12 1932


Uimhir 12 de 1932.


ACHT IASACHTAÍ TRÁDÁLA (URRAÍOCHT) (LEASÚ), 1932.


ACHT CHUN LEATHNÚ DO DHÉANAMH AR AN TEORA AMA FORCHUIRTEAR TRÍD AN ACHT IASACHTAÍ TRÁDÁLA (URRAÍOCHT) (LEASÚ), 1931 , LE TABHAIRT URRAÍOCHTAÍ AGUS IASACHTAÍ FÉN ACHT IASACHTAÍ TRÁDÁLA (URRAÍOCHT), 1924 , AGUS CHUN A CHUR AR CHUMAS AN AIRE TIONNSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA TEORA DO CHUR LEIS AN AM GUR LAISTIGH DE A FÉADFAR IARRATAISÍ AR NA hURRAIOCHTAÍ SIN AGUS AR NA hIASACHTAÍ SIN DO DHÉANAMH. [22adh Iúl, 1932.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 (Uimh. 41 de 1924) .

An t-am i gcóir urraíochtaí, etc., fén bPríomh-Acht do leathnú.

2. —(1) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1931 ( Uimh. 21 de 1931 ) agus ina ionad san achtuítear leis seo ná tabharfar aon urraíocht fé alt 1 den Phríomh-Acht tar éis an 31adh lá d'Iúl, 1933.

(2) Athghairmtear leis so fo-alt (2) d'alt 2 den Acht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1931 , adubhradh, agus ina ionad san achtuítear leis seo ná deonfar aon iasacht agus ná tabharfar aon urraíocht fé alt 2 den Phríomh-Acht tar éis an 31adh lá d'Iúl, 1933.

Teora leis an am chun iarrataisí do dhéanamh.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, más oiriúnach leis é, fógra d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil á rá ná breithneoidh an tAire sin aon iarrataisí déanfar, tar éis dáta bheidh luaidhte chuige sin sa bhfógra san, ar urraíochtaí fé alt 1 den Phríomh-Acht mar a leasuítear leis an Acht so é no ar iasachtaí no ar urraíochtaí fé alt 2 den Phríomh-Acht mar a leasuítear amhlaidh é.

(2) Nuair a bheidh fógra foillsithe fén bhfo-alt san roimhe seo ní bhreithneoidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála aon iarratas den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san agus a déanfar tar éis an dáta bheidh luaidhte mar adubhradh sa bhfógra san.

Gearr-theideal agus luadh.

4. —(1) Féadfar an tAcht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1932 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 go 1932, do ghairm de sna hAchtanna Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 go 1931, agus den Acht so le chéile.