Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

5 1932


Uimhir 5 de 1932.


ACHT AIRGID (DIÚITÉTHE CUSTUM), 1932.


ACHT CHUN DIÚITÉ CUSTUM D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRADH AGUS CHUN TUILLEADH FORÁLACHA I dTAOBH AIRGID DO DHÉANAMH. [29adh Abrán, 1932.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Míniú.

1. —San Acht so foluíonn an focal “bagún” iomlán conablaigh mhuice, no aon chuid de chonablach mhuice, a leasuíodh no a leasuíodh go leathrannach no a fuaruíodh no a cuisníodh, ach ní fholuíonn sé ceann ná cosa ná scartach muice.

Deimhnithe praghais.

2. —(1) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta o am go ham deimhniú (dá ngairmtear deimhniú praghais san Acht so) do dhéanamh á dheimhniú i dtaobh tíre ar bith cadé meán-phraghas (gan aon diúité iomportála bheidh iníoctha air de thurus na huaire d'áireamh) bagúin den chéad ghrád, is toradh na tíre sin, ar mhargaí Lundain agus Learphuill ar feadh pé tréimhse roimh an deimhniú san do dhéanamh a thoghfaidh an tAire sin, agus pé uair a déanfar aon deimhniú den tsórt san i dtaobh tíre ar bith, ansan, an praghas a deimhneofar amhlaidh i dtaobh na tíre sin sa deimhniú san isé bheidh, chun crícheanna an Achta so agus an Sceidil a ghabhann leis seo, mar phraghas dheimhnithe ar bhagún is toradh na tíre sin in aghaidh na tréimhse gur le n-a linn a bheidh an deimhniú san i bhfeidhm i dtaobh na tíre sin.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach deimhniú praghais, sé sin le rá:—

(a) tiocfaidh an chéad deimhniú praghais den tsórt san i bhfeidhm lá a dhéanta;

(b) tiocfaidh gach deimhniú praghais a déanfar ina dhiaidh sin i bhfeidhm ar an gceathrú lá tar éis lae a dhéanta;

(c) sa mhéid go mbainfe sé le haon tír áirithe leanfaidh gach deimhniú praghais i bhfeidhm go dtí go dtárlóidh pé ní acu so leanas is túisce thárlóidh, sé sin le rá:—

(i) ceiliúradh do dhéanamh ar an deimhniú praghais sin sa mhéid go mbaineann sé leis an tír áirithe sin,

(ii) deimhniú nua praghais do theacht i bhfeidhm i dtaobh na tíre sin;

(d) féadfaidh deimhniú praghais baint do bheith aige le haon tír no tíortha.

(3) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta le hordú deimhniú praghais do cheiliúradh ar fad no sa mhéid sin amháin 'na mbaineann sé le tír no le tíortha áirithe.

(4) Is tré pé eolas a bheidh ar fáil aige, agus is eolas cruinn dar leis i dtaobh na bpraghas is gá chun crícheanna deimhnithe phraghais, is tríd an eolas san do bhreithniú a dhéanfaidh an tAire Talmhaíochta na praghasanna san amach.

(5) Gach deimhniú praghais a rinne an tAire Talmhaíochta fén Ordú Diúitéthe Custum (Bagún) (Gearradh Sealadach), 1931, tuigfear chun crícheanna an Achta so gur fén alt so a rinneadh é agus léireofar an tAcht so agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Diúité ar bhagún.

3. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, éileofar, gearrfar, agus íocfar, an an mbagún go léir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1931, no dá éis sin, agus ar an mbagún go léir a hiomportáladh isteach i Saorstát Éireann roimh an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1931, agus a cuirfear i dtír i Saorstát Éireann an lá san no dá éis sin, na diúitéthe custum so leanas, sé sin le rá:—

(a) má bhíonn, le linn bagúin is toradh tíre áirithe d'iomportáil no (i gcás bagúin a hiomportáladh roimh an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1931, agus a cuirfear i dtír an lá san no dá éis sin) le linn an bhagúin sin do chur i dtír, praghas deimhnithe ann do bhagún is toradh na tíre sin, diúité custum, do réir an ráta atá luaidhte sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so maidir leis an bpraghas san, ar an mbagún go léir is toradh na tíre sin agus a hiomportálfar no a cuirfear i dtír amhlaidh;

(b) mara mbeidh, le linn bagúin is toradh tíre áirithe d'iomportáil no (i gcás bagúin a hiomportáladh roimh an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1931, agus a cuirfear i dtír an lá san no dá éis sin) le linn an bhagúin sin do chur i dtír, aon phraghas deimhnithe ann do bhagún is toradh na tíre sin, diúité custum, do réir caogad scilling an céad meáchaint, ar an mbagún go léir is toradh na tíre sin agus a hiomportálfar no a cuirfear i dtír amhlaidh.

(2) Ní déanfar an diúité forchuirtear leis an alt so d'éileamh ná do ghearradh ar aon bhagún 'na gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh gur o thír atá ina ball de Náisiúin an Chó-chiníochais Bhriotáinigh a consighníodh é agus gur i dtír no i dtíortha atá ina ball no ina mbaill de Náisiúin an Chó-chiníochais Bhríotáinigh a saothruíodh ar fad é.

Cúram agus bainistí an diúité.

4. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistí na gComisinéirí Ioncuim leis seo an diúité forchuirtear leis an Acht so.

Gearr-theideal agus léiriú.

5. —(1) Féadfar an tAcht Airgid (Diúitéthe Custum), 1932 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Custum.