1 1932


Uimhir 1 de 1932.


ACHT NA LEABHAR PINSEAN (TOIRMEASC AR AISTRIÚ), 1932.


ACHT CHUN A THOIRMEASC AISTRIÚ NA AISTRIÚ DE DHEALLRAMH DO DHÉANAMH, TRÉ DHÍOL, TRÉ MHALAIRTIÚ NO TRÉ CHUR I nGEALL, AR SCRÍBHINNÍ IS GÁ CHUN ÍOCA PINSEAN AGUS LIÚNTAISÍ ÁIRITHE D'FHÁIL, AGUS CHUN NA nAISTRIÚ SAN DO CHUR AR NEAMHNÍ AGUS CHUN PIONÓIS DO CHUR AR DHAOINE BHEIDH PÁIRTEACH SNA hAISTRITHE SIN NO SNA hAISTRITHE SIN DE DHEALLRAMH. [28adh Eanar, 1932.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Na nithe le n-a mbainfidh an tAcht.

1. —Bainfidh an tAcht so le gach leabhar, cárta, ordú, cruthúnacht no scríbhinn eile (dá ngairmtear san Acht so scríbhinn le n-a mbaineann an tAcht so) do tugadh no do bhéarfar amach d'aon duine agus 'na mbeidh aon phinsean no liúntas acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) aon phinsean is iníoctha fé Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1928;

(b) aon phinsean is iníoctha fén Blind Persons Act, 1920;

(c) aon phinsean no liúntas is iníoctha i dtaobh no de bhuadh fostuíocht i bhfórsaí armtha Ríochta Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann do bhí ann le déanaí no Ríochta Aontuithe na Breataine Móire agus Thuaiscirt Éireann;

iníoctha leis an duine sin ar é do sheachadadh no do thaisbeáint na scríbhinne sin no i dtaobh na scríbhinne sin do bheith ina sheilbh aige ar dháta no tar éis dáta bheidh luaidhte go soiléir sa scríbhinn sin no bheidh le tuiscint uaithe, agus a bheidh i ndiaidh lae na scríbhinne sin do thabhairt amach.

Toirmeasc ar scríbhinní d'aistriú.

2. —Gach duine dhéanfaidh aon scríbhinn le n-a mbaineann an tAcht so do cheannach, do ghlacadh mar mhalairtiú no do ghlacadh i ngeall beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

Aistriú scríbhinní do bheith gan bhrí.

3. —Gach aistriú no aistriú de dheallramh do rinneadh roimh an Acht so do rith no a déanfar dá éis sin ar scríbhinn le n-a mbaineann an tAcht so tré í do dhíol, do mhalairtiú no do chur i ngeall, beidh sé agus (má rinneadh é roimh thosach feidhme an Achta so) tuigfear go raibh sé riamh gan bhrí gan éifeacht.

Scríbhinní do thabhairt thar n-ais nuair a héileofar san.

4. —(1) Gach duine go mbeidh scríbhinn le n-a mbaineann an tAcht so in a sheilbh aige de bhuadh aistrithe no aistrithe de dheallramh a dearbhuítear leis an Acht so do bheith gan bhrí déanfa sé—

(a) i gcás aon scríbhinne den tsórt san do tugadh no do bhéarfar amach fé Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1928, no fén Blind Persons Act, 1920, an scríbhinn sin do sheachadadh d'oifigeach pinsin láithreach ar n-a éileamh san don oifigeach san no, mara ndeinidh oifigeach pinsin aon éileamh den tsórt san, an scríbhinn sin do sheachadadh láithreach d'únaer na scríbhinne sin no dá ghíomhaire cuibhe-údaruithe ar n-a éileamh san don únaer no don ghníomhaire sin; agus

(b) i gcás aon scríbhinne eile den tsórt san, an scríbhinn sin do sheachadadh láithreach d'únaer na scríbhinne sin no dá ghníomhaire cuibhe-údaruithe ar n-a éileamh san don únaer no don ghníomhaire sin.

(2) Gach duine go dteipfidh air, ar éileamh do dhéanamh air fén alt so, scríbhinn do sheachadadh do réir an ailt seo go gceangalann an t-alt so air í do sheachadadh amhlaidh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(3) Má ciontuítear duine i gcionta fén alt so féadfaidh an chúirt a chiontóidh é amhlaidh, más gá san sa chás, pé ordú do dhéanamh is dóich leis an gcúirt is ceart chun a chur in áirithe go ndéanfar an scríbhinn gur ina taobh do rinneadh an cionta san do sheachadadh dá húnaer no, i gcás ina mbeidh san oiriúnach, d'oifigeach pinsin.

(4) San alt so cialluíonn an abairt “oifigeach pinsin” duine bheidh ceaptha fé fho-alt (4) d'alt 8 den Old Age Pensions Act, 1908, chun bheith in a oifigeach pinsin.

Pionós mar gheall ar chiontaí.

5. —Gach duine bheidh ciontach i gcionta fé alt ar bith den Acht so dlighfear, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Gearr-theideal agus luadh.

6. —(1) Féadfar Acht na Leabhar Pinsean (Toirmeasc ar Aistriú), 1932 , do ghairm don Acht so.

(2) Tiocfaidh an tAcht so i bhfeidhm an 1adh lá de Bhealtai 1932.