amhlaidh ná fuil sé oiriúnach go leanfadh an t-áitreabh san de bheith cláruithe sa chlár d'oifigí glactha geall, féadfaidh an Chúirt sin, le linn breithe do thabhairt ar an dílseánach san agus i dteanta no d'éamais an ceadúnas geallghlacadóra bheidh ar seilbh aige do cheiliúradh, a ordú go scriosfar an t-áitreabh san amach as an gclár d'oifigí glactha geall.

(3) Pé uair a dhéanfaidh cúirt ceadúnas geall-ghlacadóra do cheiliúradh fén alt so no ordóidh cúirt fén alt so aon áitreabh cláruithe do scriosadh amach as an gclár d'oifigí glactha geall, déanfaidh clárathóir, cléireach, no príomh-oifigeach eile na cúirte sin an ceiliúradh san no an t-ordú san (pe'ca aca é) do chur in úil do sna Coimisinéirí Ioncuim agus leis sin cuirfidh na Coimisinéirí Ioncuim an ceiliúradh san ar breaca no scriosfaid an t-áitreabh san amach as an gclár d'oifigí glactha geall, pe'ca aca is gá sa chás.

(4) Pé uair a ceiliúrfar ceadúnas geall-ghlacadóra fén alt so déanfaidh an geall-ghlacadóir no an duine eile go mbeidh an ceadúnas san ar seilbh no i gcoimeád aige le linn an cheiliúrtha san an ceadúnas san do sheachada d'oifigeach custum agus máil laistigh de sheacht lá tar éis an cheiliúrtha san agus cuirfidh an t-oifigeach san an ceadúnas san ar ceal láithreach, agus gach geallghlacadóir no duine eile den tsórt san go dteipfidh air an ceadúnas san do sheachada amhlaidh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear pionós máil de dheich bpuint do chur air.

An tAire Dlí agus Cirt do cheiliúradh ceadúnas áirithe.

16. —(1) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt aon uair, más rogha leis féin é, aon cheadúnas geall-ghlacadóra do tugadh amach do dhuine fén Acht so de bhuadh é bheith i seilbh dheimhnithe oiriúnachta pearsanta do thug an tAire sin uaidh do cheiliúradh.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire Dlí agus Cirt ceadúnas geall-ghlacadóra do cheiliúradh fén alt so déanfaidh an tAire sin an ceiliúradh san do chur in úil do sna Coimisinéirí Ioncuim agus leis sin cuirfidh na Coimisinéirí Ioncuim an ceiliúradh san ar breacadh.

Aitreabh do scriosadh amach as clár d'oifigí glactha geall.

17. —(1) Pé uair a scuirfidh dílseánach cláruithe aonair aon áitreibh chláruithe de bheith ina gheall-ghlacadóir cheadúnuithe no de bheith ina dhílseánach ar an áitreabh san, scriosfaidh na Coimisinéirí Ioncuim an t-áitreabh san amach as an gclár d'oifigí glactha geall láithreach ar fháil eolais dóibh ar an scur san.

(2) Pé uair a bheidh roinnt daoine cláruithe sa chlár d'oifigí glactha geall mar chó-dhílseánaigh chláruithe ar aon áitreabh cláruithe agus a scuirfidh na daoine sin uile de bheith ina ndílseánaigh ar an áitreabh san, scriosfaidh na Coimisinéirí Ioncuim an t-áitreabh san amach as an gclár d'oifigí glactha geall láithreach ar fháil eolais dóibh ar an scur san.

(3) Pé uair a bheidh roinnt daoine cláruithe sa chlár d'oifigí glactha geall mar chó-dhílseánaigh chláruithe ar aon áitreabh cláruithe agus a scuirfidh gach duine no aon duine no daoine acu san de bheith ina gheall-ghlacadóir cheadúnaithe no ina ngeallghlacadóirí ceadúnuithe, scriosfaidh na Coimisinéirí Ioncuim an t-áitreabh san amach as an gclár d'oifigí glactha geall láithreach ar fháil eolais dóibh ar an scur san.

(4) Pé uair a scriosfaidh na Coimisinéirí Ioncuim aon áitreabh cláruithe amach as an gclár d'oifigí glactha geall fén alt so no do réir ordú ón gcúirt, ansan, an té ba dhílseánach cláruithe ar an áitreabh san díreach sarar scriosadh an t-áitreabh san amach as an gclár amhlaidh déanfa sé, ar éileamh i scríbhinn a seachadfar ag an áitreabh san no a cuirfear tríd an bpost chun an áitreibh sin, an deimhniú is déanaí ar chlárú no ar athnuachaint chlárú an áitreibh sin do sheachada do sna Coimisinéirí Ioncuim no do chur chúcha agus gach duine den tsórt san go dteipfidh air an deimhniú san do sheachada dhóibh no do chur chúcha amhlaidh laistigh de sheacht lá tar éis an éilimh sin beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear pionós máil d'fhiche púnt do chur air.

Forálacha i dtaobh códhílseánach cláruithe.

18. —(1) Féadfar beirt gheall-ghlacadóirí ceadúnuithe no níos mó do chlárú sa chlár d'oifigí glactha geall mar chó-dhílseánaigh ar aon áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár san.

(2) Pé uair a thiocfaidh geall-ghlacadóir ceadúnuithe chun bheith ina dhílseánach, i dteanta an dílseánaigh no na ndílseánach cláruithe, ar aon áitreabh cláruithe, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, ar na dátáin agus ar aontú an dílseánaigh no na ndílseánach cláruithe do bheith cruthuithe chun sástachta dhóibh, an geall-ghlacadóir ceadúnuithe sin d'iontráil sa chlár d'oifigí glactha geall mar dhílseánach chláruithe ar an áitreabh san i dteanta an duine no na ndaoine bheidh cláruithe cheana mar dhílseánach no mar dhílseánaigh den tsórt san.

(3) Pé uair a scuirfidh duine amháin de chó-dhílseánaigh chláruithe uile agus fé seach aon áitreibh chláruithe de bheith ar dhuine de dhílseánaigh an áitreibh sin déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, ar na dátáin agus ar aontú na ndílseánach no an dílseánaigh chláruithe eile do bheith cruthuithe chun sástachta dhóibh, ainm an dílseánaigh chláruithe céad-luaidhtear do scriosadh amach as an gcuid den chlár d'oifigí glactha geall a bhaineann leis an áitreabh san.

Gnó ceaduítear do dhéanamh in áitreabh cláruithe.

19. —(1) Beidh sé dleathach do dhílseánach chláruithe áitreibh chláruithe faid a leanfa sé de bheith ina gheall-ghlacadóir cheadúnuithe gnó glactha geall do dhéanamh san áitreabh san fé réir forálacha an Achta so.

(2) Ní dhéanfaidh éinne ach dílseánach cláruithe an áitreibh aon cheárd, gairm, ná gnó in aon chor do chleachta in aon áitreabh cláruithe.

(3) Ní chleachtfaidh dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe san áitreabh san, ná ní cheadóidh sé go gcleachtfar ann, ná go n-úsáidfí é chun go gcleachtfaí ann, aon cheárd, gairm ná gnó in aon chor ach amháin an gnó glactha geall a dheineann an dílseánach cláruithe ann.

(4) Ní bhainfidh an Betting Houses Act, 1853, le háitreabhacha cláruithe.

(5) Gach éinne a chleachtfaidh aon chéard, gairm, no gnó in aon áitreabh cláruithe no a cheadóidh a leithéid do chleachta ann no a cheadóidh aon áitreabh cláruithe d'úsáid chun a leithéid do chleachta ann contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air no más rogha leis an gcúirt é príosúntacht ar feadh téarma nách sia ná ráithe.

Srianta áirithe le háitreabh cláruithe d'úsáid.

20. —(1) Ní bhunóidh an té is dílseánach cláruithe ar áitreabh chláruithe ná ní choimeádfa sé ar siúl san áitreabh san ná lasmuich de aon tarrac (lasmuich dá ghnó glactha geall amháin do dhéanamh) a dhéanfadh no is dócha do dhéanfadh daoine do thabhairt no do mhealla chun cruinniú le chéile san áitreabh san no lasmuich de.

(2) Ní cheadóidh an té is dílseánach cláruithe ar áitreabh chláruithe an iomarca daoine bheith san áitreabh san ná daoine bheith ag leadránacht ann.

(3) Ní dhéanfaidh an té is dílseánach cláruithe ar áitreabh chláruithe ná ní cheadóidh sé d'éinne eile na téarmaí ná na rátaí gur dá réir atá sé sásta gill do ghlaca maidir le haon rás, comórtas, no iomaíocht eile áirithe no maidir le haon iomathóir in aon iomaíocht den tsórt san d'fhógairt ná do chraoladh san áitreabh san do sna daoine bheidh i láthair ann.

(4) Ní dhéanfaidh an té is dílseánach cláruithe ar áitreabh chláruithe ná ní cheadóidh sé éinní acu so leanas do thaisbeáint san áitreabh san ná lasmuich de i slí go mbeadh sé le feiscint ón sráid, eadhon, aon liostaí no ráitisí ina luaidhtear na téarmaí no na rátaí gur dá réir atá sé sásta gill do ghlaca maidir le haon rás, comórtas no iomaíocht eile áirithe no maidir le haon iomathóir in aon iomaíocht den tsórt san, no liostaí no ráitisí ina luaidhtear na hiomathóirí do hiontráladh no a ghlacfaidh páirt no is dócha a ghlacfaidh páirt in no do tarraigeadh siar as aon iomaíocht den tsórt san no ráitisí ina luaidhtear dátáin, scéala no roimh-bharúla i dtaobh aon iomaíochta den tsórt san, no aon ghríosa no mealla eile chun gill do chur.

(5) Lá ar bith go gcomórfar rásanna capall i Saorstát Éireann, i dTuaisceart Éireann, no sa Bhreatain Mhóir ní dhéanfaidh an té is dílseánach cláruithe ar áitreabh chláruithe, i rith na tréimhse idir an am a ceapfar chun an chéad ráis an lá san de sna rásanna san do thosnú agus ceathrú uair a' chluig tar éis an ama ceapfar chun an ráis dheiridh an lá san de sna rásanna san do thosnú, íocaíocht ar bith d'íoc ná a cheadú íocaíocht ar bith d'íoc san áitreabh san alos airgid do buadhadh le haon gheall do cuireadh leis an dílseánach cláruithe sin maidir le rás de sna rásanna san do ritheadh an lá san.

(6) Gach dílseánach cláruithe dhéanfaidh ní ar bith (pe'ca gníomh no faillí é) is sárú ar an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air.

Uaire gnótha in áitreabh cláruithe.

21. —(1) Ní déanfar áitreabh cláruithe d'oscailt ná do choimeád ar oscailt chun gnótha dhéanamh aon uair aon Domhnach, Lá Nodlag, ná Aoine an Chéasta ná roimh a naoi a chlog ar maidin ná tar éis a sé a chlog tráthnóna aon lá eile.

(2) Má deintear agus pé uair a déanfar aon áitreabh cláruithe d'oscailt no do choimeád ar oscailt contrárdha don alt so beidh dílseánach cláruithe an áitreibh sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

Toirmeasc ar ghill fé bhun scillinge.

22. —(1) Ní bheidh sé dleathach do gheall-ghlacadóir cheadúnuithe geall níos lugha ná scilling do chur ná do ghlaca ná do dhéanamh.

(2) Gach geall-ghlacadóir ceadúnuithe chuirfidh no ghlacfaidh no dhéanfaidh geall contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.

(3) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear gurb é méid gill ná an tsuim airgid a bheidh an geall-ghlacadóir ceadúnuithe i dteideal do réir téarmaí an ghill a fháil no a choinneáil no creidiúint do ghlaca inti má bhíonn tora an ní is abhar don gheall fábharach do.

Toirmeasc ar ghill do chur le daoine fé bhun ocht mblian déag.

23. —(1) Ní chuirfidh aon gheall-ghlacadóir ceadúnuithe geall ná ní dhéanfaidh gnó gill le duine fé bhun ocht mblian déag d'aois pe'ca ar a shon féin no mar ghníomhaire do dhuine eile a bheidh an duine sin ag gníomhú.

(2) Ní cheadóidh dílseánach cláruithe aon áitreibh chláruithe d'éinne fé bhun ocht mblian déag d'aois (seachas daoine chomhnuíonn do ghnáth san áitreabh san agus oifigigh don Aire Puist agus Telegrafa bheidh ag dul isteach san áitreabh san i gcúrsa a ndualgais mar oifigigh den tsórt san) dul isteach san áitreabh sna ná bheith ann.

(3) Gach duine dhéanfaidh ní ar bith (pe'ca gníomh no faillí é) is sárú ar an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air.

(4) Nuair a cuirfear i leith duine go ndearna sé cionta fén alt so is leor-chosaint air sin a chruthú gur chreid an duine ’na gcuirtear san ina leith agus go raibh cúis réasúnta aige chun a chreidiúint go raibh an té gur maidir leis adeirtear a rinneadh an cionta ocht mbliana déag d'aois no os a chionn san.

An deimhniú ar chlárú do bheith ar taisbeáint.

24. —(1) Cuirfidh gach dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe fé ndeár an deimhniú ar chlárú an áitreibh sin no, má hathnuadhadh an clárú san, an deimhniú is déanaí ar athnuachaint chlárú an áitreibh sin, do bheith ar taisbeáint go so-fheicse san áitreabh san gach aon uair a bheidh an t-áitreabh san ar oscailt chun gnótha do dhéanamh.

(2) Gach dílseánach cláruithe go dteipfidh air an t-alt so do chólíonadh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpuint do chur air maraon le fíneáil eile ná raghaidh thar deich bpuint i gcás cionta leanúnaigh in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.

Ceadúnaisí geall-ghlacadóirí do thaisbeáint ar san d'éileamh.

25. —(1) Féadfaidh aon oifigeach custum agus máil no aon bhall den Ghárda Síochána a éileamh ar éinne a bhéarfa sé fé ndeara a bheith i mbun no ag déanamh gnótha glactha na ngeall a cheadúnas geall-ghlacadóra do thaisbeáint, agus más rud é go n-eiteoidh an duine sin no go dteipfidh air an ceadúnas san do thaisbeáint no má thaisbeánann sé an ceadúnas san ach go n-eiteoidh sé no go dteipfidh air a cheadú don oifigeach no don bhall san an ceadúnas san do léigheamh agus do scrúdú beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(2) Pé uair a héileofar ar éinne go dleathach fén alt so a cheadúnas geall-ghlacadóra do thaisbeáint agus a eiteoidh an duine sin no go dteipfidh air an ceadúnas san do thaisbeáint no a thaisbeánfa sé an ceadúnas san ach go dteipfidh air no go n-eiteoidh sé a cheadú don oifigeach custum agus máil no don bhall den Ghárda Síochána do rinne an t-éileamh an ceadúnas san do léigheamh agus do scrúdú, féadfaidh an t-oifigeach no an ball san a ainm agus a sheola d'éileamh ar an duine sin agus más rud é go n-eiteoidh an duine sin no go dteipfidh air a ainm do thabhairt uaidh no a sheola do thabhairt uaidh no go dtabharfa sé uaidh ainm no seola bheidh bréagach no mí-threorach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(3) Féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána gabháil gan barántas do dhéanamh—

(a) ar éinne a eiteoidh no go dteipfidh air a cheadúnas geallghlacadóra do thaisbeáint nuair a héileofar air go dleathach fén alt so an ceadúnas san do thaisbeáint, no a thaisbeánfaidh an ceadúnas san ar san d'éileamh ach a eiteoidh no go dteipfidh air a cheadú don oifigeach custum agus máil no don bhall den Ghárda Síochána do rinne an t-éileamh an ceadúnas san do léigheamh agus do scrúdú, no

(b) ar éinne a eiteoidh no go dteipfidh air a ainm do thabhairt uaidh no a sheola do thabhairt uaidh nuair a héileofar a ainm agus a sheola air go dleathach fén alt so no do bhéarfaidh uaidh ar san d'éileamh ainm no seola bheidh bréagach no mí-threorach go bhfios don oifigeach custum agus máil no don bhall den Ghárda Síochána do rinne an t-éileamh.

(4) Einne bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfear ar a chiontú ann ar an slí achmair pionós máil d'fhiche punt do chur air.

(5) Duine ná déanfaidh, toisc nách geall-ghlacadóir ceadúnuithe é, a cheadúnas geall-ghlacadóra do thaisbeáint nuair a héileofar air go dleathach fén alt so an ceadúnas san do thaisbeáint tuigfear gur theip air a cheadúnas geall-ghlacadóra do thaisbeáint do réir bhrí an ailt seo.

Comhachta chun dul isteach agus lorgaireacht do dhéanamh.

26. —(1) Féadfaidh aon oifigeach custuim agus máil no aon bhall den Ghárda Síochána dul isteach in aon áitreabh cláruithe aon uair a bheidh an t-áitreabh san no a bheidh amhras ag an oifigeach no ag an mball san an t-áitreabh san do bheith ar oscailt chun aon ghnótha do dhéanamh, agus pé cuardach agus lorgaireacht do dhéanamh ann is dóich leis an oifigeach no leis an mball san is ceart agus pé ceisteanna is dóich leis an oifigeach no leis an mball san is ceart i dtaobh an áitreibh sin agus i dtaobh an ghnótha deintear ann do chur chun éinne gheobhfar san áitreabh san.

(2) Féadfaidh aon oifigeach custum agus máil aon uair dul isteach in aon áitreabh (nách áitreabh cláruithe) ina ndeintear no go mbeidh amhras ag an oifigeach san go ndeintear ann gnó glactha na ngeall, agus pé cuardach agus lorgaireacht do dhéanamh ann is dóich leis an oifigeach san is ceart, agus a ainm agus a sheola d'éileamh ar éinne gheobhar san áitreabh san agus pé ceisteanna is dóich leis an oifigeach san is ceart i dtaobh an áitreibh sin agus i dtaobh an ghnótha deintear ann do chur chun éinne den tsórt san.

(3) Gach éinne dhéanfaidh éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) aon oifigeach custum agus máil no aon bhall den Ghárda Síochána do bhac no do chosc agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar ar an oifigeach no ar an mball san leis an alt so, no

(b) teip i bhfreagra no diúltú d'fhreagra do thabhairt, chó fada le n-a eolas agus le n-a chumas, ar aon cheist a chuirfidh aon oifigeach no ball den tsórt san chuige i bhfeidhmiú comhachta bronntar chuige sin leis an alt so, no

(c) freagra is eol do a bheith bréagach no mí-threorach do thabhairt ar aon cheist den tsórt san, no

(d) nuair a héileofar a ainm no a sheola air ag aon oifigeach no ball den tsórt san i bhfeidhmiú comhachta bronntar chuige sin leis an alt so, teip ina ainm no ina sheola no diúltú dá ainm no dá sheola do thabhairt uaidh, no ainm no seola bheidh bréagach no mí-threorach do thabhairt uaidh,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear pionós máil d'fhiche punt do chur air.

(4) Féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána duine ar bith do ghabháil gan barántas a dhéanfaidh ní ar bith ina láthair (pe'ca gníomh no faillí é) a dearbhuítear leis an alt so do bheith ina chionta fén alt so.

Cosaint do chongantóirí geallghlacadóirí.

27. —(1) I dteanta aon fhorála agus gan dochar d'aon fhoráil den Acht so cheaduíonn do dhílseánach chláruithe áitreibh chláruithe cléirigh agus congantóirí d'fhostú, beidh sé dleathach do gheall-ghlacadóir cheadúnuithe duine ar bith do bheith ar fostú aige mar chongantóir ar na forálacha so leanas do chólíonadh, sé sin le rá:—

(a) go raibh an té bheidh ar fostú amhlaidh ar fostú aige mar chléireach no mar chongantóir ar an 1adh lá de Mhárta, 1931, no go bhfuil sé ocht mbliana déag d'aois no os a chionn san, agus

(b) ná gníomhuíonn an duine sin mar chongantóir don gheall-ghlacadóir cheadúnuithe sin ach le linn an gheall-ghlacadóra cheadúnuithe sin féin do bheith i láthair no in áitreabh cláruithe dar dílseánach cláruithe an geall-ghlacadóir ceadúnuithe sin, agus

(c) nách do réir an mhéid gnótha ná brabúis a dheineann an geall-ghlacadóir ceadúnuithe sin a híoctar ná a háirítear i bpáirt ná go hiomlán luach saothair an duine sin, agus

(d) ná déanfaidh an duine sin don gheall-ghlacadóir cheadúnuithe sin ná thar a cheann ná mar chongantóir do gníomh ar bith go dtiocfadh as é dhéanamh go ndlighfí fén alt so a thuisgint go raibh an duine sin féin ag gníomhú mar gheall-ghlacadóir do réir bhrí an Achta so.

(2) Duine dhéanfaidh aon ghníomh acu so leanas do gheallghlacadóir cheadúnuithe no thar a cheann no mar chongantóir no mar chléireach do, sé sin le rá:—

(a) cuireadh do thabhairt do dhaoine no a iarraidh ortha gill do chur leis féin no leis an ngeall-ghlacadóir ceadúnuithe sin, no

(b) na téarmaí no na rátaí do chraoladh gur dá réir atá sé féin no an geall-ghlacadóir ceadúnuithe sin sásta gill do ghlaca maidir le haon rás, comórtas no iomaíocht eile no maidir le haon iomathóir in aon iomaíocht den tsórt san, no

(c) aon gheall do ghlacadh, do chur no do shocrú pe'ca thar a cheann féin no thar ceann an gheall-ghlacadóra cheadú nuithe sin a dheallróidh sé bheith á dhéanamh san.

tuigfear é féin do bheith ag gníomhú mar gheall-ghlacadóir do réir bhrí an Achta so más in áit ar bith seachas in áitreabh cláruithe dar dílseánach cláruithe an geall-ghlacadóir ceadúnuithe sin a déanfar an gníomh san.

(3) Duine bheidh ar fostú ag geall-ghlacadóir ceadúnuithe mar chongantóir do agus 'na mbeidh a fhostú dleathach de bhuadh an ailt seo ní tuigfear é bheith ag gníomhú ná ag déanamh gnótha mar gheall-ghlacadóir do réir bhrí an Achta so de dhruim é bheith ar fostú agus ag gníomhú mar chongantóir den tsórt san agus dá dhruim sin amháin.

Cosaint do chléirigh agus do chongantóirí in áitreabhacha cláruithe.

28. —(1) I dteanta aon fhorála agus gan dochar d'aon fhoráil den Acht so cheaduíonn do gheall-ghlacadóir cheadúnuithe congantóir do bheith ar fostú aige beidh sé dleathach do dhílseánach chláruithe áitreibh chláruithe cléirigh agus congantóirí (eadhon, daoine atá ocht mbliana déag d'aois no os a chionn san no do bhí ar fostú san áitreabh san ag an ngeall-ghlacadóir ceadúnuithe sin ar an 1adh lá de Mhárta, 1931) do bheith ar fostú aige san áitreabh san fé mar a bheidh riachtanach do réir réasúin chun a ghnótha mar gheall-ghlacadóir do dhéanamh san áitreabh san, ach nách do réir an mhéid gnótha ná brabúis a dheineann an dílseánach cláruithe a híoctar ná a háirítear i bpáirt ná go hiomlán suim luacha saothair fé seach na gcléireach agus na gcongantóirí sin.

(2) Duine bheidh ar fostú ag dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe mar chléireach no mar chongantóir san áitreabh san agus 'na mbeidh a fhostú mar chléireach no mar chongantóir den tsórt san dleathach de bhuadh an ailt seo, ní tuigfear é bheith ag gníomhú ná ag déanamh gnótha mar gheall-ghlacadóir do réir bhrí an Achta so de dhruim é bheith ag gníomhú mar chléireach no mar chongantóir den tsórt san agus dá dhruim sin amháin.

Daoine fé bhun ocht mblian déag in oifigí geallghlacadóireachta.

29. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon duine fé bhun ocht mblian déag d'aois do chur isteach no do thabhairt isteach in aon áitreabh cláruithe ach daoine chomhnuíonn do ghnáth san áitreabh san agus oifigigh don Aire Puist agus Telegrafa raghaidh isteach san áitreabh san i gcúrsa a ndualgas mar oifigigh den tsórt san.

(2) Gach duine (seachas dílseánach cláruithe an áitreibh chláruithe bheidh i gceist) a dhéanfaidh éinne do chur isteach no do thabhairt isteach in áitreabh cláruithe contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear, má sé an chéad chionta aige é, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar céad punt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Leadránacht in aice áitreibh chláruithe.

30. —(1) Gach duine bheidh ina sheasamh no ag leadránacht lasmuich d'aon áitreabh cláruithe no in a aice tar éis do bhall den Ghárda Síochána in éide a iarraidh air boga leis beidh sé (pe'ca chuirfidh an seasamh no an leadránacht san isteach ar thrácht no ná cuirfidh) ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig puint do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná mí.

(2) Féadfaidh ball den Ghárda Síochána in éide duine go dteipfidh air no a dhiúltóidh boga leis ar a iarraidh san air fén alt so don bhall san do ghabháil gan barántas.

Pionós mar gheall ar ráiteas bréige um aois.

31. —(1) Gach duine dhéanfaidh, tré n-a leigint air go bhfuil sé ocht mbliana déag d'aois no os a chionn san, geall-ghlacadóir ceadúnuithe do thabhairt chun gill do chur leis no chun gnótha gill do dhéanamh leis no dílseánach cláruithe áitreibh chláruithe do thabhairt chun a cheadú dho dul isteach no fanúint san áitreabh san beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig puint do chur air.

(2) Gach duine ordóidh d'aon duine eile cionta do dhéanamh fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so no chuirfidh fé ndeár go ndéanfa sé amhlaidh no do bhéarfaidh chun a dhéanta é beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig puint do chur air.

Toirmeasc ar fhógrán, etc., maidir le gill do chur ar chluichí peile.

32. —(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, ní bheidh sé dleathach d'éinne aon fhógrán, cearcalán ná gearrthán ag moladh geall do chur ar chluichí peile no ag tabhairt cuiridh chuige sin no a bhaineann leis sin ar shlí eile do scríobhadh, do chlóbhualadh ná d'fhoillsiú ná é do chur timpeal go feasach, ná a chur fé ndeár ná a thabhairt chun críche go feasach aon fhógrán, cearcalán no gearrthán den tsórt san do scríobhadh, do chlóbhualadh, d'fhoillsiú no do chur timpeal ná tabhairt fé n-a leithéid sin do dhéanamh go feasach.

(2) Ní bheidh sé nea-dhleathach do dhílseánach chláruithe áitreibh chláruithe de dhruim éinní san alt so aon fhográn, cearcalán no gearrthán i dtaobh gnótha na geall-ghlacadóireachta deintear san áitreabh san (pe'ca alos cluichí peile no alos éinní eile deintear é) do bheith aige agus do scaipeadh san áitreabh san, ná d'éinne aon fhógrán, cearcalán no gearrthán den tsórt san do scríobhadh no do chlóbhualadh don dílseánach cláruithe sin.

(3) Gach duine dhéanfaidh gníomh ar bith is sárú ar an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear, má sé an chéad chionta aige é, fíneáil ná raghaidh thar cúig puint fhichead no príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná mí do chur air agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar céad punt no príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná ráithe.

Toirmeasc ar ghill do chur le daoine lasmuich de Shaorstát Éireann.

33. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne agus é i Saorstát Éireann geall do chur ná do dhéanamh ná tabhairt fé gheall do chur no do dhéanamh le duine a bheidh lasmuich de Shaorstát Éireann an uair sin ná éinne a bheidh lasmuich de Shaorstát Éireann de thurus na huaire d'fhostú ná d'údarú ná ordú do thabhairt do chun gill do chur no do dhéanamh do no ar a shon, ná tabhairt fé éinne den tsórt san d'fhostú no d'údarú no ordú do thabhairt do chuige sin.

(2) Gach éinne a chuirfidh no a dhéanfaidh geall, no a thabharfaidh fé gheall do chur no do dhéanamh, contrárdha don alt so, no a fhostóidh no a údaróidh éinne no do bhéarfaidh ordú dho chun gill do chur no do dhéanamh, contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear pionós máil de chéad punt do chur air.

(3) Ní bheidh sé nea-dhleathach do gheall-ghlacadóir cheadúnuithe de dhruim éinní san alt so geall do chur no do dhéanamh, agus é i Saorstát Éireann, le duine bheidh lasmuich de Shaorstát Éireann an uair sin agus ná deineann gnó mar gheall-ghlacadóir.

Comhachta don Aire Puist agus Telegrafa.

34. —(1) Féadfaidh an tAire Puist agus Telegrafa aon phacáid phuist do choinneáil 'na mbeidh amhras scéala le n-a mbaineann an t-alt so do bheith inti agus cuirfe sé chun na gCoimisinéirí Ioncuim gach pacáid phuist a coinneofar amhlaidh agus féadfaidh na Coimisinéirí sin an phacáid d'oscailt agus do scrúdú agus má gheibhid inti aon scéala le n-a mbaineann an t-alt so féadfaid an phacáid agus a mbeidh inti do choinneáil chun cúisimh do dhéanamh, agus mara bhfaghaid aon scéala den tsórt san inti dúnfaid an phacáid agus cuirfid thar n-ais chun an Aire Puist agus Telegrafa í agus cuirfidh seisean an phacáid agus a mbeidh inti tríd an bpost chun an té chun ar seoladh í.

(2) Pé uair a gheobhaidh an tAire Puist agus Telegrafa, le cur ar aghaidh tríd an telegraf, teachtaireacht a dheabhróidh bheith ina scéala le n-a mbaineann an t-alt so, féadfa sé cóip den teachtaireacht san do chur chun na gCoimisinéirí Ioncuim maraon le pé eolas ina taobh is oiriúnach leis a chur chucha no a iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncuim.

(3) Féadfaidh an tAire Puist agus Telegrafa, tar éis do dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí Ioncuim, rialacháin do dhéanamh chun na gcomhacht d'fheidhmiú agus chun na ndualgas do dhéanamh a bronntar no a forchuirtear air leis an alt so.

(4) Baineann an t-alt so le gach scéala o dhuine i Saorstát Éireann (dá ngairmtear an seoltóir anso feasta) chun duine lasmuich de Shaorstát Éireann (dá ngairmtear an seolaí anso feasta) tré n-a dtugann an seoltóir le tuisgint ar a shon féin no ar son duine eile go bhfuil sé ag cur no ag déanamh gill leis an seolaí no tré n-a dtugann an seoltóir le tuisgint go bhfuil sé ag fostú no ag údarú an tseolaí no ag tabhairt orduithe dho chun gill do chur no do dhéanamh don tseoltóir no d'éinne eile no ar a shon.

(5) Sa mhéid go mbaineann an t-alt so le pacáidí puist léighfear agus léireofar é i dteanta na Post Office Acts, 1908 to 1920, agus sa mhéid go mbaineann sé le telegrama léighfear agus léireofar é mar éinní amháin leis na hAchtanna Telegrafa, 1863 go 1928.

Rialacháin.

35. —(1) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú agus a bhaineann leis an gCúirt Dúithche, le baill den Ghárda Síochána no leis an Aire Dlí agus Cirt.

(2) Féadfaidh an tAire Airgid, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú agus ná húdaruítear leis an Acht so a ordú le rialacháin a dhéanfaidh an tAire Dlí agus Cirt.

Costaisí.

36. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghfar ag cur an Achta so i bhfeidhm.

Athghairm.

37. —Athghairmtear leis seo na hachtacháin uile agus fé seach atá luaidhte sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

38. —(1) Féadfar an tAcht um Gheall-Chur, 1931 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh pé lá cheapfaidh an tAire le hordú.