51 1931


Uimhir 51 de 1931.


ACHT UM OISPIDÉIL PHUIBLÍ DHÉIRCIÚLA (LEASÚ) (UIMH. 3), 1931.


ACHT CHUN AN ACHTA UM OISPIDÉIL PHUIBLÍ DHÉIRCIÚLA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1930 DO CHUR I mBAINT LE hOISPIDÉAL ÁIRITHE.

[22adh Mí na Nodlag, 1931.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Priomh-Acht.

1. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla (Forálacha Sealadacha), 1930 (Uimh. 12 de 1930) .

(2) Gach abairt agus focal dá dtugtar brí áirithe le fo-alt (1) d'alt 1 den Phríomh-Acht tá leo san Acht so na brigheanna tugtar dóibh fé seach amhlaidh.

An Príomh-Acht do chur i mbaint le hóispidéal áirithe.

2. —D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (2) d'alt 1 den Phríomh-Acht, bainfidh an tAcht san leis an óispidéal so leanas, sé sin le rá, an tOispidéal um Ghalra Súl, Cluas agus Scórnach, Bóthar an Iarthair, Corcaigh.

Baint an Achta so.

3. —Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag an Acht so maidir le scéim ar bith do cheaduigh an tAire fén bPríomh-Acht roimh an Acht so do rith ná maidir le scuab-gheall ar bith do cuireadh no cuirfear ar siúl fén bPríomh-Acht, roimh an Acht so do rith no dá éis sin, do réir scéime do ceaduíodh amhlaidh.

Gearr-theideal, luadh, agus buaine.

4. —(1) Féadfar an tAcht um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla (Leasú) (Uimh. 3), 1931 , do ghairm den Acht so.

(2) Chun go bhféadfar iad do luadh i dteanta a chéile folóidh an abairt “na hAchtanna um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla, 1930 agus 1931” an tAcht so.

(3) Fanfaidh an tAcht so i bhfeidhm faid a leanfaidh an Príomh-Acht i bhfeidhm agus ní níos sia ná san.