An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Tithe Beaga Comhnaithe d'Fhail.) Ar Aghaidh (CUID VIII. Foralacha Airgeadais.)

50 1931

ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1931

CUID VII.

Leasuithe ar Achtanna na dTithe, 1925 go 1930.

Méid iomlán na ndeontas fé Achtanna na dTithe, 1925 go 1930, do mhéadú.

61. —Athghairmtear leis seo alt 4 d'Acht na dTithe, 1930 , agus ina ionad san achtuítear leis seo nách mó ná suim milleoin agus dhá chéad is ochtó míle punt a bheidh méid iomlán na ndeontas a deonadh no a deonfar fé alt 3 d'Acht na dTithe, 1925 (Uimh. 12 de 1925), mar a leasuítear é le halt 3 d'Acht na dTithe, 1928 ( Uimh. 31 de 1928 ), maraon le méid iomlán na ndeontas a deonadh no a deonfar fé alt 3 d'Acht na dTithe, 1929 (Uimh. 12 de 1929) .

An tréimhse chun daoine príobháideacha do thógaint tithe d'fhaidiú.

62. —Sa mhéid go mbainfe sé le tithe thógann daoine príobháideacha beidh éifeacht ag an gCéad Sceideal a ghabhann le h Acht na dTithe, 1929 (Uimh. 12 de 1929) , mar a leasuítear é le halt 5 d'Acht na dTithe, 1930 ( Uimh. 22 de 1930 ), fé is dá gcuirtí an riail seo leanas isteach ann, agus déanfar an Sceideal san agus fós alt 2 den chéad Acht san a luaidhtear do léiriú agus beidh éifeacht acu dá réir sin, sé sin le rá:—

4. Tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1929, a tosnófar tógáil tighe agus ar no roimh an 29adh lá d'Fheabhra, 1932, a críochnófar é.

Leanúint de chongnamh do thabhairt do dhaoine príobháideacha bheidh ag tógáil tithe.

63. —(1) In ainneoin éinní atá in Achtanna na dTithe, 1925 go 1930, mar a leasuítear iad leis an Acht so, féadfaidh an tAire, fé alt 3 d' Acht na dTithe, 1929 (Uimh. 12 de 1929) , mar a hatharuítear é leis an alt so, leanúint de dheontaisí do dheonadh do dhaoine príobháideacha bheidh ag tógáil tithe le n-a mbaineann an tAcht san mar a hatharuítear é leis an alt so.

(2) Chun crícheanna an ailt seo cuirfear suim chúig míle fichead punt le méid iomlán na ndeontas a deonadh no a deonfar fé Achtanna na dTithe, 1925 go 1930, mar a leasuítear iad leis an Acht so.

(3) Chun crícheanna an ailt seo beidh éifeacht ag Acht na dTithe, 1929 (Uimh. 12 de 1929) , fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) Beidh éifeacht ag mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 3 den Acht san fé is dá gcuirtí “£20” ann in ionad “£45”;

(b) Ní bheidh feidhm ag míreanna (b), (c) ná (d) d'fho-alt (1) ná ag fo-alt (3) d'alt 5 ná ag fo-ailt (1) ná (2) d'alt 7 den Acht san;

(c) Ní dheonfaidh an tAire aon deontas fén Acht san mara ndeinidh an t-údarás áitiúil gur laistigh dá líomatáiste feidhmiúcháin a tógfar an tigh deontas is ionann suim le deontas an Aire do dheonadh i gcóir an tighe;

(d) Cuirfear na rialacha so leanas in ionad rialacha 2 agus 4 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht san:—

2. Ní bheidh achar urláir tighe níos lugha ná 500 troigh cheárnach ná níos mó ná—

(a) 950 troigh cheárnach, más i gcontae-bhuirg, i mbuirg, i mbailecheanntar no i mbaile tógfar an tigh sin; no

(b) 1,250 troigh cheárnach más in aon áit eile tógfar an tigh sin;

4. Is ar an 1adh lá de Dheireadh Fomhair, 1931, no dá éis sin a tosnófar tógáil an tighe agus is tar éis an 29adh lá d'Fheabhra, 1932, ach roimh dhul in éag don alt so críochnófar é.

(4) Leanfaidh an t-alt so i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1933, agus raghaidh in éag ansan.