An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach.) Ar Aghaidh (CUID III. Mianaigh agus Minearail Stait do Leasu.)

54 1931

ACHT NA MIANACH AGUS NA MINEARÁL, 1931

CUID II.

An Bord Mianadoireachta.

An Bord Mianadóireachta do bhunú.

6. —(1) Bunófar bord ar a dtabharfar an Bord Mianadóireachta (dá ngairmtear an Bord san Acht so) agus ar a mbeidh cathaoirleach agus beirt ghnáth-bhall chun na bhfeidhmeanna ceaptar do leis an Acht so do chólíonadh.

(2) Isé bheidh mar chathaoirleach ar an mBord ná abhcóide ag cleachtadh a ghairme no atúrnae ag cleachtadh a ghairme ar feadh deich mblian ar a laighead agus isiad a bheidh mar ghnáthbhaill ná duine is ball den phaineul d'eadrascánaithe oifigiúla do ceapadh fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, mar a leasuítear é leis an Acht chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 (Uimh. 22 de 1925) , agus duine is oifigeach don Aire.

(3) Ceapfaidh an tAire gach ball den Bhord go ceann pé tréimhse is oiriúnach leis agus féadfaidh an tAire é do chur as oifig agus féadfaidh an ball féin eirghe as a oifig aon uair.

(4) Féadfar pé táillí no luach saothair agus pé costaisí shocróidh an tAire Airgid d'íoc le ball ar bith den Bhord as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(5) Más rud é, ar chúis ar bith, go mbeidh aon bhall den Bhord ar feadh sealaid gan bheith ábalta ar fhreastal ar shuidheanna an Bhúird féadfaidh an tAire duine eile do cheapadh chun gníomhú mar bhall den Bhord ar feadh an tsealaid sin, ach ní ceapfar éinne chun gníomhú mar bhall den Bhord fén bhfo-alt so mara mbeidh na cáilíochta aige is gá do réir fo-ailt (2) den alt so do bheith ag an mball den Bhord gur ina ionad a ceapfar an duine sin go sealadach amhlaidh.

Rialacháin i gcóir imeachta i láthair an Bhúird.

7. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) amanta agus áiteanna suidheanna an Bhúird;

(b) na daoine dá dtabharfar agus na hamanta agus an tslí ina dtabharfar fógra i dtaobh suidheanna an Bhúird;

(c) an phuiblíocht do leigint isteach chun suidheanna an Bhúird no do dhúnadh amach uatha;

(d) pé nithe eile i dtaobh cleachtadh agus nós-imeachta an Bhúird a cheapfaidh an tAire do bheith riachtanach no oiriúnach chun gnótha an Bhúird do dhéanamh sa cheart.

Comhachta an Bhúird.

8. —(1) Chun a chur fhiachaint ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a gceistnithe fé mhionn (agus údaruítear leis seo d'aon bhall den Bhord fínnithe do chur fén mionn san) no ar aon tslí eile agus chun a chur fhiachaint ar dhaoine scríbhinní do thabhairt i láthair beidh ag an mBord gach comhacht, ceart, agus príbhléid atá dílsithe san Ard-Chúirt no i mBreitheamh den Ard-Chúirt maidir le triail aicsin, agus beidh gairm a bheidh sighnithe ag aon bhall no baill den Bhord ar aon dul agus ar aon éifeacht le próiseas fuirmeálta do bhéarfadh an Ard-Chúirt amach chun a chur fhiachaint ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a chur fhiachaint ar dhaoine scríbhinní do thabhairt i láthair.

(2) Má dheineann éinne—

(a) faillí ar theacht i láthair an Bhúird agus é gairmthe go cuibhe chun teacht ina láthair mar fhínné, no

(b) ar bheith i láthair do mar fhínné diúltú do mhionn do thabhairt a cheanglóidh an Bord air go dlíthiúil do thabhairt no d'aon scríbhinn fé n-a chomhacht no fé n-a chúram do thabhairt i láthair a cheanglóidh an Bord air go dlíthiúil do thabhairt i láthair no d'aon cheist d'fhreagairt 'na bhféadfadh an Bord a cheangal air go dlíthiúil í d'fhreagairt, no

(c) éinní eile ba dhísbeagadh Cúirte dá mba Chúirt Bhreithiúnais an Bord agus comhacht aige chun daoine do chur i bpríosún mar gheall ar dhísbeagadh Cúirte,

féadfaidh an Bord cionta an duine sin do dheimhniú fé n-a lámhaibh don Ard-Chúirt agus féadfaidh an Chúirt sin, tar éis pé fiosrú is oiriúnach léi do dhéanamh, an duine sin do phionósú no pé ní do dhéanamh is gá chun é do phionósú díreach fé is dá mbeadh sé ciontach sa Chúirt sin do dhísbeagadh.

(3) Beidh teideal ag fínné i láthair an Bhúird chun na saoirsí agus na bpríbhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhínné i láthair na hArd-Chúirte é.

An Bord no oifigigh don Bhord do dhul isteach ar thalamh.

9. —(1) Chun aon chríche bhaineann leis na feidhmeanna d'fheidhmiú a cuirtear ar an mBord leis an Acht so féadfaidh aon bhall den Bhord agus aon oifigeach don Bhord go n-údarás chuige sin o aon bhall den Bhord dul isteach ar aon talamh agus pé taighdeadh do dhéanamh ann is dóich leis is gá chun na gcrícheanna roimhráite.

(2) Má chuireann duine ar bith bac no cosc le haon bhall den Bhord no le haon oifigeach don Bhord agus é ag feidhmiú na gcomhacht a bronntar ar an mball no ar an oifigeach san leis an alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Fuireann an Bhúird.

10. —(1) Ceapfaidh an tAire rúnaí don Bhord, agus féadfaidh pé oifigigh agus seirbhísigh eile don Bhord do cheapadh is dóich leis is gá chun cabhrú leis an mBord chun a bhfeidhmeanna d'fheidhmiú, ach an tAire Airgid do thoiliú le líon na ndaoine sin.

(2) Beidh rúnaí agus oifigigh agus seirbhísigh eile an Bhúird i seilbh oifige ar pé téarmaí agus bhéarfar luach saothair dóibh do réir pé rátaí agus ar pé slí cheadóidh an tAire Airgid.