An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Cirt i Mianaigh agus i Minearail nach leis an Stat do Dheonadh.) Ar Aghaidh (CUID VI. Foralacha Bhaineann le Coda IV agus V.)

54 1931

ACHT NA MIANACH AGUS NA MINEARÁL, 1931

CUID V.

Srian le Minearail Is Ga mar Thaca d'Oibriu.

Iarratas ar shrian do chur le minearáil is gá mar thaca d'oibriú.

28. —(1) Má abrann éinne go leas i dtalamh ar bith—

(a) ná fuil teideal aige chun taca no leor-thaca, ingearthach no taobhach, d'aon fhoirgintí no oibreacha atá tógtha no déanta no atá beartuithe do thógáil no do dhéanamh ar uachtar an tailimh sin no fé, agus

(b) nách féidir do réir réasúin ceart chun an taca san d'fháil tré shocrú príobháideach toisc aon chúise acu so leanas, eadhon—

(i) go bhfuil na daoine ag a bhfuil comhacht an ceart do dheonadh líonmhar no go bhfuil leasanna acu atá buiniscionn le n-a chéile,

(ii) nách féidir na daoine ag a bhfuil comhacht an ceart do dheonadh no éinne áirithe acu d'fháil no nách féidir a dhéanamh amach cé hiad no cé hé,

(iii) ná fuil ag na daoine nách foláir an ceart d'fháil uatha na comhachta chun cur de láimh do dhéanamh is gá, pe'ca de dheascaibh lochta sa teideal é no de dheascaibh mí-chumais dhlíthiúla no éinní eile,

(iv) go ndeineann na daoine no éinne áirithe de sna daoine ag a bhfuil comhacht an ceart do dheonadh diúltadh go mí-réasúnta don cheart san do dheonadh no téarmaí d'éileamh atá mí-réasúnta agus an scéal mar atá,

féadfaidh an duine sin iarratas do chur chun an Aire á iarraidh go gcuirfí pé srian leis na minearáil d'oibriú fén talamh san agus fén talamh le n-a ais is dóich leis is gá chun a chur in áirithe leor-thaca do bheith leis na foirgintí no leis na hoidreacha san.

(2) Cuirfear síos i ngach iarratas fén alt so na ráitisí gur ortha, de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo, bheidh ceart déanta an iarratais sin bunuithe agus is sa bhfuirm orduithe bheidh an t-iarratas san agus beidh ann i dteanta na ráiteas san pé mioninnste eile a hordófar agus beidh sé fíoruithe sa tslí orduithe.

(3) Pé uair a cuirfear iarratas chun an Aire fén alt so déanfaidh an t-iarratasóir, laistigh den aimsir orduithe, cóipeanna den iarratas san do sheirbheáil, sa tslí orduithe, ar pé daoine a hordófar.

(4) Féadfaidh éinne ar a seirbheálfar iarratas do réir an fho-ailt sin roimhe seo cúis do phlé leis an Aire i dtaobh abhair an iarratais sin.

(5) Más séadchomhartha náisiúnta, do réir bhrí Achta na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 ( Uimh. 2 de 1930 ), aon fhoirgint no obair agus má bhíonn sí, de bhuadh an Achta san, fé chaomhnadh Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí in Éirinn no údaráis áitiúla do réir bhrí an Achta san, tuigfear chun crícheanna an ailt seo gur daoine ag a bhfuil leas sa talamh ar a bhfuil an fhoirgint no an obair sin tógtha na Coimisinéirí sin no an t-údarás áitiúil sin, do réir mar bheidh.

An chéad bhreithniú do dhéanamh ar iarratas agus é chur fé bhráid an Bhúird agus an Bord do dhéanamh tuarasgabhála ina thaobh.

29. —(1) Ar fháil iarratais fén alt deiridh sin roimhe seo don Aire, ach ní go ceann trí seachtaine tar éis é d'fháil, breithneoidh sé é féachaint an bhfuil sé cruthuithe prima facie gur chóir an srian atá á iarradh ann do dheonadh agus chun an bhreithnithe sin do dhéanamh breithneoidh an tAire aon chúis a pléidhfear leis i dtaobh an iarratais sin agus féadfaidh pé fiosrú do dhéanamh agus conbharsáid do dhéanamh le pé daoine is oiriúnach leis.

(2) Ar dhéanamh an bhreithnithe sin don Aire, agus marab é a thuairim ná fuil sé cruthuithe prima facie gur chóir an ceart is abhar don iarratas san do dheonadh, cuirfidh an tAire an t-iarratas san fé bhráid an Bhúird.

(3) Breithneoidh an Bord gach iarratas a chuirfidh an tAire fé n-a mbráid fén alt so agus bhéarfaid tuarasgabháil don Aire i dtaobh an iarratais sin.

(4) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach tuarasgabháil do bhéarfaidh an Bord uatha fén alt so agus beidh na mion-innste orduithe inti.

Srian le hoibriú minearál is gá mar thaca do dheonadh.

30. —(1) Nuair do gheobhaidh an tAire tuarasgabháil i dtaobh iarratais ón mBord fén gCuid seo den Acht so breithneoidh sé an tuarasgabháil sin agus, ar dhéanamh an bhreithnithe sin do, féachfaidh do pé nithe cheanglann an t-alt so air do chur san áireamh agus más rud é, tar éis an bhreithnithe sin, go mbeidh sé sásta na ráitisí gur ortha do bunuíodh an t-iarratas san do bheith cruthuithe agus gurb é leas na puiblíochta srian d'fhorchur, féadfaidh an tAire, le hordú, pé srian is dóich leis is cóir d'fhorchur, ar pé téarmaí agus fé réir pé coinníollacha agus ar feadh pé tréimhse is dóich leis is cóir i dtaobh na minearál fén talamh is abhar don iarratas san agus fén talamh le n-a ais d'oibriú agus, ar an ordú san do bheith déanta, dílseoidh ceart feidhmithe an tsriain a forchuirfear leis sa té do rinne an t-iarratas san fé réir forálacha an Achta so,

(2) An srian a féadfar d'fhorchur fén alt so féadfar é d'fhorchur maidir le méid no le hionad na minearál a bheidh le hoibriú no leis na modhanna oibre no pacála no ar aon tslí eile fé mar is gá chun a chur in áirithe leor-thaca do bheith leis na foirgintí no leis na hoibreacha no chun damáiste dhóibh do chosc no do laigheadú.

(3) Nuair a bheidh an tAire á chinneadh ce'ca ba chóir srian d'fhorchur no nár chóir féachfaidh don méid is fiú na foirgintí no na hoibreacha no do chostas deisithe damáiste is dócha déanfaí dhóibh tré thuitim na talmhan i gcomórtas leis an méid is fiú na minearáil, no don tácht do bhainfeadh leis na foirgintí no na hoibreacha do thógáil no do bhuan-choimeád i gcomórtas le n-a tháchtaighe bheadh sé do leas na puiblíochta na minearáil d'oibriú.

(4) Pé uair a déanfar ceart feidhmithe sriain do dhílsiú i nduine ar bith de bhuadh an ailt seo, déanfaidh an duine sin cúiteamh (dá ngairmtear san Acht so cúiteamh fé Chuid V den Acht so) alos an chirt sin d'íoc do réir an Achta so.

(5) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo ní féadfar srian ar bith d'fhorchur fén alt so maidir le haon mhianaigh agus minearáil Stáit d'oibriú ná maidir le haon mhinearáil d'oibriú go mbeidh aon-cheart mianadóireachta Stáit infheidhmithe ina dtaobh.

(6) Féadfar srian do chur, fén alt so, le minearáil d'oibriú a bheidh i léas a déanfar fé Chuid III den Acht so.