17 1932


Uimhir 17 de 1932.


ACHT PRÍMH-CHISTE (Uimh. 2), 1932.


ACHT CHUN SUIM ÁIRITHE AS AN bPRÍMH-CHISTE DO CHUR CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ DÉAG AR FHICHID DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD A TRÍ TRIOCHAD. [23rd Iúl, 1932.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS :—

£7,323,900 do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch 31adh Márta, 1933.

1. —Féadfaidh an tAire Airgid suim Sheacht Milleon Trí Chéad agus Trí Mhíle Fichead agus Naoi gCéad Púnt do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste agus í do chur chun slánuithe an tsoláthair do deonadh í gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhárta míle naoi gcéad a trí triochad.

Comhacht an Aire Airgid chun iasacht d'fháil.

2. —(1) Féadfaidh an tAire Airgid aon tsuim no suimeanna ná raghaidh a n-iomlán thar Seacht Milleoin Trí Chéad agus Trí Mhíle Fichead agus Naoi gCéad Púnt d'fháil ar iasacht o aon duine agus féadfaidh Banc na hÉireann an tsuim no na suimeanna san do roimh-íoc leis an Aire Airgid ar chreidiúint na suimeanna roimhráite agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire Airgid aon urúsanna do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis is oiriúnach leis agus fé pé coinníollacha is oiriúnach leis i dtaobh aisíoca, fuascailte no aon ní eile.

(2) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thora fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urúsanna do bhéarfar amach fén Acht so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh tabhairt-amach na n-urús san.

(3) Aon airgead a soláthrófar de bharr urúsanna do bhéarfar amach fén Acht so cuirfear é chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí 'na mbeidh an Ciste sin ar fáil.

Gearr-theideal.

3. —Féadfar an tAcht Prímh-Chiste (Uimh. 2), 1932 , do ghairm den Acht so.