An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Ceart chun Tionontachta Nua.) Ar Aghaidh (CUID V. Foralacha Speisialta i dTaobh Leasanna Togala.)

55 1931

ACHT UM THIARNAÍ TIGHE AGUS TIONÓNTAITHE, 1931

CUID IV.

Foralacha Generalta i dTaobh Faoisimh fe sna Coda san Roimhe seo den Acht so.

Fógra go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh.

24. —(1) Ní seasófar le haon éileamh ar fhaoiseamh fén Acht so mara seirbheálaidh an t-éilitheoir, laistigh den aimsir a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, ar an té go mbeidh sé chun an éilimh sin do dhéanamh ina choinnibh, fógra (dá ngairmtear san Acht so fógra go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh) sa bhfuirm orduithe go bhfuil sé chun an éilimh sin do dhéanamh.

(2) Déanfar gach fógra go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh do sheirbheáil laistigh de pé aimsir acu so leanas is oiriúnach, sé sin le rá:—

(a) i gcás tionóntachta críochnófar tré fhógra chun imeacht, tar éis ach ní níos déanaí ná mí tar éis an fhógra san chun imeacht do sheirbheáil, no

(b) i gcás tionóntachta do chríochnú tré théarma blian no tréimhse chinnte eile do chaitheamh no tré aon teagmhas cinnte eile, ráithe ar a laighead roimh chríochnú na tionóntachta, no

(c) i gcás tionóntachta críochnófar tré shaol do thuitim no tré aon teagmhas nea-chinnte eile, laistigh de mhí tar éis eolais d'fháil don éilitheoir ar an teagmhas san do thárlachtaint, no

(d) i gcás ina dtuigtear do réir an Achta so an tionóntacht do chríochnú láithreach tar éis an Achta so do rith, laistigh de shé mhí tar éis an Achta so do rith.

(3) I ngach fógra go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh déarfar cadé an saghas faoisimh atá á éileamh agus, más tionóntacht nua an faoiseamh san, féadfar éileamh do chur sa bhfógra san ar chúiteamh ina ionad san fén Acht so.

Faoiseamh d'iarraidh ar an gCúirt.

25. —(1) Einne sheirbheálfaidh go cuibhe fógra go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh féadfaidh, aon uair nách luaithe ná dhá mhí tar éis an fhógra san do sheirbheáil, a iarraidh ar an gCúirt breith do thabhairt ar a cheart chun an fhaoisimh sin agus (fé mar a bheidh) méid an chúitimh no téarmaí na tionóntachta nua go bhfuighfear teideal do bheith aige chúichi do shocrú.

(2) Féadfar iarratas ar an gCúirt fén alt so do dhéanamh agus d'éisteacht agus féadfar breith do thabhairt air roimh dheireadh na tionóntachta as a n-eireoidh an t-éileamh agus ag súil leis sin, no dá éis sin.

An Coimisinéir Luachála do dhéanamh luachála i dtaobh feabhsuithe.

26. —(1) Má hiarrtar ar an gCúirt fén Acht so breith do thabhairt ar cheart an té (dá ngairmtear an t-iarratasóir san alt so) bheidh ag déanamh an iarratais chun faoisimh fén Acht so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) más cúiteamh i bhfeabhsú éileoidh an t-iarratasóir mar bhun-fhaoiseamh, déanfaidh an t-iarratasóir ráiteas feabhsúcháin i ndúbláid do lóisteáil san Oifig Chúirte Cuarda i dteanta an fhógra iarratais tionnscnamhaigh no na scríbhinne tionnscnamhaighe eile;

(b) más rud é gur tionóntacht nua éileoidh an t-iarratasóir mar bhun-fhaoiseamh agus go n-éileoidh sé cúiteamh i bhfeabhsú (i dteanta no d'éamais cúitimh i gcur isteach) mar fhaoiseamh ina ionad san agus go gcinnfidh an Chúirt ná fuil an t-iarratasóir i dteideal an bhunfhaoisimh sin, cuirfear ar ath-ló an t-iarratas d'éisteacht níos sia agus déanfaidh an t-iarratasóir ráiteas feabhsúcháin i ndúbláid do lóisteáil san Oifig Chúirte Cuarda;

(c) is sa bhfuirm orduithe bheidh gach ráiteas feabhsúcháin a lóisteálfar in Oifig Chúirte Cuarda do réir an fho-ailt seo agus beidh na mion-innste orduithe ann ar an bhfeabhsú no ar gach ceann de sna feabhsuithe uile agus fé seach gur ina thaobh no ina dtaobh a beifear ag éileamh cúitimh i bhfeabhsú;

(d) pé uair is gá d'iarratasóir do réir an fho-ailt seo ráiteas feabhsúcháin do lóisteáil san Oifig Chúirte Cuarda déanfaidh an t-iarratasóir sin, roimh am na lóisteála san no laistigh de thrí lá ina dhiaidh, cóip den ráiteas feabhsúcháin sin do thabhairt don tiarna tighe no don tiarna tighe uachtarach ar a mbeifear ag éileamh an chúitimh sin.

(2) Pé uair a lóisteálfar ráiteas feabhsúcháin san Oifig Chúirte Cuarda do réir an ailt seo déanfaidh an clárathóir contae láithreach dúbláid amháin den ráiteas feabhsúcháin sin do chur go dtí an Coimisinéir Luachála agus Suirbhéir Teorann, agus ar fháil an ráitis sin do cuirfidh an Coimisinéir sin fé ndeár an tionóntachán ina ndearnadh an feabhsú no na feabhsuithe uile agus fé seach a luaidhtear sa ráiteas san d'iniúchadh agus luacháil do dhéanamh sa bhfuirm orduithe ag luadh na nithe seo leanas i dtaobh an fheabhsuithe sin no i dtaobh gach ceann de sna feabhsuithe sin uile agus fé seach, sé sin le rá:—

(a) meastachán ar an mbreis (más ann di) do bhí curtha le cíos-luach an tionóntacháin sin ar chríochnú na tionóntachta bheidh i gceist agus is ionchurtha i leith an fheabhsuithe sin, agus

(b) an fhaid is dócha mhairfidh an bhreis sin, an fhaid is dócha mhairfidh an feabhsú, agus éinní eile bhaineann le luach caipitaluithe na breise sin d'áireamh, agus

(c) meastachán ar luach chaipitaluithe na breise sin.

(3) Cuirfidh an Coimisinéir sin fé ndeár an luacháil sin do chur go dtí an clárathóir contae maraon le cuntas ar an táille, agus í áirmhithe do réir rialachán do rinne an tAire Airgid, is iníoctha ar an luacháil sin.

(4) Ar a éileamh san air don chlárathóir chontae íocfaidh an t-iarratasóir leis an gclárathóir contae suim na táille sin is iníoctha as an luacháil sin agus go dtí go n-íocfar an táille sin amhlaidh ní bheidh a thuille imeacht sa scéal, ach ar íoc na táille sin beidh an t-iarratasóir agus aon pháirtí eile i dteideal cóip den luacháil sin d'fháil ón gclárathóir contae ar íoc aisti do réir an ráta bheidh inéilithe do réir dlí de thurus na huaire ar chóipeanna de scríbhinní do gheibhtear ón Oifig Chúirte Cuarda.

(5) Nuair a bheidh an Chúirt ag socrú méid an chúitimh sin i bhfeabhsú féachfa sí do sna meastacháin agus na ráitisí uile agus fé seach a bheidh sa luacháil sin.

(6) Mara n-orduighidh an Chúirt a mhalairt beidh muirear na táille, íocfaidh iarratasóir as luacháil fén alt so, sa deireadh thiar thall leath má leath ar an iarratasóir agus ar an té ar a mbeidh sé ag éileamh an chúitimh i bhfeabhsú gur ina thaobh a rinneadh an luacháil sin.

(7) Gach táille do gheobhaidh clárathóir contae ar luacháil fén alt so déanfaidh an clárathóir contae sin í d'íoc isteach sa Stát-Chiste no í do chur chun tairbhe dho i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Forálacha i dtaobh iarrataisí ar thionóntacht nua.

27. —Má sé faoiseamh a héileofar in iarratas a cuirfear fé bhráid na Cúirte fén Acht so ná tionóntacht nua fé Chuid III den Acht so sa tionóntachán le n-a mbaineann an t-iarratas beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má gheibheann an Chúirt go bhfuil an tionónta atá ag déanamh an iarratais i dteideal na tionóntachta nua san socróidh an Chúirt téarmaí na tionóntachta nua san agus déanfaidh ordú á cheangal ar thiarna tighe an tionóntacháin sin tionóntacht nua sa tionóntachán san do dheonadh agus á cheangal ar an tionónta san í do ghlacadh dá réir sin;

(b) má dheineann an Chúirt ordú fén alt so chun tionóntachta nua i dtionóntachán do dheonadh do thionónta ní bheidh an tionónta san i dteideal cúitimh fén Acht so mar gheall ar an tionóntacht do bhi aige roimhe sin sa tionóntachán san do chríochnú;

(c) má gheibheann an Chúirt ná fuil an tionónta san i dteideal na tionóntachta nua san agus má bhíonn sa bhfógra go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh ar a mbeidh an t-iarratas bunuithe éileamh ar chúiteamh ina ionad san fén Acht so, déanfaidh an Chúirt an t-éileamh ar an gcúiteamh san d'éisteacht agus breith do thabhairt air agus, má dheonann an Chúirt an cúiteamh san, socróidh méid an chúitimh sin;

(d) má gheibheann an Chúirt ná fuil an tionónta san i dteideal na tionóntachta nua san agus mara mbeidh sa bhfógra go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh ar a mbeidh an t-iarratas bunuithe éileamh ar chúiteamh ina ionad san fén Acht so, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas an tionónta san, más dóich leis an gCúirt, ag féachaint do gach ní sa scéal di, gur ceart san do dhéanamh, an fógra san go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh do leasú ar pé téarmaí is dóich leis an gCúirt is ceart tré éileamh ar chúiteamh ina ionad san fén Acht so do chur isteach ann agus leis sin féadfaidh deighleáil leis an eileamh san do réir na míre deiridh sin roimhe seo den alt so;

(e) má dheineann an Chúirt ordú fén alt so chun tionóntachta nua i dtionóntachán do dheonadh do thionónta agus nách féidir tiarna tighe ná aon duine de thiarnaí tighe an tionóntacháin sin d'fháil no gur duine é atá fé mhí-ábaltacht no i bhfeadhmannas iontaobhais no ná fuil aige ach estát teoranta, féadfaidh an Chúirt pé ordú do dhéanamh is dóich leis an gCúirt is ceart chun go bhféadfar an tionóntacht nua san do dheonadh in ainneoin na do-fháltachta, na mí-ábaltachta, an fheadhmannais iontaobhais, no an estáit teoranta san, do réir mar bheidh;

(f) má dheineann an Chúirt ordú fén alt so chun tionóntacht nua i dtionóntachán do dheonadh do thionónta, beidh ar thiarna tighe an tionóntacháin sin an ní seo leanas do dheonadh agus beidh ar an tionónta san é do ghlacadh, eadhon, léas no connradh eile tionóntachta i scríbhinn le n-a gcruthnófar sa tionóntachán san, o dheireadh na tionóntachta bhí ann roimhe sin, tionóntacht nua ar na téarmaí bheidh luaidhte san ordú san, agus má eiríonn no má thárlann aon aighneas, teip no ceist le linn an orduithe sin do chur i bhfeidhm féadfaidh aon pháirtí le n-a mbaineann iarratas do chur fé bhráid na Cúirte agus leis sin féadfaidh an Chúirt pé ordú do dhéanamh is gá do réir chirt,

An tiarna tighe do thairisgint tionóntachta nua in ionad cúitimh.

28. —(1) Má sheirbheálann tionónta ar a thiarna tighe fógra go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh ná beidh á éileamh ann ach faoiseamh i bhfuirm chúitimh i bhfeabhsú agus go mbeidh frith-bhithdhílse no frith-dhílse is sia ná cúig bliana ag an tiarna tighe sin sa tionóntachán le n-a mbaineann an fógra san féadfaidh an tiarna tighe sin, laistigh de dhá mhí tar éis an fhógra san do sheirbheáil air, fógra sa bhfuirm orduithe do sheirbheáil ar an tionónta san ag tairisgint tionóntachta nua sa tionóntachán san don tionónta san ar théarmaí luadhfar sa bhfógra san no ag tairisgint tionóntachta nua sa tionóntachán san do ar théarmaí bheidh le socrú ag an gCúirt (pe'ca tairisgint acu san is oiriúnach leis an tiarna tighe sin do luadh sa bhfógra san).

(2) Má sheirbheálann tiarna tighe ar a thionónta fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so fógra ag tairisgint tionóntachta nua don tionónta san ar théarmaí luadhfar sa bhfógra san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an tionónta, laistigh de mhí tar éis an fhógra san do sheirbheáil, fógra do sheirbheáil ar an tiarna tighe sin sa bhfuirm orduithe ag glacadh leis an tionóntacht nua san;

(b) má sheirbheálann an tionónta fógra fén mír sin roimhe seo den fho-alt so, deonfaidh an tiarna tighe sin láithreach agus glacfaidh an tionónta san láithreach léas no connradh eile tionóntachta i scríbhinn le n-a gcruthnófar sa tionóntachán le n-a mbaineann na fógraí sin, o dheireadh na tionóntachta bhí ann roimhe sin, tionóntacht nua ar na téarmaí bheidh luaidhte sa bhfógra do sheirbheáil an tiarna tighe sin;

(c) féadfaidh an tionónta, in ionad an fhógra luaidhtear anso roimhe seo do sheirbheáil, fógra do sheirbheáil ar an tiarna tighe ag diúltú don tionóntacht nua san;

(d) má sheirbheálann an tionónta fógra fén mír sin roimhe seo den fho-alt so, féadfaidh an tionónta dul ar aghaidh le n-a iarratas ar fhaoiseamh i bhfuirm chúitimh i bhfeabhsú, ach ar éisteacht an iarratais sin di féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach léi é agus má bhíonn sí sásta go bhfuil an tionónta i dteideal an fhaoisimh sin, ordú do dhéanamh, in ionad an fhaoisimh sin do dheonadh, á cheangal ar an tiarna tighe tionóntacht nua sa tionóntachán san do dheonadh agus á cheangal ar an tionónta í do ghlacadh ar pé téarmaí is dóich leis an gCúirt is ceart (fé réir forálacha an Achta so) agus a luadhfa sí san ordú san.

(3) Má sheirbheálann tiarna tighe ar a thionónta fén gcéad fho-alt den alt so fógra ag tairisgint tionóntachta nua don tionónta san ar théarmaí bheidh le socrú ag an gCúirt, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an tiarna tighe no an tionónta ordú ag socrú téarmaí na tionóntachta san d'iarraidh ar an gCúirt;

(b) ar dhéanamh an orduithe sin don Chúirt, deonfaidh an tiarna tighe sin láithreach agus glacfaidh an tionónta san láithreach léas no connradh eile tionóntachta i scríbhinn le n-a gcruthnófar, sa tionóntachán le n-a mbaineann na fógraí sin, tionóntacht nua ar na téarmaí bheidh luaidhte san ordú san.

(4) Má deintear leis an alt so no le hordú déanfar fén alt so a cheangal ar thiarna tighe agus ar thionónta tionóntacht nua i dtionóntachán do dheonadh agus do ghlacadh fé seach, ní bheidh an tionónta san i dteideal cúitimh fén Acht so mar gheall ar an tionóntacht do bhí roimhe sin sa tionóntachán san do chríochnú, ach beidh san gan dochar dá cheart chun cúitimh d'éileamh fén Acht so ar chríochnú na tionóntachta nua.

(5) Má deintear leis an alt so no le hordú déanfar fén alt so a cheangal ar thiarna tighe agus ar thionónta tionóntacht nua i dtionóntachán do dheonadh agus do ghlacadh fé seach agus má eiríonn no má thárlann aon aighneas, teip no ceist le linn na tionóntachta nua san do dheonadh agus do ghlacadh, féadfaidh aon pháirtí le n-a mbaineann iarratas do chur fé bhráid na Cúirte agus leis sin féadfaidh an Chúirt pé ordú do dhéanamh is gá do réir chirt.

An Chúirt do shocrú téarmaí na tionóntachta nua.

29. —Má dheineann an Chúirt téarmaí tionóntachta nua do shocrú fén Acht so pe'ca do réir forála den Acht so no do réir orduithe dhéanfaidh an Chúirt a bheidh an tionóntacht nua san le deonadh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) socróidh an Chúirt cá fhaid a mhairfidh an tionóntacht nua san;

(b) más fé léas a bheidh seilbh ag an tiarna tighe ar an tionóntachán gur ann a cruthnófar an tionóntacht nua san, ní mhairfidh an tionóntacht nua san níos sia ná téarma an léasa san;

(c) fé réir na míre deiridh sin roimhe seo den alt so, ní bheidh ré na tionóntachta nua san níos giorra ná téarma bliain is fiche gan cead an tionónta ná níos sia ná téarma naoi mblian nóchad i gcás ar bith;

(d) ní bheidh an cíos a bheidh iníoctha ag an tionónta fén tionóntacht nua san níos lugha ná (pe'ca aca é) an cíos is iníoctha ar an tionóntachán san ag an tiarna tighe no cion den chíos is iníoctha ar an tionóntachán san agus ar mhaoin eile ag an tiarna tighe, pé cion is dóich leis an gCúirt is ionchurtha ar an tionóntachán san do réir chothruim;

(e) fé réir na míre sin roimhe seo den fho-alt so, isé rud é an cíos san ná an deifríocht idir an mór-chíos agus an liúntas ar son feabhsuithe mar a mínítear iad san fé seach anso ina dhiaidh seo;

(f) isé rud é an mór-chíos ná an cíos is dóich leis an gCúirt do bhéarfadh léasaí toilteanach ná beadh i seilbh cheana féin agus do ghlacfadh léasóir toilteanach ar an tionóntachán san dá mba rud é, i ngach cás, go mbeadh an tionóntachán folamh le linn seilbhe air do thabháirt agus gur leor a mbeadh ann de thionóntacháin den tsórt chéanna chun an éilimh ortha do shásamh agus nár ghéire an comórtas umpa ná mar ba ghnáth agus ag féachaint do théarmaí eile na tionóntachta san agus do chíos-luacha tionóntachán de shaghas an tionóntacháin sin atá suidhte i gcomhursanacht an tionóntacháin sin, ach gan áird do thabhairt ar aon dea-thoil a bhaineann leis an tionóntachán san;

(g) isé rud é an liúntas mar gheall ar fheabhsú ná pé cion den mhór-chíos is dóich leis an gCúirt is ionchurtha i leith feabhsuithe do rinne an tionónta no a roimhshealbhadóirí teidil agus go mbeadh an tionónta i dteideal cúitimh i bhfeabhsú mar gheall air dá mba ná bainfeadh Cuid III den Acht so leis an tionóntachán san no dá mba ná cruthnófaí an tionóntacht nua san (pe'ca aca é);

(h) féadfaidh an Chúirt a cheangal ar an té bheidh ar aigne bheith ina thionónta, mar cheann de théarmaí na tionóntachta nua san, suim áirithe airgid do chaitheamh ar dheisiú áirithe (agus dathadóireacht chun buanchoimeádtha d'áireamh ach gan dathadóireacht chun maisithe amháin d'áireamh) do dhéanamh ar an tionóntachán san agus féadfaidh a údarú deonadh na tionóntachta nua san do chur ar athló go dtí go mbeidh an deisiú san críochnuithe go cuibhe.

An Coimisinéir Luachála do thabhairt chonganta don Chúirt fé Chuid IV.

30. —(1) Má dheineann an Chúirt téarmaí tionóntachta nua do shocrú fén Acht so, pe'ca do réir forála den Acht so no do réir orduithe dhéanfaidh an Chúirt a bheidh an tionóntacht nua san le deonadh, féadfaidh an Chúirt agus, má iarrann ceachtar páirtí uirthi é, déanfaidh a chur fé ndeár go gcuirfear go dtí an Coimisinéir Luachála agus Suirbhéir Teorann iarratas ar luacháil, ar mheastachán, no ar ráiteas i dtaobh éinní áirithe bhaineann leis na téarmaí sin do shocrú agus féadfaidh chuige sin socrú na dtéarmaí sin do chur ar athló.

(2) Ar fháil iarratais fén alt so dho, cuirfidh an Coimisinéir sin fé ndeár an luacháil, an meastachán, no an ráiteas san a bheidh luaidhte san iarratas san d'ullamhú agus do chur chun na Cúirte maraon le cuntas ar an táille, agus í áirmhithe do réir rialachán do rinne an tAire Airgid, is iníoctha air.

(3) Beidh páirtí ar bith le n-a mbaineann i dteideal cóip de luacháil, de mheastachán, no de ráiteas do bhéarfaidh an Coimisinéir sin don Chúirt do réir an ailt seo d'fháil ón gclárathóir contae ach íoc aiste do réir an ráta bheidh inéilithe do réir dlí de thurus na huaire ar chóipeanna de scríbhinní do gheibhtear ón Oifig Chúirte Cuarda.

(4) An táille is iníoctha fén alt so ar luacháil, ar mheastachán, no ar ráiteas a chuirfidh an Coimisinéir sin chun na Cúirte do réir an ailt seo, isé duine no daoine ar a mbeidh a muirear agus íocfaidh leis an gclárathóir contae í ná pé páirtí no páirtithe, agus i pé cionúireachtaí, ordóidh an Chúirt agus déanfaidh an clárathóir contae í d'íoc isteach sa Stát-Chiste no í do chur chun tairbhe dho i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

(5) Má cuirtear iarratas fén alt so chun an Choimisineura san, ansan, nuair a bheidh an Chúirt ag socrú téarmaí tionóntachta nua féachfa sí don luacháil, don mheastachán no don ráiteas do thug an Coimisinéir sin uaidh.

Na cirt a bheidh ag gach taobh mara mbeidh frithdhílse ag an tiarna tighe.

31. —(1) Má dheineann tionónta fógra go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh do sheirbheáil ar a thiarna tighe agus ná beidh no go dtuigfear de bhuadh aon ailt eile den Acht so ná fuil frithdhílse ar bith ag an tiarna tighe sin sa tionóntachán le n-a mbaineann an fógra san, féadfaidh an tiarna tighe sin, laistigh de mhí tar éis an fhógra san do sheirbheáil air, na fógraí seo leanas do sheirbheáil, sé sin le rá:—

(a) ar an tionónta san, fógra sa bhfuirm orduithe á rá ná fuil frith-dhílse ar bith ag an tiarna tighe sin sa tionóntachán san agus ag luadh ainm agus seoladh a ghar-thiarna tighe uachtaraigh no gníomhaire an tiarna tighe uachtaraigh sin, agus

(b) ar an ngar-thiarna tighe uachtarach san, fógra sa bhfuirm orduithe gur seirbheáladh an fógra san go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh (maraon le cóip den fhógra san) agus (i gcás le n-a mbaineann) go bhfuil an tiarna tighe sin chun cúitimh i bhfeabhsú, i dtaobh an tionóntacháin sin, d'éileamh ar an tiarna tighe uachtarach san.

(2) Má bhíonn tiarna tighe i dteideal fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so na fógraí luaidhtear sa bhfo-alt san do sheirbheáil, féadfaidh an tionónta, laistigh de mhí tar éis do fógra go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh do sheirbheáil ar an tiarna tighe sin, dúbláid den fhógra san go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh do sheirbheáil ar ghar-thiarna tighe uachtarach an tiarna tighe sin agus ar aon tiarna tighe uachtarach eile.

(3) Má bhíonn tiarna tighe i dteideal fén gcéad fho-alt den alt so na fógraí luaidhtear sa bhfo-alt san do sheirbheáil agus go seirbheálfaidh an tiarna tighe sin na fógraí luaidhtear sa bhfo-alt san no go seirbheálfaidh an tionónta ar ghar-thiarna tighe uachtarach an tiarna tighe sin an dúbláid sin den fhógra luaidhtear sa dara fo-alt den alt so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) tuigfear (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo) gur ar ghar-thiarna tighe uachtarach an tiarna tighe sin atá éileamh an tionónta ar fhaoiseamh fén Acht so á dhéanamh agus bhéarfaidh an tiarna tighe uachtarach san an faoiseamh san (má deontar é) don tionónta;

(b) isé duine ar a ndéanfar an t-éileamh (más ann do) a dhéanfaidh an tionónta ar chúiteamh i bhfeabhsú mar gheall ar fheabhsú gur ina thaobh a bheidh teideal aige chun an chúitimh sin ach ná beadh teideal ag an tiarna tighe chun cúitimh d'éileamh ina thaobh dá mbeadh sé tar éis an chúitimh sin d'íoc leis an tionónta ná an tiarna tighe agus íocfaidh an tiarna tighe an cúiteamh san (má deontar é) leis an tionónta;

(c) mara mbeidh frith-dhílse ar bith no má bhíonn frith-dhílse nách sia ná mí ag an ngar-thiarna tighe uachtarach san féin sa tionóntachán le n-a mbaineann na fógraí sin, féadfa sé a sheirbheáil ar an tiarna tighe uachtarach díreach os a chionn agus ar an tionónta fógraí den tsórt chéanna údaruíonn an chéad fho-alt den alt so don tiarna tighe sin do sheirbheáil, agus (pe'ca sheirbheálfaidh an gar-thiarna tighe uachtarach san na fógraí sin no ná seirbheálfaidh) tuigfear an fhrithdhílse (más ann di) bheidh ag an ngar-thiarna tighe uachtarach san sa tionóntachán san do bheith tugtha suas o chríochnú na tionóntachta no na tionóntachta buanuithe (pe'ca aca é) do bhí ag an tionónta sa tionóntachán san, agus beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo ach an dara tiarna tighe uachtarach san do chur in ionad an ghar-thiarna tighe uachtaraigh sin.

Na cirt a bheidh ag gach taobh má bhíonn frith-dhílse ainmniúil ag an tiarna tighe.

32. —Má dheineann tionónta fógra go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh do sheirbheáil ar a thiarna tighe agus go mbeidh frithdhílse nách sia ná mí ag an tiarna tighe sin sa tionóntachán le n-a mbaineann an fógra san, féadfaidh an tiarna tighe sin, laistigh de mhí tar éis an fhógra san do sheirbheáil air, fógra sa bhfuirm orduithe do sheirbheáil ar an tionónta san ag buanú tionóntachta an tionónta san sa tionóntachán san go dtí go raghaidh an fhrithdhílse sin in éag, agus leis sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) buanófar an tionóntacht san go dtí go raghaidh an fhrithdhílse sin in éag ar an gcíos gcéanna bhí uirthe agus fé sna cumhnantaí agus na coinníollacha céanna bhí i bhfeidhm ina taobh go dtí san;

(b) tuigfear gur maidir le críochnú na tionóntachta ar dhul in éag don fhrith-dhílse sin do seirbheáladh an fógra san go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh agus má seirbheáladh é go dleathach maidir leis an mbunchríochnú beidh sé dleathach maidir leis an gcríochnú deiridh;

(c) tuigfear chun crícheanna an Achta so ná raibh frithdhílse ar bith ag an tiarna tighe sin sa tionóntachán san ar dháta seirbheála an fhógra san go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh.

Na cirt a bheidh ag gach taobh má bhíonn frith-dhílse ghearr ag an tiarna tighe.

33. —Má dheineann tionónta fógra go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh do sheirbheáil ar a thiarna tighe agus go mbeidh frithdhílse is sia ná mí ach nách sia ná cúig bliana ag an tiarna tighe sin sa tionóntachán le n-a mbaineann an fógra san, féadfaidh an tiarna tighe sin, laistigh de mhí tar éis an fhógra san do sheirbheáil air, fógra sa bhfuirm orduithe do sheirbheáil ar an tionónta san ag buanú tionóntachta an tionónta san sa tionóntachán san go dtí go raghaidh an fhrith-dhílse sin in éag agus leis sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) buanófar an tionóntacht san go dtí go raghaidh an fhrithdhílse sin in éag ar an gcíos gcéanna bhí uirthe agus fé sna cumhnantaí agus na coinníollacha céanna bhí i bhfeidhm ina taobh go dtí san;

(b) tuigfear an fógra san go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh do bheith tarraicthe siar gan dochar d'fhógra nua go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh, maidir leis an tionóntacht bhuanuithe sin do dhul in éag, do sheirbheáil san am ceart.

Na cirt a bheidh ag gach taobh ar thionóntacht thiarna tighe do chríochnú.

34. —Má críochnuítear tionóntacht thionónta i dtionóntachán de dhruim tionóntachta tiarna tighe an tionóntacháin sin do chríochnú sara raghadh téarma na tionóntachta deiridh sin a luaidhtear in éag sa ghnáth-shlí, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an tionónta san fógra go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh do sheirbheáil tar éis críochnú na tionóntachta san ach ní níos déanaí ná mí tar éis don tionónta san imeacht as an tionóntachán san;

(b) tuigfear chun crícheanna an Achta so gur tiarna tighe ná fuil frith-dhílse ar bith aige sa tionóntachán san an tiarna tighe sin.

Seanathionóntachtaí do bhuanú.

35. —Pé uair a déanfar tionóntacht do bhuanú no d'athnuachaint no tionóntacht nua do chruthnú fén Acht so i dtionóntachán, ansan, chun crícheanna an Achta so, beidh an tionóntacht bhuanuithe no athnuaite no nua san no tuigfear í bheith ina buanú ar an tionóntacht do bhí sa tionóntachán san roimhe sin agus tuigfear chun gach críche gur greamú í ar an tionóntacht san do bhí ann roimhe sin agus an leas a bheidh ag an tionónta fúithe beidh sé fé réir aon cheart no cothrom a thiocfaidh as í do bheith ina greamú amhlaidh.

An aimsir chun cúitimh d'íoc.

36. —(1) Má bhíonn tionónta i dteideal cúitimh d'fháil o n-a thiarna tighe fén Acht so, beidh an cúiteamh san iníoctha, fé réir forálacha an ailt seo, ar thárlachtaint pé ní acu so leanas is déanaí thárlóidh, sé sin le rá:—

(a) mí do bheith caithte o dháta méid an chúitimh sin do shocrú tré chó-aontú no don Chúirt, agus

(b) an tionónta do thabhairt seilbh ghlan an tionóntacháin don tiarna tighe.

(2) Má bhíonn cúiteamh iníoctha ag tiarna le n-a thionónta fén Acht so agus go mbeidh airgead dlite agus ag dul don tiarna tighe sin ón tionónta san fé n-a thionóntacht no alos a thionóntachta sa tionóntachán gur ina thaobh a bheidh an cúiteamh san iníoctha amhlaidh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an tiarna tighe sin, más mó an cúiteamh san ná an t-airgead san, an t-airgead san do bhaint as an gcúiteamh san no, má bhíonn an t-airgead san chó mór leis an gcúiteamh san no níos mó ná é, an cúiteamh san do choinneáil in íoc agus i nglanadh an airgid sin no an mhéide dhe is có-ionann leis an gcúiteamh san;

(b) féadfaidh an tionónta san, más mó an t-airgead san ná an cúiteamh san, an cúiteamh san do bhaint as an airgead san no, má bhíonn an cúiteamh san chó mór leis an airgead san nó níos mó ná é, an t-airgead san do choinneáil in íoc agus i nglanadh an chúitimh sin no an mhéide dhe is có-ionann leis an airgead san.

(3) Má bhíonn cúiteamh iníoctha ag tiarna tighe le tionónta fén Acht so agus go n-abróidh an tiarna tighe sin go bhfuil airgead iníoctha ag an tionónta san leis fé n-a thionóntacht no alos a thionóntachta sa tionóntachán gur ina thaobh atá an cúiteamh san iníoctha amhlaidh agus go gcuirfidh an tionónta an t-éileamh san no méid an éilimh sin in imreasán no go mbeidh suim an éilimh sin gan bheith glanta, féadfaidh an tiarna tighe sin suim an chúitimh sin d'íoc isteach sa Chúirt agus leis sin féadfaidh an Chúirt, ar iarratas an tiarna tighe no an tionónta, pé ordú is gá do réir chirt do dhéanamh i dtaobh an airgid do híocadh isteach sa Chúirt amhlaidh agus féadfaidh, go sonnrách, an t-airgead san no aon chuid de do choinneáil go dtí go socrófar i dtaobh dleathachta an éilimh sin no méide an éilimh sin.

(4) Beidh cúiteamh i bhfeabhsú is iníoctha ag tiarna tighe no tiarna tighe uachtarach le tionónta ina chéad mhuirear (i dtosach ar gach morgáiste, muirear, agus eire eile de gach saghas) ar leas an tiarna tighe no an tiarna tighe uachtaraigh sin (pe'ca aca é) sa tionóntachán gur ina thaobh a bheidh an cúiteamh san iníoctha.

Cúiteamh d'íoc i gcás tionóntachta do bheith fé mhorgáiste.

37. —(1) I gcás tionóntachta i dtionóntachán do chríochnú agus, díreach roimh an gcríochnú san, morgáiste no muirear urruithe airgid do bheith ar an estát no ar an leas do bhí ag tionónta an tionóntacháin sin fén tionóntacht san, bainfidh an morgáiste no an muirear san le cúiteamh ar bith fén Acht so thiocfaidh chun bheith iníoctha leis an tionónta san mar gheall ar an gcríochnú san.

(2) I gcás cúitimh fén Acht so do bheith iníoctha le tionónta agus a fhios do bheith ag an tiarna tighe no ag an tiarna tighe uachtarach ag a bhfuil an cúiteamh san iníoctha amhlaidh morgáiste no muirear do bheith ann a dheineann deifir don chúiteamh san de bhuadh an ailt seo no ar aon tslí eile, déanfaidh an tiarna tighe no an tiarna tighe uachtarach san—

(a) má thoilíonn an tionónta san chuige, an cúiteamh san d'íoc le húnaer an mhorgáiste no an mhuirir sin, dá ngairmtear an morgáistí san alt so; no

(b) má thoilíonn an morgáistí chuige, an cúiteamh san d'íoc leis an tionónta san; no

(c) má orduíonn an morgáistí agus an tionónta san é, an cúiteamh san d'íoc leis an morgáistí agus leis an tionónta san i pé slí a hordófar amhlaidh; no

(d) mara ndeintear toiliú ná ordú fé mar a luaidhtear sa bhfo-alt so, an cúiteamh san d'íoc isteach sa Chúirt.

(3) Má deintear cúiteamh fén Acht so d'íoc isteach sa Chúirt fén alt so féadfaidh an Chúirt, ar iarratas duine ar bith le n-a mbaineann, pé ordú is gá do réir chirt do dhéanamh i dtaobh an chúitimh sin.

Ceart ag tionónta chun leanúint i seilbh go dtí go dtabharfar breith.

38. —Má hiarrtar fén Acht so ar an gCúirt tionóntacht nua do dheonadh no téarmaí tionóntachta nua do shocrú, agus más tar éis dul in éag don tionóntacht gur maidir le n-a críochnú a bheidh an t-iarratas san á dhéanamh a bunófar an t-iarratas san, no má bunuítear é roimh dhul in éag don tionóntacht san agus má théigheann an tionóntacht san in éag sara ndéanfar an t-iarratas san d'éisteacht agus breith do thabhairt air, agus, in aon chás acu, más ar aon tslí seachas le dí-shealbhú no le tabhairt-suas do críochnuíodh an tionóntacht san, féadfaidh an tionónta, más mian leis é, leanúint i seilbh an tionóntacháin le n-a mbaineann an t-iarratas san ón am a raghaidh an tionóntacht san in éag go dtí go ndéanfaidh an Chúirt no, má deintear athchomharc, go dtí go ndéanfaidh an chúirt athchomharcach dheiridh an t-iarratas san d'éisteacht agus breith do thabhairt air, agus faid a leanfa sé i seilbh amhlaidh beidh an tionónta san fé théarmaí na tionóntachta san (agus ortha san áirmhítear cíos d'íoc) ach beidh san gan dochar do pé aisíoc agus ath-choigeartú is gá do dhéanamh má deontar tionóntacht nua bheidh le tosnú ón am do chuaidh an tseana-thionóntacht in éag.

Tionóntacht do chríochnú roimh an Acht so do rith.

39. —I gcás tionóntachta i dtionóntachán do chríochnú roimh an Acht so do rith agus tionónta an tionóntacháin sin, pe'ca rinneadh aithne chun é dhí-shealbhú i gcoinnibh an tionónta san no ná dearnadh, do bheith, le linn an Achta so do rith, i seilbh an tionóntacháin sin d'ainneoin an chríochnuithe sin agus gan tionóntacht nua sa tionóntacht san d'fháil, tuigfear chun crícheanna an Achta so an tionóntacht san do chríochnú díreach tar éis an Achta so do rith agus beidh feidhm ag an Acht so dá réir sin.

Ceart ag tionónta chun eolais d'fháil.

40. —(1) Aon tionónta tionóntacháin do seirbheáladh le fógra chun imeacht as an tionóntachán san no go ndeaghaidh a thionóntacht sa tionóntachán san in éag tré shaol do thuitim no tré aon teagmhas nea-chinnte eile do thárlachtaint no go raghaidh a thionóntacht sa tionóntachán san in éag le himeacht aimsire fé cheann ráithe, féadfaidh gach fógra no aon fhógra acu so leanas do sheirbheáil, sé sin le rá:—

(a) ar a thiarna tighe no ar an té le n-a n-íocann sé cíos an tionóntacháin sin, fógra á cheangal ar an tiarna tighe no ar an duine sin cineál agus ré frith-dhílse an tiarna tighe sin sa tionóntachán san agus ainm agus seoladh gar-thiarna tighe uachtaraigh an tiarna tighe sin (más ann do) do chur in úil don tionónta san;

(b) ar dhuine ar bith go mbeidh réasún ag an tionónta san chun a chreidiúint gur tiarna tighe uachtarach no gníomhaire do thiarna tighe uachtarach ar an tionóntachán san é, fógra á cheangal ar an duine sin a chur in úil don tionónta san ce'ca tá estát no leas ar bith ag an duine sin, no ag éinne dar gníomhaire é, sa tionóntachán san no ná fuil, agus fós cineál, sealbhaíocht, agus ré an estáit no an leasa san (más ann do) do chur in úil do, maraon le hainmneacha agus seolta na ndaoine go bhfuil estáit no leasanna sa tionóntachán san acu díreach os cionn no díreach fé bhun an estáit no an leasa san.

(2) Beidh sé de dhualgas ar dhuine ar bith ar a seirbheálfar fógra fén alt so an t-eolas a hiarrfar leis an bhfógra san, sa mhéid go mbeidh sé ag an duine sin no ar fáil aige, do thabhairt i scríbhinn don tionónta do sheirbheáil an fógra san amhlaidh, no do chur chuige i scríbhinn, laistigh de choicíos tar éis an fhógra san do sheirbheáil.

(3) Má dheineann tionónta fógra do sheirbheáil fén alt so agus go dteipfidh ar an té ar a seirbheálfar an fógra san amhlaidh no go leigfe sé i bhfaillí an t-eolas san do thabhairt i scríbhinn don tionónta san no do chur chuige i scríbhinn, laistigh den aimsir a ceaptar leis an alt so, a cheanglann an t-alt so air do thabhairt don tionónta san no do chur chuige amhlaidh, féadfaidh an tionónta san iarratas do chur fé bhráid na Cúirte agus ar éisteacht an iarratais sin féadfaidh an Chúirt pé ordú is gá do réir chirt do dhéanamh d'fhonn a chur fhiachaint ar an duine sin an t-eolas san do thabhairt don tionónta san no do chur chuige amhlaidh.

Ceart chun dul isteach agus chun iniúchta do dhéanamh.

41. —Pé uair a dhéanfaidh tionónta fógra feabhsúcháin no fógra go bhfuiltear chun faoisimh d'éileamh do sheirbheáil ar a thiarna tighe, beidh teideal ag an tiarna tighe sin agus ag gach tiarna tighe uachtarach ar a seirbheálfar an fógra san no cóip de fén Acht so, agus ag gach duine go n-údarás aige chuige sin ón tiarna tighe sin no o aon tiarna tighe uachtarach den tsórt san, dul isteach gach tráth réasúnta sa tionóntachán le n-a mbaineann an fógra san agus pé iniúchadh agus scrúdú do dhéanamh agus pé tuiseanna do thógaint ann is gá no is ceart chun go socródh an tiarna tighe no an tiarna tighe uachtarach san (pe'ca aca é) cad a dhéanfa sé i dtaobh an fhógra san.

Srian le connradh chun scarúint le ceart.

42. —Beidh connradh tré n-a mbainfí de thionónta, go díreach no go nea-dhíreach, a cheart chun faoisimh fén Acht so no chun aon fhaoisimh áirithe den tsórt san d'fháil, beidh sé gan brí pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do rinneadh é.

Feidhm ag na Settled Land Acts.

43. —(1) Ar na comhachta bhíonn ag duine is tionónta le n-a shaol no ag duine go gcomhachta tionónta den tsórt san fé sna Settled Land Acts, 1882 to 1890, léasanna eile do dhéanamh seachas léasanna tógála agus léasanna mianadóireachta beidh comhacht thiarna tighe chun léasa do dhéanamh ag deonadh tionóntachta nua is gá don tiarna tighe sin, do réir na Coda so no aon Choda roimhe seo den Acht so no fúithe, do dheonadh, agus san d'ainneoin gur sia ná cúig bliana triochad ré na tionóntachta nua san.

(2) Féadfar airgead caipitiúil a thiocfaidh chun bheith ann fé sna Settled Land Acts, 1882 to 1890, do chur—

(a) chun aon tsuime d'íoc is iníoctha le tionónta alos cúitimh fén Acht so agus chun aon chostaisí, éilithe, agus caithteachaisí d'íoc is iníoctha leis an tionónta san maidir le n-a éileamh ar an gcúiteamh san; no

(b) chun aon airgid do caitheadh agus aon chostaisí fé n-a ndeaghthas, fén Acht so agus dá réir, i ndéanamh feabhsuithe no ina thaobh d'íoc fé is dá mba fheabhsú é sin do bheadh údaruithe leis na hAchtanna san; no

(c) chun na gcostaisí, na n-éilithe, agus na gcaithteachaisí fé n-a ndeaghthas i ndéanamh iarratais ar an gCúirt fén Acht so no i gcur ina choinnibh, no maidir le ceachtar acu san, d'íoc.

(3) Ar na crícheanna chun a bhféadfaidh duine is tionónta le n-a shaol airgead do chruinniú fé alt 18 den Settled Land Act, 1882, áirmheofar éileamh ar chúiteamh fén Acht so d'íoc.

(4) Más tionónta le n-a shaol tiarna tighe dhligheann cúiteamh d'íoc fén Acht so no má bhíonn sé mar bheadh iontaobhaí féadfa sé a chur mar cheangal gur amach as aon airgead caipitiúil a bheidh ar seilbh ar na hiontaobhaisí céanna ar a mbeidh an talamh socruithe ar seilbh a híocfar an tsuim is iníoctha alos an chúitimh sin maraon le gach costas, éileamh, agus caithteachas is iníoctha maidir leis.

Sa bhfo-alt so foluíonn an abairt “airgead caipitiúil” aon estát pearsanta a bheidh ar seilbh ar na hiontaobhaisí céanna ar a mbeidh an talamh ar seilbh, agus foluíonn an abairt “talamh socruithe” talamh ar seilbh ar iontaoibh chun a dhíolta.

Tiarnaí tighe i gcáil iontaobhaithe do chosaint.

44. —(1) I gcás tiarna tighe tionóntacháin do bheith ina dhuine atá i dteideal cíosanna agus brabús an tionóntacháin sin d'fháil mar iontaobhaí no i gcáil ar bith seachas chun tairbhe dho féin agus airgead do bheith iníoctha ag an tiarna tighe sin le tionónta an tionóntacháin sin alos cúitimh fén Acht so no alos costaisí, éilithe, no caithteachaisí bhaineann leis an gcúiteamh san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní féadfar an t-airgead san do bhaint den tiarna tighe sin féin ná ní bheidh sé fé aon oblagáid an t-airgead san d'íoc, ach beidh an t-airgead san ina mhuirear ar an tionóntachán san agus ar gach maoin, réalta no pearsanta, bheidh ar seilbh ag an tiarna tighe ar na hiontaobhaisí céanna ar a mbeidh no sa cháil chéanna ina mbeidh an tionóntachán san ar seilbh aige agus ní féadfar an t-airgead san do bhaint amach ach as an tionóntachán agus as an maoin sin;

(b) beidh teideal ag an tiarna tighe sin, roimh an airgead san d'íoc leis an tionónta san do no dá éis sin, muirear ar an tionóntachán san, agus ar gach maoin, réalta no pearsanta, bheidh ar seilbh aige ar na hiontaobhaisí céanna ar a mbeidh no sa cháil chéanna ina mbeidh an tionóntachán san ar seilbh aige, d'fháil ón gCúirt agus é chó mór leis an airgead san agus le gach costas fé n-a ndeachaidh sé go cóir chun an mhuirir sin d'fháil no chun suime an mhuirir sin do chruinniú;

(c) má leigeann an tiarna tighe sin i bhfaillí no má theipeann air an t-airgead san d'íoc leis an tionónta san laistigh de mhí tar éis don tionónta san imeacht as an tionóntachán san, beidh an tionónta san i dteideal muirear ar an tionóntachán san, agus ar gach maoin, réalta no pearsanta, bheidh ar seilbh ag an tiarna tighe sin ar na hiontaobhaisí céanna ar a mbeidh no sa cháil chéanna ina mbeidh an tionóntachán san ar seilbh aige, d'fháil ón gCúirt agus é chó mór leis an airgead san no le n-a mbeidh gan íoc de an uair sin agus le gach costas fé n-a ndeachaidh an tionónta san go cóir chun an mhuirir sin d'fháil no chun suime an mhuirir sin do chruinniú.

(2) Féadfaidh aon chuideachta, atá ionchorparuithe anois no a hionchorparófar ina dhiaidh seo le reacht agus ag a mbeidh comhacht airgead do thabhairt uatha ar iasacht chun tailimh d'fheabhsú, sannadh muirir ar bith a dhéanfaidh an Chúirt fén alt so do ghlacadh, agus féadfaidh an chuideachta san aon mhuirear den tsórt san a sannfar dóibh amhlaidh do shannadh d'aon duine no daoine ar bith.

Tréimhsí ceaptar leis an Acht so d'fhaidiú.

45. —I gcás ina ndeintear leis an gCuid seo no le haon Chuid roimhe seo den Acht so, no ina ndéanfar fúithi, tréimhse do cheapadh chun aon ghníomh no rud do dhéanamh, féadfaidh an Chúirt, roimh dheireadh na tréimhse sin no dá éis sin, an tréimhse sin d'fhaidiú ar pé téarmaí is dóich leis an gCúirt is ceart.