An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Roimhraiteach agus Generalta.) Ar Aghaidh (CUID III. Ceart chun Tionontachta Nua.)

55 1931

ACHT UM THIARNAÍ TIGHE AGUS TIONÓNTAITHE, 1931

CUID II.

Cuiteamh i bhFeabhsu.

Cúiteamh i bhfeabhsú.

10. —(1) Fé réir forálacha an Achta so, nuair a dhéanfaidh tionónta tionóntacháin an tionóntachán san d'fhágaint, ar a thionóntacht ann do dhul in éag (ar aon tslí seachas tré thabhairt suas no tré dhí-shealbhú mar gheall ar gan cíos d'íoc), beidh sé i dteideal go n-íocfadh tiarna tighe an tionóntacháin sin leis cúiteamh (dá ngairmtear san Acht so cúiteamh i bhfeabhsú) do réir an Achta so i ngach feabhsú do rinne an tionónta san no éinne dá roimh-shealbhadóirí teidil ar an tionóntachán san (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) agus a chuirfidh le cíosluach an tionóntacháin sin agus a bheidh oiriúnach don tionóntachán san ar chríochnú na tionóntachta san.

(2) Fé réir forálacha an Achta so, nuair a dhéanfaidh tiarna tighe tionóntacháin, a bheidh i seilbh an tionóntacháin sin fé léas no fé chonnradh eile tionóntachta, seilbh an tionóntacháin sin do thabhairt suas ar a léas no ar a thionóntacht ann do dhul in éag, beidh sé i dteideal go n-íocfadh a ghar-thiarna tighe uachtarach leis cúiteamh (a foluítear san abairt cúiteamh i bhfeabhsú san Acht so) i ngach feabhsú do rinne duine de thionóntaithe an tionóntacháin sin ar an tionóntachán san (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) agus go dtug an tiarna tighe sin no éinne dá roimh-shealbhadóirí teidil comaoine uaidh ina thaobh tríd an gcíos do laigheadú, no tré chúiteamh d'íoc fén Town Tenants (Ireland) Act, 1906, no tré chúiteamh i bhfeabhsú d'íoc fén Acht so, no ar aon tslí eile.

Méid an chúitimh i bhfeabhsú.

11. —(1) Isé méid a bheidh i gcúiteamh i bhfeabhsú in aon chás áirithe ná pé suim ar a gcó-aontófar idir an tiarna tighe agus an tionónta agus mara gcó-aontuítear amhlaidh isé méid a bheidh ann (fé réir forálacha an ailt seo) ná luach caipitaluithe pé breise bheidh curtha le cíos-luach an tionóntacháin ar chríochnú na tionóntachta agus a chinnfidh an Chúirt do bheith ionchurtha i leith an fheabhsuithe ina mbeidh an cúiteamh san á thabhairt.

(2) Má bhíonn an cúiteamh i bhfeabhsú áirithe iníoctha le tionónta ag a thiarna tighe agus go mbeidh an Chúirt sásta go bhfuair an tionónta san agus (i gcás le n-a mbaineann san) a roimh-shealbhadóirí teidil no éinne acu sochar ón tiarna tighe i bhfuirm laigheaduithe chíosa no ar shlí eile mar chomaoine, ráite no iontuigthe, sa bhfeabhsú san do dhéanamh no do bheith déanta, bainfidh an Chúirt as an gcúiteamh sa bhfeabhsú san, mar do rinneadh amach é fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, pé suim alos an tsochair sin is dóich leis an gCúirt is ceart.

(3) Má bhíonn an cúiteamh i bhfeabhsú áirithe iníoctha le tiarna tighe ag a thiarna tighe uachtarach, bainfidh an Chúirt as an gcúiteamh san, mar do rinneadh amach é fén gcéad fho-alt den alt so, pé méid (más aon mhéid é) is dóich leis an gCúirt is ceart, alos sochair do fuair an tiarna tighe sin agus (i gcás le n-a mbaineann san) a roimh-shealbhadóirí teidil no éinne aca i bhfuirm chíosa mhéaduithe no ar shlí eile de bharr an fheabhsuithe sin.

(4) Déanfidh an Chúirt an méid is luach caipitaluithe, chun crícheanna an ailt seo, do bhreis do cuireadh le cíos-luach tionóntacháin do shocrú ag féachaint don fhaid is dócha mhairfidh an bhreis sin agus don fhaid is dócha sheasóidh an feabhsú agus do gach ní eile bhaineann leis an scéal, ach ní raghaidh an méid sin in aon chás thar cúig oiread déag na suime bliantúla is fiú an bhreis sin.

Fógraí i dtaobh feabhsuithe do dhéanamh.

12. —(1) Má bhíonn tionónta tionóntacháin chun feabhsuithe do dhéanamh ar an tionóntachán san féadfaidh fógra (dá ngairmtear fógra feabhsúcháin san Acht so) sa bhfuirm orduithe do sheirbheáil ar a thiarna tighe, fógra gurb é bheidh ann ná na scríbhinní seo leanas, sé sin le rá:—

(a) ráiteas sa bhfuirm orduithe go bhfuil sé chun an fheabhsuithe sin do dhéanamh, agus

(b) pleananna agus áireamhacht i gcóir an fheabhsuithe sin, agus

(c) meastachán, agus é deimhnithe ag ailtire, ag suirbhéir, no ag connarthóir tógála, ar chostas an fheabhsuithe sin do dhéanamh.

(2) Má seirbheáltar fógra feabhsúcháin ar thiarna tighe tionóntacháin, féadfaidh an tiarna tighe sin, laistigh de dhá mhí tar éis na seirbheála san, aon cheann áirithe ach ní níos mó ná san de sna fógraí seo leanas do sheirbheáil ar thionónta an tionóntacháin sin, sé sin le rá:—

(a) fógra (dá ngairmtear san Acht so toiliú chun feabhsúcháin) sa bhfuirm orduithe ag toiliú chun an fheabhsuithe sin do dhéanamh; no

(b) fógra (dá ngairmtear san Acht so geallúint feabhsúcháin) sa bhfuirm orduithe á gheallúint an feabhsú san do dhéanamh i gcomaoine mhéadú áirithe cíosa no mhéadú cíosa shocróidh an Chúirt (pe'ca aca adéarfaidh an tiarna tighe sin sa bhfógra san); no

(c) fógra (dá ngairmtear san Acht so agóid i gcoinnibh feabhsúcháin) sa bhfuirm orduithe ag cur i gcoinnibh an fheabhsuithe sin ar forais a luadhfar sa bhfógra san.

(3) Más rud é, maidir le tiarna tighe ar a seirbheálfar fógra feabhsúcháin, gur fé léas ar feadh saoil no saolta bheidh ann (agus gan téarma blian no go dtéarma có-reathach gur lugha ná cúig bliana fichead de bheidh gan caitheamh) no fé léas gur lugha ná cúig bliana fichead de bheidh gan caitheamh ar dháta seirbheála an fhógra san, no fé thionóntacht o bhliain go bliain, no fé aon tionóntacht is lugha ná san, a bheidh sé i seilbh an tionóntacháin gur ina thaobh a seirbheáladh an fógra san, déanfaidh an tiarna tighe sin, laistigh de mhí tar éis an fhógra feabhsúcháin sin do sheirbheáil air, an fógra feabhsúcháin sin no cóip de do sheirbheáil ar a ghar-thiarna tighe uachtarach agus féadfaidh an gar-thiarna tighe uachtarach san toiliú chun feabhsúcháin no agóid i gcoinnibh feabhsúcháin do sheirbheáil ar an tiarna tighe agus ar an tionónta laistigh de dhá mhí tar éis don tionónta an fógra feabhsúcháin sin do sheirbheáil ar an tiarna tighe.

(4) Gach tiarna tighe uachtarach ar a seirbheálfar fógra feabhsúcháin no cóip de fén alt so (agus an fo-alt so d'áireamh) agus gur fé léas gur lugha ná cúig bliana fichead de bheidh gan caitheamh ar dháta na seirbheála san no fé thionóntacht o bhliain go bliain no fé aon tionóntacht is lugha ná san a bheidh sé i seilbh an tionóntacháin le n-a mbaineann an fógra san, déanfa sé, laistigh de sheachtain tar éis na seirbheála san, an fógra feabhsúcháin sin (no an chóip sin de) no cóip de do sheirbheáil ar an tiarna tighe uachtarach díreach os a chionn agus beidh ceart ag an dara tiarna tighe uachtarach san chun toiliú chun feabhsúcháin no agóid i gcoinnibh feabhsúcháin do sheirbheáil díreach mar atá, fén alt so (agus an fo-alt so d'áireamh), ag an gcead thiarna tighe uachtarach san a luaidhtear.

(5) Déarfar i gcúl-scríbhinn ar gach fógra feabhsúcháin no cóip d'fhógra feabhsúcháin a seirbheálfar fén alt so ar thiarna tighe uachtarach cadé an dáta ar ar seirbheáladh an fógra feabhsúcháin sin ar thiarna tighe an tionóntacháin le n-a mbaineann an fógra san.

Oibreacha theastóidh údarás sláintíochta.

13. —(1) Má dheineann údarás sláintíochta, fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, no fé sna Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921, fógra do sheirbheáil ar thionónta thionóntacháin á cheangal ar an tionónta san aon obair áirithe do dhéanamh is feabhsú do réir bhrí an Achta so, déanfaidh an tionónta san, laistigh de thrí lá tar éis an fhógra san do sheirbheáil air, fógra i scríbhinn (dá ngairmtear san Acht so fógra oibre sláintíochta) do sheirbheáil ar thiarna tighe an tionóntacháin sin á rá gur sheirbheáil an t-údarás sláintíochta san an fógra san agus ag luadh na gcodanna táchtacha den fhógra san.

(2) Má-seirbheáltar fógra oibre sláintíochta ar thiarna tighe tionóntacháin féadfaidh an tiarna tighe sin, laistigh de thrí lá tar éis na seirbheála san, fógra (dá ngairmtear san Acht so geallúint oibre sláintíochta) sa bhfuirm orduithe do sheirbheáil ar thionónta an tionóntacháin sin á thógaint air féin an obair sin do dhéanamh i gcomaoine mhéadú áirithe cíosa no mhéadú cíosa a shocróidh an Chúirt (pe'ca aca san a luadhfaidh an tiarna tighe sin sa bhfógra san).

(3) Pé uair a dhéanfaidh tiarna tighe tionóntacháin geallúint oibre sláintíochta do sheirbheáil, fén alt so agus dá réir, ar thionónta an tionóntacháin sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) isí an éifeacht chéanna bheidh ag seirbheáil na geallúna san agus a bheadh ag geallúint feabhsúcháin do sheirbheáil ar an tionónta san, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha den Acht so bhaineann le geallúint feabhsúcháin; agus

(b) féadfaidh an tionónta san cóip den gheallúint oibre sláintíochta san do sheirbheáil ar an údarás sláintíochta agus leis sin déanfar an oblagáid i dtaobh an fhógra do sheirbheáil an t-údarás sláintíochta do chólíonadh agus an fhreagarthacht i dteip i gcólíonadh an fhógra san d'aistriú chun an tiarna tighe sin agus tiocfaid chun bheith agus beid ina bhfreagarthacht agus ina n-oblagáid ar an tiarna tighe sin agus saorfar an tionónta san uatha.

(4) Má dheineann tionónta fógra oibre sláintíochta do sheirbheáil ar a thiarna tighe agus ná déanfaidh an tiarna tighe sin, laistigh de thrí lá tar éis na seirbheála san, geallúint oibre sláintíochta i dtaobh an fhógra oibre sláintíochta san do sheirbheáil ar an tionónta san, beidh an tionónta san i dteideal an obair a bheidh luaidhte sa bhfógra gurb é a sheirbheáil ag an údarás sláintíochta fé ndeár an fhógra oibre sláintíochta san do sheirbheáil do dhéanamh mar fheabhsú.

Feabhsú do dhéanamh mara gcuirtear agóid ina choinnibh.

14. —(1) Má dheineann tionónta fógra feabhsúcháin do sheirbheáil ar a thiarna tighe agus ná déanfaidh an tiarna tighe sin geallúint feabhsúcháin do sheirbheáil ar an tionónta san alos an fhógra feabhsúcháin sin laistigh de dhá mhí tar éis na seirbheála san agus ná déanfaidh an tiarna tighe sin ná aon tiarna tighe uachtarach agóid i gcoinnibh feabhsúcháin do sheirbheáil ar an tionónta san alos an fhógra feabhsúcháin sin laistigh den dá mhí sin, beidh an tionónta i dteideal an feabhsú luaidhtear sa bhfógra feabhsúcháin sin do dhéanamh díreach do réir an fhógra san ar gach slí aon uair laistigh de bhliain tar éis na seirbheála san (pe'ca rinne an tiarna tighe no an tiarna tighe uachtarach san toiliú chun feabhsúcháin do sheirbheáil no ná dearna).

(2) Déanfar tagairtí san Acht so, do thionónta do bheith i dteideal feabhsú do dhéanamh tar éis toilithe, do léiriú mar thagairtí don tionónta san do bheith i dteideal fén alt so an feabhsú san do dhéanamh.

Cirt na bpáirtithe ar gheallúint feabhsúcháin do sheirbheáil.

15. —Má dheineann tionónta fógra feabhsúcháin do sheirbheáil ar a thiarna tighe agus go ndéanfaidh an tiarna tighe sin geallúint feabhsúcháin do sheirbheáil ar an tionónta san alos an fhógra feabhsúcháin sin laistigh de dhá mhí tar éis na seirbheála san agus ná déanfaidh aon tiarna tighe uachtarach agóid i gcoinnibh feabhsúcháin do sheirbheáil ar an tionónta san alos an fhógra feabhsúcháin sin laistigh den dá mhí sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an tionónta san, tré fhógra i scríbhinn do sheirbheáil ar an tiarna tighe sin laistigh de cheithre lá déag tar éis na geallúna feabhsúcháin sin do sheirbheáil glacadh leis an ngeallúint feabhsúcháin sin no an fógra feabhsúcháin do sheirbheáil sé do tharrac siar no, má luaidhtear méadú cíosa sa gheallúint feabhsúcháin sin agóid do dhéanamh i gcoinnibh méid an mhéaduithe sin;

(b) mara ndeinidh an tionónta san laistigh den cheithre lá déag san fógra ar bith do sheirbheáil fén mír sin roimhe seo no má ghlacann an tionónta san go cuibhe leis an ngeallúint feabhsúcháin sin, déanfaidh agus críochnóidh an tiarna tighe sin an feabhsú luaidhtear sa gheallúint feabhsúcháin sin chó luath agus is féidir é, agus in aon chás ar dháta nách déanaí ná sé mhí tar éis an cheithre lá déag san, ar a chostas féin agus do réir na geallúna feabhsúcháin sin, agus féadfaidh chuige sin dul isteach sa tionóntachán gach tráth réasúnta agus gach ní do dhéanamh ann is gá chun an fheabhsuithe sin do dhéanamh no bhaineann leis sin;

(c) má dheineann an tionónta san an fógra feabhsúcháin do sheirbheáil sé do tharrac siar go cuibhe do réir an ailt seo, tuigfear chun gach críche nár seirbheáladh an fógra san riamh;

(d) má dheineann an tionónta san go cuibhe do réir an ailt seo agóid do chur i gcoinnibh méid an mhéaduithe chíosa luadhfar sa gheallúint feabhsúcháin sin, ansan—

(i) féadfaidh an tiarna tighe sin agus an tionónta san méid an mhéaduithe chíosa san do shocrú le có-aontú no a chó-aontú gurb í an Chúirt a shocróidh méid an mhéaduithe chíosa san, agus leis sin beidh éifeacht ag an ngeallúint feabhsúcháin sin do réir an chó-aontuithe sin agus tuigfear gur ghlac an tionónta san léi go cuibhe do réir an ailt seo, no

(ii) féadfaidh an tiarna tighe sin no an tionónta san iarratas do chur fé bhráid na Cúirte agus ar éisteacht an iarratais sin di féadfaidh an Chúirt pé ní acu so is dóich léi is ceart do dhéanamh, eadhon, méid an mhéaduithe chíosa san do shocrú no an gheallúint feabhsúcháin sin d'áireamh mar agóid i gcoinnibh feabhsúcháin agus deighleáil léi dá réir sin no pé ordú eile do dhéanamh is gá do réir chirt;

(e) má bhíonn an gheallúint feabhsúcháin sin, do réir a téarmaí no do réir chó-aontuithe ina dhiaidh sin, fé réir mhéadú cíosa de mhéid a bheidh le socrú ag an gCúirt, féadfaidh an tiarna tighe sin no an tionónta san, nuair a bheidh an feabhsú déanta go cuibhe ag an tiarna tighe sin, a iarraidh ar an gCúirt méid an mhéaduithe chíosa san do shocrú agus leis sin socróidh an Chúirt an méid sin dá réir sin;

(f) ar chríochnú an fheabhsuithe sin don tiarna tighe sin do réir na geallúna feabhsúcháin sin agus do réir an ailt seo, déanfar an cíos is iníoctha ag an tionónta san leis an tiarna tighe sin do mhéadú o dháta an chríochnuithe sin do réir na geallúna san no do réir ordú na Cúirte (pe'ca aca é), agus isí an Chúirt a shocróidh, ar iarratas an tiarna tighe sin no an tionónta san, aon aighneas i dtaobh méid no tosach feidhme an mhéaduithe sin no i dtaobh éinní eile bhaineann leis;

(g) má bhíonn sé ceangailte ar an tiarna tighe sin fén alt so an feabhsú do dhéanamh do réir na geallúna feabhsúcháin sin ach go dteipfidh air no go leigfidh i bhfaillí an feabhsú san do dhéanamh agus do chríochnú laistigh den aimsir a ceaptar chuige sin leis an alt so, féadfaidh an tionónta san iarratas do chur fé bhráid na Cúirte agus féadfaidh an Chúirt pé ordú do dhéanamh sa scéal is gá do réir chirt.

Cirt na bpáirtithe ar agóid i gcoinnibh feabhsúcháin do sheirbheáil.

16. —(1) Má dheineann tionónta fógra feabhsúcháin do sheirbheáil ar a thiarna tighe agus go ndéanfaidh an tiarna tighe sin no tiarna tighe uachtarach laistigh de dhá mhí tar éis na seirbheála san agóid i gcoinnibh feabhsúcháin do sheirbheáil ar an tionónta san alos an fhógra feabhsúcháin sin, ansan, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt san alt so, féadfaidh an tionónta san laistigh de mhí tar éis na hagóide sin i gcoinnibh an fheabhsúcháin sin do sheirbheáil—

(a) an fógra feabhsúcháin sin do tharrac siar tré fhógra i scríbhinn do sheirbheáil ar an tiarna tighe sin no ar an tiarna tighe sin agus ar an tiarna tighe uachtarach san (fé mar is gá sa chás), no

(b) iarratas do chur fé bhráid na Cúirte fén alt so.

(2) Má dheineann tionónta fógra feabhsúcháin do sheirbheáil ar a thiarna tighe agus go ndéanfaidh an tiarna tighe sin no tiarna tighe uachtarach, laistigh de dhá mhí tar éis na seirbheála san, agóid i gcoinnibh feabhsúcháin do sheirbheáil ar an tionónta san alos an fhógra feabhsúcháin sin, ansan, maran fé léas no fé chonnradh eile tionóntachta, do deonadh ar feadh téarma is sia ná cúig bliana no ar feadh saoil no saolta, a bheidh an tionónta san i seilbh an tionóntacháin le n-a mbaineann an fógra san no mara mbeidh an tionónta san agus a roimh-shealbhadóirí teidil i seilbh an tionóntacháin sin le breis agus cúig bliana, ní bheidh dul thar an agóid sin agus ní bheidh sé dleathach don tionónta san an feabhsú le n-a mbaineann an agóid sin do dhéanamh.

(3) Má dheineann tionónta fógra feabhsúcháin do tharrac siar go cuibhe do réir an ailt seo, tuigfear chun gach críche nár seirbheáladh an fógra san riamh.

(4) Má dheineann tionónta iarratas do chur fé bhráid na Cúirte fén alt so agus go mbeidh an Chúirt sásta—

(a) go bhfuil an feabhsú le n-a mbaineann an t-iarratas san de shaghas a meastar a chuirfeadh le cíos-luach an tionóntacháin, agus

(b) go bhfuil sé oiriúnach don tionóntachán san, agus

(c) ná meastar go ndéanfadh sé díobháil do thaithneamhacht ná do chaothúlacht na comhursanachta,

féadfaidh an Chúirt ordú (dá ngairmtear ordú feabhsúcháin san Acht so) do dhéanamh, á údarú don tionónta san an feabhsú san do dhéanamh do réir an fhógra feabhsúcháin sin gan atharú air no tar éis pé atharú do dhéanamh air is dóich leis an gCúirt is ceart do luadh san ordú san agus, más oiriúnach leis an gCúirt é, ag luadh aimsire gur laistigh di críochnófar an feabhsú san.

(5) Más rud é, ar iarratas do chur fé bhráid na Cúirte fén alt so, gur léir gur tiarna tighe uachtarach do sheirbheáil an agóid i gcoinnibh feabhsúcháin le n-a mbaineann an t-iarratas agus go ndearna an tiarna tighe geallúint feabhsúcháin do sheirbheáil go cuibhe, agus go mbeidh an Chúirt sásta gur cheart, mara mbeadh an fo-alt so, ordú feabhsúcháin do dhéanamh, féadfaidh an Chúirt, in ionad ordú feabhsúcháin do dhéanamh, a údarú don tiarna tighe sin an feabhsú do dhéanamh do réir na geallúna feabhsúcháin sin fé réir pé atharú (más aon cheann é) is dóich leis an gCúirt is ceart do dhéanamh ar an ngeallúint sin.

(6) Ní dhéanfaidh an chúirt ordú feabhsúcháin go dtí go mbeidh sí sásta fógra i dtaobh na n-imeacht do bheith faighte ag gach páirtí le n-a mbaineann.

(7) Má deintear ordú feabhsúcháin agus go dteipfidh ar an tionónta no go leigfidh i bhfaillí an feabhsú a húdaruítear leis an ordú san do dhéanamh agus do chríochnú do réir an orduithe sin laistigh den aimsir a bheidh ceaptha chuige sin leis an ordú san no, mara mbeidh aon aimsir den tsórt san ceaptha amhlaidh, laistigh d'aimsir réasúnta, féadfaidh an tiarna tighe no aon tiarna tighe uachtarach iarratas do chur fé bhráid na Cúirte agus ar éisteacht an iarratais sin féadfaidh an Chúirt pé ordú do dhéanamh is gá do réir chirt.

Srian le ceart chun cúitimh i bhfeabhsú.

17. —(1) Ní bheidh tionónta tionóntacháin, le n-ar bhain an Town Tenants (Ireland) Act, 1906, díreach roimh an Acht so do rith, i dteideal cúitimh i bhfeabhsú mar gheall ar fheabhsú do rinneadh ar an tionóntachán san ar an 1adh lá d'Eanar, 1907, no dá éis sin agus roimh an Acht so do rith, feabhsú go bhféadfaí cúiteamh do dheonadh mar gheall air fén Town Tenants (Ireland) Act, 1906, agus go gcoiscthear an tionónta san le fo-alt (3) d'alt 3 ar chúiteamh d'éileamh fén Acht san mar gheall air.

(2) Ní bheidh tionónta i dteideal cúitimh i bhfeabhsú mar gheall ar fheabhsú do rinneadh, roimh an Acht so do rith, ar thionóntachán contrárdha don léas no don chonnradh eile tionóntachta gur fé a bhí an tionóntachán san ar seilbh.

(3) Ní bheidh tionónta i dteideal cúitimh i bhfeabhsú mar gheall ar fheabhsú do rinneadh tar éis an Achta so do rith maran rud é—

(a) gur seirbheáladh fógra feabhsúcháin go cuibhe do réir an Achta so i dtaobh an fheabhsuithe sin, agus

(b) gur tháinig an tionónta do sheirbheáil an fógra san amhlaidh chun bheith i dteideal fén Acht so an feabhsú san do dhéanamh tar éis toilithe no de bhuadh orduithe feabhsúcháin, agus

(c) go ndearnadh an feabhsú san go cuibhe do réir an fhógra feabhsúcháin sin agus an Achta so no do réir an orduithe feabhsúcháin sin (pe'ca aca é).

(4) Ní bheidh tiarna tighe i dteideal cúitimh i bhfeabhsú mar gheall ar fheabhsú do rinneadh tar éis an Achta so do rith agus ná dearnadh ina thaobh an fógra feabhsúcháin (no cóip de) do sheirbheáil an tionónta i dtaobh an fheabhsuithe sin do sheirbheáil go cuibhe do réir an Achta so ar an tiarna tighe uachtarach.

(5) Ní bheidh feidhm ag ceachtar den dá fho-alt san díreach roimhe seo den alt so maidir le feabhsú is obair do rinneadh do réir orduithe údaráis shláintíochta fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, no fé sna Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921, ach ní bheidh tionónta i dteideal cúitimh mar gheall ar an obair sin marar sheirbheáil an tionónta san fógra oibre sláintíochta ar a thiarna tighe i dtaobh na hoibre sin agus mara dtáinig sé i dteideal fén Acht so an obair sin do dhéanamh mar fheabhsú: ach má theipeann ar thionónta an fógra san do sheirbheáil ní bhainfidh san de an ceart (más ann do) bheidh aige chun cúitimh d'fháil mar gheall ar an obair sin má chuireann an tionónta san ina luighe ar an gCúirt nár thárla aon chailliúint ná damáiste dá thiarna tighe de dheascaibh na teipthe sin.

(6) Ní bheidh tiarna tighe tionóntacháin, le n-ar bhain an Town Tenants (Ireland) Act, 1906, díreach roimh an Acht so do rith, i dteideal cúitimh i bhfeabhsú mar gheall ar fheabhsú do rinneadh ar an tionóntachán san ar an 1adh lá d'Eanar, 1907, no dá éis sin agus roimh an Acht so do rith, feabhsú go gcoiscfí é le halt 4 den Town Tenants (Ireland) Act, 1906, ar chúiteamh d'éileamh fén Acht san mar gheall air.

Deimhnithe feabhsúcháin.

18. —(1) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh tionónta fógra feabhsúcháin do sheirbheáil go cuibhe agus ná déanfar aon gheallúint feabhsúcháin ná agóid i gcoinnibh feabhsúcháin do sheirbheáil go cuibhe alos an fhógra san agus go ndéanfaidh agus go gcríochnóidh an tionónta san do réir an fhógra san an feabhsú bheidh luaidhte ann laistigh de bhliain ón bhfógra san do sheirbheáil, no

(b) go ndéanfaidh tionóta feabhsú go cuibhe do réir orduithe feabhsúcháin agus go gcríochnóidh an feabhsú san laistigh den aimsir a bheidh ceaptha chuige sin leis an ordú san no, mara mbeidh aon aimsir den tsórt san ceaptha amhlaidh, laistigh d'aimsir réasúnta,

bhéarfaidh tiarna tighe an tionónta san don tionónta san, ar a iarraidh sin don tionónta san laistigh de shé mhí tar éis an fheabhsuithe sin do chríochnú, deimhniú (dá ngairmtear deimhniú feabhsúcháin san Acht so) i scríbhinn sa bhfuirm orduithe, á dheimhniú gur críochnuíodh an feabhsú san go cuibhe do réir an fhógra feabhsúcháin no an orduithe feabhsúcháin sin, pe'ca aca é.

(2) Má dheineann tionónta go cuibhe fén alt so deimhniú feabhsúcháin d'iarraidh ar a thiarna tighe agus ná tabharfaidh an tiarna tighe sin an deimhniú san don tionónta san laistigh de mhí tar éis an iarratais sin, féadfaidh an tionónta san iarratas do chur fé bhráid na Cúirte agus ar éisteacht an iarratais sin féadfaidh an Chúirt pé ordú do dhéanamh is gá do réir chirt agus áirmhítear mar ordú den tsórt san ordú á dhearbhú go ndearnadh an feabhsú san go cuibhe do réir an fhógra feabhsúcháin no an orduithe feabhsúcháin, pe'ca aca é.

(3) Beidh deimhniú feabhsúcháin ina fhianaise dho-chlaoidhte, in aghaidh an tiarna tighe do thug uaidh é agus in aghaidh gach éinne dá chomharbaí teidil, go ndearna agus gur chríochnuigh an tionónta go cuibhe dar tugadh an deimhniú san an feabhsú luaidhtear sa deimhniú san agus gur chólíon an tionónta san go cuibhe maidir leis an bhfeabhsú san gach foráil oiriúnach den Acht so no d'aon ordú no fógra do rinneadh fé.

(4) Má dheineann tionónta tionóntacháin obair ar an tionóntachán san do réir orduithe údaráis sláintíochta fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, no fé sna Housing of the Working Classes (Ireland) Acts, 1890 to 1921, agus más feabhsú do réir bhrí an Achta so an obair sin ní bheidh an tionónta san i dteideal deimhnithe fheabhsúcháin maidir leis an bhfeabhsú san d'fháil fé sna forálacha san roimhe seo den alt so ach beidh sé i dteideal deimhnithe (dá ngairmtear deimhniú feabhsúcháin sláintíochta san Acht so) i scríbhinn sa bhfuirm orduithe d'fháil ón údarás sláintíochta san, laistigh de shé mhí tar éis na hoibre sin do chríochnú go cuibhe do réir an orduithe sin, á dheimhniú gur do réir orduithe ón údarás sláintíochta san a rinneadh an obair sin agus gur críochnuíodh í do réir an orduithe sin.

(5) Beidh deimhniú feabhsúcháin sláintíochta in a fhianaisc prima facie, in aghaidh tiarna tighe an tionóntacháin le n-a mbaineann, ar na nithe thugann an deimhniú san le tuiscint a dheimhníonn sé.

(6) Féadfaidh tiarna tighe no údarás sláintíochta ar a n-iarrfar deimhniú feabhsúcháin no deimhniú feabhsúcháin sláintíochta (pe'ca aca é) fén alt so a éileamh, mar choinníoll ar a dtabharfar an deimhniú san, go ndéanfaidh an tionónta d'iarr é na costaisí fé n-a raghaidh an tiarna tighe no an t-údarás san i dtaobh an deimhnithe sin do thabhairt, agus iad áirmhithe do réir an scála orduithe, d'íoc leis no leo.