Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL.)

11 1932


Uimhir 11 de 1932.


ACHT AIRGID (DIÚITÉTHE CUSTUM) (Uimh. 2), 1932.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE ÁIRITHE CUSTUM D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRADH AGUS CHUN TUILLE FORÁLACHA I dTAOBH AIRGID DO DHÉANAMH. [18adh Iúl, 1932.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Diúité ar bhláthanna gearrtha, etc.

1. —(1) Eileofar, gearrfar agus íocfar ar na bláthanna gearrtha uile, ar na bláthanna uile bheidh ceangailte de bhleibíní, ar na planndaí uile fé bhláth agus ar an duilliúr uile a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 19adh lá de Mhárta, 1932, no dá éis sin, diúité custum do réir naoi bpingne an púnt.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá mbeadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san liost d'earraí bhí, toisc ráta tosaíochta, le leigint isteach saor o dhiúité, agus go ndéanfaí na hearraí is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so do chur sa liost san.

Diúité ar mheaisínteacht talmhaíochta.

2. —(1) Déanfar diúité custum de mhéid is có-ionann le triocha a trí agus trian per cent. de luach na hearra d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar gach earra dá luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 26adh lá de Mhárta, 1932, no dá éis sin.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá mbeadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san liost d'earraí gur cuireadh trí cheathrú den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta agus go ndéanfaí na hearraí is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so do chur sa liost san.

(3) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le haontú an Aire Tionnscail agus Tráchtála, ceadúnas do thabhairt amach do dhuine ar bith go mbíonn meaisínteacht talmhaíochta á díol aige do ghnáth, á údarú dho iomportáil do dhéanamh, fé réir pé coinníollacha agus srianta luadhfar sa cheadúnas san, ar ghearrthóirí féir, rácaí rotha, agus iompuitheoirí sreatha, no ar aon cheann acu san, gan teora maidir le ham ná le méid na hiomportála, no go dteoranta, maidir le ham agus le méid na hiomportála no maidir le ceachtar acu san, fé mara luadhfar sa cheadúnas san.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, na hearraí uile a hiomportálfar fé cheadúnas, agus dá réir, ar n-a thabhairt amach fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do leigint isteach gan an diúité forchuirtear leis an alt so do bheith íochta ortha, no aon diúité den tsórt san a bheidh íoctha ortha d'aisíoc.

(5) Má cruthuítear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim go ndearnadh an diúité forchuirtear leis an alt so d'íoc go cuibhe ar aon earra agus nár húsáideadh an earra san i Saorstát Éireann déanfar ais-tarrac is có-ionann le méid an diúité do híocadh amhlaidh do lomháil ar an earra san má heasportáltar mar earra cheannaíochta í.

(6) Ní bhainfidh alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, le hearraí is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so, agus aon earra den tsórt san a hath-iomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis í d'easportáil amach as beidh sí saor ón diúité sin má cuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim nár hiomportáladh an earra sarar heasportáladh í no nár lomháladh aon ais-tarrac diúité nuair do heasportáladh í no gur haisíocadh leis na Coimisinéirí Ioncuim aon ais-tarrac do lomháladh amhlaidh.

(7) Ní tuigfear, maidir le hearraí nár hiomportáladh agus nár heasportáladh ach ar turus fé bhanna go ndearnadh iad d'iomportáil ná d'easportáil chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so.

Diúité ar phrátaí.

3. —(1) Eileofar, gearrfar, agus íocfar ar na prátaí uile a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 14adh lá d'Abrán, 1932, no dá éis sin, diúité custum do réir ocht scillinge fichead an céad meáchaint.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá mbeadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san liost d'earraí bhí, toisc ráta tosaíochta, le leigint isteach saor o dhiúité agus go ndéanfaí na hearraí is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so do chur sa liost san.

Diúité ar bhróga agus ar bhróga ísle.

4. —(1) In ionad na ndiúitéthe is inéilithe anois fé alt 19 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), éileofar, gearrfar agus íocfar ar gach earra luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 23adh lá d'Abrán, 1932, no dá éis sin, diúité custum do réir na rátaí uile agus fé seach a luaidhtear sa Sceideal san.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí na hearraí is ionchurtha fén diúité sin do luadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

(3) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, maidir le haon earra is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so, gur chun í chur fé n-a thuilleadh déantóireachta agus chun í d'easportáil ina dhiaidh sin atá an earra san á hiomportáil, féadfaid, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an earra san d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha uirthi.

Diúité ar rámhainní agus ar shluaiste.

5. —(1) Déanfar diúité custum de mhéid is có-ionann le caoga per cent. de luach na hearra d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar na rámhainní agus ar na sluaiste uile i gcóir oibre láimhe (seachas rámhainní agus sluaiste go mbas sreanga no adhmaid) agus ar na coda uile de sna rámhainní agus de sna sluaiste sin a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 23adh lá d'Abrán, 1932, no dá éis sin.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí earraí is ionchurtha fén diúité sin do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

Diúité ar bhainne agus ar uachtar.

6. —(1) Déanfar diúité custum d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir na rátaí luaidhtear sa bhfo-alt so, ar na hearraí uile luaidhtear sa bhfo-alt so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 23adh lá d'Abrán, 1932, no dá éis sin, sé sin le rá:—

(a) ar an mbainne uile go n-a chuid uachtair a hiomportálfar ina mhór-choda—leath-reul an galún;

(b) ar an uachtar uile a hiomportálfar ina mhór-choda— ceithre scillinge agus reul an galún;

(c) ar an mbainne uile go n-a chuid uachtair agus é tiughtha milsithe—seasca scilling an céad meáchaint;

(d) ar an uachtar uile a hiomportálfar i stáin séalaithe agus ar an mbainne uile go n-a chuid uachtair agus é tiughtha ach gan é bheith milsithe a hiomportálfar i stáin séalaithe—seasca scilling an céad meáchaint.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúite forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí na hearraí is ionchurtha fén diúité sin do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

(3) Pé uair is deimhin leis an Aire Talmhaíochta gur gá do dhílseánach stáisiúin deighilte i Saorstát Éireann no do dhílseánach uachtarlainne i Saorstát Éireann earraí is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann chun iad d'úsáid san oibriú bhíonn ar siúl agus a bhíonn mar ghnó no mar chuid den ghnó sa stáisiún deighilte no san uachtarlainn sin, féadfaidh an tAire sin ceadúnas do thabhairt amach don dílseánach san á údarú dho iomportáil do dhéanamh, fé réir pé coinníollacha agus srianta is oiriúnach leis an Aire sin do luadh sa cheadúnas san, ar earraí no ar aon tsaghas na saghasanna áirithe earraí is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so, gan teora maidir le ham ná le méid na hiomportála, no go dteoranta, maidir le ham agus le méid na hiomportála no maidir le ceachtar acu san, fé mar is oiriúnach leis an Aire sin do luadh sa cheadúnas san.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir pé coinníollacha is oiriúnach leo d'ordú, na hearraí uile a hiomportálfar fé cheadúnas, agus dá réir, ar n-a thabhairt amach ag an Aire Talmhaíochta fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do leigint isteach gan an diúité forchuirtear leis an alt so do bheith íoctha ortha.

(5) Ní bheidh an diúité forchuirtear le halt 8 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), inéilithe ná inghearrtha ar aon earraí is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so.

Diúité ar bhaill éadaigh agus ar chóir ghléasta phearsanta.

7. —(1) In ionad na ndiúitéthe is inéilithe anois fé alt 16 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), fé mar a leasuítear é le hachtacháin in a dhiaidh sin, déanfar diúité custum d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc, do réir na rátaí luaidhtear sa bhfo-alt so, ar gach earra dá luaidhtear sa bhfo-alt so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 26adh lá d'Abrán, 1932, no dá éis sin, sé sin le rá:—

(a) ar na culaitheanna éadaigh, na cótaí móra, na hataí agus na caipíní uile bheidh déanta ar fad no nách mór ar fad d'earraí fighte agus iad san déanta i bpáirt no go hiomlán d'olainn no d'olainn snáth-dhúbalta agus a bheidh oiriúnach d'fhir no do bhuachaillí, ar na baill éadaigh agus ar an gcóir ghléasta phearsanta uile do rinneadh do-fhlichte (gan foscadáin d'áireamh), ar na baill éadaigh agus ar an gcóir ghléasta phearsanta uile (seachas láimhinní) a bheidh déanta ar fad no nách mór ar fad de leathar no d'abhar a húsáidtear in ionad leathair, agus ar gach cuid d'aon cheann de sna hearraí agus ar gach cabhair d'aon cheann de sna hearraí luaidhtear roimhe seo sa mhír seo—suim is có-ionann le seasca per cent. de luach na hearra;

(b) ar na léintí agus na bónaí uile nách d'earraí fighte iad a bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán d'olainn no d'olainn snáth-dhúbalta, ar na hataí tuighe uile, ar na hataí feilte uile, ar na hataí uile d'aon tsaghas (seachas hataí tuighe agus hataí feilte) i gcóir ban no cailíní, agus ar gach cuid d'aon cheann de sna hearraí agus ar gach cabhair d'aon cheann de sna hearraí luaidhtear roimhe seo sa mhír seo—suim is có-ionann le fiche a dó go leith per cent. de luach na hearra;

(c) ar na láimhinní, na gárdaí, agus na cosantóirí uile atá, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ina n-earraí atá déanta, ceaptha agus beartuithe chun iad d'úsáid i spórt agus chuige sin amháin, ar na culaitheanna folcaidh, na caipíní folcaidh agus na falaingeacha folcaidh uile agus ar na baill éadaigh uile atá oiriúnach agus beartuithe chun iad d'úsáid le linn lapadála—suim is có-ionann le cúig déag per cent. de luach na hearra;

(d) ar na baill éadaigh agus ar an gcóir ghléasta phearsanta uile gurb é barúil na gCoimisinéirí Ioncuim go ndearna duine seachas an t-iomportálaí no baill dá líntighe no dá theaglach roinnt mhaith caithimh do thabhairt dóibh no roinnt mhaith úsáide do bhaint asta ar shlí eile lasmuich de Shaorstát Éireann sarar hiomportáladh iad—suim is có-ionann le fiche a cúig per cent. de luach na hearra;

(e) ar na baill éadaigh agus ar an gcóir ghléasta phearsanta uile ná luaidhtear in aon mhír de sna míreanna san roimhe seo den fho-alt so agus ar gach cuid d'aon bhall éadaigh no cóir ghléasta phearsanta den tsórt san agus ar gach cabhair d'aon bhall éadaigh no cóir ghléasta phearsanta den tsórt san—suim is có-ionann le ceathracha a cúig per cent. de luach na hearra.

(2) Ní déanfar an diúité forchuirtear leis an alt so d'éileamh ná do ghearradh—

(a) ar bhróga, ar bhróga ísle, ar shlipéidí, ar gholaisí, ar asa, ná ar phaitíní ná ar choda dhíobh san ná ar chabhartha dhóibh, ná

(b) ar aon chabhair do bhall éadaigh no do chóir ghléasta phearsanta a hiomportálfar ar leithligh ón mball éadaigh no ón gcóir ghléasta agus a bheidh déanta ar fad no nách mór ar fad d'abhair neamh-fhighteacha, ná

(c) ar aon chuid de bhall éadaigh no de chóir ghléasta phearsanta bheidh déanta ar fad no nách mór ar fad d'abhar neamh-fhighteach seachas leathar, ná

(d) ar aon chuid de bhall éadaigh no de chóir ghléasta phearsanta bheidh déanta ar fad no nách mór ar fad de leathar agus a bheidh oiriúnach agus beartuithe chun í d'úsáid chun hataí no caipíní do dhéanamh, ná

(e) ar aon bhall éadaigh no cóir ghléasta phearsanta bheidh déanta ar fad no nách mór ar fad de pháipeur, ná

(f) ar aon choda d'fhoscadáin, ná

(g) ar aon earra de chineál mháinliaghachta no liaghachta agus a bheidh beartuithe chun í chaitheamh toisc aon bhreoiteachta no éalainge cuirp no mar chosaint no mar leigheas uirthe sin, ná

(h) ar chleití órnáideacha ná ar bhláthanna saordha a hiomportálfar chun iad d'úsáid chun ball éadaigh no córach gléasta pearsanta do dhéanamh no do mhaisiú agus gur ar leithligh o sna baill éadaigh no ón gcóir ghléasta san a hiomportálfar amhlaidh iad, ná

(i) ar aon choda d'fháscadáin a bheidh déanta ar fad no nách mór ar fad d'abhair neamh-fhighteacha, ná

(j) ar húdaí ná ar mhúnlaí chun hataí do dhéanamh agus is gá, i gcóir na déantóireachta san, do bhlocú, do mhúnlú no do ghearradh agus ’na dtaisbeánfar ina dtaobh chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncuim gur cuid mhór den déantóireacht an blocú, an múnlú no an gearradh, ná

(k) ar choda de láimhinní bheidh déanta de leathar no d'abhar ar nós leathair más roimh an 1adh lá d'Iúl, 1933, a hiomportálfar na coda san isteach i Saorstát Éireann, agus nách láimhinní atá lán-déanta nách mór na coda san dar leis na Coimisinéirí Ioncuim.

(3) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so (ach amháin an diúité luaidhtear i mír (d) d'fho-alt (1) den alt so) ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí na hearraí is ionchurtha fén diúité sin (ach amháin mar adubhradh) do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

(4) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chun é úsáid i gcluiche stáitse no i dtaisbeáint no taibhdhirc eile dhrámaíochta no cheoil, agus chuige sin amháin, atá aon bhall áirithe d'éadach no de chóir ghléasta phearsanta á iomportáil, féadfaid, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an ball san d'iomportáil gan an diúité forchuirtear leis an alt so do bheith íoctha air.

(5) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chun é do chur fé n-a thuilleadh déantóireachta agus chun é d'easportáil ina dhiaidh sin atá aon bhall leath-dhéanta áirithe d'éadach no de chóir ghléasta phearsanta á iomportáil, féadfaid, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an ball san d'iomportáil gan an diúité forchuirtear leis an alt so do bheith íoctha air.

(6) San alt so foluíonn an abairt “cóir ghléasta” ciarsúirí póca agus foscadáin.

Diúité ar scuaba agus ar scuaba urláir.

8. —(1) Déanfar diúité custum de mhéid is có-ionann le caoga per cent. de luach na hearra d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar na scuaba uile (seachas scuaba fiacaile) agus ar na scuaba urláir uile agus ar na coda uile de scuaba (seachas scuaba fiacaile) agus de scuaba urláir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 26adh lá d'Abrán, 1932, no dá éis sin.

(2) Ní déanfar an diúité forchuirtear leis an alt so d'éileamh ná do ghearradh—

(a) ar aon ghléas atá oiriúnuithe chun é d'úsáid chun glantóireachta tighis do dhéanamh leis tré shughrac ná ar aon chuid d'aon ghléas den tsórt san, ná

(b) ar aon chosa ná ar aon cheapa do scuaba no do scuaba urláir ná beidh ina gcuid de scuaba ná de scuaba urláir iomlána le linn íad d'iomportáil agus ná beidh déanta d'adhmad i bpáirt ná go hiomlán.

(3) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, maidir le haon scuaib no scuaib urláir a bheidh á hiomportáil—

(a) gur i Saorstát Éireann atá buan-chomhnaí ar iomportálaí na scuaibe no na scuaibe urláir sin, agus

(b) go ndearna an t-iomportálaí sin no a líntighe no a theaghlach an scuab no an scuab urláir sin d'úsáid roimhe sin, agus

(c) gur chun an iomportálaí sin no a líntighe no a theaghlaigh d'úsáid na scuaibe no na scuaibe urláir sin i Saorstát Éireann atá sí á hiomportáil,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an scuab no an scuab urláir sin d'iomportáil gan an diúité forchuirtear leis an alt so do bheith íoctha uirthi.

(4) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur chun í do chur fé n-a thuilleadh déantóireachta agus chun í d'easportáil ina dhiaidh sin atá aon earra leath-dhéanta is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so á hiomportáil, féadfaid, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an earra san d'iomportáil gan an diúité sin do bheith íoctha uirthi no aisíoc do dhéanamh, ar an earra san d'easportáil amhlaidh, in aon diúité den tsórt san do híocadh ar an earra san ar í d'iomportáil.

(5) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí na hearraí is ionchurtha fén diúité sin do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

(6) Ní bheidh an diúité forchuirtear le halt 18 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), inéilithe ná inghearrtha ar aon earra is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so.

Diúité ar earraí fighte áirithe.

9. —(1) In ionad an diúité forchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Stampa), 1929 ( Uimh. 5 de 1929 ), déanfar diúité custum de mhéid is có-ionann le ceathracha a cúig per cent. de luach na n-earraí d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar gach earra fhighte a bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán d'olainn no d'olainn snáth-dhúbalta (seachas abhar plaincéadaí agus clúdaigh urláir) agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 26adh lá d'Abrán, 1932, no dá éis sin agus gur ina gréasán a hiomportálfar amhlaidh í, agus í dhá órlach déag no níos mó ar leithead, agus seacht n-unsa no níos mó meáchainte sa tslait cheárnaigh di agus gur fiú breis agus dhá scilling an tslat cheárnach í.

(2) Déanfar diúité custum de mhéid is có-ionann le triocha per cent. de luach na n-earraí d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar gach earra fhighte a bheidh déanta i bpáirt no go hiomlán d'olainn no d'olainn snáth-dhúbalta (seachas abhar plaincéadai agus clúdaigh urláir) agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 26adh lá d'Abrán, 1932, no dá éis sin agus gur ina gréasán a hiomportálfar amhlaidh í, agus í dhá órlach déag no níos mó ar leithead, agus seacht n-unsa no níos mó meáchainte sa tslait cheárnaigh di agus nách fiú níos mó ná dhá scilling an tslat cheárnach í.

(3) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí na hearraí is ionchurtha fén diúité sin do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

(4) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim aon earra fhighte do bheadh ionchurtha, mara mbeadh an fo-alt so, fén diúité forchuirtear leis an alt so do bheith de chineál abhair phlaincéadaí no feilte agus do bheith oiriúnach agus beartuithe chun a húsáidthe i ndéanamh earraí dialladóireachta no ughma no chun a húsáidthe ag clódóirí i gcóir a ngnótha chlódóireachta no chun a húsáidthe mar éadaighe iarnála ag lucht nigheacháin no ag táiliúirí no chun a húsáidthe i ngléasadh troscáin no feithiclí, agus chuige sin amháin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an earra fhighte sin d'iomportáil gan an diúité forchuirtear leis an alt so do bheith íoctha uirthe.

(5) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim aon earra fhighte do bheadh ionchurtha, mara mbeadh an fo-alt so, fén diúité forchuirtear leis an alt so do bheith á hiomportáil chun go n-úsáidfeadh an t-iomportálaí í i ndéanamh ball éadaigh no córach gléasta pearsanta i Saorstát Éireann a bheidh le heasportáil. féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an earra fhighte sin d'iomportáil gan an diúité forchuirtear leis an alt so do bheith íoctha uirthe.

(6) Pé uair a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim, maidir le haon earra fhighte a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann agus is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so, gur i Saorstát Éireann a rinneadh an earra fhighte sin agus gur heasportáladh as Saorstát Éireann í agus, o heasportáladh amhlaidh í, gur cuireadh fé úcadh í ach nár cuireadh fé aon oibriú eile déantóireachta í, bainfidh alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, leis an earra fhighte sin in ainneoin í do chur fé úcadh amhlaidh lasmuich de Shaorstát Éireann.

Diúité ar mhin bhuidhe.

10. —(1) Déanfar diúité custum do réir scilling an céad meáchaint d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar an min bhuidhe go léir (maraon le cruithneacht Indiathach bhrúighte, cruithneacht Indiathach bhriste, cruithneacht Indiathach gharbhmheilte, cruithneacht Indiathach ghráinnithe, cruithneacht Indiathach ina calóga, agus cruithneacht Indiathach rollaithe) a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann, agus ar na hearraí uile gurbh é is mó atá ionta no gurb é abhar is mó dá ndearnadh iad, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ná min bhuidhe, cruithneacht Indiathach bhrúighte, cruithneacht Indiathach bhriste, cruithneacht Indiathach gharbh-mheilte, cruithneacht Indiathach ghráinnithe, cruithneacht Indiathach ina calóga, no cruithneacht Indiathach rollaithe agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann, an 30adh lá d'Abrán, 1932, no dá éis sin.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá mbeadh sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san liost d'earraí bhí, toisc ráta tosaíochta, le leigint isteach saor o dhiúité, agus go ndéanfaí na hearraí is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so do chur sa liost san.

Diúité ar chreata leapan agus ar throscán.

11. —(1) In ionad na ndiúitéthe is inéilithe anois fé alt 18 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), déanfar diúité custum de mhéid is có-ionann le seachtó a cúig per cent. de luach na hearra d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar gach earra acu so leanas a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 3adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin, sé sin le rá:—

(a) gach creat leapan, pé abhar atá ann;

(b) gach cuid de chreat leapan (seachas luasca miotail caisimíneacha atá beartuithe le húsáid i dtochtaí);

(c) gach ball troscáin (seachas creata leapan, scuaba, agus scuaba urláir agus seachas tochtaí is ionchurtha fé dhiúité mar choda de chreata leapan) a bheidh déanta d'adhmad i bpáirt no go hiomlán, pe'ca lán-déanta no leath-dhéanta dho;

(d) gach cuid de bhall troscáin (seachas creata leapan, scuaba agus scuaba urláir agus seachas tochtaí den tsórt san roimhráite) agus í déanta d'adhmad i bpáirt no go hiomlán.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí na hearraí is ionchurtha fén diúité sin do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

(3) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) gur chun é úsáid i gcluiche stáitse no i dtaisbeáint no i dtaidhbhirc eile dhrámaíochta no cheoil, agus chuige sin amháin, atá aon bhall áirithe troscáin á iomportáil, no

(b) gur chun é do chur fé n-a thuilleadh déantóireachta agus chun é d'easportáil ina dhiaidh sin atá aon bhall leathdhéanta troscáin á iomportáil, no

(c) maidir le haon bhall troscáin (seachas creat leapan) no le haon chuid de bhall troscáin (seachas creat leapan), ná fuil sa mhéid adhmaid atá sa bhall no sa chuid sin ach fíor-bheagán d'iomlán an bhaill no na coda san,

féadfaid, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an ball no an chuid sin d'iomportáil gan an diúité forchuirtear leis an alt so do bheith íoctha air.

(4) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, maidir le haon troscán a bheidh á iomportáil—

(a) go bhfuil an té atá á iomportáil ina bhuan-chomhnaí no go bhfuil sé ar aigne bheith ina bhuan-chomhnaí i Saorstát Éireann, agus

(b) go raibh an troscán san in úsáid cheana féin ag an iomportálaí no ag á líntighe no ag á theaghlach, agus

(c) gur chun é bheith in úsáid i Saorstát Éireann ag an iomportálaí no ag á líntighe no ag á theaghlach atá an troscán san á iomportáil,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú an troscán san d'iomportáil gan an diúité forchuirtear leis an alt so do bheith íoctha air.

(5) Má cuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim go ndearnadh aon chuid iomportálta de chreat leapan is miotal ar fad, agus ar ar híocadh go cuibhe an diúité forchuirtear leis an alt so, d'úsáid mar chuid chun aon chreat leapan críochnuithe do dhéanamh no do chur le chéile i Saorstát Éireann agus nách chun aon chríche eile do húsáideadh í, déanfar ais-tarrac is có-ionann leis an diúité do híocadh amhlaidh do lomháil ar an gcreat leapan críochnuithe sin d'casportáil go cuibhe mar earra cheannaíochta.

Diúité ar mhilseoga siúicre.

12. —(1) In ionad na ndiúitéthe is inéilithe fé fho-alt (1) d'alt 7 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), éileofar, gearrfar, agus íocfar ar na milseoga siúicre uile (seachas torthaí i sioróip a hiomportálfar i gcannaí stáin séaluithe agus nách ionchurtha fé dhiúité mar thorthaí agus seachas siúicre candaí) a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 3adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin, diúité custum do réir scilling agus reul an púnt, i dteanta diúité ar bith is inéilithe in aghaidh aon bhiotáille no sacairín sna milseoga siúicre sin ach in ionad diúité ar bith do bheadh inéilithe in aon tslí eile ar aon táthchuid eile sna milseoga siúicre sin.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí na hearraí is ionchurtha fén diúité sin do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

(3) D'ainneoin éinní atá san alt so leanfaidh siúicre candaí a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann de bheith ionchurtha fé dhiúité fé fho-alt (1) d'alt 7 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), agus leanfaidh torthaí i sioróip a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann i gcannaí stáin séaluithe agus nách ionchurtha fé dhiúité mar thorthaí leanfaid de bheith ionchurtha fé dhiúité fé fho-alt (2) den alt san 7.

(4) San alt so cialluíonn an abairt “milseoga siúicre” milseoga do rinneadh de shiúicre no d'abhar eile chun milsithe no ina bhfuil an céanna agus ná fuil cócó ionta, agus foluíonn sí aráin, brioscaí, cácaí, meascáin cháca, putóga agus púdair (seachas púdair leighis) do milsíodh le siúicre no le habhar eile chun milsithe, agus ná fuil cócó ionta, agus fós milseáin, subhanna, marmaláidí, agus geiléthe ná fuil cócó ionta, agus fós croicne agus torthaí atá crústaithe, criostalaithe no leasuithe ar aon tslí eile le siúícre no le habhar eile chun milsithe agus ná fuil cócó ionta, ach ní fholuíonn sí sinseur a bheidh leasuithe i sioróip agus a hiomportálfar i mbaraillí no i gcaisc adhmaid ina raghadh céad meáchaint ar a laighead.

Diúité ar ullmhóidí cócó.

13. —(1) In ionad na ndiúitéthe custum is inéilithe fé alt 9 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), éileofar, gearrfar, agus íocfar ar gach ullmhóid do rinneadh de chócó i bhfuirm ar bith no ina bhfuil a leithéide (ach amháin mar a foráltar a mhalairt anso feasta) agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 3adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin, diúité custum do réir trí scillinge an púnt i dteanta diúité ar bith is inéilithe in aghaidh aon bhiotáille no sacairín in aon ullmhóid den tsórt san ach in ionad diúité ar bith do bheadh inéilithe in aon tslí eile ar aon táthchuid eile in aon ullmhóid den tsórt san.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí na hearraí is ionchurtha fén diúité sin do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

(3) On 3adh lá de Bhealtaine, 1932, amach, nuair a heasportálfar go cuibhe no nuair a cuirfear ar bord luinge go cuibhe le húsáid mar stóranna luinge aon carraí gur húsáideadh ina ndéanamh no ina n-ullamhú i Saorstát Éireann aon ullmhóid iomportálta do rinneadh de chócó i bhfuirm ar bith no ina bhfuil a leithéide agus is ionchurtha, mar ullmhóid den tsórt san, fén diúité forchuirtear leis an alt so, lomhálfar ais-tarrac is có-ionann leis an diúité do híocadh fén alt so alos an mhéide den ullmhóid sin is dóich leis na Coimisinéirí Ioncuim do húsáideadh i ndéanamh no in ullamhú na n-earraí sin.

(4) Ag lomháil ais-tarraic fén alt so dhóibh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim le toiliú an Aire Airgid, chun trádála do chur in usacht, gach ní no éinní dá n-éilítear le hailt 104 agus 106 den Customs Consolidation Act, 1876, maidir le tabhairt urrúis agus le scrúdú earraí, do mhaolú no déanamh dá éamais.

(5) Ní bhainfidh an t-alt so le púdar cócó a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann roimh an 3adh lá de Mhí na Samhna, 1932, agus dá réir sin leanfaidh púdar cócó a hiomportálfar amhlaidh de bheith ionchurtha fé dhiúité agus leanfaidh aistarrac de bheith ionlomhálta air fé alt 9 den Acht Airgid, 1931 ( Uimh. 31 de 1931 ), fé is ná hachtófaí an t-alt so.

Rátaí ar diúité ghluaisteáin d'atharú.

14. —(1) Déanfar an diúité forchuirtear le halt 11 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), mar a leasuítear é le hachtacháin ina dhiaidh sin, d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc ar gach earra luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 6adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin, do réir na rátaí uile agus fé seach a luaidhtear sa Sceideal san in ionad an ráta luaidhtear san alt san 11.

(2) Ní bhainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité is inéilithe de bhuadh an ailt seo ar na hearraí luaidhtear i mír 2 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so ach bainfid leis an diúité is inéilithe de bhuadh an ailt seo ar na hearraí luaidhtear i míreanna 1, 3 agus 4 fé seach den Sceideal san ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí na hearraí luaidhtear sna míreanna san 1, 3 agus 4 fé seach do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

(3) Gan dochar don ionchurthacht fé dhiúité (más ann di) fé alt 11 den Acht Airgid, 1928 ( Uimh. 11 de 1928 ), ní bheidh diúité inéilithe de bhuadh an ailt seo ar aon earra a hath-iomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis í d'easportáil amach as má cuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) nár hiomportáladh an earra sarar heasportáladh í, no

(b) gur roimh an 6adh lá de Bhealtaine, 1932, a hiomportáladh an earra ar dtúis, no

(c) gur ar an 6adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin a hiomportáladh an earra ar dtúis agus go ndearnadh an diúité is inéilithe de bhuadh an ailt seo d'íoc uirthi go cuibhe.

(4) Aon earra a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis í d'íomportáil isteach i Saorstát Éireann agus í d'easportáil amach as mar earra ar turus fé bhanna ní tuigfear í bheith á hathiomportáil isteach i Saorstát Éireann do réir brí an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so.

(5) Má bhíonn an tAire Airgid sásta, ar dhul i gcomhairle dho leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, go bhfuil aon earra no aon tsaghas earraí, luaidhtear i mír 4 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus is ionchurtha fé dhiúité do réir an ráta luaidhtear sa mhír sin, oiriúnach le húsáid chun cabhla gluaisteáin do dhéanamh i Saorstát Éireann agus ná fuil an earra san no an saghas san earraí á dhéanamh i Saorstát Éireann, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le ceadúnas, a údarú, fé réir cólíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur agus a luadhfaid sa cheadúnas san, an earra san no an saghas san earraí d'iomportáil gan diúité do bheith íoctha air.

(6) San alt so (agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'áireamh) tá an bhrí chéanna leis an bhfocal “gluaisteán” atá leis i gCuid II den Acht Airgid, 1928 (Uimh. 11 de 1928) , agus foluíonn an abairt “cabhail ghluaisteáin” suidheachán an tiománaí maraon le clúdach no díon an tsuidheacháin sin ach ní fholuíonn sí an plod-chlár ná na feistisí air sin ná na plod-ghárdaí.

Diúité ar fheithiclí tharraigeann capaill.

15. —(1) Déanfar diúité custum d'éileamh, do ghearradh agus d'íoc do réir na rátaí luaidhtear sa bhfo-alt so ar gach earra dá luaidhtear sa bhfo-alt so agus a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 6adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin, sé sin le rá:—

(a) ar gach feithicil go rothaí atá, dar leis na Coimisinéirí Ioncuim, ina feithicil atá ceaptha agus déanta chun ainmhí no dhá ainmhí no níos mó do bheith á tarrac agus chun í d'úsáid chun daoine d'iompar no chun earraí d'iompar no chun daoine agus earraí d'iompar agus gur chuige sin a prímh-bheartuíodh í—suim is có-ionann le seachtó a cúig per cent. de luach na hearra no suim chúig phúint déag, pe'ca aca san is mó, agus

(b) ar gach cuid d'aon fheithicil agus ar gach cabhair d'aon fheithicil den tsaghas san a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so (gan abhair agus earraí d'áireamh bheidh le húsáid chun aon fheithicle den tsaghas san do dhéanamh no do chur le chéile i Saorstát Éireann)—suim is có-ionann le scachtó a cúig per cent. de luach na hearra.

(2) Bainfidh forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité forchuirtear leis an alt so ach an abairt “Saorstát Éireann” do chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus fé is dá ndeintí na hearraí is ionchurtha fén diúité sin do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.

(3) Aon earra is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so agus a hath-iomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis í d'easportáil amach as, beidh sí saor ón diúité sin má cuirtear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) nár hiomportáladh an earra sarar heasportáladh í, no

(b) gur roimh an 6adh lá de Bhealtaine, 1932, a hiomportáladh an earra ar dtúis, no

(c) gur ar an 6adh lá de Bhealtaine, 1932, no dá éis sin, a hiomportáladh an earra ar dtúis agus go ndearnadh an diúité forchuirtear leis an alt so d'íoc uirthi go cuibhe.

(4) Aon earra a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis í d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann agus í d'easportáil amach as mar earra ar turus fé bhanna ní tuigfear í bheith á hath-iomportáil isteach i Saorstát Éireann do réir brí an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so.

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, le hordú, aon earra is ionchurtha fén diúité forchuirtear leis an alt so do shaoradh ón diúité sin má bhíd sásta, toisc a luighead is fiú an earra san, ná fuil sé oiriúnach an diúité sin d'éileamh uirthi.

(6) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim rialacháin do dhéanamh á shocrú go saorfar ar fad no go leathrannach ar feadh tréimhse teoranta ón diúité forchuirtear leis an alt so feithiclí is ionchurtha fén diúité sin agus a bhéarfaidh daoine isteach i Saorstát Éireann ná beidh ag fanúint ann ach go sealadach.

Fionós mar gheall ar choinníollacha do shárú.

16. —Má dheineann duine ar bith éinní (tré ghníomh no tré fhaillí) is sárú ar choinníoll a bheidh forchurtha ag na Coimisinéirí Ioncuim fé alt ar bith den Acht so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fé sna hAchtanna Custum agus ragha sé fé phionós de chaoga púnt in aghaidh gach cionta fé leith den tsórt san, agus na hearraí uile is ionchurtha fé dhiúité agus gur ina dtaobh a rinneadh an ní sin déanfar iad do gheallbhruideadh.

Luach earra no earraí do dhéanamh amach.

17. —Tuigfear gurb é is luach d'aon earra no earraí chun crícheanna an Achta so ná an praghas do bhéarfadh iomportálaí ar an earra no ar na hearraí sin dá ndeintí an earra no na hearraí sin do sheachadadh fé bhanna in áit na hiomportála agus an luach fartha agus an t-árachas íoctha uirthi no ortha, agus ar an luach san, mar a shocróidh na Coimisinéirí Ioncuim é, iseadh a híocfar diúité.

Cúram agus bainistí na ndiúitéthe.

18. —Cuirtear fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo na diúitéthe forchuirtear leis an Acht so.

Gearr-theideal agus léiriú.

19. —(1) Féadfar an tAcht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 2), 1932 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Custum.