|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT CHUN PRAGHSANNA DO RIALÚ, 1932) | Ar Aghaidh (CUID II. Coimisiun Praghsanna agus Rialuitheoir Praghsanna.) |
ACHT CHUN PRAGHSANNA DO RIALÚ, 1932
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID I. Roimhraiteach agus Generalta. | |
| [EN] |
Gearr-theideal. |
1. —Féadfar an tAcht chun Praghsanna do Rialú, 1932 , do ghairm den Acht so. |
| [EN] |
Mínithe. |
2. —San Acht so— |
| [EN] | cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála; | |
| [EN] | cialluíonn an abairt “earra fé chosaint” carra do bheadh, dá n-iomportáltaí isteach i Saorstát Éireann í, ionchurtha fé dhiúité chustum ar í d'iomportáil no carra go ndeintear do réir dlí toirmeasc no srian do chur le hí d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann; | |
| [EN] | nuair a húsáidtear an focal “áireamhacht” maidir le haon carra cialluíonn sé an mion-eolas san i dtaobh na hearra san is gá d'fhonn an earra san d'aithint chun a luach d'fháil amach; | |
| [EN] | cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so; | |
| [EN] | cialluíonn an focal “cigire” duine go n-údarás i scríbhinn ón Aire chun na gcomhacht d'fheidhmiú a bronntar ar chigire leis an Acht so. | |
| [EN] |
Earraí sceidealta. |
3. —(1) Is earra sceidealta chun crícheanna an Achta so gach earra acu so leanas, sé sin le rá:— |
| [EN] | (a) na hearraí uile agus fé seach a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so; | |
| [EN] | (b) aon earra eile dearbhuítear, le hordú ar n-a dhéanamh ag an Ard-Chomhairle fén alt so, do bheith ina hearra sceidealta chun crícheanna an Achta so. | |
| [EN] | (2) Féadfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú fén alt so, a dhearbhú aon earra a húsáidtear go coitianta do bheith ina hearra sceidealta chun crícheanna an Achta so. | |
| [EN] | (3) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san. | |
| [EN] |
Abairtí áirithe do léiriú. |
4. —(1) Déanfar tagairtí san Acht so don phraghas mhór-dhíola atá á éileamh no le héileamh ar earra sceidealta do léiriú mar thagairtí don phraghas ar a bhfuil an earra san á díol no le díol ina mór-choda le duine bhíonn ag díol na hearra san ina mionchoda. |
| [EN] | (2) San Acht so cialluíonn an abairt “earra sceidealta do dhíol no do thairiscint chun a díolta ina mór-choda” an earra san do dhíol ina mór-choda le duine no do thairiscint chun a díolta ina mór-choda le duine bhíonn ag díol na hearra san ina mionchoda, agus is dá réir sin a léireofar abairtí atá gaolmhar di. | |
| [EN] |
Cúisimh ag an Aire. |
5. —Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so, féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire mar chúisitheoir aon chionta fé aon alt den Acht so do chúiseamh. |
| [EN] |
Rialacháin ghenerálta. |
6. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh maidir le héinní no le haon rud dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú. |
| [EN] |
Orduithe agus rialacháin do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais. |
7. —Gach ordú agus rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an orduithe no an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú no an rialachán san (pe'ca aca é) curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú no fén rialachán san. |
| [EN] |
Costaisí. |
8. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas a bhainfidh leis an Acht so do chur i bhfeidhm. |