|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Cuiteamh do Mheas.) |
ACHT NA MIANACH AGUS NA MINEARÁL, 1931
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID VIII. Ilghneitheach agus Generalta. | |
| [EN] |
Saoráidí don Aire agus dá oifigigh. |
50. —(1) Má bhíonn duine chun puill no tuill mhianaigh do dhéanamh, a bheidh le dul níos sia síos ná triocha troigh ón uachtar, d'fhonn aon mhinearál do chuardach no d'fháil déanfaidh, sara dtosnóidh ar an obair sin, fógra i scríbhinn do thabhairt don Aire go bhfuil sé chun na hoibre sin do dhéanamh. |
| [EN] | (2) Gach duine dhéanfaidh poll no toll mianaigh, a bheidh le dul níos sia síos ná triocha troigh ón uachtar, d'fhonn aon mhinearál do chuardach no d'fháil, coimeádfaidh irisleabhar ina thaobh agus coinneoidh go ceann tréimhse nách giorra ná sé mhí pé somplaí, pe'ca mealltracha no blodhtracha iad, de sna strata tré n-a raghfar, a gheobhfar le linn an phuill no an tuill do dhéanamh. | |
| [EN] | (3) Beidh teideal ag cigire gach tráth réasúnta gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:— | |
| [EN] | (a) dul gan cosc go dtí aon pholl, toll mianaigh no meall den tsórt san; | |
| [EN] | (b) irisleabhair na bpoll no na dtoll mianaigh sin d'iniúchadh agus cóipeanna do dhéanamh díobh; | |
| [EN] | (c) gach sompla gheobhfar agus a coinneofar amhlaidh d'iniúchadh; | |
| [EN] | (d) somplaí cosúla d'aon mhealltracha den tsórt san do thógaint. | |
| [EN] | (4) Má dheineann éinne bheidh ag déanamh aon phuill no tuill mhianaigh den tsórt san roimhráite fógra i scríbhinn do thabhairt don Aire á iarraidh air aon chóipeanna d'irisleabhair no somplaí de strata no de mhealltracha thógfaidh cigire fén bhfo-alt san roimhe seo do choimeád fé rún, ní dhéanfaidh an tAire, maran dóich leis an t-iarratas san do bheith mí-réasúnta, a cheadú na cóipeanna no na somplaí sin do thaisbeáint d'éinne nách oifigeach don Aire ach amháin le toiliú an chéad duine sin a luaidhtear. | |
| [EN] | (5) Má thárlann d'éinne bheidh ag déanamh aon phuill no tuill mhianaigh— | |
| [EN] | (a) go dteipfidh air na hoblagáidí forchuirtear leis an alt so do chólíonadh, no | |
| [EN] | (b) go gcuirfidh bac no cosc le cigire agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so, | |
| [EN] | beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air. | |
| [EN] |
Cirt sa bhreis do chigirí. |
51. —(1) Leigfidh gach únaer, gníomhaire no bainisteoir mianaigh do chigire ar bith dul síos gan cosc go dtí gach oibriú fé thalamh gach tráth réasúnta agus bhéarfaidh do chigire ar bith pé eolas agus pé somplaí, d'uamanna agus de strata tré n-ar tolladh no do hoscladh ag an mianach, a héileofar air do réir réasúin. |
| [EN] | (2) Má theipeann ar aon únaer, gníomhaire, no bainisteoir den tsórt san an t-alt so do chólíonadh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air. | |
| [EN] |
Mianaigh thréigthe d'fhálú. |
52. —(1) I gcás inar heiríodh as aon mhianaigh agus minearáil Stáit d'oibriú no as aon aon-cheart mianadóireachta Stáit d'fheidhmiú no inar tréigeadh an t-oibriú no an feidhmiú san, is cuma cathain a thárla an t-eirghe as no an tréigint sin, féadfaidh an tAire a chur fé ndeár go gcoimeádfar timpeal bairr no béil gach tuill no oscailte mianaigh a húsáideadh maidir leis an oibriú san déanmhas buan is leor chun tionóiscí do chosc agus féadfaidh dul isteach ar thalamh ar bith chun san do dhéanamh. |
| [EN] | (2) Féadfaidh an tAire a údarú do dhuine ar bith i scríbhinn na comhachta bronntar le fo-alt (1) den alt so ar an Aire d'fheidhmiú ar son agus thar ceann an Aire agus féadfaidh duine ar bith go n-údarás amhlaidh (agus dá ngairmtear gníomhaire don Aire san alt so) na comhachta san d'fheidhmiú in ainm agus ar son agus thar ceann an Aire. | |
| [EN] | (3) Má chuireann duine ar bith bac ar aon ghníomhaire don Aire no má chuireann sé isteach air agus an gníomhaire sin ag feidhmiú na gcomhacht do bronnadh air de bhuadh na bhforálacha san roimhe seo den alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air. | |
| [EN] | (4) Ní bheidh cúiteamh ar bith iníoctha alos ná de dhruim feidhmithe na gcomhacht a bronntar leis an alt so ar an Aire no ar ghníomhaire don Aire. | |
| [EN] | (5) Ní dhéanfaidh éinní atá san alt so duine ar bith do shaoradh o aon fhiachas a bheidh air fé aon Acht eile no ar aon tslí eile. | |
| [EN] |
Athghairm ar chuid den Mining Industry Act, 1920. |
53.—Athghairmtear leis seo an Mining Industry Act, 1920, ach amháin ailt 2, 19, 25 agus 26 dhe agus an Chéad Sceideal a ghabhann leis agus tuigfear ná raibh an tAcht san riamh, ach amháin an méid sin roimhráite dhe, i bhfeidhm i Saorstát Éireann ná sa líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é. |
| [EN] |
Rialacháin. |
54. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú, |
| [EN] | (2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san. | |
| [EN] |
Costaisí. |
55. —Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, a híocfar gach costas fé n-a raghfar chun an Achta so do chur i bhfeidhm. |
| [EN] |
Gearr-theideal. |
56. —Féadfar Acht na Mianach agus na Minearál, 1931 , do ghairm den Acht so. |