An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Eolas do Bhailiu agus d'Fhoillsiu i dtaobh Ime bheidh a Choimead ar Laimh.)

29 1931

ACHT TORA DÉIRÍOCHTA, 1931

CUID III.

Tearma Ceadunaisi Airithe do chur i bhfaid.

Téarma ceadúnaisí fé alt 42 den Phríomh-Acht do chur i bhfaid.

10. —Gach ceadúnas do deonadh fé fho-alt (2) d'alt 42 den Phríomh-Acht agus do bhí i bhfeidhm, de bhuadh ailt 1 den Acht Tora Déiríochta (Leasú), 1927 ( Uimh. 35 de 1927 ), ar an 17adh lá de Mhí na Nodlag, 1930, tuigfear é bheith i bhfeidhm go dtí am an Achta so do rith agus, má bhí an t-áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san cláruithe i gclár na n-easportálaithe ndéantóireachta le linn an Achta so do rith, fanfaidh an ceadúnas san i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1934, ach go dtí an dáta san leanfa sé de bheith fé réir agus i mbaol an Aire dá cheiliúradh mar is dóich leis agus nuair is dóich leis gur ceart é.