An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT TORA DÉIRÍOCHTA (PRAGHAS DO DHÉANAMH SEASMHACH), 1932) Ar Aghaidh (CUID II. Dleachtanna do Ghearradh ar Im a Cuirfear i Stor, ar Im a Deanfar agus ar Im a Ceannofar.)

10 1932

ACHT TORA DÉIRÍOCHTA (PRAGHAS DO DHÉANAMH SEASMHACH), 1932

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus buaine.

1. —(1) Féadfar an tAcht Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach), 1932 , do ghairm den Acht so.

(2) Leanfaidh an tAcht so i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1935, agus ragha sé in éag ansan.

Mínithe.

2. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “An tAire” an tAire Talmhaíochta;

cialluíonn na focail “iomportálta” agus “easportálta” fé seach iomportálta isteach i Saorstát Éireann agus easportálta amach as, agus is dá réir sin a léireofar focail atá gaolmhar dóibh;

cialluíonn an abairt “an diúité ime” an diúité custum a cuirtear de thurus na huaire do réir dlí ar im iomportálta;

cialluíonn an abairt “áitreabh cláruithe” áitreabh atá cláruithe in aon chlár atá á choimeád do réir an Achta Tora Déiríochta. 1924 ( Uimh 58 de 1924 );

cialluíonn an abairt “áitreabh uachtarlainne” áitreabh atá cláruithe i gclár na n-uachtarlann agus áitreabh gur deonadh agus go bhfuil i bhfeidhm ina thaobh ceadúnas fé alt 42 den Acht Tora Déiríochta, 1924 ;

cialluíonn an abairt “im uachtarlainne” im do rinneadh in áitreabh uachtarlainne;

cialluíonn an abairt “monarcha ime” áitreabh ina mbíonn ar siúl mar chéird im do mheascadh, d'ath-oibriú no aon déanamh eile do thabhairt do, ach ní hi slí go ndéanfadh éinní eile den im;

cialluíonn an abairt “im monarchan” im do rinneadh i monarchain ime no a tugadh go dtí monarcha ime;

cialluíonn an abairt “trádálaí ime” duine bhíonn ag díol ime chun trádála no sochair, pe'ca bhíonn aon ghnó eile ar siúl aige i dteanta an ghnótha san no ná bíonn;

cialluíonn an abairt “im feirme” im do rinneadh i Saorstát Éireann agus nách im uachtarlainne ná im monarchan;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so;

cialluíonn na habairtí “an cuntas ime uachtarlainne,” “an cuntas ime mhonarchan” agus “an cuntas ime ilghnéithigh” fé seach na cuntaisí uile agus fé seach is gá do réir an Achta so don Aire a choimeád fé sna hainmneacha san fé seach;

cialluíonn an abairt “an roimh-thréimhse” an tréimhse dar thosach an 21adh lá d'Abrán, 1932, agus dar chríoch an 31adh lá de Bhealtaine, 1932.

(2) Beidh gach mí acu so leanas ina dhleacht-mhí chun crícheanna an Achta so, sé sin le rá, mí an Mheithimh, mí an Iúil, mí Lúnasa, mí Meán Fhómhair, mí Deire Fómhair, agus mí na Samhna sa bhliain 1932, agus mí an Abráin, mí na Bealtaine, mí an Mheithimh, mí an Iúil, mí Lúnasa, mí Meán Fhómhair, mí Deire Fómhair agus mí na Samhna sa bhliain 1933 agus sa bhliain 1934.

(3) Ní tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gur im a rinneadh im a meascfar no a hath-oibreofar i monarchain ime ach ná cuirfear fé aon déanamh eile.

Rialacháin ghenerálta.

3. —Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

Orduithe agus rialacháin do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.

4. —Gach ordú agus gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an orduithe no an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an t-ordú no an rialachán san (pe'ca aca é) curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú no fén rialachán san.