An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custuim agus Mal.) Ar Aghaidh (CUID IV. Cain Phroifit Chorparaide.)

31 1931

ACHT AIRGID, 1931

CUID III.

Diuitethe Bais.

Diúité estáit ar mhaoin, go raibh leas le n-a shaol inti ag duine ná maireann, má haistrítear chun cuideachtan í.

26. —(1) Más rud é, aon uair roimh bhás duine do fuair bás ar dháta an Achta so do rith, no dá éis sin, go ndearnadh aon mhaoin, ina raibh ag an duine sin estát no leas do bhí le dul in éag ar fháil bháis don duine sin, d'aistriú chun cuideachtan le n-a mbaineann an t-alt so no chun tairbhe don chuideachtain sin agus fós gurb iad an duine sin agus an té go raibh leas aige sa bhfuigheall-dhílse no sa bhfrith-dhílse do rinne an t-aistriú san, ansan, pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin agus pe'ca go díreach no go nea-dhíreach agus pe'ca le haon deighleáil amháin no níos mó do rinneadh an t-aistriú san, maran rud é—

(a) gur roimh an 1adh lá de Lúnasa, 1918, do rinneadh an t-aistriú; no

(b) gur mhaoin shocruithe an mhaoin sin agus, pé scéal é, go raghadh leas an duine ná maireann in éag de dheascaibh a bháis sara ndéanfadh leas ar seilbh den leas san; no

(c) go ndearnadh an chomaoine dob iníoctha ar scór an aistrithe leis an duine ná maireann d'íoc go hiomlán ar shlí seachas tré scaireanna sa chuideachtain sin do thabhairt do no tríd an gcuideachtain sin do dheonadh don duine ná maireann blianacht dob inchríochnuithe ar fháil bháis don duine sin no de dhruim a bháis no tré iad do dheonadh aon tsreatha eile d'íocaíochta tréimhsiúla dho dob inchríochnuithe sa tslí chéanna; no

(d) maidir leis an duine ná maireann—

(i) gur leig sé uaidh, trí bliana ar a laighead roimh a bhás, gach leas do bhí aige sa mhaoin sin, agus

(ii) ná raibh aige, aon uair laistigh de sna trí bliana san (ar shlí seachas fé léas no fé chó-aontú ar léas ar dhaorchíos), seilbh ná tairbhe aon choda den mhaoin sin ná aon tsochair do cuireadh in áirithe dho, le connradh no eile, maidir leis an leigint uaidh sin, agus

(iii) ná raibh sé, aon uair laistigh de sna trí bliana san, ag fáil ná i dteideal aon íocaíochta ón gcuideachtain nárbh íocaíocht alos no ar scór debentiúirí no iasachtaí no íocaíocht suime caipitiúla d'airgead ceannaigh de mhéid áirithe (agus airgead ceannaigh dob iníoctha ina thráthchoda tréimhsiúla ar feadh tréimhse áirithe d'áireamh, ach gan airgead ceannaigh d'áireamh dob iníoctha ina bhlianachtaí no ina íocaíochta tréimhsiúla eile dob inchríochnuithe ar fháil bháis don duine ná maireann no de dhruim a bháis);

tuigfear fé réir forálacha an ailt seo, chun crícheanna diúité estáit, an mhaoin sin do dhul chun duine eile, ar an mbás do thárlachtaint, díreach fé is dá leanadh estát no leas an duine ná maireann inti go dtí an bás.

(2) I gcás maoine go dtuigfí de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo, mara mbeadh an fo-alt so, í do dhul chun duine eile ar an mbás do thárlachtaint, má rinne an chuideachta chun ar haistríodh an mhaoin sin do réir bhrí an fho-ailt sin roimhe seo an mhaoin sin no aon chuid den mhaoin sin do dhíol no do mhalartú bona fide ar lán-chomaoine in airgead no i luach airgid le linn saol an duine ná maireann, ní tuigfear an mhaoin sin, ná pé méid di do díoladh no do malartuíodh amhlaidh, do dhul chun duine eile ar fháil bháis don duine ná maireann, ach ina ionad san an mhaoin dob ionann i lámhaibh na cuideachtan agus sochar an díola no an mhalartuithe sin no do bhí ag seasamh, i lámhaibh na cuideachtan, in ionad an tsochair sin ar dháta bháis an duine ná maireann tuigfear, chun críche diúité estáit, í do dhul chun duine eile ar an mbás do thárlachtaint fé is dá mbeadh inti, ag an duine ná maireann, estát no leas do bhí le dul in éag ar fháil bháis don duine sin agus fé is dá leanadh an t-estát no an leas san go dtí n-a bhás.

(3) Nuair a beifear ag déanamh amach luach aon mhaoine tuigfear do dhul chun duine eile fén alt so ar an mbás do thárlachtaint, bainfear as luach colna na maoine sin—

(a) oiread de pé suim (más aon tsuim é) do fuair an chuideachta ar iasacht agus do chuir an chuideachta chun na maoine d'fheabhsú agus ná raibh aisíoctha ag an gcuideachtain ar an mbás do thárlachtaint;

(b) suim is có-ionann leis an suim chaipitiúil d'airgead (más aon tsuim é) d'íoc an chuideachta leis an duine ná maireann mar chuid den chomaoine ar scór a leasa sa mhaoin d'aistriú;

(c) i gcás diúité estáit do bheith iníoctha, mar gheall ar an mbás, ar aon scaireanna de chuid na cuideachtan no ar aon debentiúirí sa chuideachtain, suim is cóionann le luach colna, ar dháta an bháis, na scaireanna no na ndebentiúirí sin do tugadh don duine ná maireann no do haistríodh chuige i gcomaoine na maoine d'aistriú.

(4) Beidh an chuideachta bheidh i gceist freagarthach in aon diúité forchuirtear leis an alt so agus, chun an diúité sin do chruinniú agus d'íoc, beidh aici na comhachta uile bronntar ar dhaoine freagarthacha leis an Finance Act, 1894, agus má dheineann an té is seiceadúir (do réir bhrí an Achta san) don duine ná maireann an diúité no aon chuid de d'íoc aisíocfaidh an chuideachta leis é.

(5) Más rud é, ar fháil bháis do dhuine ar bith, go mbeidh éileamh ar dhiúité i gceist de bhuadh an ailt seo, déanfaidh an chuideachta bheidh freagarthach sa diúité sin bás an duine sin do chur in úil do sna Coimisinéirí Ioncuim laistigh de ráithe tar éis don chuideachtain sin eolas d'fháil ar an mbás san, agus dlighfear pionós ná raghaidh thar cúig céad púnt do chur ar aon chuideachtain den tsórt san a bhéarfaidh faillí go toiliúil sa méid sin do chur in úil amhlaidh.

(6) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, chun na gcrícheanna bhaineann leis an alt so do chur in éifeacht, a éileamh ar chuideachtain ar bith le n-a mbaineann an t-alt so cóipeanna de pé cinn de sna cuntaisí cothromaíochta agus de sna cuntaisí sochair agus dochair no ioncuim agus caithteachais, maraon le pé eolas eile, is gá dhóibh go réasúnta do thabhairt dóibh laistigh de dhá mhí tar éis a éileamh uirthi amhlaidh san do dhéanamh, agus má theipeann ar aon chuideachtain den tsórt san déanamh do réir an éilimh sin—

(a) dlighfear pionós ná raghaidh thar cúig céad púnt do chur ar an gcuideachtain sin agus dlighfear pionós den tsórt chéanna do chur ar gach stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí no oifigeach eile don chuideachtain sin údaróidh no cheadóidh an teip go feasach no go toiliúil; agus

(b) féadfar ordú dhéanamh i gcoinnibh stiúrthóirí uile na cuideachtan san no i gcoinnibh éinne acu á éileamh ortha déanamh do réir an éilimh sin sa tslí chéanna in ar féidir ordú do dhéanamh i gcoinnibh éinne atá freagarthach i ndiúité comharbais cuntas do thabhairt uaidh agus beidh feidhm ag forálacha ailt 47 den Succession Duty Act, 1853, dá réir sin ach iad d'atharú mar is gá.

(7) San alt so—

cialluíonn an abairt “cuideachta le n-a mbaineann an t-alt so” aon chólucht corparáideach, pé áit in ar hionchorparuíodh é—

(a) atá có-dhéanta i slí nách iad a chuid scaireánach ná aon aicme dhíobh a rialann é, no

(b) ná fuil tugtha amach aige don phobal, no, i gcás cuideachtan atá ar tí scaireanna do thabhairt amach don phobal, ná beidh tugtha amach aige don phobal nuair a bheidh an tabhairt amach san déanta aige, níos mó ná leath na scaireanna gurb iad a sealbhóirí rialann an cólucht san;

foluíonn an focal “scair” aon leas in aon chor i gcuideachtain, pé ainm atá air, atá cosúil le scair, agus léireofar an focal “scaireánaigh” dá réir sin.

Rátaí diúité estáit do mhéadú.

27. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, déanfar an scála atá curtha síos sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur in ionad an scála atá curtha síos sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926) , mar scála de rátaí diúité estáit i gcás daoine d'fháil bháis ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin.

(2) Má rinneadh bona fide roimh an 6adh lá de Bhealtaine, 1931, leas feitheamhach do réir bhrí Chuid I den Finance Act, 1894, in aon mhaoin (nách maoin a tuigfear, de bhuadh an ailt deiridh sin roimhe seo, do dhul chun duine eile ar an mbás do thárlachtaint) do dhíol no do chur fé mhorgáiste ar lán-chomaoine in airgead no i luach airgid, ansan ní bheidh iníoctha ar an maoin sin ag an gceannathóir no ag an morgáistí ar theacht i seilbh an leasa dho aon diúité eile ach an diúité do bheadh iníoctha dá mba ná rithfí an tAcht so, agus i gcás morgáiste áireofar mar mhuirear is déanaí ná muirear an mhorgáistí aon diúité is aoirde ná san agus is iníoctha ag an morgáisteoir.

Saoirse o dhiúitéthe báis do rudaí ina gcuirtear suim i gcúrsaí náisiúntachta, etc.

28. —(1) Más rud é, ar fháil bháis do dhuine do fuair bás ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin, go ndeaghaidh rudaí ar bith le n-a mbaineann an t-alt so chun duine eile, ní cuirfear luach na rudaí sin san áireamh chun luach colna an estáit do chuaidh chun an duine eile sin ar an mbás do thárlachtaint no an ráta gur dá réir a bheidh diúité estáit inéilithe air do mheas, agus beidh na rudaí sin saor o dhiúitéthe báis an fhaid ná beifear ag déanamh airgid asta.

(2) Má díoltar rudaí ar bith le n-a mbaineann an t-alt so, tiocfaidh diúitéthe báis chun bheith inéilithe, fé réir forálacha an ailt seo, ar shochar a ndíola maidir leis an mbás deiridh gur mar gheall air do chuaidh na rudaí sin chun duine eile agus, maidir le diúité estáit, do réir an ráta is oiriúnach do luach colna an estáit do chuaidh chun duine eile ar an mbás san do thárlachtaint agus ar a mbeidh diúité estáit inghearrtha agus le n-a gcuirfí na rudaí dá mba nár rudaí iad le n-a mbaineann an t-alt so agus an té do dhíol no gur chun tairbhe dho do díoladh na rudaí beidh sé freagarthach sna diúitéthe agus bhéarfaidh cuntas uaidh chun crícheanna na ndiúitéthe laistigh de mhí tar éis an díola, agus beidh ús ar na diúitéthe sin iníoctha o dháta an díola.

(3) Má díoltar rudaí ar bith le n-a mbaineann an t-alt so, ní thiocfaidh diúitéthe báis chun bheith inéilithe más le Gailerí Náisiúnta na hÉireann a díolfar iad no le Músaeum Náisiúnta na hEolaíochta agus na hEaladhantachta no le haon fhundúireacht náisiúnta eile den tsórt san, no le haon phríomhscoil, comhairle chontae no bárdas cathrach i Saorstát Éireann, no leis na Friends of the National Collections of Ireland.

(4) Baineann an t-alt so leis na rudaí seo leanas, sé sin le rá, pé pictiúirí, priondaí, leabhair, láimhscríbhinní, oibreacha ealadhan, cnuasacha de rudaí bhaineann le heolaíocht no rudaí eile ná tagann ioncum asta agus go bhfeicfear don Aire Airgid, ar éileamh do dhéanamh air fén alt so, suim do bheith á gcur ionta i gcúrsaí náisiúntachta, eolaíochta, staire no ealadhantachta.

(5) Ní dhéanfaídh éinní san alt so deifir ar bith do sna comhachta bronntar ar an Aire Airgid le fo-alt (2) d'alt 15 den Finance Act, 1894.

Saoirse o dhiúité chomharbais.

29. —Maran mó ná míle púnt luach glan na maoine uile, réalta agus pearsanta, do chuaidh no a tuigfear do chuaidh chun duine eile, ar fháil bháis d'éinne do fuair bás ar dháta an Achta so do rith no dá éis sin, fé aistriú no fé aistrithe inter vivos do rinne an duine ná maireann agus fé n-a uacht no in éamais uachta, maoin go raibh diúité estáit iníoctha uirthi ar fháil bháis do, ní bheidh diúité comharbais iníoctha fén aistriú no fé sna haistrithe inter vivos san.