35 1931


Uimhir 35 de 1931.


ACHT NA mBAN gCABHARTHA, 1931.


ACHT CHUN FO-ALT (2) D'ALT 1 DEN MIDWIVES (IRELAND) ACT, 1918, DO LEASÚ AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN SUAITHEANTAISÍ DO THABHAIRT AMACH DO MHNÁ CABHARTHA.

[31adh Iúl, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an Midwives (Ireland) Act, 1918;

cialluíonn an abairt “an Bord” Príomh-Bhord na mBan gCabhartha do bunuíodh le hOrdú Príomh-Bhord na mBan gCabhartha, 1923, do rinne an Ard-Chomhairle an 22adh lá de Mheitheamh, 1923, fé alt 7 den Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 ( Uimh. 2 de 1922 );

cialluíonn an abairt “bean chabhartha” bean atá deimhnithe fén bPríomh-Acht.

Fo-alt (2) d'alt 1 den Phríomh-Acht do leasú.

2. —(1) Athghairmtear leis seo fo-alt (2) d'alt 1 den Phríomh-Acht agus achtuítear leis seo ina ionad san go mbeidh gach duine chabhróidh le mnaoi i luighe seola ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, go ndlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air—

(a) maran bean chabhartha an duine sin, no

(b) maran dochtúir leighis ceart-cháilithe an duine sin, no

(c) maran duine á oiliúint d'fhonn bheith ina dhochtúir leighis cheart-cháilithe no ina mnaoi chabhartha an duine sin agus gur mar chuid de chúrsa teagaisc phraiticiúla i liaghacht luighe seola bheidh admhuithe ag Comhairle Chlárathachta na nDochtúirí Leighis no ag an mBord do bhéarfaidh an duine sin an chabhair sin, no

(d) mara gcuiridh an duine sin ina luighe ar an gCúirt go raibh gá le cabhair do thabhairt go hobann no go deithneasach nuair a tugadh an chabhair sin agus nárbh fhéidir bean chabhartha d'fháil láithreach bonn.

(2) D'ainneoin éinní sa bhfo-alt san roimhe seo beidh sé dleathach do dhuine ar bith, go dtí an 1adh lá d'Eanar, 1933, cabhrú le mnaoi i luighe seola—

(a) más rud é—

(i) gur duine an duine sin dar deonadh deimhniú i liaghacht luighe seola, roimh an 1adh lá de Mheitheamh, 1927, ar a scrúdú do lucht óispidéil luighe seola do bhí admhuithe ag an mBord agus san tar éis cúrsa oiliúna i liaghacht luighe seola ar feadh ráithe no níos mó i gcás banaltran oilte liaghachta agus máinliaghachta no tar éis cúrsa oiliúna i liaghacht luighe seola ar feadh ceithre mí no níos mó i gcás banaltran leanbhaí breoite atá cláruithe sa Chlár de Bhanaltraí fén Nurses Registration (Ireland) Act, 1919, no tar éis cúrsa oiliúna i liaghacht luighe seola ar feadh sé mí no níos mó in aon chás eile, no

(ii) gur duine ba bhean chabhartha ar buan-fhostú ag údarás fé dhlí na mbocht aon uair roimh an 1adh lá d'Eanar, 1924, an duine sin, agus

(b) más rud é gur fé stiúradh agus fé mhaoirseacht phearsanta dhochtúra leighis cheart-cháilithe do bhéarfaidh an duine sin an chabhair sin.

Suaitheantaisí ban cabhartha.

3. —(1) An dualgas agus an chomhacht déanta rialacha bronntar ar an mBord le fo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht folóid dualgas agus comhacht rialacha do dhéanamh i dtaobh na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) socrú go dtabharfaidh an Bord amach do mhná cabhartha suaitheantaisí (dá ngairmtear suaitheantaisí ban cabhartha san Acht so) thaisbeánfaidh gur mná cabhartha lucht a gcaithte;

(b) pátrún suaitheantaisí na mban gcabhartha d'ordú;

(c) an táille a híocfar leis an mBord as gach suaitheantas mná cabhartha do bhéarfar amach amhlaidh; agus

(d) an cás ina bhféadfar suaitheantas nua mná cabhartha do thabhairt amach in ionad suaitheantais mhná cabhartha a caillfear, a dítheofar no dá ndéanfar damáiste.

(2) Gach costas fé n-a raghaidh an Bord fén alt so beidh sé ina chuid de chostaisí generálta an Bhuird, agus déanfar gach táille do gheobhaidh an Bord fén alt so do chur chun costaisí generálta an Bhuird d'íoc.

Ciontaí maidir le suaitheantaisí ban cabhartha.

4. —(1) Pé uair a bheidh rialacha do rinneadh do réir an ailt sin roimhe seo i bhfeidhm de thurus na huaire, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní bheidh sé dleathach d'éinne seachas an bhean chabhartha dá dtabharfar amach suaitheantas mná cabhartha an suaitheantas san do chaitheamh;

(b) ní bheidh sé dleathach d'éinne dá dtabharfar amach suaitheantas mná cabhartha an suaitheantas san do thabhairt ar iasacht d'éinne eile ná a cheadú d'éinne eile an suaitheantas san do chaitheamh;

(c) ní bheidh sé dleathach d'éinne aithris dheallrathach ar shuaitheantas mhná cabhartha do chaitheamh; agus

(d) má horduítear fén bPríomh-Acht ainm duine dá dtabharfar amach suaitheantas mná cabhartha do scriosadh den rolla de mhná cabhartha mar gheall ar gan géilleadh do rialacha no do rialacháin no mar gheall ar mhí-iompar eile déanfaidh an duine sin an suaitheantas san do thabhairt suas don Bhord laistigh de cheithre lá déag ón am a cuirfear an t-ordú in úil di.

(2) Má sháruíonn éinne an t-alt so (pe'ca le gníomh no le faillí é) beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Gearr-theideal, léiriú agus luadh.

5. —Féadfar Acht na mBan gCabhartha, 1931 , do ghairm den Acht so agus is mar éinní amháin leis an bPríomh-Acht a léireofar é, agus féadfar Achtanna na mBan gCabhartha, 1918 agus 1931, do ghairm den Acht san agus den Acht so le chéile.