An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT UM THIARNAÍ TIGHE AGUS TIONÓNTAITHE, 1931) Ar Aghaidh (CUID II. Cuiteamh i bhFeabhsu.)

55 1931

ACHT UM THIARNAÍ TIGHE AGUS TIONÓNTAITHE, 1931

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht um Thiarnaí Tighe agus Tionóntaithe, 1931 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an focal “tionóntachán” talamh no áitreabh atá do réir na gcoinníoll uile seo leanas, sé sin le rá:—

(a) go bhfuil sé—

(i) suidhte i líomatáiste baile agus gur talamh é go bhfuil a iomlán no cuid de fé fhoirgintí no gur cuid áirithe é d'fhoirgint, no

(ii) suidhte in áit eile seachas i líomatáiste baile agus gur talamh é nách mó ná acra reachtúil in achar agus ar a bhfuil tigh, agus

(b) más talamh é ná fuil ach cuid de fé fhoirgintí, go bhfuil an chuid eile den talamh san ag dul leis na foirgintí sin, agus

(c) gur fé léas no fé chonnradh eile tionóntachta atá ráite no iontuigthe no atá ann de bhuadh reachta atá sé ag á shealbhaire, agus

(d) ná fuil an connradh tionóntachta san ina chur ar cíos do rinneadh agus é ráite sa chonnradh san go ndeintear é mar áis shealadach don léasóir no don léasaí agus (más tar éis an Achta so do rith do rinneadh é) é luaidhte ann cadé an saghas an áis shealadach san, agus

(e) ná fuil an connradh tionóntachta san ina chur ar cíos do rinneadh in aghaidh na tréimhse leanfadh an tionónta in aon oifig, fostaíocht no ceapachán, no atá ag braith ar é do leanúint amhlaidh;

cialluíonn an abairt “líomatáiste baile” líomatáiste is contaebhuirg no buirg eile, no bailecheanntar, baile, no sráidbhaile;

cialluíonn an focal “tionónta” an té atá de thurus na huaire i dteideal bheith i seilbh tionóntacháin agus, i ngach áit ina gceaduíonn an có-théacs é, foluíonn sé duine do scuir de bheith i dteideal bheith i seilbh amhlaidh toisc deireadh do bheith le n-a thionóntacht;

cialluíonn an abairt “tiarna tighe” an té atá i dteideal de thurus na huaire an cíos íocann tionónta tionóntacháin ar an tionóntachán san d'fháil (seachas mar ghníomhaire do dhuine eile) agus, i ngach áit ina gceaduíonn an có-théacs é, foluíonn sé duine do scuir de bheith i dteideal amhlaidh toisc deireadh do bheith le n-a thionóntacht;

cialluíonn an abairt “tiarna tighe uachtarach” duine i dteideal i seilbh chun tionóntacháin tré shealbhaíocht is aoirde ná sealbhaíocht tiarna tighe an tionóntacháin sin, pe'ca tá sealbhaíocht idirmheánach idir an dá shealbhaíocht san no ná fuil;

nuair a húsáidtear an abairt “roimh-shealbhadóirí teidil” maidir le tionónta cialluíonn agus foluíonn sí gach duine ba thionónta ar thionóntachán an tionónta san roimh an tionónta san fén tionóntacht chéanna fé n-a bhfuil an tionónta san no fé aon tionóntacht gur buanú no gur athnuachaint uirthi an tionóntacht san no go dtuigtear gurb eadh, agus nuair a húsáidtear an abairt sin maidir le tiarna tighe cialluíonn agus foluíonn sí gach duine ba thiarna tighe ar thionóntachán an tiarna tighe sin roimh an tiarna tighe sin;

cialluíonn an focal “léas” instruimid i scríbhinn, pe'ca tá sí fé shéala no ná fuil, ina bhfuil connradh tionóntachta i dtaobh tailimh ar bith i gcomaoine chíosa no chomhair agus folóidh an focal san deontas feirm-dhílse;

i ngach áit ina gceaduíonn an có-théacs é léireofar an focal “léasaí” mar fhocal fholuíonn seiceadúirí, riarthóirí, agus sannaithe an léasaí;

i ngach áit ina gceaduíonn an có-théacs é léireofar an focal “léasóir” mar fhocal fholuíonn oighrí, seiceadúirí, riarthóirí, agus sannaithe an léasóra;

nuair a húsáidtear an focal “feabhsú” maidir le tionóntachán cialluíonn sé aon bhreis do cuireadh leis na foirgintí atá sa tionóntachán san no aon atharú deineadh ortha agus foluíonn sé aon déanmhas do tógadh ar an tionóntachán san agus atá ag dul leis na foirgintí sin agus foluíonn fós gléasanna seolta uisce, geas no leictreachais do chur isteach sa tionóntachán ach ní fholuíonn sé obair ná fuil ann ach deisiú, dathadóireacht, agus maisiú no éinní acu san;

cialluíonn an focal “gnó” aon cheárd, gairm, no gnó cleachtar no deintear ar shochar no ar luach saothair;

léireofar an abairt “cúiteamh fén Acht so” mar abairt is ionann agus an abairt “cúiteamh i bhfeabhsú agus cúiteamh i gcuristeach no ceachtar acu”;

léireofar an abairt “faoiseamh fén Acht so” mar abairt is ionann agus an abairt “cúiteamh i bhfeabhsú no tionóntacht nua fé Chuid III den Acht so”;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire Dlí agus Cirt fén Acht so;

cialluíonn an abairt “léas tógála,” ach amháin i gCuid V den Acht so, léas gur chuid den chomaoine ar a ndearnadh é gur thóg an léasaí buan-fhoirgintí, nua no breise, no gur aontuigh sé a leithéid do thógáil, san áitreabh aistrithe.

Ní bhainfidh an tAcht so le tailte ná le háitreabhacha áirithe ar seilbh ag údaráis áitiúla.

3. —Más údarás áitiúil a dhein no dhéanfaidh, fé sna Housing of the Working Classes (Ireland) Acts 1890 to 1921, no fé Achtanna na Sclábhaithe (Éirinn), 1883 go 1930, na foirgintí ar aon talamh no áitreabh do sholáthar, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) más i mbith-dhílse bheidh an talamh no an t-áitreabh san ag an údarás áitiúil sin, ní bhainfidh an tAcht so leis an talamh no leis an áitreabh san;

(b) más fé léas a bheidh an talamh no an t-áitreabh san ag an údarás áitiúil sin, tuigfear chun crícheanna an Achta so gurb é an t-údarás áitiúil sin is tionónta ar an talamh no ar an áitreabh san agus gurb é amháin atá ina sheilbh.

Tagairtí do fhrith-dhílse do léiriú.

4. —(1) Déanfar tagairtí san Acht so do fhrith-dhílse thiarna tighe mar thréimhse aimsire do léiriú mar thagairtí don fhaid aimsire bheidh ag téarma nea-chaithte seilbhe an tiarna tighe sin, ar an tionóntachán a bheidh i gceist, de bhreis ar théarma seilbhe an tionónta ar an tionóntachán san.

(2) Déanfar tagairtí san Acht so do fhrith-dhílse thiarna tighe uachtaraigh mar thréimhse aimsire do léiriú mar thagairtí don fhaid aimsire bheidh ag téarma nea-chaithte seilbhe an tiarna tighe uachtaraigh sin, ar an tionóntachán a bheidh i gceist, de bhreis ar théarma seilbhe a ghar-léasaí ar an tionóntachán san.

An Chúirt chun crícheanna an Achta so.

5. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Chúirt” an Chúirt Chuarda.

(2) Isé fheidhmeoidh an dlighinse bronntar leis an Acht so ar an gCúirt Chuarda ná an Breitheamh den Chúirt sin a bheidh ceaptha de thurus na huaire don Chuaird ina bhfuil suidhe ar an tionóntachán no ar an talamh eile gur ina thaobh a feidhmeofar an dlighinse sin.

(3) Féadfaidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle leis an gcoiste luaidhtear in alt 65 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ), rialacha cúirte do dhéanamh chun crícheanna an Achta so agus go sonnrách chun an chleachta agus an nós-imeachta fén Acht so do rialáil.

(4) Gach riail chúirte a déanfar fén alt so leagfar í fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a déanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis na rialach san do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur na rialach san ar nea-mbrí, beidh an riail sin curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén riail sin.

(5) Mara bhforáltar agus go dtí go bhforálfar a mhalairt le rialacha cúirte, is tré fhógra iarratais, tionnscnamhach no eadarlabharthach (pe'ca aca is gá sa chás), a déanfar gach iarratas fén Acht so chun na Cúirte.

(6) Bainfidh alt 61 (alt i dtaobh athchomharc i gcoinnibh breitheanna na Cúirte Cuarda i gcásanna síbhialta) den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) , le gach ordú dhéanfaidh an Chúirt fén Acht so, agus dá réir sin luighfidh athchomharc, fén alt san agus dá réir, i gcoinnibh gach orduithe den tsórt san agus beidh ag cúirt a bheidh ag éisteacht aon athchomhairc den tsórt san na comhachta uile bronntar leis an Acht so ar an gCúirt.

Tionóntachtaí fé sna hAchtanna um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna).

6. —Má bhíonn seilbh tionóntacháin á choinneáil ag duine de bhuadh na nAchtanna um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 go 1930, tuigfear chun crícheanna an Achta so (pe'ca roimh an Acht so do rith do thosnuigh an choinneáil sin no dá éis sin) an tionóntacht a thagann de bhuadh na nAcht san as an gcoinneáil sin do bheith ina faidiú ar an tionóntacht gur ar bheith críochnuithe dhi do thosnuigh an choinneáil sin.

Rialacháin.

7. —Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt le hordú, tar éis do dul i gcomhairle le hUachtarán Dlí-Chumann Ionchorparuithe na hÉireann, rialacháin do dhéanamh ag ordú aon fhuirme, ní, no ruda dá dtagartar san Acht so mar fhuirm, mar ní, no mar rud atá orduithe no le hordú.

Costaisí.

8. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire Airgid, an tAire Dlí agus Cirt, no an Coimisinéir Luachála agus Suirbhéir Teorann agus iad ag feidhmiú an Achta so.

Athghairm.

9. —Athghairmtear leis seo an Town Tenants (Ireland) Act, 1906.